Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiseirghe

Title
Aiseirghe
Author(s)
Ó Donnchadha, Éamonn,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aiseirghe.



Tá tráthanna áirighthe i saoghal an duine agus
is maith leis bheith ag maireachtain. Uaireannta
eile dhó, agus badh leath-chuma leis ciaca as nó
ann bheadh sé. Sealad fé leith don dubh agus
don gheal dá fhiosrughadh: sidé bun agus bárr
agus leath-imeall an tsaoghail a chaitheann gach
duine againn. Ní móide gur taise dhamh-sa
an t-áthas agus a atharrach im' bhreith idir dhá linn.
Acht, a bhuidhe le Dia, an croidhe a bheith gá thógant
ionnam fé láthair. Tá breacadh an tsonais ar
an nGaedhilg agus ar an nGaedheal. Is maith
liom an breacadh sain a d'fhecsint. Cuireann
sé áthas orm, agus ní féidir liom gan mo chás
a chur i n-umhal.



Ó gach áird tá an deagh-sgéal le fagháil i
dtaobh na Gaedhilge. Annso agus annsúd tá
an laige ag imtheacht uirthi, agus is dóigh le n-a
namhaid gurab í laige an bháis atá dá breith.
Tá daoine ann leis, a dh'áiteochadh ort go bhfuil
an Ghaedhilg ag dul i n-éag i n-aghaidh an lae,
agus gur gairid ná cloisfar focal di dá labhairt
i dteaghlachaibh na tíre.



Acht an meath bhí ag dul do'n Ghaedhilg agus
do bhí dá breith chun báis, tá cosg curtha leis. An
táir agus an t-ainbhios do thug ar an Ghaedheal
a theanga dhúthchais do leogaint uaidh, gan fiú
a caoineadh a dhéanamh, tá snáithín aithreachais
imthighthe go croidhe ann dá dheasgaibh agus tá an
Gaedhilg anois ag lonnughadh go seasgair sa
bhaile dhúthachais do ceapadh di, agus an dream
is uaisle agus is léigheanta dá lucht labhartha
ag tabhairt a bhfuil 'en tsaoghal aca chun a slán-
uighthe agus ag fógairt go bagarthach ar aicme
an Ghalldachais go bhfuiltar chuca agus gur
gearr go ndéanfar a sguabadh as an dtír
maran áil leo iompáil anall ar bhealach na
Gaedhealtachta.



Tá aiseirighe ag dul do'n tír seo i ngach slighe,
agus is maith liom a rádh gur aiseirghe le feabhas
atá ag imtheacht uirthi. Gach lá dá ghabhann
thoirsti, agus gach cor dá chuireann sí di, is
é a leas a thagann chuici dá bhárr. Minic don
Ghaedheal ar atharrach tuairime le 'n-a bhráthair;
minic dó i bhfonn chun troda agus easaontais;
minic an namhaid ag leamh-gháire fé'n luaith-
intinn seo a dh'imrigheann a aimhleas agus a
chaitheann an tír bhocht níosa dhoimhne i n-adhgán
na haindeise.



Acht an bóthar is sia slighe ar treo na haindeise,
bíonn lúb ann. An túisge tháinig tuigsint
le cóir chun an Gaedhil do chonnaic sé toradh a
dhíthchéille. Do chimil sé a shúile; do bhain sé
na fachaillíní dhíobh agus d'fhéach sé n-a thimcheall.
Do thug sé fé ndeara an cló mílítheach a bhí ar a
thír de dheascaibh an choidrimh a dhein sé leis an
iasacht. Do bheartuigh sé i n-aigne an iasacht
so do sheachaint agus iarracht do thabhairt ar
seasamh ar a bhonnaibh féin.



Tugaim fé ndeara gur de réir mar atá an
Gaedheal ag iarraidh bheith 'n-a Gaedheal atá an
rath ag dul dó. Tá teanga a shinsear, agus
nósanna agus sean-shaoghal a shinsear ag filleadh
air do réir a dhílse agus a dhéine atá an iarracht
dá dhéanamh aige chun siubhal i gcosaibh a shinsear.
Tá an rath agus an séan ag filleadh ar an dtír
le teacht na haimsire. Aoinne a dhéanfadh
cuaird na tíre indiu, agus chuirfeadh an
tslacht agus an treo atá uirthi i gcóimhmheas
leis an aindeis a bhí uirthi le linn í bheith fé
chuing na hiasachta ní féidir dó bheith i n-amhras
i dtaobh na Gaedhilge ná i dtaobh an Ghaedhil.
Do b'í an Ghaedhilg ba bhun leis an saothar mór
gnótha so do rug an tír. Tháinig an saothar
díreach ar thóir na Gaedhilge. Tá an dá cheann
ar siubhal ar chabhair a chéile indiu ag tabhairt
beathadh agus sláinte do Cháit Ní Dhuibhir.



Gach duine i bpobal na Gaedhilge a dh'fhanann
i bhfeidhil na Gaedhilge amháin, an tráth dh'imthigheann
an fhaillighe ar chúrsaibh na tíre i gcoitchianta,
ní féidir dó a rádh go bhfuil a dhual dá chóimh-
líonadh aige. Tá de dhualgas áirighthe ar lucht
na Gaedhilge páirt do ghabháil i ngach ghluaiseacht
dá deintar chun leasa na tíre, agus tá d'fhiachaibh
ortha iarracht do thabhairt ar gach gluaiseacht do
riaradh ar sgáth na Gaedhilge. Go dtí go mbeidh
saoghal na tíre seo tógtha ar theangaain na
Gaedhilge agus ag braith uirthi mar thaca, ní
féidir dúinn a rádh go bhfuilimid slán ó'n iasacht
nó go bhfuil breacadh lae na Gaedhilge istigh
againn.



Éamonn Ó Donnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services