Historical Irish Corpus
1600 - 1926

As ait leam stáid-bhean sgiamhach

Title
As ait leam stáid-bhean sgiamhach
Author(s)
Mac Gearailt, Muiris mac Dháibhí Dhuibh,
Compiler/Editor
McAdoo, H.R.
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1939)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Do chéadfuibh na mbean sonn síos



As ait leam stáidbhean -
sgiamhach sgafánta,
mhíolla mhacánta,
mhúinte mhallghlórach.
Ait leam a beith -
maordha monglúbach,
tréighthioch tromchúiseach,
soilbhir seangseolta.



As fuaith leam a beith -
cásmhar cíochánach,
manntach míonáireach,
millteach milléanach.


L. 83


Beag orm a beith -
meabhlach meinbhréagach,
labhurthach leithsgéallach,
gruama gearánach.



Ait leam bean -
cheannsa chiúnráidhteach,
leanbhuide lúthgháireach,
líothdhathach leabhuir-ghéagach.
Ait leam a beith -
beultais binnbhriathrach,
seolta slimchiabhach,
séadach seangmhéarach.



Beag orm bean -
chruadhchas channránach,
dhuaibhseach dhranntánach,
chinnsiolach chruaidhchúiseach.
Beag orm a beith -
cleasach calaoiseach,
meangach mailíseach,
liosda luathshúileach.



Ait leam bean -
ghreannmhur ghormshúileach,
fhlaitheamhuil fhocalmhúinte,
shúgach shaoibhialta.
Ait leam a beith -
carthannach caoincheannsach,
marthannach mínbhannda,
muintearrdha mínbhriathrach.


L. 84


Beag orm bean -
bhrúideamhuil mharbhchéadfach,
dhrúiseamhuil ainmhianach
cholgach chasaoideach.
Beag orm a beith -
ainmhear míbhéasach,
feargach fír-bhréugach,
spairneach spad-bhruighneach.



Ait leam bean -
tsaoitheamhuil chaoinráidhteach,
fhíorumhall adhnáireach,
mhaiseach mhórdhálach.
Ait leam a beith -
cráibhfioch coinsiasach,
fáilteach fírfhialmhar,
déidgheal datháluinn.



Beag orm bean -
ghothánach chiapálach,
dhoithchiollach dhíoghbhálach,
amhgurach allaoideach.
Beag orm a beith -
brónach barumhlach,
lothardha leathshúileach,
corroideach sgallaoideach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services