Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara (ar leanamhaint). Loch Coirib

Title
Conamara (ar leanamhaint). Loch Coirib
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Loch Coirib.



(ar leanamhaint).



Do shíolruigheadar ó 'Liam Fitsadelm De
Burgo. Do bhí seisean ar an druing a tháinic i
gcuideachtain Strongbó. Leis an aimsear
d'éirigh cuid aca níos Gaedhealaighe ná na
Gaedhil féin. Sa mbliain 1,324 d'eug seanóir
darb ainm Liam Léigh De Burgo. Tógadh
lia os a leacht i roilig Naoimh Proinsias i nGaillimh.
Do bhí mór-seisear mac beo na dhiaidh. Is ar
an mór-seisear úd do bhí Mac Uilliam
“Uachtar” agus is ó'n a mhac-san, Riocard,
do geineadh an bunadh dá ngairmthear “Clann
Riocaird.” Geug eo; é de'n bhunadh ar síolrú'
ó Éamonn Albanach dá ngairmithtí Mac
Uilliam “Íochtar” agus is uatha-san Íarlaí
Mhuigh Eó. 'Sa gceathramha aois deug do
thréigeadar teanga, beusa, agus modh gleusta
a sean agus is uime do bheirtí “Hiberniores
ipsis Hibernicus” orra agus a leithéidibh.



Fothrach folamh gan áird ar thaoibh na láimhe
deise dhínn. Caisleán Mhionlocha é sin agus
é i seilbh na mBlácach leis na cianta. Tóighteán
mór do tárluigh ann cúpla bliain ó shoin ina
bhfuair beirt an-bhás. Mionlach Ghaedhealach
soir uait agus togha na Gaedhilge ar labhairt
ag óg is sean ann. Amach linn anois ar an loch
ó cheart. Sléibhte Chonamara os comhair ár
súl. Caisleán agus mainistreacha ar gacha
taoibh de'n loch. Oileáin go fairsing ann. Faith-
cheacha, is fothraigh, is dúnta ingach ceanntar.
Sgeulta, is amhráin, is rannta ag baint leo.
Agus tusa, a Cháimín, agus sinne ag teannadh
leis an límisteur is ársa agus is Gaedhealaighe
i nÉirinn iath-ghlais.



Cé nár chuala trácht ar an Reachtabhrach,
file? Níl sé i nGaillimh na gCloch an té nár
chuala “Bríghid Bheusaigh,” “Na Buachaillí Bána,”
agus “Eanach Cuain.” Thall uainn ó thuaidh
'seadh atá Eanach Cuain, agus an-ghar do'n áit
a bhfuilmid anois d'eirigh an timpist uathbhásach
a bhaineas na deora ó'n ár súilibh tráth innsighthear
faoi. Do bheurfaimid beagán eolais ina thaoibh
an uair a bhuailfeas sinn anaice leis, acht béidh
an t-amhrán a chum an Reachtabhrach faoi againn
ar an gceud dul síos.



Eanach Cuain.



Má fhaghaim-se sláinte is fada bhéas tráchtadh
Ar an méid a báitheadh as Eanach Cuain,
'S mo thruagh amárach gach athair is máthair
Bean is páisde, atá a sileadh súl —
A Rí na nGrása cheap neamh is Párrthas,
Nár bheag an tábhacht dúinn beirt nó triúr —
Acht lá chomh breágh leis gan gaoth nó báisteach,
Lán a ' bháid aca do sguabadh ar shiubhal!



Nár mhór an t-iongnadh os comhair na ndaoine,
A bhfeiscint sínte ar chúl a gcinn
Sgreadadh is caoineadh do sgannrú daoine
Gruag 'ghá cíoradh is an chreach ghá roinn;
Bhí buachaillí óga ann, tígheacht an fhoghmhair,
Ghá síneadh ar cróchar, is ghá dtabhairt go cill,
'S gurbh é gleus a bpósta a bhí ghá dtórramh,
'S a Dhia na Glóire nár mhór an feall.



Annsud Dia hAoine, chluinfeá an caoineadh
Ag tígheacht gach taoibh agus greadadh bos,
As a lán thar oidhche trom tuirseach claoidhte,
Gan ceo le deunamh aca acht a' síneadh corp.
A Íosa Chríosta d'fhulaing íosbairt,
A cheannuigh fírinneach an bocht is an docht,
Go Párrthas naomhtha go dtugair saor leat
Gach creutar díobh d'ár thuit fá'n lot!



Milleán geur ar an ionad ceudna,
Nár lasa reult ann is nár eirghe grian,
A bhádhaigh an méid úd a' triall i néinfheacht
Go Gaillimh ar aonach go moch Diardaoin.
Na fir a ghleusfadh cliath 'gus ceuchta
A threabhfadh breunra 's a chráithfeadh síol,
'S na mná dá réir sin a dheunfadh gach aon rud,
A shníomhfadh bréidín agus anairt chaol.



Baile an Chláir a bhí anaice láimhe,
Níor leig an t-ádh dhóibh gabhail aníos,
Bhí an bás chomh láidir nach dtug sé cáirde
D'aon mac máthar dár rugadh riamh.
Múna sgeul a cheapadh dóibh an lá seo a mbáidhte,
A Rí na nGrása nár bhocht an ní!
Acht a gcailleadh uile gan loch ná sáile,
Le sean-bhád gránda 's iad láimh le tír.



A Rí na nGrása chruthaigh neamh is Párrthas
'S A Dhia cé'r chás dúinn beirt nó triúr?
Acht lá chomh breágh leis gan gaoth nó báisteach,
Agus lán an bháid acu do dhul go tóin, —
Do bhris an bád agus báitheadh na daoine
Sgap na caoirigh anonn san t-snámh.
'S A Dhia nach annsin bhí an t-ár mór deunta,
Ar aon fhear deug agus ochtar mná.



Bhí aithre is máthire ann, mná gus páistí,
Ag gol is ag gárthaighil 's ag silt na ndeor,
A mná dá réir sin a dheunfadh aon rud,
A shníomhfadh bréidín agus anairt chaol,
A Thomáis Uí Chathail ba mhór an sgeul thú,
Do threabhfá breunra, do chuirfeá síol,
'S a liachtaidhe buachaill a chraithfeadh lámh leat,
Mo leun! is tú báidhte i nEanach Cuain.



A Sheáin Uí Chosgair ba mhór an sgeul thú,
Gur sheas tú riamh i luing nó i mbád
'S a liachtaidhe coiscéim lúthmhar shiúbhail tú
Ó Lonndain anall go dtí Beul Trágha:
An uair a shíl tú snámh do gheunamh,
Rug na mná óga ort abhus is thall,
'S gur shíl do mháithrín dá mbáithidhe ceud fear
Go dtiocfá féin chuici abhaile slán.



Bhí Máirín Ní Ruadháin ann, buinneán gléigeal,
An cailín spéireamhail bhí againn san áit,
Ghleus sí í féin go móch Dia Ceudaoin,
Le dul chun aonaigh go Cnoc a' Dalláin.
Bhí cóta urrí de thogha an eudaigh,
Caipín lace is ribíní bán'
Agus d'fhág sí a máithrín brónach cráidhte,
Ag silt na ndeor arís go bráth.



Losgadh sléibhe agus sgalladh cléibhe,
Ar an áit ar eugadar as milleán cruaidh,
Mar is iomdha creutúir d'fhág sé ag geur-ghol,
Ag sileadh is ag eugaoin' gach maidin Luain;
Ní díoghbháil eolais a chuir d'a dtreoir iad,
Acht mí-ádh mór bhí sa gCaisleán Nua —
Sé críoch an amhráin gur báitheadh mórán,
D'fhág ádhbhar dóláis ag Eanach Cuain.



B'ait an Reachtabhrach agus ba mhaith uaidh
craiceann do chur ar a chuid smaointe. Togha
Gaedhil b'eadh é, agus is aige do bhí an grádh
dá thír féin: —



“Ceol na cruinne i n-éinfheacht agus Orpheus
ag seinnm teuda!
Agus b'fhearr liom ná an méid sin na Sasanaigh
'bheith ar lár.”



Go raibh ceol níos binne ná ceol Orpheus aige-
féin, agus ag gach deagh-Ghaedheal d'eug sa
mbaile nó i gcéin.



Cnog Tuagh.



Thoir uainn ar an deasach atá Baile Cláir na
Gaillimhe. Tráth ann agus ba mhór le rádh an
Baile Cláir ceudna. Caisleaán agus mainistear
ann an t-am úd. Triatha is taoisigh ag tarraingt
is ag triall ann. Drong diadhanta, dúthrachtach,
deagh-mhóideach ag cantan na sailm sodhmhail
ann. Áilneacht is aoibhneas is mórdhacht Dé
magcuaird ann. Tráth eile dhó: Troid, agus
treasgairt, agus tóighteán ar a fhud. Fuil ag a
dhórtadh ann! An-bhás ag a fhágail ann! Áic-
chomhnuidhthe do Mhac Uilliaim “Uachtar” b'eadh
é, agus acht an oiread le furmhór na ndaingean
eile do bhí riamh na suad is na saor-cheard air.
Acht b'achrannach, áidhbheul an saoghal a bhí ann
fó'n am sin. Do losgadh le hAodh Ruadh Ó
Domhnaill é sa mbliain 1469. Agus is ann
tugadh an cogadh cosgarthach caillte sin idir
Leath-Chuinn is Leath Mhogha sa mbliain 1501.
Níl na hughdair ar aon intinn i dtaoibh an
chogaidh úd. Adeir drong gur mar gheall air
spídeamhlacht a bhí ag Gearóid, Iarla Chill Dara,
fear ionaid ríogh Shasana, do Liam De Búrc, lil
Liam Uachtar. Do bhí Iarla Chill Dara pósta
le ceann d'inghinibh 'Liaim agus d'eirigh
imreasán eatorra dhá bharr. Ní mar sin atá
an sgeul i nAnnálaibh na h-Éireann, agus mar
chruthú ar sin bíodh a fhiadhnaise ar an gCeathran
Máighistear.



“Trí caisléin la hUa Ceallaigh do briseadh
le Mac Uilliaim (.i. an treas Uilliam) .i. an
Garbhdhoire, Muine an Mheadha, agus Gallach
cona treimhidhsidhe. Do chuaidh Ó Ceallaigh
Maoileachlainn deccaoine a imnidh ris an
Iustís dia ro cuireadh maidhm Cnuic Tuagh.



“Sloicceadh adhbhal do theacclamadh las an
Iustís Gearroitt mac Tomáis Iarla Chille Dara
do deaccattar céttús maithe Leithe Cuinn ina
dhochum, .i. Ó Domhnaill Aodh Ruadh agus a mhac
co maithíbh Chenél Conaill, agus drong do
Chonnachtaibh, .i. Ua Conchobhair ruaidh, Aodh mac
Fheilim Fhinn, agus mac Diarmada tighearn,
Maighe Luircc. Tangatar bheos maithe Uladh
cenmotha Ó Néill isin tionól chedna .i. Art
mac Aedha Uí Néill, canaisi chenél Eoghain,
Domhnall mac mecc Aengusa Mag Mathghamhna
agus Ó hAluain. Tangattar dna Ó Ragallaigh,
Ó Fearghail .i. an tepsop. Ó Conchobhair Failghe,
Síol CCeallaigh, agus clann Uilliam Burc agus
Leath Chuinn uile dúrmór, ní ro ansat na sloigh
lan móra hisin go rangatar go cloinn Riocaird,
Mac Uilliam Cloinne Riocaird dna. Ro
thionóil sidhe slóigh iomdha adhbhal móra ina
n-aghaidh sidhe .i. Toirrdhealbhach Ua Briain (.i.
mac Taidhcc) tighearna Tuadhmhumhain cona
braithribh cona tionól agus go Síol Aodha
arceana, Maolruanaidh Ua Cearbhaill .i.
tighearna olc go tuathaibh agus taoiseachaibh
agus co maithibh Urmhumhan agus Aradh.
(Leanfar de seo.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services