Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Tabhairt fá'n Obair

Title
Ag Tabhairt fá'n Obair
Author(s)
P. Ó D.,
Pen Name
P. Ó D.
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ag Tabhairt fá'n Obair.



Is dócha gur gairid anois go mbeidh muintear na gCraobh ag tosnú ar an
obair arís. Atá an samhradh sámh imthighthe agus atá an geimhreadh ag
teacht nó mar adeir an sean-fhocal, “ráithe an gheimhridh fhliche, is ráithe an
earraigh dhuibh.” Beidh na hoidhcheanta fada fuar agus ní féidir mórán
spáisdeoireachta ná caitheamh-aimsire do dhéanamh ar an taoibh amuigh. Dá
bhrigh sin beidh orrain níos mó de'n aimsir do chaitheamh fá mhúraibh agus fá
dhíon. Sin é an t-am is oireamhnaighe chum an Ghaedhealg d'fhoghluim. Beidh an
uain oireamhnach gan amhras acht an mbeidh an sean-fhonn ar Ghaedhlaibh chum-
breith ar an uain? Is dóigh liom fein go mbeidh. Bíodh go bhfuil rudaí
uathbhásacha ar siubhal ar fuaid an tsaoghail i mbliadhna, rudaí i bhfad níos
uathbhásaighe ná aon rud dá shórt thárla fhaid is atá an Connradh ann, fhaid is atá
an Ghaedhealg ann, is cuma soin, tabharfaidh Gaedhil fá obair na Ghaedhilge an
geimhreadh so chugainn chomh dúthrachdach, díograiseach is do-rinneadar riamh. “Is
truagh siúd duine ná tuigeann a chúrsaí féin,” agus tuigid Gaedhil cúrsaí na
hÉireann, tuigid cúrsaí náisiúntachta, tuigid an dlúth-bhaint atá idir fíor-
náisiúntacht agus an Ghaedhilg, atá cuimhne fhad aca, agus atáid bog go leor
ar a gcloisid indiu ar thréithibh iongantach na himpireamhlachta. Is é is gnó
agus cúram dóibh an Ghaedhealg do shabháil agus an fhíor-náisiúntach na teannta,
agus ní'l se d'fhonn orra leigint d'aon rud an gnó soin do mhilleadh ná do mhúchadh.
Tá a fhios agam gur eirigh roinnt daoine as obair na Gaedhilge le deigheanaighe.
Daoine maithe badh eadh iad, freisin cuid aca. Ach ná cuireadh san aon
droch-mhisneach ar éinne. Tá obair mhaith dá déanamh ar son na hÉireann aca
agus d'fhágadar daoine chomh maith leó i n-a ndiaidh. Agus cad atá le déanamh
aca so? Tá mór-chuid le déanamh aca. Éist le Tomás Dáibhis ag cur síos ar
íoc-luibheannaibh na hÉireann.



“Ní spré chearbhaigh” (adeir sé) “do ghabhthaoi i gcluiche na himpireachta
atá ó mhuintir na hÉireann, acht saothrú dian, díograiseach do dhéanamh ar a
bhfuil de shubhailcíbh is de thréithibh ionta féin, béasa beachta, dílse do
ghabháil chuca, agus an meas sin do bheith aca orra féin thagas ó chomhlínadh
dualgais go dúthrachtach. Tighthe cluthmhara, páirceanna deagh-shaothruighthe agus
teallaigh theótha do sholáthar dá lucht tuaithe — inntleacht a lucht ealadhan do
mhéadú, agus tionnsgal a lucht ceárd, litridheacht do dhéanamh dhóibh féin go
mbeidh an t-aer an stair agus an nádúir seo bhaineas linne mar anál innte
— méadú nirt agus ionnracais agus saoirseacht íodhán uasal — sin a bhfuil
d'easbaidh ar Éirinn.”



Atá cuid mhaith de'n obair nó de'n leigheas sin dá dhéanamh ag muintir na
Gaedhilge, agus níl éinne eile acht iad dhá dhéanamh. Anois an bhfuilimd tuirseach
de'n obair? An bhfuil fonn staonta orra? An bhfuilid chum drom láimhe do
chur le Tomás Dáibhis agus le n-a chuid teagasga? Is beag an baoghal. Béidh
go bhfuil daoine ar seachrán slighe atá an sean-bhraon sinsear ag borradh go
bríoghmhar fós i gcuisleannaibh Ghaedhilgeóirí, agus is beag an beann atá aca
ar aon rud nó ar éinne, acht amháin ar ghnóthaibh Éireann iath-ghlaise oileánaighe.
Is leor sin.




“Is truagh siúd duine nach dtuigeann a chúrsaí féin.”



Is truagh cheana agus náisiún chomh maith le duine. Acht nílid Gaedhil gan
a gcúrsaí féin do thuigsint, agus cúrsaí daoine eile chomh maith, agus ní
bhréagfar iad ó'n obair atá idir lámhaibh aca. Déanfar gnáth-obair na gCraobh
i mbliadhna chomh dílis is do-rinneadh riamh é.



Agus taobh amuigh den obair choitcheanta atá rudaí eile gur cheart do
chraobhachaibh air do thabhairt dóibh hó am go ham, mar atá roinnt caitheamh-aimsire
anois agus arís chum gnó na gCraobh do dhéanamh taithneamhach do sna comhdhaltaibh.
Do bheadh an obair amháin ró-thur, agus ba cheart roinnt “cuirmeacha ceoil”
do chur ar bun. Do-gheóbhaidís ceann do chur ar bun ar aon chuma agus atáim
cinnte go ndéanfaidhe roinnt airgid aiste. Do gheóbhthaí teach i gcabhair ar
an gCoisde Gnótha sa tslighe sin leis agus ní sgéal rúin é go bhfuilid anois ar
easbaidh airgid.



Tá suas le cúig chéad craobh ann agus ba shuarach le rádh an chraobh aca ná
fhéadfadh punt ar a laighead a dhéanamh as chuirm cheoil. Casfadh ar an gceist
seo go luath arís.



P.Ó.D

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services