Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Conntae na Gaillimhe

Teideal
Conntae na Gaillimhe
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1906
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Feabhra 03, 1906.



Conntae na Gaillimhe.



Is binn linn a chlos go bhfuil fonn
oibre ar mhuinntir na Gaedhilge i
nGaillimh. Cruinniughadh do bhí aca
coicthighis ó shoin, ghlacadar comhairle
le chéile agus shocruigheadar ar choiste do
chur ar bun ar a mbéidh sé de chúram
imtheachta an Chonnartha do stiúrughadh
i gCo. na Gaillimhe. Tá a leithéid de
choiste ag teastáil le fada. 'Sé do
b'fhearr linn féin coiste le haghaidh
Iar-Chonnacht, Conamara, agus Dúithche
Sheoighe; coiste eile le haghaidh O
Máine agus Tír Fhiachrach Aidhne; agus an
tríomhadh coiste le haghaidh Gaillimhe ó
thuaidh. Acht is fá mhuinntir na háite
badh cheart réidhteach an sgéil d'fhág-
áil, mar is aca féin is fearr atá a
fhios céard theastuigheas uatha agus céard
d'fheilfeadh dóibh. Tá súil againn go
n-eireochaidh leis an Athair Antoine Ó
Consaidín agus le lucht a chonganta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services