Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cruinniughadh Mór Puiblidhe ag Achros i gConndae Shligigh

Title
Cruinniughadh Mór Puiblidhe ag Achros i gConndae Shligigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cruinniughadh Mór Puiblidhe ag Achros
i gConndae Shligigh.



Dia Domhnaigh, an 27adh lá de Iúl, do bhí cruinn-
iughadh mór i nAchros le cúis na Gaedhilge a chur chum
cinn. Tháinic daoine as gach uile chéard de Chonndae
Shligigh & cuid mhaith daoine as Béal an Átha i gConndae
Mhuigh-Eó freisin. Bhí deich míle duine i láthair.
Is fad ó cheana ó bhí an oiread sin daoine cruinn-
ighthe i n-aon áit i gConndae Shligigh. 'Sé an rud is
mó do chuir bród orainn fheiceál go raibh spiorad
mhaith Gaedhealach ins na daoinibh sin. Bhí cruinniughadh
eile ag Achros um an tráth seo anuraigh, & do labhair
an t-Ollamh de hÍde (.i. “An Craoibhín Aoibhinn”) ann.
Rinne an cruinniughadh sin go leór maitheasa, mar
cuireann na daoine annseo suim mhór ins an
teangaidh ó shoin. Dubhairt na daoine a bhí ag an
gcruinniughadh anuraigh go raibh cruinniughadh na
bliadhna so i bhfad níos mó 'ná é & go raibh timcheall
dhá mhíle níos mó daoine ag an gceann so. Bhí
buidhean cheóil as Druim Árd i láthair, & tig linn a
rádh gur mór an slacht a chuir sé ar an gcruinniughadh.
Ar an gceathair a chlog do glaodhadh ar an Athair
Seaghán Ó Meilbhin, Sagart Paráiste an Teampuill
Bhuidhe, le bheith mar uachtarán ar an gcruinniughadh.
Nuair tháinic sé amach le labhairt do cuireadh na
mílte fáilte roimhe.



Dubhairt sé go raibh bród & lúthgháir mór air a bheith
annsin leis an gcathaoir a ghlacadh ag an gcruinn-
iughadh breagh sin agus a dhícheall a dhéanamh ar son na
teangan. Bhí muid annso an tráth so anuraigh ar an
ocáid céadna (adubhairt sé), & is mór — míle buidh-
eachas le Dia! — chuaidh cúis na Gaedhilge ar aghaidh ó
shoin, ní hé amháin 'sa' gceanntar so, acht ar fud na
hÉireann & i ngach uile áit ar fud an domhain mhóir
a bhfuil fíor-Éireannaigh ann. Annsin labhair
sé ar na tíorthaibh eile a bhí brúighte síos mar
Éirinn, & an spiorad a bhí ionnta a dteangacha a chong-
bháil beó agus an chaoi d'éirigh leóbhtha. Agus cia an
fáth, adubhairt sé, nach mbéadh muidne, Clanna Gaedh-
eal, a bhí chomh huasal nó níos uaisle 'na aon cheann
aca, i n-ann an rud céadna a dhéanamh?
D'fhoghluim sé fhéin an chuid ba mhó de'n Ghaedh-
ilg a bhí aige i nIorrus fad ó, agus ní dhearna sé
dearmad uirri ó shoin, agus bhí bród air go raibh sé i
n-ann an Ghaedhilg a labhairt mar is ceart go mbéadh
bród ar 'ch uile Éireannach cneasda a bheadh i n-ann
an teanga bhinn bhlasda sinn a labhairt — an
teanga a bhí ag na naomhaibh fad ó d'á labhairt 'sa'
tír seo agus an teanga a rinne an oiread sin le n-ár
gcreideamh a chongbháil slán i n-ar measg. D'iarr sé
orra annsin an Ghaedhilg a labhairt agus í fhoghluim.
Dubhairt sé nach mbéadh aon leith-sgéal aca feasda
nach raibh Gaedhilg d'á múnadh ins na sgoltachaibh, mar
go raibh rún aige féin í fhagháil múinte ins na sgolta-
chaibh a bhí faoi n-a chúram, & go raibh sé dearbhtha go
ndéanfadh na sagairt eile i dTír-Fhiachrach an rud
céadna.



Do labhair daoine eile & bhí an n-óráideacha tugtha
síos cheana insan bhFreeman.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services