Crann Eithne.
Saothar an tSagairt Mhic an tSaoir.
“Druid liom go fóill, tabhair cluas nach bodhar
'Gus éist le sceol tá gáirdeach;
Ó dhúithche Eoghain 'gus Cuinn na slógh
'sé thógas brón 'gus scamall;
Sliocht Chonaill Mhóir a chuir crann óg,
'S d'a réir ghrin-eolais fáidhe,
Tá measta dhó go gcuirfidh 'phór
Ghlan-athrughadh snódh ar Bhanbha.”
Seán Mac an Bháird.
Tá sé cúig bliadhna, do réir mo bharamhla, go samhradh so caithte ó chuir an
tEasbog Ró-Urramach Ó Domhnaill Crann Eithne ar bun i dTír Chonaill. Ag
an fheis i dTeileann a tháinig an smaointiú ina chionn agus b'ádhmhail gur
smaointigh Ceann Urraidh na hEaglaise i Ráth-Bhoth ar iarraidh tárrthála a
thabhairt ar an teangaidh a chois bóchna annsiúd sul a bhfuigheadh sí bás glan
ann. Gach bliadhain ó cuireadh ar bun é tá an Crann ag fás leis go buacach
acht níor cuireadh an leas ceart leis go dtí an samhradh so chuaidh thart nuair
cuireadh an Sagart Mac an tSaoir a bhí ina shéiplíneach 'sna Rosaibh, i mbun
na hoibre. Iarradh air-sean a ghabháil ó pharáiste go paráiste, ó scoil go
scoil agus ó theach go teach sa dióise le soiscéal na Gaedhilge a mhíniú do chách
agus an trom-shuan ina raibh siad a chaitheamh díobhtha agus gan an teanga a
tháinig anall chugainn ó'n tsean-aimsir a leigean 'un bháis. B'ádhmhail gurab é
an Sagart Mac an tSaoir a cuireadh i mbun na hoibre. Tá sé dícheallach
dúthrachtach, tá sé lághach greannmhar, tá sé fíor-Ghaedhealach agus tig an Ghaedhilge
dó go deas réidh nádúrdha.
Tá cuid mhór de Thír Chonaill siubhalta ag an Timthire ó thoisigh sé ar a chuid
oibre i ndiaidh na Féile Muire. Bhí cruinniú mór aige i Leitir Ceannainn Lá
Fhéile Muire agus annsin chuaidh sé síos go paráiste an Dochtúir Mhig Uidhir,
agus ó sin go paráiste Ghleann Choluim Cille agus Chill Charthaigh agus Árd an
Rátha agus na nGleanntach agus Ghleann Fhinne agus an Chlocháin Léith agus na
Rosann nÍochtarach. Níl áit dá bhfuil sé ag triall nach bhfuil fáilte mhór agá
chur roimhe agus rún ag cách teanga na tíre a choinneáil beo annso a chis
bóchna. Taitnigheann an spiorad maith ata imeasc chléir agus tuataí Thíre
Chonaill liom. Má choinnigheann siad suas an spiorad sin ba chóir gurbh' fhuras
an Ghaedhilg a thabhairt arais i dTír Chonaill taobh istoigh de dheich mbliadhna.
Bhí cruinnigheacha móra ag an tSagart Mac an tSaoir i bparáiste an
Chlocháin Léith agus na Rosann nÍochtarach le cupla seachtmhain. Mhínigh an
Timthire go deas i nglan-Ghaedhilg ann turas ar a raibh sé agus tugadh éisteacht
cúramach do ghach rud d'ár dhubhairt sé. I ndiaidh na cainte thoisigh an ceol agus
an scéalaidheacht go cionn cupla huair. Is maith an rud an greann agus an
chuideachta, ná cuirfidh siad aos óg suim ann agus triallfaidh ar ionad na cuideachta
cé b'é áit ina bhfuil sí. Acht ní hí an chuideachta ar fad tharraing na daoine
a bhí ag na cruinnigheachaibh móra annso ar an tseachmhain so chuaidh thart acht an
spiorad atá ag teacht chuca de bhárr cainte an Timthire. Tá súil agam nach
leigfear don spiorad dul i léig go raibh an Ghaedhilg dá cleachtadh ag cách a
chois bóchna annso.
Má éirigheann le Crann Eithne an teanga a shábháil i dTír Chonaill béidh obair
chomh tairbheach déanta ag Easbog agus cléir agus tuataí na condae so le
haon obair dá dtearnadh ar son na tíre ó thug na hIarlaí cúl ar Loch-Súilighe.
Gheabhaidh an tEasbog agus an Sagart Mac an tSaoir an moladh bhéas tuillte
aca agus ní bhrisfear ar ar sean-shibhialtacht i ndúithche Chonaill Ghulbain a fhad
is bhéas laoi dá canadh ná sean-scéal dá innse a chois bóchna annso.
Eoin Ó Searcaigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11