Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Suadha : Cuid a hAon

Title
Saothar Suadha : Cuid a hAon
Author(s)
Údair éagsúla.,
Composition Date
1908
Publisher
Muinntir an Ghoill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1REMHRÁDH.


2
3

CUMANN NA hÉIGSE.


4
5

Is fada dhúinn ag braith ar Éigse na Gaedhilge a thabhairt le chéile agus
6ceangal cumainn is caraduis a dhéanamh eatortha, i slighe go bhféadfaidís
7cabhrughadh le chéile d'fhonn a leasa féin is d'fhonn maitheasa na h Éireann.
8Sidí an ceathramha bhliadhain aca a d'iarraidh an cheangail sin do cur
9ar bhun. Go dtí so ní cuirtí puinn suime sa ghnó. Do thagaidís i bhfochair
10a chéile aimsir Feis na Mumhan. Do léightí aistí agus amhráin. Annsoin
11do sgaraidís ó chéile agus ní cloistí uatha go ceann bliadhna arís.


12
13

Níor bh'fhéidir go dtiocfadh maitheas as obair den tsórt soin. Dá
14bhfanadh an scéal amhlaidh badh ghearr go mbeadh deireadh le gach saghas
15ceangail earortha. Sa saoghal atá ann fé láthair ní'l slíghe don duine
16— nó don bhfuireann — na déanann gníomh. Mar sin do b'éigin don
17Éigse gníomh a dhéanamh nó imtheacht as. Do b'éigin dóibh céim a thabhairt
18ar aghaidh. Do tugadh an céim sin ar aghaidh an iarracht so, agus do
19cuireadh ar bun n-a cheart Cumann na hÉigse.


20
21

Thángadar i bhfochair a chéile fé thrí le linn Feis na Mumhan i mbliadhna.
22I seomra Comhairle Cathrach Chorcaighe iseadh bhí an chéad chruinniughadh aca.
23Thuit so amach ar an seachtmadh lá déag de Mhí Mheadháin an Fhoghmhair
24Ar a ceathair a chlog do tosnuigheadh ar obair. An tAthair Pádraig
25Ua Duinnín a bhí in' Uachtarán ann. Do léigh sé don chuideachtain oráid
26bhlasta ar "Fhilidhibh na Mumhan."* Do labhradar an Dochtúir Ó Luingsigh
27agus an tAthair Cathaoir Ó Bréandáin, Riseárd Ó Foghludha agus Tadhg
28Ó Donnchadha ag tagairt do aitheasc an Uachtaráin, agus dubhrathas gur
29cheart cumann a hur ar bun i measc na bhfilidhe, i slighe is gur móide an
30mhaith do b'fhéidir leó a dhéanamh.


31
32

Do léigheadh aistí filidheachta ó Dhiarmaid Ó Muimhneacháin ("Dhá Chích
33Dhanann"), ón Athair Cathaoir Ó Breandáin ("Oisín"), ó Ribeárd Bhel-
34don agus ó "Thórna."


35
36

* Gheobhthar é ar leathanach a 5.
37


L. 4


38

Lá ar n-a bháireach, thángadar i bhfochair a chéile arís ar a haon dhéag a
39chlog; an tAthair Pádraig Ua Duinnín in' Uachtarán. Do léigheadh an
40iomarbháidh filidheachta a thárla idir Phádraig Ó Chruadhlaoich ("Gaol na
41nGaedheal") agus "Tórna." Do léigh Piaras Béaslaoi aitheasc ann.
42Do léigh Riseárd Ó Foghludha ("Fiachra Éilgeach") gearra-chunntus ar
43"Fhilí Chorcaighe." Tá an dá aitheasc soin i gcló sa leabhar so.


44
45

Do deineadh a thuilleadh cainnte i dtaobh cumainn fé leith a chur ar
46bun i measc na bhfilidh. B'é tuairim láidir gach éinne go ndéanfadh
47cumann den tsórd soin a lán maitheasa, agus ó thárla na filidhe i
48bhfochair a chéile agus an chaoi aca ar an gceangal a chur ortha féin, nár
49mhiste dhóibh an gnó soin a chur i gcrích.


50
51

Do thairg an Dochtúir Ó Luingsigh mar rún: "Go gcuirtar cumann ar
52bun i measc na bhfilidhe is na ndaoine chuireann suim i bhfilidheacht; agus
53gurab é leathchoróin an díolaidheacht i lugha i n-aghaidh na bliadhna ó gach
54dalta den chumann."


55
56

Do chuir Riseárd Ó Foghludha leis an rún agus do glacadh leis d'aon-
57ghuth.


58
59

Do deineadh Uachtarán den Athair Pádraig Ua Duinnín; do deineadh
60Cisteóir den Dochtúir Ó Luingsigh; do deineadh Reachtaire den Athair
61Cathaoir Ó Bréandáin; do deineadh Scríbhneóir de Thadhg Ó Donnchadha.


62
63

Furmhór na ndaoine bhí láithreach chuireadar a n-ainmneacha isteach agus
64dhíoladar a gcion bliadhna leis an gcumann.


65
66

Bhí an tríomhadh cruinniughadh ar siubhal i dTigh na Cathrach i gCorcaigh
67Dia Céadaoin, an naomhadh lá déag, agus bailiughadh mór daoine ann.


68
69

An tUachtarán, .i. an tAthair Pádraig Ua Duinnín, is é a bhí i n-a cheann
70comhairle againn. Do chuir sé fáilte roimh an Athair Peadar Ó Laoghaire,
71ar a chéad-theacht i n-ár ndáil, agus adubhairt gur mhór an misneach do
72chuir an tAthair Peadar air fhéinidh nuair a bhí sé ag obair roinnt bhliadhanta
73óchoin ar shaothar Aodhgáin Uí Rathaille, le n-a dheagh-chomhairle is le n-a
74ghríosughadh.


75
76

D'admhuigh an tAthair Peadar gur mar sin a bhí, acht nár lugha ná san an
77meisneach a ráinig dó féin ó obair an Athar Pádraig ar cheapadóireacht
78na bhfilidhe Gaedhilge, mar is aca súd a bhí cruinn-eólus ar an dteangain,
79is ní raibh lúb ar lár i n-a gcuid cainnte, agus dá bhrígh sin ní bheadh
80baoghal dearmhad orainn dá leanfimís a rian súd.
81


L. 5


82

Do léigheadh annsan roinnt iarrachtaí seannda is do rinneadh trácht
83ortha, go mór-mhór ceann nó dhó ag tagairt do Chaisleán Ó Liatháin mar
84a bhfuil an tAthair Peadar i n-a shagart paróiste indiú.


85
86

Chualamair cainnteanna ó Sheán Ó Ceallaigh ("Sceilg"), Riseárd
87Ó Foghludha ("Fiachra Éilgeach"), is ó n-a lán eile ar a raibh déanta le
88trí lá ar ár gcruinnighthibh, agus gach n-aon do labhair bhí sé lán-tsásta,
89go háirithe i dtaobh gur cuireadh an Cumann ar seól.


90
91

Chuir ochtar eile isteach a n-ainmneacha is a síntiúsaí airgid chun an
92sparánuidhe agus do scaipeamair go cionn bliadhna eile.


93
94

FILIDHE NA MUMHAN.


95
96

[Ag seo an óráid a thug an tAtháir Pádraig Ua Duinnín uaidh:-]


97
98

A Éigse na Mumhan, dé bhar mbeatha. Is fada nár tháinig sluagh na
99hÉigse le chéile sa Mhumhain. Cuireann an sluagh chím ós mo chomhair
100annso indiu i gcuimhne dham na sluaighte thagadh le chéile san tsean-
101aimsir chum bheith ag éisteacht le hamhránaibh Sheáin Chláraigh is Sheáin Uí
102Thuama is Phiarais Mhic Gearailt. Is chum leanamhaint den obair a
103bhíodh dá déanamh ag na mórfhilidhibh sin, is chum milseacht ar bhfilidheacht
104dúthchais do mhúscailt sa Mhumhain agus ar fuaid Éireann, is chum mis-
105neach do chur ar éigsibh an lae indiu, atáimíd bailighthe annso i gcathair
106ghil Chorcaighe, i bpríomhchathair na Mumhan, mar a mbíodh trácht is tais-
107teal na bhfileadh le linn cruadhtain is anbhruide na nGaedheal.


108
109

Ní náire ná masladh dhúinn leanamhaint d'obair na sean-éigse. Tá trí
110céad bliadhan anois ann ó chúm an Céitinneach an laoi darab tosach:-


111
112

"Óm sceol ar árdmhaigh Fáil ní chodlaim oidhche,"


113
114

agus ón lá soin go dtí an lá indiu ní raibh file ná fáidh sa Mhumhain nár
115thrácht 'n-a laoithibh ar andlighthibh is ar anbhruid na hÉireann.


116
117

Is minic a léightear stair ar fhilidhibh na Mumhan; is minic daoine ag
118trácht ortha, is gan eolas ar an gceist aca. Duine do chuir spéis i n-a
119thír dúthchais do b'eadh an file Muimhneach, duine go raibh cion a anama
120aige ar mhuinntir a dhuthaighe féin, is nár ghreannuigh an Ghalldacht ná an


L. 6


121

t-iasacht, is do chlaoidh le nósaibh is le béasaibh a shinnsear. Duine do
122b'eadh é, leis, do scrúduigh seanchus na hÉireann. Cibé eolas a bhí ag
123Muimhneachaibh ar feadh na gcéadta bliadhan ar stair na hÉireann, ar
124shean-scéaltaibh na hÉireann, ar imtheachtaibh a ríogh is a curadh, is de bhárr
125saothair na bhfileadh do bhí an t-eolas soin aca. Do chuir binneas is
126milseacht na n-amhrán do cheap ar bhfilidhe ceol i gcroidhe na ndaoine;
127do chuireadar bród is áthas ar an aos óg. An té thiubhradh fé ndeara
128líon tíghe de Ghaedhilgeoiridhibh ag éisteacht le hamhránuidhe is é ag canadh
129aislinge éigin do chúm Eoghan Ruadh, abair "Mo léan le luadh is m'ath-
130tuirse," nó "Ag taisteal na Blárnan," agus thiubhradh fá ndeara an
131t-uaigneas, an dólás croidhe, an t-áthas, an fhearg, an bhuile do ghabhann
132i ndiaidh a chéile an líon tighe sin, an té thiubhradh sin uile fá ndeara,
133thuigfeadh sé gur bh'é saothar na bhfileadh do bhuanuigh tréithe na nGaedheal
134sa Mhumhain, is do choimeád sruth na Galldachta ón ndoras againn. Má
135tá anam is spioraid i n-ógGhaedhealaibh an lae indiu, má's rud é go
136bhfuilid ag casadh ar dheaghnósaibh a sean, is go bhfuilid ag cur suime 'n-a
137dteangain dúthchais is 'n-a litridheacht dúthchais, bíodh a bhuidheachas soin ar
138na filidhibh Gaedhealacha agus ar fhilidhibh na Mumhan go sonnradhach.


139
140

Bíodh gur mó an cháil atá ar fhilidhibh áirithe do geineadh i n-allód i
141dtíorthaibh tar lear; bíodh nár rugadh sa Mhumhain le trí chéad bliadhan
142aon Homerus ná Virgilius, ná fós aon Dante ná aon Moliére, ní fhágann
143soin ná gur cheart dúinn spéis do chur sna filidhibh do chuir Dia chughainn,
144a gcáil do leathadh agus a lorg do leanmhaint. Acht cé gur mó í cáil na
145mórfhileadh do geineadh i dtíorthaibh áirithe tar lear, níor sáruigheadh
146riamh ar bhfilidhe-na, filidhe na Mumhan, ar cheol is ar bhinneas. Níor
147sáruigheadh riamh iad ar a ndílseacht dá dtír dúthchais ní hamháin le linn
148a séin is a sonais acht le linn a cruadhtain is a cruadhcháis, nuair a bhí sí
149fá bhráca na hanbhruide, nuair —


150
151

"Ba fliuch a gruadh go buan le déaraibh,
152Gruag a mullaigh ag tuitim 'n-a tréan-ruith,
153Srothanna fola as a roscaibh go caobach,
154A haghaidh ar snuadh an dubhghuail le chéile."


155
156

Is iad filidhe na Mumhan do choimeád an spioraid agus an t-anam
157ionainn le linn na buaidheartha agus na hanbhruide do bhíodh ag urdhubhadh
158ar dtír dúthchais
159


L. 7


160

"Ó lom an cuireata cluithche ar an rígh choróinneach,"
161nuair a bhíomar


162
163

"Ag Gallaibh dár gcrádh ón lá do cailleadh an Bhóinn.
164B'é an file solas na nGaedheal i ndorchardas; b'é a neart is a dteannta
165é; b'é a gcroidhe is a n-anam é; b'é díon a dteach le linn na fearthana
166é; b'é a gcloidheamh chum réabtha é;


167
168

"B'é a mbarc 's a mbád 's a n-áthrach séin é,
169A leomhan a seabhac a gceann 'sa bhféinnidh,
170A lonnradh solais i ndorchadas sléibhe,
171A dtriath ceart 's a meas tar Éirinn."


172
173

Is le hamhránaibh ma bhfileadh do chuireadh an dream a tháinig rómhainn
174an leanbh do chodladh. Is le ceol na bhfileadh do choimeádaidís an t-uaig-
175neas uatha féin ar dhruim na sléibhte. Is le saothar na bhfileadh do
176choimeádadar foighne Dé n-a gcroidhe ag brath ar aiséirghe a dtíre ó bhás
177na hanbhfainne is na hanbhruide.


178
179

Cad is gábhadh dham ainmeacha na bhfileadh so do luadhadh?


180
181

Do shroich dánta na mórfhileadh gach áird den Mhumhain; cé go raibh
182ball fá leith ag gach file aca 'n-a theannta soin.


183
184

Do scaip an Céitinneach an dorchadas ó chlár Mumhan ar fad.


185
186

Do leath ceol Dháithi Uí Bhruadair ó luimneach go Corcaigh.


187
188

Do bhí "Aodhagán éigeas iarthair Fáil," ag fuineadh a chroidhe 'n-a laoidh-
189thibh ar fuaid Sléibhe luachra.


190
191

Do bhí an tAthair Eoghan Ua Caoimh agus Seán geal Clárach ag déanamh
192tuair is tarngaireachta agus ag cur mheisnigh i gcroidhe na nGaedheal i
193Ráith Luirc agus i nDún ar Aill.


194
195

Do bhí "Filidhe na Máighe" — Seán Ua Tuama agus an Mangaire
196Súgach, agus an chuid eile — ag déanamh ghrinn is scléipe cois Máighe na
197méithbhreac agus i gCroma an tSughchais.


198
199

Bhí Seán na Ráithíneach agus an tAthair Uilliam Inglis is Éadbhard de
200Nógla is Uilliam an Dúna is Uilliam Ruadh is Éamonn de Bhál is Piaras
201Mac Gearailt, is "tuilleadh ná tigeann liom d'áireamh" ag cur ceoil
202dúthchais mar inneach lé bréithribh Gaedhilge le hais chathrach Chorcaighe.


203
204

Bhí Tadhg Gaedhealach agus Donnchadh Ruadh agus sluagh binn eile ag
205coimeád an anma i muinntir na nDéise,


206
207

Bhí Aindrias Mac Cruitín, Aodh Mac Cruitín agus Brian Mac Giolla


L. 8


208

Meidhre agus Micheál Cuimín agus gasradh de bhinnfhilidhibh nach iad ag
209cur meidhre is áthais ar mhuinntir an Chláir.


210
211

Bhí Piaras Feirritéir agus Séafradh an Ghleanna agus a lán eile
212d'fhilidhibh groidhe ag spreagadh cheoil "ar bhruachaibh locha léin" is i measc
213sléibhte is gleann Chiarraidhe an ghrinn.


214
215

Do hoileadh Eoghan Ruadh ar Sliabh Luachra acht b'fhada ó bhaile a thrácht
216is a thaisteal. Bhíodh sé "ag taisteal na Blárnan" nó ag siubhal


217
218

"Cois na Siuire maidean drúchta is é támhach lag faon."


219
220

'N-a ndiaidh-san uile d'airigheadh guth Fhinghin Uí Scannaill i gCill
221Áirne, agus guth Mhichíl Uí Longáin i gCorcaigh, agus guth Sheain Uí Choileáin
222i nIarthar Chorcaighe, agus binnghuth Shéamais Uí Chaoindhealbháin i nIarthar
223luimnigh.


224
225

'N-a ndiaidh-san arís d'airigheadh ceol ó Dhonnchadh Ua Scannaill, ó
226Sheán Mac Peadair, ó Thomás Ruadh, ó Phádraig Conndún; agus tá a lán
227d'fhilidhibh binne annso indiu, agus cloisfear ceol uatha ar ball, i dtreo
228nár múchadh riamh ceol na bhfileadh sa Mhumhain; agus le congnamh Dé ní
229múchfar an ceol soin go bráth na breithe.


230
231

Acht 'n-a dhiaidh sin le breis is céad bliadhan ní raibh puinn den cheol
232soin ann. Ní raibh acht file aonair annso is annsúd, agus ní bhíodh
233toradh ar a ghlór; ní bhíodh toradh ar ghreann ná ar aiteas na ndán
234dúthchais; agus dá dheascaibh sin is beag an iongnadh gur doirteadh an
235donas orainn; is beag an iongnadh go ndeachaidh an spioraid Ghaedhealach
236i bhfuaire 'n-ar gcroidhe; is beag an iongnadh mío-áth orainn


237
238

Ó bhalbhuigh cláirseach Chlár Luirc Éibhir,"


239
240

agus


241
242

"Gan dán dá ríomh le haiteas,
243Gan ráidhte grinn dá n-aithris,
244Gan sámhchruit bhinn dá spreagadh
245I mbanbhrogaibh réidhe."


246
247

Is beag an iongnadh gur ghabh lagmhisneach ar gcine; is beag an iongnadh
248gur


249
250

"Chailleadar Gaedhil a dtréithe caoin córach,
251Carthannacht féile béasa is binncheolta:"


252
253

Is beag an iongnadh go ndeachaidh an spioraid agus an t-anam i laige


L. 9


254

ionainn agus gur bh'ar éigin d'aithneochaidhe sinn tar shliocht na nGall le
255linn na haimsire sin.


256
257

Do leigeamar uainn le faillighe ceol is binneas ar bhfileadh. Bhí a
258leabhair ag dreoghadh agus na luchaigh dá gcreimeadh. Níor thuig Gaedhil
259na ré sin focal dá saothar.


260
261

"D'aithle na bhfileadh dár ionnmhas éigse is iúl,
262Is mairg do chonnairc an chinneamhain d'éirigh dúinn,
263A leabhair ag tuitim i leimhe 's ag léitheadh i gcúil,
264'S ag macaibh na druinge gan siolla dá séadaibh rúin."


265
266

Dia is Muire linn, is fada bhí


267
268

"Clódh Gaoidhilge ar feodh sínte re sealad go táir,
269Stró buidhne mórchoimhthighe dá treascairt gach lá,
270Reo scíosmhar is ceo líonmhar ar a maireadh den dáimh
271Gan glór binnghuth ná óirfídeacht acht glamaireacht ghnáith."


272
273

Ní raibh againn fáiríor acht glafairneach Ghallabhéarla. Is leis an
274nglafairnigh sin do hoileadh ar n-aos óg, agus ní hiongnadh méid a
275ndonais dá dheascaibh sin!


276
277

"Gach lóimín 'n-a lóistín nuair chaitheadh a sháth,
278Ar fóidín ar stóilín nó ar stana bheag chláir,
279Is beodha bhíodh mar gheoin laoich ag gliogar gan adhbhacht,
280Gan mórshuim i gceol chaoin ná i mbeatha na bhfáidh,"


281
282

Níor fhan ceol ná filidheacht ag Gaedhealaibh,


283
284

"Ní raibh tathac 'n-a bhfriotal ná binneas 'n-a ndán


285
286

Bhí cuisle na dáimhe tráighte aca, is feas."


287
288

I lár na naomhadh haoise déag tugadh iarracht ar na filidhe do bhailiughadh
289le cheile agus misneach do chur ortha agus ar gceol dúthchais do saothrughadh.
290Ag seo litir do seoladh chum sluaigh na héigse an tráth soin:
291


L. 10


292

Acht ní raibh aon toradh ar litir Swanton, cé gur dhein sé a dhícheall.
293Do b'é toil Dé, ámhthach, go dtáinig atharrughadh ar an saoghal i ndeireadh
294na haoise sin, sar a raibh an léirscrios ar fad déanta ar ar dteangain
295dúthchais, sar a raibh leabhair na bhfileadh ar fad millte creimthe ag
296luchaibh, nó dreoighte i gcúilibh sa Mhumhain.


297
298

Do chrom Gaedhil ar obair aithbheoidhte a dteangan. Do cuireadh mór-
299chuid Gaedhilge i gclódh. Do cuireadh i gclódh saothar na bhfileadh, nó cuid
300mhaith dhe. Do cloistí amhráin Aodhagháin is Eoghain Ruaidh, is Dhonnchaidh
301Ruaidh is Sheain Chláraigh is Sheain na Ráithíneach is Sheain Uí Thuama i
302mbéal ar n-aosa óig.
303


L. 11


304

Tá an lá ag breacadh orainn le tamall. Níor thréig na filidhe ar fad
305sinn. D'fhan fo-dhuine aca annso is annsúd ag feitheamh le gealadh an
306lae fá mar d'fhan fáidhe is lucht tarngaireachta i n-allód nuair a bhí an
307tóir ar an mullach aca. Agus seo annso indiu sinn chum obair saoth-
308ruighthe na filidheachta do chur i gcóir is i gcrích. Bhailigheamar annso
309chum cromtha ar an obair sin díreach mar ar scuir Seán Clárach is Seán
310Ua Tuama dhi.


311
312

Tá céad go leith bliadhan ann ó thug Seán Ua Tuama an coire seo
313d'fhilidhibh na Mumhan; an bhliadhain díreach i n-ar cuireadh Seán Clárach
314do b'eadh é:-


315
316

A ghasradh fhial ghrianda do b'úire uair,
317Is gach leanbh don mhian iaidhfeas le hiúl na nduan,
318Ag scanadh gach rian riaghla is gach dú ircheist chruaidh
319Tagaidh go dian d'iarracht ar Chúirt na Suadh.


320
321

Tugadh coire dá leithéid sin d'fhilidhibh an lae indiu is don bhuidhin chuireas
322suim i bhfilidhibh is i bhfilidheacht, agus dá bhrígh sin féach an sluagh ceolmhar
323atá im thimcheall indiu.


324
325

Cuirim-se féin fáilte ó chroidhe rompa:


326
327

A ghasradh den aradfhuil 's a chrú na bhfáidh,
328Cé fada sibh fá mhasladh dhubh 's fá smúit go tláith,
329Beidh feasta anois má mhairimíd bhar gclú 's bhar gcáil
330'N-a lasair thiugh ag leathanruith fán Mhumhain go bráth.


331
332

Ó's sleachta sibh den aicme-sin dár dhúthchas dáin
333Do chasadh tiugh le meadaracht glan ciuil go sámh,
334Ná dearmadaidh na ranna binne 'mhuscailt slán
335As teanga mhilis Aimhirgin nár bh'umhal do námhaid.


336
337

Gach calmshaoi do chanas laoi le fonn is adhbhatht,
338'S chuir anashuim i dteanga Ghaoidhil nár mhúch an bás,
339Radadh síos chughainn aiste ghrinn gan dúire ar clár,
340gheobhaidh gradam síor ó reachtairidhibh na Cúirte i dtráth.
341


L. 12


342

NA BREAGÁIN.*


343
344

"Oisín," cct.


345
346

Fonn: "An Cailín deas donn."


347
348

Féach an bréagán, téad trí n-a éadan —
349Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
350Tarraing an téad agus seo é ag léimrigh;
351Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.


352
353

Ní'l sa duine acht bréagán leinbh —
354Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
355Ní túisce thuiteann ná siúd é briste;
356Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.


357
358

An Seán so againne, íochtar na cloinne —
359Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
360Seo é ar mire i ndiaidh gach toice,
361Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.


362
363

Tadhg an chroidhe shubhaigh, má tugtar air súd —
364Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
365Seo, a bhean bhúidh, tabhair cárt eile chughainn,
366Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.


367
368

Féach an sagart agus deabhadh air chun Aifrinn —
369Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
370Do cheapas gur bh'fhada uainn cuaird an easbuig,
371Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.


372
373

Ní taise dham féin, 'om tharrac mar aon —
374Suidh annso, a Shéamuis, is dearg do phíop —
375Cá bhfuil an téad? Tá a fhios ag Sinéid,
376Óró, corruigh an teine bhreágh bhuidhe.


377
378

Óró, corruigh í, bog leat is corruigh í,
379Óró corruigh an teine bhreágh bhuidhe;
380Óró, corruigh í, bog leat is corruigh í,
381Óró corruigh an teine bhreágh bhuidhe.
382


L. 13


383

SCÉALA Ó RIBEÁRD BHELDON.


384
385

"Thimcheall an bhliadhain 1856, nuair ba lag an mheas a bhí ar na
386nGaedhilg, bhínn-se ag cumadh amhráintíbh den tsaghas so leanas, ag
387déanamh caitheamh aimsire do sna daoine ionnta, de réir mar a thuiteadh
388aistíbh sultmhara amach — agus mar siúd de — ag coimeád na Gaedhilge
389beó i measg na ndaoine agus á cur i bhfeidhm.


390
391

Déanaídh-se bhur scair féin den obair anois; tá mo ucht-sa thart: acht
392amháin gur aoibhinn suairc liom a bheith ag breathnughadh ar bhur n-obair
393ag borradh ag fás is ag dul i dtalamh i measc na ndaoine — sé sin má's
394i measc na ndaoine thá sí ag borradh is ag blabhscughadh.


395
396

Sé fios fáth eachtra an amhráin seo acht mar seo: I dtigh Phádraig
397Uí Chiarghusa, i mBaile Bheaidh le hais Phortláigh bhíos ag tuilleamh mo
398pháidh lae. Bhí ón gCumarach leis ann n-a seirbhísigh, Máire Ní Mheachair,
399Páid leathan, Brighid Ní Ghearailt, Inghean an Bharraigh. Ba mhaith leis
400an gCiarghusach muinntir ón gCumarach a bheith aige mar sheirbhísigh, mar
401bhíodar cneasta cúramach, aireach thimcheall a ghnó seochas daoine na
402háite. Acht tháinig táilliúir dar bh'ainm Peadar — Peadar na Gruaige
403ghlaodhtaoi air — ag obair ar feadh seachtmhaine nó coigthighis sa tigh;
404agus pé cúis a bhíodh ag an mbrasaire ró-chainnteach tailliúra so leis,
405ní théidheadh lag air acht a d'iarraidh magadh dhéanamh fé mhuinntir an
406Chumaraigh a bhí ann, ag rádh "Seana-phobal," is mar sin leó, mar 'dheadh
407go rabhadar fiadhain mí-shnasta mar bhraith sé iascairí na Rinne bheith.


408
409

Ar shon nár bh'fhiú leó aon aire thabhairt ar an spreallaire de ghligín
410táilliúra, n-a dhiaidh-san is eile bhí cuid aca ag teacht roinnt bréan de.
411Agus mar sin de, bhí Máire Ní Mheachair ag baint na srathrach, lá sa
412mhacha, den asal, nuair cia bhuailfeadh chúichi acht mo tháilliúir ag cur
413stróbh uirthi mar ba ghnáthach leis; acht níor dhein mo Mháire acht casadh a
414bhaint as an tsrathair a bhí ina láimh aici, agus é phléascadh sa chionn leis,
415ag déanamh fuarpa san asair aitinn bhí sa láthair sin de.


416
417

Um thráthnóna, nuair a chualaidh Ribeárd cad do thuit amach do ghaibh a
418gheangháire air. Ba ghreannamhar leis an aiste. Mhol sé Máire; agus
419dubhairt, an táilliúir a leigint fé fhéin anois, is go gcuirfeadh sé deireadh
420le n-a ghliogaireacht; agus do rin mar leanas:
421


L. 14


422

Peadar na gruaige.


423
424

Fonn: "Gan síoda it Bhalait."


425
426

A chomhursain na gcarad, éistidh liom sealad
427Go léighfead mo cheacht fé nbhur dtuairim
428I dtaobh Mháire Ní Mheachair, an fhinni(r)bhean mhaiseach,
429Mar a threascair sí Peadar na Gruaige.
430Níor chuaird in' aistear í cuaird an bhrasaire
431Ag fógairt catha ar mo stuaire;
432De réir mar a mheasaim ó bhaisteadh air Peadar
433A leithéid eile dhe phlaba ní fhuair sé.
434Gan síoda n-a bhalait,
435Acht píosa dhen tsrathair
436Thug Máire Ní Mheachair sa chluais dó,


437
438

I gceartlár an mhachaidh do chuadar chun catha;
439Ba ró-gheárr a sheasuigh mo bhuachaill,
440Nuair a baineadh as leagaint le siollsa dhen tsrathair,
441Rin fuarpa san asair go luath dhe.
442Bhí inghean an Bharraigh is Brighid ní Ghearailt
443Is thuilleadh n-a dtaca ná luadhfad,
444Uisce aca á tharraint as tobar na sceatha
445Á chimilt le basaibh dá ghruadhnaibh.
446Gan síoda n-a bhalait, agus rl.


447
448

Sé bhreóidh an grabaire is chuir é gan mhaise,
449Nuair tháinig an ainnir adtuaidh air
450Le droichead na srathrach ar an gcorreasna;
451B'fhuirist a mheas go raibh buaidhte air.
452Sé dubhairt Páid leathan é thógaint n-a sheasamh,
453'S gan a leigean don bhfalaire fuaradh,
454É choinghbháilt n-a bheathaidh go dtiocfadh an sagart,
455Go mba lag a bhí a chuisleanna ag bualadh,
456Gan síoda n-a bhalait, agus rl.
457


L. 15


458

Nuair a mhúscluigheadh Peadar do bhog sé chun reatha,
459Gan féachaint ar ais thar a ghualainn;
460Níor fhág sé geata ar fhuarchus an bhaile
461Gan preabadh thairis le fualthan;
462Bhí mná agus fearaibh ar bhóithribh n-a seasamh,
463Gach n-aon aca ag déanadh drochthuar do:
464Go n-imtheóghadh le gealthaigh n-a gheilt i gcionn faille,
465Is ná fuighfaidhe go maidin a thuairisc.
466Gan síoda n-a bhalait, agus rl.


467
468

Ba scannradh le hamharc, 's gan fagháil ar é cheangal,
469A shamhailt de phreabaire ag gluaiseacht,
470Cubhar le n-a dhranna, is a shúile ba lasta,
471'S gan snáithe dhen hata ar a ghuaireach.
472A thailliúir na maige, má's i ndán duit casadh,
473Seachain do thaisteal ar tuathal;
474Fain insan mbaile ag fuagháil is ag gearradh,
475Nó cíorfaidh Malaí do chuachaibh.
476Gan síoda n-a bhalait, agus rl.


477
478

CEANGAL:


479
480

Glac uaim mo theagasc: bíodh ciall agat feasta,
481Is ná bí it ghaige ró-shuarach;
482Fill ar do hata, buail é ar do bhathus,
483Is ná bíodh do charaid ar buaireamh.
484Is, a Mháire ní Mheacair, mo ghuidhe dhuit gach maidin;
485Do dhá láimh nár chaillidh an luadar;
486Is tu chóireóghadh gan mhairg, gan córacha catha,
487An fleascach go tapaidh gan dualgus.
488'S gan síoda n-a bhalait, agus rl.


489
490

Síoda go fairsing go raibh in do bhalait,
491Is laetheanta geala fé shuairceas;
492Giorta in do shrathair — badh mhaith í i gcaismirt —
493Má chuirfaidhe le fearg místuaim ort;
494Gach am is gach aga, má castar leat Peadar,
495Ná bhí leis ag bladar, acht buail é;


L. 16


496

Ba shuarach é a ghaisce, badh chóir dam gabháil thairis,
497Scéithfead gach alt mar a fuaireas:
498Go raibh Máire á ghreadadh
499Sa phlaosc leis an tsrathair
500Gur bhain sí macalla as a chluasaibh.


501
502

Clanna Mumhan.


503
504

"Dhá Chích Dhanann," cct.


505
506

A Chlanna Mumhan ghil ionnraic aoil,
507Pé treabh nó triúch, pé dúth' as díbh;
508Ar scaip an búr anonn tar tuinn,
509'S a maireann dínn i bhFódla.
510A Chlann nach fonn libh crúb Seáin Bhuidhe —
511An deamhan — gan diúltha, d'iomchar choidhch';
512A dhream do b'umhal le cúlaibh claidhimh,
513'Nis gabhaidh tríom-sa comhairle.


514
515

An mhaicne chródha, chomhachtach, ghroidhe
516Do sheas ar bórd, do sheol le gaoith,
517'S nár stad go deó, de ló ná d'oidhch'
518Go ndearcadh Baoi thar bóchna.
519Ar thalamh leó 'gus thóg an tír
520le fearta gleoidh, le comhrac faoibhir:
521An ghasra ghlórmhar — cómhlucht Ír —
522Sin eascur cruinn na leómhan úd.


523
524

Ba rathmhar, ciallmhar, fial an dlighe
525Do lean a dtriall ag riaradh críoch
526Na Banban iathghlais riamh go dtí
527Gur phreab thar taoide crón-phuic.
528Thuit scamall ciachmhar, ciar, le linn
529A dteacht — na diabhail — go hiathaibh Chuinn;
530Tig creach is diachair, ciapadh is caoi;
531Tig dalladh, daoirse is brón dubh,
532


L. 17


533

Bhí triatha Fáil dá gcrádh 's dá gclaoidhe,
534'S ba shiamsach, sámh lucht fátha 'n díth;
535Cér chian a lá, 's dá bhreághtha bhí,
536'n-a dhiaidh tig buidhe-thráthnóna.
537Tá Dia na ndúl ós cionn gach nídh,
538'S is dian a scrúdfaidh Súd an tslighe,
539'Gus iarrfaidh dúnadh cunntais faoi
540Gach pian i slighe an éagcóra.


541
542

Tar sáil an chuingir, sí an ithir Ghaoidhil;
543I lár na bruide bhris an chuing;
544Sin bráca an daille dhuibh díomhaoin
545Is tá gan chríoch an gnó úd,
546Dir mhagh 'gus mhuir, dir thigh is tigheas
547Is geárr gur linn gan bhaint, gan chíos,
548'S an t-ál do choinghibh sinn-na síos
549Gan grán dá síol sa chóig seo.


550
551

A fhir nách fann i n-am an bhruighin,
552Imthigh let lann i gceann an bhuidhin
553A chuirfidh an gall ar ball thar linn —
554De chuisle Mhíle a bpór-san.
555Ná glac mar shamhail le feabhas do ghnímh
556An fear úd thall ar dhrom an chlaidhe
557Ní cara teann, 's ní namhaid 'n-a chroidhe
558Acht spreas gan bhrígh é 'n sórd san.


559
560

Sin treasa dlúth den Mhumhainfhuil aoird —
561San áit is tiugha dhen túrnadh bhíd —
562'S is dána dúr a siubhal mar chíd
563Gur "Teanga is Tír" a seóid as
564Má tá sa Chúig seo triúr, acht níl,
565Gur feárr leó clú náisiúin a dhíol,
566Mo rádh-sa riú, gach triú bhocht díobh:
567Ná tárlaidís n-ár mbóthar.
568


L. 18


569

A Chláir ghil Mhumhan, a lonnradh fhír
570Do thaitn tré mhúrthaí dubha an tsaoighil.
571An cháil, do shiubhail thar tonn is d'fhill,
572Nár fhágaidh sí go deó thu.
573Tá'n cheannrach lobhtha — so le haois —
574Dir cheann is cos, sin sos dod bhaíll;
575Tá'n slabhra crosta croithte dhíot,
576'S ót bhrannra scaoilte an córda.


577
578

'Riú, cá bhfuil abha mar abha na laoi,
579Chomh sámh, chomh seamhrach, seang, n-a luighe
580I n-áileacht gleann, is crann, is craoibh
581Ón tráth éirigheann go Cóbh dhí?
582Nó, cá bhfuil cnoc mar chnoc na Cích',
583Chomh hálainn cruth, chomh sruthair-bhinn;
584Go cárthanntiugh, go n-iomad fraoigh;
585Ó bhárr a cinn go córach?


586
587

Níl macha méith, ná gaorthadh mín,
588Níl leathanréidh, níl caol ná coill,
589Níl barra sléibhe, ná maolchnoc caoin
590Go léin-loch ghlinn, ghrion-órdha.
591Nách linn go léir, is lé n-ár gcloinn-
592Is linn-na Éire fhéin gan fuigheall —
593An fonn do shaothruigh Gaedhil le claidheamh
594An mbainfar díobh gan chomhrac?


595
596

A Chlannaibh áigh, a bhláth na nGaedheal,
597Ná scaraidh lámh le Gráinne Mhaol;
598Ná labhradh cách a bárr a mbéil
599Acht teanga ghlé ár mór-fhear;
600Is creideamh ársa Phádraig naomh,
601Ná ceiltear á! ná táradh aon;
602Bítear cáirdeach, páirteach, tréan.
603Díreach, daond', deaghchomhursach.
604


L. 19


605

AN FÁNUIDHE.


606
607

"Dhá Chích Dhanann," cct.


608
609

Fonn: "Seán Buidhe."


610
611

Áirimh a naedéag gan easnamh de chéadaibh,
612N-a bhárr-san a sé cuir go sár-chruinn,
613Sin dáta an scéil, ó bhliadhain Páise an Éinmhic,
614A thárla dham éisteacht ghá lán-ríomh:
615I lár Bhaile an Aonaigh i n-árus beag aoltha
616Tá Seán geal Mac Éibhir an ceárduidhe,
617'S gan neach den treibh dhaonna in' aice dhá chaomhnadh
618Acht mada go nglaodhann sé air "Fánuidhe."


619
620

Tá ainm an Ghaedhil úd ón nGaillimh go Béarra
621'S is feas do gach aon fhear a cháilidheacht,
622A ghradam don Ghaedhilg, a tharcuisne ar Bhéarla
623Do fásadh le claonbheart i gClár Ír.
624Sa Mhárta, nuair a léigtar, ar áis nó ar éigean,
625A madraíbh Éireann an cháin síos,
626Deir Seán: "Sar is déadhnach is feárr dul ag réidhteach
627Na cána so ag glaodhach ort, a "Fhánuidhe."


628
629

Seo leis ar séide go hoifig an chléirigh —
630An bodaire baoth leamh de tháirshíol
631Na bhfolachon gcraosach, do chroch is do chéas sinn
632D'éis Cromail dár n-éirleach le láimh fhill.
633"This canine possession, describe him," ar seisean,
634"His dye and his sex and his — aw — bweed.
635Those items in question, a license doth mention;
636Besides you must tell his —" ar Seán, "creed?"


637
638

"Tá uachtar an réice úd go cluasaibh ar dhaoldath,
639'S anuas leis práisléad fé n-a bhrághaid buidhe;
640Do suaitheadh a thréadfhuil le buac na gcon n-éachtach
641Do ghluaiseadh fan taobh is le sáil Fhinn;


L. 20


642

D'éis fuaradh do Phoébus, le fuath bheith in' aonar do,
643Cuardann thar sléibhte 's tar fánlaí,
644'S d'éis bualadh chugham féin do go buartha is léir
645Cadé tuairim gach n-aon i dtaobh Fhánuidhe!"


646
647

"By Jingo!" ar san Cléireach, "ní thuigim tu i n-éanchor;
648Muna ndeinir i mBéarla comhrádh bríghe,
649Ní chuirfead-sa séala an ríogh ar pháipéar duit,
650Is tuillfidh tú déine na gnáithdhlighe."
651"Gheobhair uaim mar is méin liom leórthuairisc i nGaedhilg
652Le luadh n-a pháipéar don choileán groidhe;
653Muna dtógair dá réir sin gach comhartha is gach tréith
654Ní bhfuighir feóirling let shaoghal as an bhFánuidhe."


655
656

Lá de sna laethibh a tháinig n-a dhéidh sin
657Is Seán geal go scléipeach ag ceárduidheacht —
658Bhí gáirdeachus cléibh air de dheascaibh an scéil
659Go bhfuil fáscadh dhen téid curtha ar Sheán Buidhe;
660Do airigh sé géarsceamh ón madra, fé mar
661Is gnáth leis ar straére ghníonn dánaidheacht;
662Ag ceann tighe Mhic Éibhir bhí amhus de phíléir dhubh
663Ghá theanntughadh go tréan ag an bhFánuidhe.


664
665

"Is mar sin gan bréag é, 's ní nár línn."
666Dir ordóig is mhéaraibh do tógadh is léigheadh do
667Dianfhógradh soiléir dul i ndáil dlighe;,
668'S i meadhón geal an lae sin os comhair lucht na pléidhe leis,
669'S ar seól-shodar taobh leis bhí Fánuidhe.


670
671

Do bhíodar annsúd lucht na dlighe do mhionscrúdadh
672Go dígeanta dúr le n-a málaí;
673Ar bhínse os a gcionn do bhí buidhean de ghallbhúraibh
674Ó, míle ciorrbhadh ortha — n-a sámhshuidhe.


L. 21


675

"A chléirigh na cúirte, anois glaéidh ar an gcúis seo
676Mhic Éibhir a dhiúltann do cháin d'íoc.
677An té sin is cionntach an méid sin n-a chunntuis
678'Nis téidheadh go príosún go ceann dá mhí.


679
680

Mar' ndíolaidh leathchróin gheal gan mhoill as a mhórchoin
681Go ciste coróinneach Edbhárd, Rí,
682Filleadh sé córda mórthimcheall a sceólmhuigh
683Is ídeadh go cóir é ó bhárr craínn."
684"Fiú leathphine 'em stór-sa má fhágann mo phóca
685'S má thachtaim go deó é, an lámh dhíom;
686Níor bh'annamh an córda ghá chasadh ar an scórnaigh
687'S ar mhalairt do shórd-sa, a Fhánuidhe.


688
689

Níor bh'annamh go dreólach sinn caithte ar an mbóthar
690'S an sladaire ag dóghadh an bhótháin tighe;
691Do b'fhada dhá scóladh i gcarcair an chróinphuic
692M'athair-se romham, is ba chrádh croidhe;
693Acht teanga na Fódla fé tharcuisne ag cóbaigh
694Sin masla ná leomhthainn dir tháin díobh,
695'S ní fheicfid siad beó, acht sa bhfriotal is eól dam,
696Oiread is cianóg as an bhFánuidhe."


697
698

CUAIRD AR THEAMHAIR.


699
700

Tórna, cct.


701
702

A Dhomhnaill ghrádhaigh, a bhláith na seabhac
703NGruagach ngárdach mbárrchas mblasta,
704Ó gheibhim lem thaobh thú i mBréagh na mbeannacht
705Téanam ort indiu go Teamhair.


706
707

Chífir radharc is greadhnach greanta:
708Bóithre breághtha is mágh mhaith fhairsing;
709Tighthe saetha ar thaobh gach bealaigh;
710Ba ar féar 's a laéigh n-a n-aice.
711


L. 22


712

Féach it thimcheall coill fé chrannaibh,
713Sliosach séanmhar craobhach cnapach;
714Sceacha glé ar mhaolaibh clathach,
715'S a mbarra ag trácht ó bhán go dearg.


716
717

Airighir glór seoch dórd do chapaill:
718Crónán comhlághach ag beachaibh
719Ag suirgheacht le scoithíníbh meala,
720Ag foluamhain ag gluaiseacht 's ag casadh.


721
722

Siní an ghrian tuas go niamhshnuadhach ag faire
723'S ag líonadh gach croidhe mhaith le haiteas;
724Tá riabhachsmúid aniar chughainn ag tarraint,
725Acht ní bhrisfidh sé indiu mar mheasaim.


726
727

An tír gheal so tríthi go ngabham
728Tír í ná maoidhfidhear a samhail,
729Tír gháireach tír áluinn tír ataill,
730Tír mhéith do fuair craobh Inse Chathail.


731
732

D'éis na díleann san dtír seo bhí Ceasair
733'S bantracht gan annsacht n-a farraidh;
734Thug Párthalón 's a leoghain ann sealad,
735Gur fhúig an phláigh iad tláith fé leacaibh.


736
737

Clanna Neimheadh gan cheilg gan chaime
738Bhí a réim annso tréimhse 's a bhflaitheas;
739D'fhásadar láidir fé airm,
740'S do scéith ar fuaid Éireann a sleachta.


741
742

Tháinig Fir Bolg i gcothrom 's i gceannus
743An mhachaire ghlé seo Bhréagha na n-ealtan;
744Thugadar grádh dhó páirt is taitneamh
745'S ba dhuine dá dtréantslógh a chéadthóg Teamhair


746
747

Is deimhin gur bhuadhadar Tuatha Dé Danann
748Seilbh na máighe seo is cláir na Banban;


L. 23


749

Tá rian a lámh is tásc a nAicill
750Ó life go Bóinn 's ar bhórd na mara.


751
752

Tháinig n-a ndéidh sin Gaedhil n-a mbarcaibh,
753'S ba ghearr go rabhadar go toghmhail fé rachmus;
754Ba chaomh a riar, ba riaghalta a reachta,
755Ba chríostamhail 's do b'fhíor-umhal a mbeatha.


756
757

Duine dhen bpór so, leógan lannach,
758Laoghaire, ba thréanrí i dTeamhair
759Nuair tháinig cughainn Pádraig mac Chalphruin
760Chun creidimh is gníomha Chríost do theagasc.


761
762

Acht tugaim-se is tugair-se fé ndeara,
763Dá fhaid a bhí Éire ag Gaedhil an cheana
764Nár chuireadar féin le chéile i gceangal,
765'S gur fhág soin sinn i gcuing ag gallaibh.


766
767

Ní chlaoidhfeadh dream ar domhan, is dearbh,
768Fir Éireann ar aontoil 's a n-acmhuinn;
769Mar fhiadhnaise dháilfinn lá Chluain Tairbh
770Nar cuireadh an ruaig ar shluaightibh Danar.


771
772

Faigh lorg a mí-ghníomh fill trí Theamhair
773Tá indiu n-a fásach scáinte scaithte:
774An tuaith 's an chléir le chéile ag caismirt
775D'fhúig brogh na réx n-a shéithleach dealbh.


776
777

Ca bhfuil Ráth na Ríogh is na míleadh b'fhearra
778Mar a dtigeadh slóighte fó n-a dtreallamh,
779Mar a bhfeictí éadaighe is péarlaí ar bhrataibh
780Ríghthe cóigeadh — flós na bhflatha?


781
782

Ráth Chormaic, thugadh foithin gan mhairg,
783Cá nheabhaidh a díon is íoghair a caiseal?
784Tá abhlórd de neantógaibh glasa
785Ina hionad ag fás is slánlus fairsing.
786


L. 24


787

Cá ndeabhaidh an Forradh 's a chothrom fear gaisce?
788Is Ráth Gráinne, gnáthárus na mbarrfhionn?
789An Teach Míodhchuarta fíonchuachach fada,
790Is na grianáin ba shiansánach seascair?


791
792

Sidé an áit n-a dtárla Teamhair,
793Is ní'l le fagháil dá ráthaibh ratha
794Acht cnapóga glasfheóir agus clasa
795Ar a bhfásann fiadhaile fiaidhne is sceacha.


796
797

Ar an ndrom so tráth bhí scáth ón bhfearthainn
798Ag ríghthibh 's ag buidheantaibh airm;
799Tá indiu n-a maoilinn fhíorluim leathte
800Is gaoth scéirdeamhail gach saesúir á feannadh.


801
802

Annso bhí comhnuidhe is lóistín sealad
803Ag Cormac maith mac Airt fé cheannus,
804Ag Tuathal nár thuathail n-a reachtaibh,
805Ag Dáithí 's ag Niall Naoingiallach neartmhar.


806
807

Annso ba ghnáth i dtrácht 's i dtaisteal
808Ríghthe agus ríogana cailce,
809Maithe tuaithe is uaisle rachmuis,
810Bochta Dé agus cléir na salm.


811
812

Mar a dtagadh Fionn mac Cumhaill 's a chatha
813De churaidhibh glé na Féinne ar fleadhaibh,
814Do-ghníodh báire idir tháintibh ar faithche
815Scléip gan cheasnaidhe is gleacuidheacht airm.


816
817

Mar mbíodh báirseóirí is cláirseóirí ag spreagadh,
818Ollamhain léighinn is éigse an aitis,
819Geócaigh is óinmhide gasta,
820Is cinn gach céirde b'aéirde gradam.


821
822

Mar mbíodh cúirtéirí, cúirtéis agus maitheamh,
823Clagar ciúil is súgra leanbh,


L. 25


824

Amhastrach con muighe is giollaí capaill;
825Gá dtáim ris? Ba bhreágh dhon té mhair ann.


826
827

Siné an radharc is saidhbhre ar thalamh;
828Féach ó thuaidh thar an uaimh — nach deas é:
829Ithir aoibhinn choillteach mheasach,
830Ón mBóinn go Móghdhurn maiseach?


831
832

Féach siar, cá bhfuightheá radharc do b'fearra
833'Ná Midhe na méithe is Bréifne bharrfhionn?
834Féach ó dheas, Magh nEalta lachta;
835Is soir go muir ní'l locht ag neach air.


836
837

Samhluighim-se i n-éinmheidh Éire is Teamhair:
838Bhí treó ar an ndís gan fuigheal gan easbhaidh
839An fhaid do bhíodar síoch i gceangal;
840Acht tá Banba féig ó tréigeadh Teamhair.


841
842

A Dhomhnaill óighe, chun bóthair as linn;
843Ná téidheadh ár smaointí i bhfíoghraíbh leanna;
844Ragham de scrabha go Domhnach Seachnaill
845Go blaiseam chóir an chródhfhir Peadair.


846
847

An bhfeicfar choidhche arís i dTeamhair
848Maithe Gaedheal le chéile ar seanaid,
849Feis ar siubhal ann, túirling seabhac,
850Is Éire ar a haontoil chun ratha?
851


L. 26


852

FILÍ CHORCAIGHE.


853
854

B'éidir nár mhiste cur-síos beag do dhéanamh ar chuid de sna filíbh
855Gaedhilge a bhain leis an gconntae mór-fhódach so Chorcaighe, agus go
856háirithe leis an gcathair seo Chorcaighe mar a bhfuilimíd bailighthe indiu.


857
858

Is ar éigin a chreidfeadh duine go raibh na filí chomh líonmhar annso is
859mar a bhíodar: níor shaoileas féin, go dtí go ndeachas ar thóir beagáin
860feasa i n-a dtaobh, go rabhadar chomh tiugh ins gach éan-pháirt dhen gConn-
861tae is mar a bhíodar, agus ní cuibhe ná cóir ná comhthrom dúinn a
862gcuimhne do leogaint ar ceal andiu nuair atáid Gaedhil ag bíogadh is ag
863cur roinnt spéise i ngníomhartha is i mbeartaibh is i ngnáith-chúrsaí a
864sean is a sinsear.


865
866

Is fíor-shuarach a ndeárnadh go dtí a bhfuil le déadhnaighe, maidir le
867cur-síos ar bheartaibh na nGaedhilgeóirí ba thábhachtaighe do frith san
868dútha so, acht ní beag i n-aon-chor a ndeárnadh ar shiubhal na gcúig
869mbliadhna so d'imthigh tharainn, ag ár nUachtarán annso, an tAthair
870Pádraig Ó Duinnín. Go mairidh sé fé mhaise slán. Do oscail sé an
871bheárna dhúinn nuair a chuir sé i nglan-chló dhen gcéad uair bhéarsaí
872Aodhgáin Uí Rathaille, Eoghain Ruadh Uí Shúilleabháin, Sheáfra Uí Dhonnchadha
873an Ghleanna, Phiarais Feiritéir, Sheáin Clárach MacDomhnaill is filí na
874Máighe, agus an t-athchló de cheapadóireacht Thaidhg Ghaedhlaigh Uí Shúillea-
875bháin. Ba bhreagh liom féin é do leanamhain den tsórt san oibre. Táthar
876ag cabhrughadh leis anois — ní leogfar dó a bheith ag treabhadh i n-a aonar,
877agus beidh cuideachta aige feasta. Féach sár-bheart Thórna ar an leabhar
878áluinn úd, Seán Ó Murchadha na Ráithíneach, agus is feasach mé go bhfuil
879iarrachtaí tábhachta eile aige dá dtabhairt chun deigh-chríche.


880
881

Agus an file b'fhearr ar fhilíbh na Mumhan, chomh fada lem thuairim, .i.,
882Dáth Ó Bruadair, ó Uíbh Macoille, tá an tAthair Eóin Mac Giolla Éain
883chun a chuid oibre do fhoillsiughadh fé tharmoinn Chumainn na dTéx
884nGaedhilge gan ró-mhoill. Má tá go bhfuil éinne ná hadmhuigheann mór-
885acmhuinn Uí Bhruadair san dán fanadh go dtí go mbeidh iomlán a shaothair
886againn i dteannta a chéile, agus is féidir linn an scéal do phléidhe i
887láthair na cúirte seo.


888
889

Ní bheidh uain agam den chor so, nídh nach iongnadh, acht chun beagán


L. 27


890

d'fhilíbh na conntae seo d'ainmniughadh, gan trácht i n-éan-chor ar a
891gcursaí saoghail ná ar a saothar sa bhfilidheacht — a bheag ná a mhór de. Má
892théidheam ar aghaidh, gan stad, go cionn deich mbliadhna ó ndiu beidh
893roinnt eólais againn ar chúrsaíbh na ndaoine seo a luaidhim annso síos.
894Isé réim a leanaim ná eagar na bliadhna in ar éagadar:-


895
896

An tAthair Domhnall Ó Colmáin, .i., an té úd a cheap Parliament na
897mBan, agus a bhí i n-a shagart paróiste ar Chnoc Rátha. I mbliadhain a
8981670 thosnuig is do chríochnuigh an tsár-iarracht san.


899
900

1697. Dáth Ó Bruadair, ó Uíbh Macoille. Ní'l annso acht tuairim i
901dtaobh na bliadhna i n-ar cailleadh é.


902
903

1712. An tAthair Eóin Baiste Mac Sleighne, Easpog Chorcaighe, Chluana
904is Ruis. Do dhíbrigh Gallafóirne é as an gcathair seo i mbliadhain 1702,
905taréis dó bheith chúig bhliadhna aca sa phríosún, agus do sheoladar an cuan
906amach é i mbáidín beag suarach, acht tré ghrásta Dé do shrois sé tír san
907bPóirtinghéil, mar a bhfuair sé bás naomhtha. Tá leabhartha Gaedhilge leis
908ar marthain indiu, acht is fíor-bheag a bhfuil de thuairisc an tréin-fhir sin
909le fagháil i n-a chathair dhúthchais. Isé fé ndeara san ná gur bh'iad na
910hallmhuraigh a scríbh ár seanachus dúinn go dtí so.


911
912

1709. Art Óg ó Caoimh. Ní raibh sé acht bliadhain is fiche d'aois nuair
913a ghaibh sé long i gCóf Chorcaighe an 13 de mhí Iúil 1709 ar a thurus don
914bhFrainnc chun bheith i n-a shagart, agus níor mhair sé acht aon-mhí amháin
915ann. Bhí a mháthair d'éis bháis roimhe sin, agus do ghlac a athair, Eoghan
916Ó Caoimh, Grádh Coisreagtha ocht mbliadhna i n-a dhiaidh san, agus do bhí i
917n-a shagart paróiste ar Dhún ar Aill nuair a cailleadh é i mbliadhain 1726.


918
919

1724, An tAthair Donnchadh Mac Sheáin Bhuidhe Mac Carrthaigh, Easpog
920Chorcaighe, Chluana is Ruis. Do bhí sé i n-a shagart paróiste sa chathair seo
921le linn a théarma easpogaidheachta. An sean-easpog, Eóin mac Sleighne,
922d'ainmnigh é sara bhfuair féin bás. Dlúth-cháirde don Athair Eoghan Ó
923Caoimh do b'eadh an bheirt. Bhí an tAthair Eoghan Ó Caoimh ar na fearaibh
924ba léigheanta san Mhumhain i n-a chomhaimsir, agus na cóibeanna do rinn
925sé do shaothar Chéitinn, táid, dá bhrígh sin, ana-bheacht thar barr. Níl éan-
926teóra le n-ar scríbh sé, agus tá súil agam go bhfagham a shaothar ó láimh
927Thórna.


928
929

Sidí an iarracht do rinn an tAthair Eoghan ar bhás a mhic, .i., Art,
930adhbhar sagairt:-
931


L. 28


932

An tan ná faicim fear ag maoith croidhe liúm
933Anair ná andeas do leanfadh laoi caoidhe cumha
934Beart do bhasc me an t-adhbhar fríth linn dúbhach
935I bhfeart thar lear mo mhac i gcill fí chlúid.


936
937

Is feas cad as ar las an tsaoi ghroidhe ar dtúis
938Den cheap nár chrap i dtreas na ngníomh laoich lonn
939Ná i dtrap na dtreas i gcleas na gcloidheamh nglinn-gcúl.
940Flaith gan mheaith de mhaithibh shíol gCaoimh Mumhan.


941
942

Níl art i gceart dá bhfeaca an saoir-laoich subhach.
943Nár chart a gceart le gastacht gaois aoird iúil
944Níl neart ar thart an ghalair fhíor-nimhe úd
945Tug Art i bhfeart 's is dart sin tríom chroidhe anonn.


946
947

Ba phras a phreab ar phratain chaoil-phinn dlúith,
948'S is glan do lean na ranna i mbinn-phuinnc ciúil.
949Mo cheas gan mheas an gas ar díth bríogh i n-úir,
950'S is neart gan cheart bheir Art, a Rí Neimhe, it dhún.


951
952

Gach sleacht ba dleacht i gcleasa laoi nGaoidheal ndlúth.
953I reacht na sean ba bheacht a scríb phinn siúd,
954Is prap 's is tapa cheap don phrímh-rígh a rún,
955'S i measc do thaisce an aisce a Choimhdhe fhír úd.


956
957

Mo scread mo chnead do ghread mo chroidhe im chlí anonn,
958'S tug lacht mo dhearc ag teacht 'n-a linntíbh tiugha,
959Mo bhean mo mhac nár fhan le haois críon liúm,
960Gur leagtha leac ar lag ár dtrí gcaoil-gcúm


961
962

Mo chom is lag ó theastuigh dearbh díogruis,
963Is togha mo scart mo mhac nár chleacht an chinnteacht.
964Do chrom do chrap do mheath do mhairbh m'inntinn,
965An fhoghail tug Art i bhfeart i bhfearann Laoisigh.


966
967

Deirid cách (ar seisean) gur suairc an séala agus gur snoighte an
968siosoa do bhéarfainn ar fhoclaibh ag caoineadh daoine eile, agus ní
969fhéadaim a thuille do rádh anois do chaoineadh mo mhic ionmhuin, oir


L. 29


970

toirmeascann mo dhéara mo bhriathra an tan smuínim ar a mhaith-
971ghníomha, de bhrígh gur follus ná raibh i leath Mogha i n-a chomh-aimsir a
972mhacasamhail i Laidin, i mBéarla, i nGaedhilg ná i gceól. Bliadhain is
973fiche do b'aois dó, agus an 13 de July, 1709, do ghlac a long i gCóf
974Chorcaighe, agus níor mhair sé acht ar feadh aon mhí san bhFrainnc.


975
976

Seo ceathramhadh grinn a cheap an tAthair Eoghan ar cheathrar sagart de
977shíol gCaoimh do thárla i gcomhluadar a chéile, gan éinne eile eatortha,
978agus Eoghan mar ainm ar gach n-aon díobh:-


979
980

Eoghan seannda ó Cheann Tuirc is sine dhen bhuidhin,
981Eoghan sanntach ó cheanntar Chuillinn Uí Chaoimh
982Eoghan crannda nach ramhar-phluic ó iomad na dighe,
983Eoghan manntach 's a dhranndal ag druidim le haois.


984
985

1724. — Liam Mac Cairteáin an Dúna, file breágh eile, acht ní thagann
986liom fí láthair acht é a luadhadh annso.


987
988

1737. — An tAthair Conchubhar Mac Cairteáin, bráthair gaoil do Liam.
989Bhí sé i n-a shagart paróiste i nGleann Maighir.


990
991

1752. — An tAthair Seosap Mac Cairteáin, gaol dóibh sin araon.
992Ó dhútha Thórna do b'eadh iad a gceathrar, agus ós rud é go bhfuil a gcuid
993sin ceapadóireacht go léir i bhfuirm aige ní fada uainn go dtí go
994mbeidh a gcnuas amhrán againn uaidh, má gheibhann an chae chuige.


995
996

1738. — Liam Ruadh Mac Coitir ó Chaisleán Ó Liatháin. Táilliúir a
997b'eadh é, agus má bhí crích air i n-a chéird bheathadh de réir fheabhuis a
998fhilidheachta ní fuláir nó bhí sé i n-a tháiliúir mhaith. Tá a chuid amhrán
999bailighthe agam féin. Cuirfar i gcló iad má's buan dúinn.


1000
1001

1752. — Seán Ó Murchadha na Ráithíneach. Tá san déanta le mí nó mar
1002sin aige Tórna, agus ní gábha é dhéanamh go bráth arís, Ní beag san.


1003
1004

1754. — Seán Clárach Mac Domhnaill. Tá san, leis, déanta, acht ní
1005dóigh liom go bhfuil cóib le fagháil fí láthair. Tá a thuilleadh dá amhráin
1006againn anois seoch is mar bhí, agus b'éidir go gcuirfeadh an tAthair
1007Pádraig leis an leabhar iad nuair a bheidh an chae ann.


1008
1009

1760. — Éamonn de bhFál ón gCobharthach, láimh le Dún Guairne. Do
1010cheap sé a lán, is tá a chuid dá chur fí chló agam féin fí láthair. Beidh
1011chughainn gan moill.
1012


L. 30


1013

1769. — An tAthair Seán Ó Briain, Easpog Chluana, .i., an fear léigh-
1014eanta úd do chuir an Foclóir le chéile. Bhí sé i n-a fhile bhinn agus do
1015scríbh a lán ar phrosódia na Gaedhilge. Tá a lán dá shaothar i gcnuas ag
1016Tórna.


1017
1018

1778. — An tAthair Liam Inglis, Bráthair d'Órd Sant Augustín i
1019Margadh an Éisc, nó Fishamble Lane sa chathair seo, tar éis dó bheith
1020tamall i n-a scoil-oide i mBaile an Chaisleáin Róisteach. Is dócha gur
1021beag duine ag éisteacht liom nár léigh an iarracht ghrinn úd, "Leastar
1022an Bhráthar," is "Barántus na mBróg," agus a lán eile dá shaothar.


1023
1024

1789. — An tAthair Síomon Ó Cuinn, leas-easpog ar Chluain. B'in fear
1025eile ná raibh fann san duan. Bhí sé i n-a shagart paróiste ar Bhaile Nuadh
1026na hEagluise, agus is ann atá sé curtha, cé gur ó thuaisceart na conntae
1027é de bhunúdhas, láimh le Dromchullachair is dóigh liom, agus níor bh'iongna
1028liom dá mba ó Thír Eoghain anuas a thángadar le linn an chruadhtain. An
1029uair a rug fear na deachmhan (Robert Boyce) arbhar an easpoig leis do
1030rinn duine de sna comhursain, .i.


1031
1032

Seán Ó Coinneagáin amhrán i n-a thaobh. Bhí gaol gairid age Seán le
1033máthair Phádraig Stúndún, deagh-Ghaedhal, cara is comhursa dham féin, atá
1034slán beó i n-ár n-aice annso i gCorcaigh indiu. Agus, an gábha dham a
1035luadh ná raibh Pádraig féin maol maidir le filidheacht sa Ghaedhilg?


1036
1037

Éamonn Ó Flaithbheartaigh, ó Bhaile an Scúrlóg. B'id é an fear gur
1038lean teideal Phiarais Mic Ghearailt dó ó bhliadhain a 1791 amach. Níl
1039againn acht timcheall leath-dhosaein amhrán dá chuid — ceann aca baineann
1040sé le léasadh is díbirt a chomhursan, an tAthair Peadar Ó Néill ó Bhaile
1041Mhacóda, i mbliadhain a 1798, sean-úncail Pheadair Uí Chruadhlaoich a
1042marbhuidheadh i mbliadhain na bhFíníní, i n-aice Bhaile Mhistéala.


1043
1044

Piarus Mac Gearailt ó Bhaile Mhacóda. Chuireas féin a shaothar súd i
1045bhfuirm éigin, acht ní raibh ann acht mion-fhile, cé go raibh meas mór ag
1046an éigse air.


1047
1048

Ní thagann liom fí láthair éan-fhad-trácht do dhéanamh ar leath-chéad eile
1049de fhilíbh Chorcaighe, ná puinn do rádh anois i dtaobh na mbliadhanta i
1050n-ar éagadar, cé go bhfuil an bhliadhain go minic againn le cuid dá
1051n-amhránaibh.


1052
1053

Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna — Sa chathair seo iseadh chomhnuigh sé. Isé
1054do cheap na bhéarsaí úd do luaidh an tAthair Peadar linn annso ar Fheis
1055na Mumhan roinnt bhliadhnta óchoin, .i.,
1056


L. 31


1057

Tá an oiread san tarcuisne ar bhreathaibh na binn-Ghaoidhilge
1058Gur milleadh mo theanga le cas-fhriotal Gaillbhuidhne.
1059Ionnus go meastar le haicme de chlainn Mhíleadh
1060Dar Muiris, gan magadh, gur Sasanach tíntí me.


1061
1062

Sirim an tAthair 's a gheala-Spioraid chaoin naoimhtha,
1063Go deimhin dár gcabhair gan dearmad guidhim Íosa
1064Scrios ar na Gallaibh 's a n-agall go ndíbrightear,
1065Ionnus go leanfainn-se teanga mo phrímh-shinsear.


1066
1067

Is ise ba chneasta ba ghasta is do b'fhíor-líomhtha,
1068Do b'oilte do b'aite ba thapa is ba bhinn brígh guib
1069Ba ghlioca le glacadh i gcleasaibh na gaois-laoithe,
1070Ní hionann is glafairneach mhalluithe ár bhfíor-naimhde.


1071
1072

Bhí de mí-ádh ar dhuine éigin "Splinc" a thabhairt ar Dhonnchadh Caoch,
1073acht ní dócha go raibh sé buidheach de féin i n-am, nuair a thug Donnchadh
1074aghaidh a chaoruigheachta air mar seo:-


1075
1076

An té ná tuigfadh dom phúir
1077Go mbuailidh an tiubaist air pleannc,
1078Is an té do ghoirfeadh dhíom "splínc"
1079Ar Chríost nár fheicidh sé splannc.


1080
1081

Éadbhard de Nógla, táiliúir is file binn. Sa Chathair seo Chorcaighe a bhí
1082comhnuidhe air. Cara ab eadh é dhon Athair Liam Inglis, agus do cheapadar
1083araon is Tadhg Gaedhlach trí cinn d'amhráin ar an bhfonn san "An
1084Craoibhín Aoibhinn Áluinn óg," i mbliadhain a 1756. Séamus de Nógla
1085file eile dá gcomhaimsir sin, atá sé luaidhte gur dearbhráthair do
1086Éamonn é. Chun fir den ainm is den sloinne chéadna iseadh do sheol
1087Eoghan Ruadh ceann dá amhráin féin, acht measaim gur dhe shíol Nóglach
1088Bhaile na Móna é siúd.


1089
1090

Ós ag trácht ar Thadhg Gaedhlach Ó Súilleabháin é, b'éidír nach eól do
1091n-a lán díbh gur chaith Tadhg bocht tréimhse i bpríosún sa chathair seo, i
1092dtaobh sláinte an Phretender d'ól ar Sheana-Mhargadh na hÁirnéise.
1093An fhaid is bhí sé fhé ghlas aca do chúm sé na cheithre ranna so:-
1094


L. 32


1095

Mo shlán leat-sa, Éire, mo shlán let chléir ghlain,
1096Mo shlán le Gaedhil bhocht cé tinn atáid,
1097Mo shlán let shéimh-fhir 's let ráib ba scléipeach,
1098Ba dheághthach taobh liom ag roinnt na gcárt.
1099Mo shlán let bhéithe is let bhába maordha
1100Bhíodh ag práisc 's ag pléireacht go binn im páirt.
1101Mo shlán le héinne do ghrádhfadh Gaedhil bhocht,
1102Cé fágadh daor mé dá ndruim chun báis.


1103
1104

Ní raibh de chúis age na hIúdaigh
1105Chun mise dhúbailt i gcuibhreach áir
1106Acht a rádh go ndiúgfainn ar chlár go súgach,
1107Sláinte an phrionnsa is an Ríogh seo ar fán.
1108Dá gcaillinn an tsúil leis ba dheacair a dhiúltadh
1109Gan a bhlaise le dúthraát i bhfíon ón Spáinn,
1110'S dhá bhfaicinn na búir seo lag marbh i gcumhgach,
1111Dar mo bhasa ba liúm-sa ba bhinn an lá.


1112
1113

Mo shlán go Barracha cois Bríghde cailce amuigh
1114Mar a mbíodh gasra gheal ghrínn ar clár,
1115Mo shlán dá dheascaibh sin le fáidhe seanachuis,
1116Cois trágha agus mara theas mar a mbíodh mo thrácht.
1117Mo shlán is dathad-sa go bráth don Mhainistir
1118Mara mbínn seachtmhaine dom shuidhe go sámh,
1119Mo shlán gan mearathall dom cháirde ar dhanaid me
1120Cé tláth sa chathair seo me 'om chlaoidh idir námhaid.


1121
1122

Is iomdha cúilfhionn mhaordha mhúinte
1123Ainnir chúmtha is maighre mná,
1124Buachaill súl-ghlas is cailín súgach,
1125Marcach lúthmhar is oighre stáit
1126Ó Chaiseal Mumhan go Cóf na n-úr-bharc,
1127Gur brónach dubhach leo súd brígh mo cháis,
1128'S dá mbeirinn-se ar thúirling arís dom dhúthaigh
1129Go n-ólfainn crúsca geal dighe 'n-a bpáirt.
1130


L. 33


1131

Níor bh'fada istigh don bhfear bocht go dtáinig Piarus Ó Faoláin, ó
1132Sheana-chúirt na nDéise is gur thug scaoile a ghlasa air, agus b'in é an
1133tráth do ceapadh an t-amhrán molta úd, "Cé dealbh dúbhach mo scéimh-
1134chruth." Acht ní misde dhúinn Tadhg Gaedhlach d'fhágaint fí n-a fhear eagair,
1135cé gurab é seo an chéad uair ag éinne i n-ár ló-na ag tagairt do Thadhg
1136do bheith sa phríosún i dtaobh an "mhéirleachuis" úd.


1137
1138

Ní hi dtaobh le Liam Ruadh Mac Coitir a bhí Caisleán Ó liatháin: duine
1139dhe sna filíbh do b'fhearr sa dútha b'é an tAthair Conchubhar Ó Briain é,
1140ó Choill na Curra sa pharóiste sin (láimh le Tobar Pártnán). Do b'aoibhinn
1141thar bárr an cur-síos do rinne sé ar Bharracha san iomarbhádh a thóg Con-
1142chubhar Ó Ríordáin leis agus eisean ag maoidheamh as deise a cheanntair
1143féin, .i., Muscraighe. Bile tréan den éigse do b'eadh Conchubhar ó Ríor-
1144dáin ó Bhaile Bhoirne, .i., "Conchubhar Máighistir." Ba dheacair innsint
1145ciaca b'fhearr dhen mbeirt, agus ní hé sin héin é, acht dálta "Iomarbhá
1146na bhFilí" fadó, tháinig daoine eile i gcabhair dóibh. Ní cuimhin liom fá
1147láthair acht rann aonair de ar cheap an sagart:-


1148
1149

"Nuair a thighim-se maidin earraigh d'éis mo shuain,
1150Suidhim go deas ar Charn tSéamuis tsuas,
1151Do chím an barc ag teacht go béal an chuain,
1152Scaoilim fead ar fad don Bhéillic uaim."


1153
1154

Fí'n ainm chleite sin "Carn Tiarna," do scríbh sé a lán, agus is
1155gleóidhte an cur-síos do rinn sé ar choillte, ar aibhnibh, ar mhachairí, ar
1156chnocaibh is ar ghleanntaibh a dhúithche féinidh. An dream Béarlóirí seo,
1157lucht na leath-chluaise Gallda, atá dá shíor-mhaoidheamh nach "poets of
1158nature," filí an ochtmhadh aoise déag, tá breall ortha. Is éigin innsint
1159dóibh go soilléir ná fuil cur-síos ar bith ag an bhfile úd thall ar an spéir-
1160bhean, acht i n-a dhiaidh san is uile ní fuláir do chlé-chritic éigin a rádh ná
1161taithneann "Aisling" an fhile sin leis! Caithfidh an Chúirt gobán do
1162chóiriughadh i gcomhair na ndiogánach so, sé sin má leanaid dá bhfuadar
1163san mearathall i n-a bhfuilid le tamall.


1164
1165

Ba mhaith liom roinnt do rádh i dtaobh mórán de sna filíbh seo atá
1166againn dá n-ainmniughadh annso:-


1167
1168

Liam Apson, píobaire, ón gcathair seo.


1169
1170

Finghin Ó hAllmhúráin.
1171


L. 34


1172

An Báróideach, ó cheanntar na Léime.


1173
1174

Dáth de Barra, ó Charraig Thuathail.


1175
1176

An tAthair Risteárd Breathnach, .i. Easpog Chorcaighe, có-scoláire do
1177Sheán Clárach, agus dlúth-chara do Thadhg Gaedhlach.


1178
1179

Seán Cúndún.


1180
1181

Séamus Green.


1182
1183

Domhnall Mac Carrthaigh na Buile.


1184
1185

Domhnall Mac Carrthaigh na Tuile.


1186
1187

Eoghan Mac Carrthaigh an Mhéirín.


1188
1189

Seán Mac Chormaic.


1190
1191

Seán Mac Fhlannchaidhe.


1192
1193

Pádraig Mac Gearailt.


1194
1195

Donnchadh Mac Giolla Phádraig ó Bhaile na Móna.


1196
1197

Aodh Ó Briain, ó Ghleann na Láinne.


1198
1199

An tAthair Seán Ó Briain, d'Órd San Dominic, ó Bhaile Áth Ubhla.


1200
1201

Seán Ó Briain, ó Ghort an tSeagail i bparóiste an Teampuill Ghil.


1202
1203

Labhrás Ó Buachalla, ó sna Cloíchíní, láimh leis an gcathair seo.


1204
1205

Fearfeasa Ó an Cháinte.


1206
1207

Micheál Ó Caoimh, ó Charraig na bhFear.


1208
1209

An tAthair Seán Ó Ceallaigh ó Ráth Ó gCogáin.


1210
1211

An tAthair Sean Ó Ciarmhic, ón Scibirín.


1212
1213

Diarmuid Ó Coileáin.


1214
1215

Stiabhna Ó Coiligin, ón gcathair seo.


1216
1217

Séamus Ó Conaire.


1218
1219

Liam Aerach Ó Conaill.


1220
1221

Seán Ó Conaill, ó Thuath na Dromann.


1222
1223

Seán Ó Conchubhair, ó Bhaile na Móna, láimh Le Malla.


1224
1225

Brian Ó Cruadhlaoich, scoil-oide.


1226
1227

Seán ó Deasmhumhna, ó Inis Eoghnáin.


1228
1229

Dáth Ó Dubhghall, ó Chúil Uí Mhurchadha ar bhruach na cathrach so.


1230
1231

Seán Ó Dubhghall (a dhearbhráthair-sean, ceapaim) ón áit chéadna.


1232
1233

Tadhg Ó Duinnín, file Chlainne Carrthaigh, a chomhnuigh ag Cnoc na
1234nGall, láimh le hAchadh an Chóiste.


1235
1236

Donnchadh Ó Eachthigheirnn.


1237
1238

Muiris Ó Eachthigheirnn.


1239
1240

An tAthair Seán Ó Eachthigheirnn.
1241


L. 35


1242

Peadar Ó Féithín, .i. trúpaeir na Blárnan.


1243
1244

Cormac Ó Fithchiolla, ón gcathair seo.


1245
1246

Donnchadh Ó Floinn ón gcathair seo.


1247
1248

Mághnus Ó Gláimhín.


1249
1250

Pádraig Ó hIongurdail, ón dTeampull Geal.


1251
1252

Donnchadh Dall Ó Laoghaire, píobaire, ó cheanntar an Bhaile Ghallda.


1253
1254

Pádraig Ó Laoghaire, ó sna hAedhiríbh i mBéarra, d'éag an 30 de
1255October, 1896.


1256
1257

Diarmaid Ó Longaigh, ó Ghleann na Láinne.


1258
1259

Seán Ó Maoláin, ón gcathair seo.


1260
1261

An tAthair Labhrás Ó Mathghamhna, ó Oileán Cléire.


1262
1263

Dáth Ó Mathghamhna.


1264
1265

Diarmuid Ó Mineacháin ó cheanntar na Scibiríneach.


1266
1267

Séamus Mór Ó Muimhneacháin ó Bhaile Bhuirne.


1268
1269

Donnchadh Ó Murchadha, an Phuisín.


1270
1271

Seán Mac Peadair Ó Murchadha, ó Chnoc na Groidhe.


1272
1273

Seán Bacach Ó Murchadha, ón Réidh Reimhir.


1274
1275

Liam an Mhaoláin Ó Murchadha ón mBaile Gallda.


1276
1277

Muiris ó Murchadha.


1278
1279

Tomás Pruinnibhíol, ó cheanntar Shráid an Mhuilinn.


1280
1281

An Sagart Dubh, ó Dhún ar Aill.


1282
1283

Labhrás Ó Séaghdha, ó Ráth Argáin.


1284
1285

Liam Scott, ó Mhainistir na Corann.


1286
1287

Seán Ruadh Ó Séitheacháin.


1288
1289

Risteárd Ó Sionna.


1290
1291

Tadhg Ó Síothcháin, ó Ghleann na Láinne.


1292
1293

Domhnall Garbh Ó Súilleabháin, ón Iarthar.


1294
1295

An tAthair Domhnall ó Súilleabháin, ó Chill Bhriotáin, an fear
1296léigheanta úd do rinn "Searcleanmhain Chríost" i nGaedhilg.


1297
1298

Micheál Mac Chormaic Ó Súilleabháin.


1299
1300

Seán Smíst ó Uibh Macoille.


1301
1302

Sin ainmnighthe agam díbh suas le céad pearsa d'éigsibh Chorcaighe, agus
1303ní cóimhreamh iomlán é ná geall leis, mar measaim gur bh'fhuiris leath-
1304chéad eile do chur leo. Ceapaim gurab é is mó a chuirfidh iongna oraibh
1305ná a liacht díobh go raibh comhnuidhe ortha istigh sa chathair seo i n-a bhfuil


L. 36


1306

ár Suadh-Thionól indiu, agus an t-ádhbhar mór díobh do chaith tréimhse fí
1307ghlas idir easpuig is sagairt is tuataigh. Acht bíodh a fhios ag an saoghal
1308gur chathair Ghaedhlach í seo, trés gach éin-scéal, san ochtmhadh aois déag
1309agus abhfad isteach san naomhadh aois déag.


1310
1311

Dar ndóigh bhí meas ar an nGaedhilg sa chathair seo is ar chleachtadh na
1312Gaedhilge tré phrós is tré filidheacht anuair ba bheag é suim Éireannach i
1313gcoitcheann innti — féach an obair do rinn "Coimhthionól na Gaedhilge"
1314annso chomh fada siar leis an mbliadhain 1830.


1315
1316

San ficheadh aois fhéinidh ní fheadar ná gurab í cathair Chorcaighe an chathair
1317is Gaedhlaighe sa dútha so Éire, mar, bíodh go bhfuil scím trom Ghalldachuis
1318ar shúilibh a lán annso le tamall, mar sin féin is iad Gaedhil is Éir-
1319eannaigh atá i n-uachtar is i gceannus sa chathair acmhuinnigh seo. B'fhuiris
1320cathair fhíor-Ghaedhlach do dhéanamh di, agus sin rud nách cóir dúinn a
1321dhearmad. Acht má bhí Cathair Chorcaighe líonmhar fí éigsibh rug an chonn-
1322tae an bárr léithi. Bhíodar go tiugh timcheall na Blárnan is an
1323Teampuill Ghil. Sin áit eile i n-a raibh a lán díobh, .i. sa límistéireacht
1324san ó thuaidh go Caisleán Ó Liatháin is cois Brighde go Rath Chormaic. Bhí
1325na Coitirigh chomh líonmhar san sa dúthaigh úd go bhfuil ag dul díom teacht
1326thórsa go léir. Tá Liam Ruadh MacCoitir luaidhte cheana agam. Ón áit
1327sin, measaim do b'eadh:-


1328
1329

Tomás Mac Coitir, an té do cheap an t-amhrán breágh fuinneamhail
1330úd, .i. "Leather away the Wattle O!" Ag múineadh scoile a bhíodh sé
1331ag an Sléibhín i n-aice Chluana, agus chaith sé tréimhse eile láimh leis an
1332gCóf.


1333
1334

Risteárd Mac Coitir ón gCladh Choill, cois Brighde, b'in duine eile
1335ca, acht ní puinn a cheap sé.


1336
1337

Séamus Mac Coitir, i mbliadhain a 1721 do beireadh é, agus do cheap
1338sé amhrán breágh sar a raibh sé an seachtdéag slán, ar bhás Liam Ruadh.
1339Seo ceann do rinn sé i mbliadhain Fontenoi:-


1340
1341

Do Sheán Mac Risteird Coipinéar, le linn dultha don Fhrainnc dó i n-a
1342mhacaomh óg, san mbliadhain 1745:


1343
1344

Cúig athchuinghe atá agam duit, a Sheáin, chun siubhail,
1345Ar fheartaibh na gcúig ngarrason, an Árd-mhic úir,
1346Do bhalbhuigh na dealbha is do lámhaidh ar gcúl
1347Asteroth is Ainon agus Dágon dúr.
1348


L. 37


1349

(An Chéad Athchuinghe.)


1350
1351

Aitchim ortha óm anam is óm láimh ar dtúis,
1352Anfadh na fairrge nó gráin na dtonn,
1353Nár bhainidh libh ná taipigean dá bhfásadh púir,
1354Ón mbaile seo go ndeachair-se go Clár Toulouse.


1355
1356

(An Tara Athchuinghe.)


1357
1358

Sa chathair sin mar chaithfir-se do spás, a rúin,
1359San eaglais mar mheastar dhuit go ngráidhtear thú,
1360Go mba fada leathfas t'ainm agus t'áireamh chughainn,
1361'S go mba pearsa thú do Bhanba a dháilfeas clú.


1362
1363

(An Tríomhadh Athchuinghe.)


1364
1365

Tan ghlacfa manachasta thu go lán-ghort lughaidh
1366Paition garma easpuig libh ar chách mar stiúir,
1367'S is meanma dot athair is dot mháthair súd —
1368Go mairid-sean go bhfaicid sibh it shláinte sonn.


1369
1370

(An Ceathramhadh Athchuinghe.)


1371
1372

Go mba tapar luisne ar lasadh annsan, gan smáil, gan smúit,
1373Do theagasc-sa le spreagfar spioraid an chrábhaidh i n-iúil
1374Le gcasfam uile ón mearathall atá anois fúinn
1375go n-aithrisfear gur samhail sibh le Pádraig dhúinn.


1376
1377

(An Cúigmhadh Athchuinghe.)


1378
1379

An tan mheaithfidh ort an mheabhair is do bhánfa an cúl
1380Ó's dearbh duit an bagarthach an bás dot bhrughadh,
1381Screadaim-se ar na ballaibh sin do tháil a gcrú
1382Go ndeachair-se go caidreamh na ngrás anonn.


1383
1384

An Ceangal.


1385
1386

Naiscim ar an ngearrasan atá i n-a chionn,
1387'S ar a bhanaltrain dár gealladh bior a pháise siúd
1388Go ndeachaid uile i dtairbhe go bráth dot ghnúis —
1389Cúig athchuinghe do chanas duit, a Sheáin, chun siubhail.


1390
1391

Agus do bhí ann Séamus eile de shíol gCoitir a bhí n-a fhile mhaith, acht
1392níl agam fí láthair an uain chun a thuille do rádh i n-a thaobh, mar,


L. 38


1393

déarfaidh mo cháirde ó Mhuscraighe is ón iarthar na fuil cothrom na
1394Féinne agam dá thabhairt do sna filíbh binne bríoghmhara do fríth i n-a
1395measc féin. Dá bhrígh sin caithfead scríb a thabhairt ar cheanntar Bhaile
1396Bhoirne, mar ar chomhnuigh sliocht Iarfhlatha i gceannus. Bhí a lán ann den
1397treibh sin a bhí fileamhail.


1398
1399

Liam Ó hIarfhlatha, do chúm sé beagán rudaí maithe. A athair sin, .i.
1400Dáth Ó hIarfhlatha, do ghlac sé grádh Coisreagtha tar éis dó roinnt dá
1401shaoghal do chaitheamh i n-a fhear pósta, go dtí gur éag a bhean. An sagart
1402so, deigh-fhile do b'eadh é, agus file do b'eadh a athair sin arís, .i. Dáth,
1403mac Pádraig Ó hIarfhlatha, agus nuair a bhí athchuinghe aige dá cur chun an
1404easpuig, An tAthair Maittias Mac Cionnaoith (an fear breágh úd a
1405cuireadh i bpríosún Chorcaighe i ngeall le Whiteboys), chun gan primhléidí
1406an Úird do thógaint deá mhac de dheascaibh é bheith roinnt greannamhar,
1407i bhfuirm amhráin is eadh a chuir sé an athchuinghe. Ní heól dam fós an tré
1408amhrán do fuair sé an freagra. Do scríbh an Dáth so iarracht ana-
1409bhreágh i mbliadhain a 1778 ar an scaipeadh a bhí an tráth san tagaithe ar
1410shliocht Iarfhlatha Bhaile Bhuirne, agus ar an droch-chrích i n-a dtárla fuigh-
1411leach na muinntire sin is muinntir Charrthaigh. Agus do b'é an Dáth
1412céadna so a cheap an t-amhrán úd darab céad líne, "Araoir is me im
1413aonar cois taoibh Fleasca an Ghaortha." Do rinn an Dochtúir Sigerson
1414mBéarla é.


1415
1416

Measaim gur mhac eile dhó súd Pádraig Mac Dáith Mic Pádraig Uí
1417Iarfhlatha. Do scríbh seisean roinnt filidheachta agus ós ag tagairt dó
1418é, seo rann beag do rinn sé mar mhachtnamh ar a chúrsaí fhéinidh:-


1419
1420

"Tá mo chosa ró-thinn is a leigheas ag an Aon-Mhac,
1421'S me gan chostus, gan oighreacht, gan saidhbhreas, gan séada,
1422Mar bheacha nuair cailltar 'dir chadhain mhilis chréithre
1423N-a gcaithid a dteaghlach le daidhbhreas do shéanadh."


1424
1425

Pádraig Ó hIarfhlatha (mac Ghearóid), b'in é, b'éidir, an file b'fhearr
1426a bhí ortha súd. Sin rud ana-bhinn do chúm sé, .i. "An Ceó Draoidheachtha:"
1427chuireas féin i gcló sa bhFreeman é cúpla bliadhain óchuin.


1428
1429

Ó's ag tagairt do mhuintir Iarfhlatha é, seo rann do ceapadh iar gcur
1430Thomáis Óig i bpríosún Chorcaighe i ngeall le géanna Fiadhaine;
1431


L. 39


1432

"M'uchlán, mo dhiombáidh, mo chiach, mo chnoc;
1433A Thomáis Mhic Thomáis Uí Iarflatha,
1434An beangán ba farránta i n-iaithibh Luirc,
1435I gcaisleán i gcoimeád age diabhlaibh uilc."


1436
1437

Acht dálta na bhfilí eile, bheinn annso go dtí maidean amáireach ag
1438cur síos ar mhuintir Iarfhlatha. Caithfead iad do thréigean anois go
1439bhfagham cae eile chun trácht ortha.


1440
1441

Na bain-fhilí féinidh ní rabhadar maol, agus bíodh a fhiadhnuise sin ar
1442Mháire Ní Mhurchadha, ar Mháire Ní Chruadhlaoich, ar Mháire Bhuidhe Ní
1443Laoghaire, ar Eibhlín Ní Chaoilte ó Chathair Druinge, is ar Eibhlín Ní
1444Eachthigheirnn. Níor mhór do dhuine iarracht fí leith chun teacht thórsa-san
1445is thar a gcuid amhrán, agus sin rud ná fuil im chumus-sa den scríb seo.


1446
1447

Bheadh léightheóireacht seachtmhaine sa méid do cheap Micheál Óg Ó
1448Longáin, ó Charraig na bhFear, agus ní dócha gur mhair éan-Ghaedheal riamh
1449is mó do dheachtuigh de dhéantús dhaoine eile ná mar a rinn sé. Tá a
1450chuid dhílis féin bailighthe ag Tórna, agus cuid a athar san, Micheál Mac
1451Peadair Uí Longáin, mar an gcéadna.


1452
1453

Bhí beirt fhilí sa chonntae seo darbh ainm is sloinne Séamus Mac
1454Gearailt, fear aca a mhair go mór os cionn céad bliadhain óchuin agus
1455an fear eile ó cheanntair Eochaille lem linn féin — fuair sé bás tim-
1456cheall na bliadhna 1875, agus is maith is cuimhin le Pádraig Stúndún é.


1457
1458

Ní gábha dham righneas do chur oraibh le héan-trácht ar Sheán Ó Coileáin
1459ó Mhíorus, mar is clos dam go bhfuil ár gcara, Peadar Ó hAnnracháin,
1460ar thóir gach ar cheap seisean. I mbliadhain a 1817 d'éag Seán sa
1461Scibirín, an t-ochtmhadh lá déag d'Abrán.


1462
1463

Tá deire agam den chor so go dtí fíor-bheagán, agus b'éidir gur
1464mithid sin, mar saoilim go bhfuil bhur bhfoidne caithte agam. Níl uaim
1465uaibh acht dhá nóimeant eile chun go luadhfad beirt nár mhaith liom iad a
1466leogaint ar bóiliagair:-


1467
1468

Duine aca, ó cheanntar Chaisleáin Ó Liatháin, do b'eadh é, .i. Tomás
1469Firéast, agus is é fáth go dtagraim dó annso ná gur cheap sé amhrán
1470binn céad bliadhain óchuin ag fáiltiughadh roimh an Athair Éamonn Mádhm
1471a bhí ag teacht isteach mar shagart paróiste insan áit i n-a bhfuil Leomhan
1472na Mumhan anois, .i. an tAthair Peadair Ó Laoghaire.
1473


L. 40


1474

Agus i ndeire bára, tá comhursa mo sheana-mhuintire, Pádraig
1475Phiarais Cúndún ón tSeana-choill i bparóiste Bhaile Mhacóda. I
1476mbliadhain a 1776 do beireadh é i n-áitreabh a shean, agus i mbliadhain a
14771857 d'éag sé ag Machaire an Fhiaidh, taobh le Cathair Utica, i Stáit Nua-
1478Eabhroc, i Sasana Nuadh, mar ar chomhnuigh sé fhéin is a chlann deich-fichead
1479éigin de bhliadhantaibh. Tá sé dearbhuighthe agam fé n-a láimh féin ná
1480raibh tuigsin ná acmhuinn ar bhith aige i n-éin-teangain eile acht sa
1481Ghaedhilg amháin, acht ní misde rádh ná go raibh sí sin ar a dheis aige. Tá
1482bailighthe agam trí fichid éigin dá chuid amhrán, agus i n-a dteannta san
1483a lán de sna leitreacha Gaedhilge do sheól sé a-bhaile chun a sheana-cháirde,
1484mar atá Micheál Ó Glasáin, Tomás Ó Briain, Tomás Stac, Pártnan
1485Suipéal, Séamus Mac Gearailt, Dáithí Mac Gearailt, agus c, agus c. Ba bheag
1486leibide a bhí ar a theangain súd i n-amhrán ná i bprós leis, agus dá
1487maireadh sé indiu is é do thabharfadh an pléascadh do sna bastúin Ghallda
1488so atá ag síor-mhilleadh na Gaedhilge. Thug sé fé lucht an ainbhfeasa le
1489n-a linn féin, agus cuirfead annso dhá rann dá shaothar ortha, mar,
1490measaim go bhfuilid oireamhnach go leór indiu féin:-


1491
1492

Mo cheasna fine chalm-chumuis chródha Chuinn
1493Fhearguis na n-arm n-oilte, Éoghain is Ír
1494Gan fearanntus i mBanba ná stór chun tíghis,
1495Is ár dteanga mhilis marbh uile feóidhte acht fuigheall.


1496
1497

Gach fearg fionghal faltanuis thug lócuistí
1498Ar aigne do thachtaithe fé gheóc aindlighe,
1499Is measa anois an t-ainbhfios so romhat sa tslíghe
1500Ag graimeallaigh ná feadair nach í a dtóin an cloidhe.


1501
1502

Bhí an Cúndúnach ana-dhian thar bárr ar dhaoine bhíodh ag lot na
1503teangan Gaedhilge. Do cheap sé, féibh mar a cheapann a lán againn
1504indiu, gur bh'fhearr leogain di dul i n-éag ar fad ná í bhuanughadh i
1505gcam-riocht. Do cuireadh leitir. Gaedhilge anonn chuige tuairim na
1506bliadhna 1848, i n-ainm dhuine dá chomhursain. I gcionn sé bliadhna
1507fuair sé cruinn-fhios an scéil, .i. gur b'é an té a scríbh í ná fear a bhí
1508tar éis cúl a chinn do thabhairt le Gaedhaltacht. Sidé mar do scríbh sé
1509abhaile:-
1510


L. 41


1511

"Ní'léin-iongna orm anois tré gach leamh-chomhrádh leibideach aimideach
1512díthcéille dá bhfuil innti, óir is mar sin do bhí a bhfeaca scríobhtha leis an
1513bhfear céadna, — go bacach, botúnach, forúnach, clé-ghnéitheach, — acht cóimh-
1514líonann se an sean-fhocal mar adeir nár theip an tuathal ar éinne riamh.
1515Ní locann an tuathal air siúd i ngach uile urlabhra dá bhfeaca scríobhtha
1516i n-a dhiaidh, — is amhla chuireann sé an dall roimh an ngiolla agus an
1517trucaill roimh an each!" Agus, féach arís: "Pé amadán do thóg isteach
1518é, má's chum Gaedhilge do mhúineadh do chonnraidh sé leis is cruaidh an
1519chuing air siúd san do dhéanamh, óir cionnus do b'éidir leis an nídh ná
1520fuil aige féin do mhúineadh d'éan-duine eile? Is follus dam go cinnte
1521ná fuil tuigse ar bith aige i riaghlachaibh na teangan Gaedhilge. Is olc an
1522t-iomlot a thug sé air féin i ndeire a shaoghail." Acht an fear go raibh
1523an Cúndúnach ag tagairt do insan méid sin, is léir damh-sa ó n-a
1524scríbhníbh go raibh sé i n-a fhear léaghanta sa Ghaedhilg seochas cuid de sna
1525hughdair is de sna heagarthóiríbh seo againn indiu. Ba chuma liom-sa
1526ciaca ar mátharuigheadh duine chum na Gaedhilge nó nár mátharuigheadh,
1527acht í bheith aige go glan cruinn. Acht daoine ná fuil an Ghaedhilg ar a
1528ndeis aca, cad é an mhaitheas dóibh sin ná dá leithéidí bheith ag casadh le
1529"téarmaí" do cheapadh nó le riaghlacha do chumadh i gcomhair na Gaedhilge.
1530Acht i n-a dhiaidh san is uile sidiad an cinéal daoine a thugann fé chur-
1531síos do dhéanamh ar fhilidheacht Ghaedhilge, acht, féibh mar adubhairt an
1532Cúndúnach breis is leath-chéad de bhliadhnthaibh óchoin, ní locann an
1533tuathal ortha; is amhla a chuirid an dall roimh an ngiolla is an trucaill
1534roimh an each!


1535
1536

Caithfeam na díolmhanaigh seo d'fhaire agus má thugaid a thuille suadh-
1537mhasladh uatha ar shiubhal na bliadhna so i n-ár gcionn, beidh ar an gCúirt
1538seo iad do chur i n-a gcomhnuidhe:-


1539
1540

"Gach dúr-scraith nach umhal dúinn chun géille 'o reacht
1541Brúghfam gach cúinne dá phlaesc le staic."


1542
1543

Nó má's cruaidh ag cuid d'ár líon an méid sin tómhasfam pianta eile
1544dhóibh le righin-chórda, mar


1545
1546

"Caithfidh an "neart gan cheart" so stríocadh,
1547Is caithfidh an ceart 'n-a cheart bheith suidhte."


1548
1549

"FIACHRA ÉILGEACH."
1550


L. 42


1551

AN BÉARLAGAR GALLDA


1552
1553

Aiste í seo do léigh Piarus Béaslaoi os comhair Dála na hÉigse:-


1554
1555

"Ar lí ní breitheamh fear gan súile." Ó n-ár sinnsir a fuaireamair
1556an seanfhocal soin, acht tá a mhalairt de chiall againn-na fé láthair. Is
1557eól dúinn gurab é an fear caoch is feárr chun dathanna mholadh. Dá
1558chomhartha soin féin nach minic dúinn ag géilleadh do thuairim an Bhéarlóra
1559ar chúrsaíbh litridheachta na Gaedhilge.


1560
1561

Níl éan tseo acht an ráiméis airíghtar age sna critics mar gheall ar
1562fhilí na Mumhan. An Béarla is feárr chun cur síos ar fhilidheacht na
1563nGaedheal. An té atá istigh ar bhéarlagar na n-ughdar nGallda is
1564fuirist dó meascán mearaidhe is scím draoidheachta do tharrac anuas
1565orainn i slíghe is go mbíonn droch-ionntaoibh againn asainn féin an fhaid
1566is a bhíonn gliogar a chainnte ag rinnce i n-ár gcluasaibh.


1567
1568

Bíonn rith an ráis leis an mBéarlóir i gcúrsaí na Gaedhilge. Tá sé
1569de chead aige magadh dhéanamh fé n-ár bhfilíbh. Tá sé de chead aige a
1570n-amhráin do cháineadh le breac-mholadh tré Bhéarla. Glacaimíd le na
1571thuairim. Ní miste linn filidheacht na Gaedhilge, filidheacht d'fhás agus
1572d'aibidh as ithir na glan-Ghaedhealtachta, a bheith dá tarcuisniughadh age
1573duine ná féadfadh, agus a dhá shúil a chur ar chipíní, éinnídh gur fiú é a rádh
1574a chur i bhfuirm rannaidheachta i nGaedhilg.


1575
1576

Ár sinnsir do rugadh leis an nGaedhilg, do fuair mar bhainne cíche í,
1577agus ná deaghaidh balath an Bhéarla fé na srónaibh, gur fánach gur chlos
1578dóibh siolla dhe, is dóich liom féin gur suarach an mhaise do Ghall-
1579Ghaedhealaibh a gcothrom niolta a mhaoidheamh ortha.


1580
1581

Ní gádh dhúinn a bheith mórdhálach as a bhfuil againn den tseanachiúta.
1582Nílmíd acht ag tosnughadh ar athshaothrughadh na Gaedhilge, agus is fearra
1583dhúinn an fhoighne is an chneastacht is an stuaim ná fuadar árd nach dual
1584dúinn. An té is lugha meas ar a chuid eólais féin isé is mó fhoghluim-
1585igheann. An té chreideann ó éinne go bhfuil fios fáth gach doimhinn-scéil
1586go cruinn aige, ní baoghal go raghaidh a chuid eólais i méid go háirithe.


1587
1588

Dá mb'áil le lucht stealltha an Bhéarlagair Ghallda fanamhaint go
1589ciúin socair b'fhéidir go dtiocfadh ciall dóib fé dheireadh. Níl éinnídh
1590is mó a chuireann seirbhthean orm-sa ná an ráiméis airighim gach Lá i
1591mbéalaibh Gall-Ghaedheal mar gheall ar fhilidheacht na Gaedhilge. Iad ag


L. 43


1592

scaoileadh comhairle ár leasa dhúinn i dtaobh na filidheachta, á mholadh
1593dhúinn aithris a dhéanamh ar na filí Gallda, agus gan de thuiscint ná
1594d'eólas aca ar shaothar ár ndáimhe acht oiread agus atá age Seán Buidhe
1595féin.


1596
1597

Cur síos do deineadh i bpáipéar éigin an lá fé dheire mar gheall ar
1598amhráin Sheáin na Ráithíneach, agus isé deir an t-ughdar líomhtha do scríobh
1599é ná gurbh fhile gan mhaith Seán, agus gurbh ionann scéal d'fhilí na Mumhan
1600go léir. Ag éisteacht le fáinne an lae a bhí an té scríobh an cur síos de
1601réir dheallraimh. Ar airigh éinne riamh a leithéid? Deir sé gur mar a
1602chéile na filí go léir. Is dócha nach léir dó go bhfuil pioc idir Aodhagán
1603Ó Rathaille agus Donnchadh Ruadh.


1604
1605

Isé mo thuairim-se gur tairbheach an gnó dhúinn-na cur síos a dhéanamh
1606ar fhilí na hochtmhadh aoise déag, dá gcur i gcompráid le na chéile,
1607féachaint cá rug gach duine aca buadh, nó cár theip féith na filidheachta air.
1608Is fearr soin ná bheith á síor-chur i gcompráid le filí Gallda, le Burns,
1609le Byron, le Beranger nó duine eile den dream thar lear. Deinimís
1610ár ndícheall chun tuiscint dóibh, chun breághthacht a saothair do mheas is do
1611mheádhchant, agus aithris a dhéanamh ortha.


1612
1613

Níl ionnamsa éan-tuairim a thabhairt uaim ar cheisteannaibh filidheachta
1614gur fiú éin-bhreis suime chur innti. Acht is dóich liom go mb'fhearrde
1615filí an lae indiu dian-stuidéar a dhéanamh ar fhilí na sean-aimsire.
1616Níl éinnídh eile is mó a raghaidh i dtairbhe dhúinn ná soin. Measamís as
1617ár ngustal féin iad gan beann ar thuairim an fhir thall.


1618
1619

Tá a lán sean-fhilí áirimhthe ag ár nduine muinteardha, "Fiachra
1620Eilgeach." Is baoghlach gur mdhó sár-fhile do chaith a shaoghal i measc na
1621nGaedheal breis agus céad bliadhain ó shoin go bhfuil dearmhadtha glan
1622air agus toradh a shaothair ag dreóghadh is ag liathadh i sna seana-láimh-
1623scríbhinnibh. Sidé an t-áireamh a dhéanfainn-se ar na filí ba mhó do
1624thuill cáil is clú, de réir mar a thagann a n-áireamh le duine dall dem
1625sórt: Daithí Ó Bruadair, Aodhgán Ó Rathaille, Brian Mac Giolla
1626Meidhre, an tAthair Eoghan Ó Caoimh, Tadhg Gaedhealach, Éamonn de Bhál,
1627Seán Clárach Mac Domhnaill, Donnchadh Ruadh, Seán na Ráithíneach, an
1628Mangaire Súgach, Micheál Ó Longáin, Seán Ó Tuama an Ghrínn, Eoghan
1629Ruadh, Piaras Feiriteir, an tAthair Liam Inglis, agus b'fhéidir beirt nó
1630triúr eile; acht ní thógfainn orm féin "minor poets" a thabhairt ar gach


L. 44


1631

éinne lasmuich dhen áireamh soin. Pé scéal é, ba dhána an mhaise d'éinne,
1632focal cáinte a rádh ar an dtruip seo d'áirimheas. Ní mór ná go mol-
1633fainn an chraobh do Bhrian Mac Giolla Meidhre, dá mbeadh a riaradh
1634ormsa, acht níl éinne i dtúrtaoib lem thuairim, agus b'fhéidir nárbh fheárr
1635riamh é. Dá fheabhas na hamhráin, dá fheabhas na haislingí, is na caointe,
1636is na haoir, níor bhuail sárughadh "Cúirt an Mheadhon Oidhche" umam fós.
1637Dáltha an scéil, ní fada go mbeidh an "Chúirt" fé ath-chló, nó cuid di go
1638háirithe — ag "Conall Ceárnach."


1639
1640

B'iongantach an file é Dáithi Ó Bruadair leis. Éistidh leis seo —


1641
1642

Muirear le mí do thiomairg im thimcheall coilgthe cinn is cliabh-
1643thuirse,
1644I leimhe do ling ar chuireas dem aois is fuide na slíghe ar a
1645dtriallaim dul
1646Tuilleadh dhom shníomh mo choirthe gan chuímse an duirbh is daoire
1647d'fhiabhrasaibh,
1648'S a chruinne do chím nach cuma dhom puinn a dtiocfaidh dem chlaínn
1649chun tighearnaise.


1650
1651

Sidé ceangal an dáin chéadna:-


1652
1653

Coingbhidh a Choimhdhe i n-urraim 's i naoimhe i gciste 's i gcloinn gan
1654ciach i gcruth
1655San ionad is aoibhe i n-iostadh na Soíllse it ghoire gan aoin-chith
1656iarraim-se
1657Gach duine do rinn den mhiotal a míne m'fhurtacht dá luighead i rian
1658ar bith,
1659Is nár chuidigh mo chroidhe do dubhadh le gaoithibh goirte mar dhíol
1660a biadhtachas.


1661
1662

Nó éistidh arís leis seo —


1663
1664

Biapeán strapaire ó d'atharuigh an Choimhdhe an cás
1665A chliar ná leanfaidh a dteagasc arís go brách
1666Is a Dhia cá haite dhom athasc an scaoinse phláis
1667Ná fiarán cailleach 's a bhfearg le Ríogh na nGrás.


1668
1669

Truagh ná fuil sé d'uain agam a thuille dhen tsórt chéadna d'aithris
1670díbh.


1671
1672

PIARUS BÉASLAOI.
1673


L. 45


1674

AN FORFHÓGRA — 1907.


1675
1676

I a-ainm na hÉireann.


1677
1678

ÁRD-CHÚIRT NA hÉIGSE.


1679
1680

Dochum gach nduine d'fhír-éigsibh soilbhre saoitheamhla suadhfoclacha
1681Leithe Mogha Nuadhad, maraon le mórchuaird cheithre hollchóigeadh Éireann
1682uile, beannacht.


1683
1684

Agso uainn órdughadh acmhuinneach éifeachtamhail agus forfhógra
1685forusta feidhmláidir chum filidhe na hÉireann agus go háirithe is go
1686sonnrádhach chum na bhfírleóghan do fríth fé láthair i gceannus is i bhfor-
1687lámhus chóige Chonrí mhic Dáire, dá chur i dtuigsint dóibh sin is do gach
1688n-aon i gcoitchinne go dtionólfar i mbliadhna ar an ndáimh idir shaoithibh
1689is draoithibh, i Mí Mheadhóin an Fhóghmhair, .i, aimsir Feise na Mumhan, i
1690gCathair chaomh-áluinn chaoinchuantaigh Chorcaighe.


1691
1692

Bíodh a fhios ag gach éinne go dtiocfaidh le chéile an tráth úd príomh-
1693scoth i a hÉigse, agus go raghaid i gcomhairle d'fhonn leasa na hÉireann
1694is na Gaedhilge. Déanfar trácht ar na slightibh is fearr chun na Gaedhilge
1695a chur i bhfeidhm i gcúrsaíbh litridheachta. Léighfar aistí ó sna filidhibh is
1696fearr dá bhfuil againn, agus measfar iarrachtaí na hógbhuidhne. Bhéar-
1697far cabhair is ceathramhna dhon umhal is do lucht na deighmhéinne; acht
1698satalóghfar gan truagh gan taise ar dhrongaibh dána dorcha diablaidhe
1699na drochiasachta.


1700
1701

Dar linn gur ró-fhada dhúinn ag lámhacás ar an dtalamh agus cead
1702ár sciathán againn i réigiúnaibh an aéir. Ní féidir a dhéanamh den
1703tseilthid acht seilthid, agus ní bhuadhann an lagmhisneach gradam go deó.
1704Is cóir, ar an adhbhar-san, an ísleacht do sheachaint, agus claoidhe leis an
1705uaisleacht i ndálaibh saothair. Is maith mar adubhrathas: "Ná héirigh ag
1706unfhairt san ndríb nó ceanglóidh dhíot."


1707
1708

Gach duine nar mian leis go ndéanfaidhe a shaothar do mheas, cuireadh
1709roim ré aiste dá dhéantús féin ag triall ar "Oisín" na Féinne, i gCill
1710Áirne na Suadh. Tabhairfidh seisean os comhair na mbreitheamhan í, mar
1711a riarfar ar gach éinne de réir mar bheidh tuillte aige. Scríobhfar gach


L. 46


1712

aiste fhóghanta i mBolg Soláthair na hÉigse agus áireómhthar ainm an
1713té do cheap ar Rolla na Suadh.


1714
1715

Ní bhrille bhreaille ná racaireacht ráiméise,
1716Ná gliogar gaile i dtaobh asal nó gáirtéirí,
1717A chuirfidh teanga na Banban fá réimheas,
1718Acht friotal feardhacht fara gach árdéifeacht.


1719
1720

Tuigeadh gasra ranna do rádh réilteach,
1721Gur mithid feasta bheith scartha le smálghréasaibh;
1722Tuileadh sealad, 's a gcasadh níor bh'fhearrde éinne,
1723Cuit Bhil Fhada agus madra Sheáin tSéamuis.


1724
1725

Feiceam deachtuighthe i bpratainn de bhárr mhéire
1726Mire is gaisce agus sanus ár sárlaochradh,
1727A gcuthach dearg i n-airm na mbláthmbéimeann,
1728'S a gcion ar bhanaltrain bhandha ár ngrádh dhaondha.


1729
1730

Tuillid gairm i starthaibh 's i n-árddhréachtaibh;
1731Tuillid gradam ó fhearaibh do ghrádhann éachta;
1732Tuillid caintic do b'fhearra 'ná dán Éineas,
1733Is tugtar tamall ar dhealbhadh a snáith éide.


1734
1735

An truip seo ar marthain, tá i gcreathaibh i bpáirt Éireann.
1736Ní miste a gcleathacha neartachadh tráth éigin;
1737Moltar eatortha ar mhaithe le Clár Laoghaire,
1738Is troid na gcarad nár cheadaidh an Dáil Éigse.


1739
1740

Tá atharrach saoghail ar Éirinn tagaithe;
1741Is faire ná déanfaid éigse an tseanchuis,
1742D'fhonn leasa na nGaedheal, go dtéidheann dá n-anabhroid,
1743'S go bhfaiceam n-a ngaobhar ré na tairngreacht?


1744
1745

Glanaidh bhur bhfaobhar is gléasaidh meamruim
1746Chun seasaimh go héag ar thaobh na Banban;
1747Canaidh i gcéill, ná déinidh bachram,
1748Is aga na nGaedheal ná léigeam tharainn-na!
1749


L. 47


1750

Tá an forfhógra so ar n-a chur amach fá ughdarás breitheamhan Árd-
1751chúirte na hÉigse indiu, an t-ochtmhadh la de mhí na Bealltaine, 1907.


1752
1753

PÁDRAIG UA DUINNÍN, Uachtarán;
1754CATHAOIR Ó BRÉANDÁIN (Oisín), Reachtaire.
1755TÓRNA, Scríbhneóir, cct.


1756
1757

FREAGRA


1758
1759

<Ó "Ghaol na nGaedheal," .i. Pádraig O Cruadhlaoich
1760i Magh Chromdha.>


1761
1762

Ní bhrille bhreaille mar mheasann an dámh léigheanta,
1763Ná siutha seatha idir cheannuidhthe is grásaerí,
1764Ná fuirse fairse lucht branair is díog a réabadh,
1765Choidhche a scarfaidh thu, a Bhanba, a daoirghéibhinn.


1766
1767

Acht gníomhartha fearachon calma croidhelaochta,
1768Bheadh líomhtha ar armaibh gaisce na bhfíor nGaedheal soin.
1769Ag baint teinte creasa a ceannaibh na mbuidhe méirleach
1770Do scíord ó Shacsain go fearantus Clainn Éibhir.


1771
1772

Coinle gaisce nár bh'annamh i ngníomh éachtach:
1773Sliocht Chuinn na gcatha nár mheathta le linn glaédh chuir,
1774Sliocht ríoghdha Chaisil do charas gach dlighe naomhtha —
1775Anois díobh ní mhaireann mo dhanaid acht fíorspré bheag.


1776
1777

Is díth liom argain mhairbh na ngroidhlaoch soin
1778Do-ghníodh gach caismirt le gallaibh gan puinn féige,
1779Le claidheamh a ghearradh gach easna gan fuigheall béime,
1780Ag síorchur danar i gcreathaibh chun slighe éaga.


1781
1782

Acht, ó chím an ghairm seo breacaithe ar pháipéaraibh
1783Chun lucht ríomha ranna do tharraint ar dháil Ghaedhilge,
1784Bídh 'nbhur mbeathaidh is freagraidh í i n-éinfheacht:
1785Tá an taoide ag leathadh, agus lasadh bhur gcroidhe léi-se.
1786


L. 48


1787

Scríobhaidh gach aiste agus staracha i mbinn-Ghaedhilge;
1788Ná bíodh aon leathanach fada, acht í i gcéill ghluin,
1789Suidhte i n-eagar gan easbhaidh le gaois ghléineach;
1790Annsoin dlighthear barra don ngleacaire is fírléire.


1791
1792

Táim críona caithte, ní'l taitheac ná brígh im bhréithribh,
1793Acht bíodh ar m'fhallaing an fhaid mhairfead bheith síoraonda
1794Le dlighe agus reachta 's le ceachta na bhfíoréigse,
1795'S bíodh druim mo ghlaice le graithin na ráiméise.


1796
1797

FREAGRA Ó "THÓRNA"


1798
1799

Ar "Ghaol na nGaedheal."


1800
1801

A "Ghaoil na nGaedheal," is fiú
1802Do laoi bheag aérach úd
1803Go scríbhfinn bhéarsa i bhfuighlibh Gaedheal
1804Ag síne a bhaodhchus chughat.


1805
1806

Ó taoi-se d'aontoil liúm,
1807Is rinn do ghléphin umhal,
1808Suidheam-na tréimhse ag fighe na féithe
1809Ar scríb i ngaobhar don chúl!


1810
1811

Ó's gríobh glan aosta thu,
1812'S gur cuibhe dhon léithe umhlughadh,
1813I luing na héigs beidh buidhean fét réir —
1814Don chríona théidheann an stiúir.


1815
1816

Smaointe bréige um chlú,
1817'S neamhshuim sa saoghal n-a gcionn,
1818Bheir mílte Gaedheal i linntibh déar
1819Thar tuinn i gcéin sa tsiubhal.
1820


L. 49


1821

Bíd ar séirse annsúd
1822Sa díg sa bhféith sa scubhat,
1823'S ag claoidhe le gléas nár ghnaoi leó é
1824N-a dtír bhig fhéin ar dtúis.


1825
1826

An dísce préimhe is clú
1827Do fríth ar Éirinn úir,
1828Beidh línn, is léir, go crích an tsaoghail
1829Má bhíd an éigse ciúin.


1830
1831

Ní gníomhartha léire lúith
1832I n-íorghuil lae na súnc
1833A scíordfaidh béir a críochaibh Chéin,
1834Acht intleacht éifeachtamhail.


1835
1836

Ní claidheamh ná pléir ná púirt
1837Arís is déanta dhúinn,
1838Acht claoidhe le céird, is luighe le léigheann,
1839Is síthchur céachta i bhfunn.


1840
1841

'S ó chír an éigean chumang
1842Ler síneadh Gaedhil do rúin,
1843'S an nídh do bhéarfadh díon don tréad,
1844A síorchur déin i n-umhail.


1845
1846

"GAOL NA nGAEDHEAL"


1847
1848

Ag Gabháil a bhuidheachas le "Tórna an Ghleanna."


1849
1850

A chaoinfhir fhéil 's a rúin,
1851do scríbh gan taodadh chugham,
1852Míle baodhchus dhíbh n-a thaobh
1853Ó chroidhe gan chlaon n-a chionn.
1854


L. 50


1855

Maoidhfead féin an chúis,
1856Ó scaoilis réimeas liúm,
1857'S gur dhlighis me im bmhaor ar dhraoithibh céad
1858Im chríochaibh féin sa Mhumhain:


1859
1860

Saoi le léigheantacht thú,
1861Nach íseal méin ná clú,
1862D'fhíorfhuil Shéafhradh ó thaoibh Chuiréil,
1863Ór shín an éigseacht chughat.


1864
1865

Is binn bog béasach búidh,
1866Mar síorchur téad ar tiúin.
1867Milseacht bréithre caoin do bhéil
1868Ag tigheacht go saor n-a srúill.


1869
1870

Ná tigheadh ort léan ná cumha,
1871Ní'l puinn det Ghaedhil amugha;
1872Fillfid féin arís gan baoghal
1873Am cíorrbhtha béar ar gcúl.


1874
1875

Bíodh do chéachta i n-úir,
1876Is síoltha ag cré dá thabhairt;
1877Acht bím-sa ag gléasadh buidheanta laochradh,
1878Mar bhíodh an Fhéinn ag Fionn.


1879
1880

Mar, 'sí mo chéadfhadh ar dtúis
1881Ná stríocfaid béir go humhal,
1882Gan gníomhartha géag is fuighlach faobhair
1883Do thabhairt dá dtaobhaibh dubha.


1884
1885

Seascad ar fiche de bhruinnealaibh mín módhmhar,
1886A chara, do chuirim gan choinne san tslighe romhat-sa,
1887It aice ar gach conair, 's ar imeallaibh righinmhóinte,
1888'S go leabaidh an fhile chirt thuigsionaigh chaoin, Tórna.
1889


L. 51


1890

TÓRNA cct., ag freagradh air sin.


1891
1892

A Phádraig chroidhe na rún
1893S a cháidhfhir chinn na dtrúp,
1894An ráfla chír ar phár dá mhaoidheamh
1895Ná crádhadh do chlí-se i bpungc


1896
1897

Ní gnáth ár suim á thabhairt,
1898Do ráidhtibh buidhne um chúis,
1899Gan fagháil arís ó chách n-a thaoibh
1900Ar a shásamh d'fhíorurrudhas.


1901
1902

Dá mb'áil libh scaoile fúinn
1903Go fáthach fíochta i bhfunn,
1904Ár gcáirdeas saoighil ní bháithfadh laoi,
1905Agus tá's ag Íosa súd.


1906
1907

Is cráidhte bhím 's is dubhach,
1908Ó thánga i n-aois chun rúin,
1909Mun dtáin seo chloinn na Máthar Gaoidhil
1910Gach lá thar tuinn san tsiubhal.


1911
1912

Nár bhreágh dhon bhuidhin fanamhaint
1913I gClár Luirc aoibhinn úr,
1914Is ránn 'n-aghaidh an laoi i láimh gach n-aoin —
1915Badh shámh do thuillfeadh púnt.


1916
1917

Nó tráth le saoireacht shubhach —
1918Ag cur spáll is dín ar chúirt,
1919Nó plána mín ar chlár do luighe —
1920Badh shás chun croidhe gan smúid.


1921
1922

Ní háil leó taoibh dá ndubhart,
1923Acht gabháil tar íoghair na dtonn.
1924Go mbáithtar mílte den táin i linn
1925Na ngnás so an ghaill, mo chumha!
1926


L. 52


1927

'S a Phádraig chroidhe, dar liúm
1928Gur bh'fánach dhíbh-se annsúd,
1929Bheith soláthar buidheanta a dáil na díogha,
1930'S an bláth i gcríocha ainiúil.


1931
1932

Nár bhfearr fá thrí dhon Mhumhain,
1933Na sáirfhir laochta úd
1934le dálaibh tighis ó Mháigh go laoi,
1935'Ná ar stáir na dtíortha ndúr?


1936
1937

Nár bh'fheárr dhon bhuidhin fé chúig.
1938An tsláinte fí bhrogh súigh,
1939Ná táinte ar mhaoil gach árdchnuic díobh —
1940Is cneádha coigcríocha á scumhadh?


1941
1942

Má táir chun suidhe le Fionn,
1943Is áise faoibhir a thabhairt
1944I lámhaibh an dríodair d'ál na laoch,
1945Mo chás mo líonruith thú!


1946
1947

Badh gheárr go sínfeadh búir
1948Ar chlár mhaith mhín na Mumhan
1949Le grán, le plaoisc, 's le lámhach gunnaí,
1950Na sárghaiscidhigh 's a bhFionn.


1951
1952

Ní tráth chun gníomhartha lúith
1953An tráth so, chítar dúinn,
1954Acht tráth chun claoidhe le ráinn le deímheas
1955'S le bráca síoch ar úir.


1956
1957

Fágaim d'aointoil fút
1958Na rábairí le clú;
1959Mar, táin le crích a b'fheárr liom fhín,
1960A Phádraig chroidhe na rún.


1961
1962

Sin céad bruinneal aérach gan scáith ón sín
1963le haon-chumann cléibh is le gáirdeas croidhe
1964do léigim ón dtaobh so de Chlár gheal Chuinn,
1965Gan staonadh go dtéighid-sin go Pádraig aoil.
1966


L. 53


1967

"GAOL NA nGAEDHEAL" arís;


1968
1969

agus ar an aiste seo do bhaist sé "Dólás Ghaoil na nGaedheal."


1970
1971

A Thórna, a chara fhíor, a leóghain badh ghasta gníomh,
1972Stór is taisce croidhe ná héigse,
1973Eólach ceart ar laoi do sheóladh i n-abairt bhinn
1974Go fóghanta fras i bhfuighlibh Gaedhilge,
1975Dar ndóigh ní magadh ghnís lem shórt-sa sheanaghríobh
1976San chomhad do chanais linn go déadhnach;
1977Thomhaisis beart go fíor le comhacht an gallabhuidhin
1978Tar fóir go ngreadfaidís na pléir liom.


1979
1980

Má tá an sceól so mar a chím, is cóir dam stad gan mhoill
1981De ghnóthaibh ait le baois dígh céille;
1982Tá an fóghmhar gan barra chím, 's is dóch gur mheath an síol
1983De phór na bhflaith badh dhíon ó bhaoghal dam;
1984Ní'l comhaltus ar mo thaoibh, ná comhairle ceannairí,
1985Do sheólfadh maca Míleadh d'aontoil,
1986Act glór ag smearaithí, gur mó a ngaeth 'na a ngaois,
1987Do tógadh as an ndríb go déadhnach.


1988
1989

Is mór an t-easnamh línn go deó i bhfearann Flainn,
1990Gur leónadh flaith is rígh na Féinne,
1991Gan comhacht age na buidhin, ná fóirne fear mar bhí,
1992Do thógfadh cath ar scríb an lae dhúinn;
1993Táid dreóighte lag gan bhrígh, ar feódh fá ghlasaibh líog,
1994Is gan an ógham ortha scríobhtha féinig;
1995Do-bheir slóighte na mban sidhe ar bhórd na leasa ag caoidh
1996N-a ndeóidh go cathach caointeach céasta.


1997
1998

A Thórna, a shearc mo chroidhe, is eól gan easbhaidh dhíbh
1999Gan teóra beatha Chuinn na gcéad cath,
2000Mac Róigh, mac Airt is Naois, Eóghan is Oilill caoin,
2001'S an leóghan dá ngarmuítear Céin air,


L. 54


2002

Go leór de mhacaibh ríogh gur chóir a maith do mhaoidheamh,
2003Acht a dtómhus isteach im laoi nár fhéadas,
2004Ní rómhar do chleachtaidís, acht mórdhacht maith is gníomh,
2005Ag cur sceón i srathairíbh thar Téitis.


2006
2007

Mo bhrón mo chreach mo dhíth mo scóladh isteach go croidhe,
2008Sin deóra ag teacht n-a linn óm chaomhdhearc,
2009Is pór mo charad Ghaoidhil dá seóladh ar fairrgíbh,
2010Gan cóir gan ceart i dtíorthaibh Féidhlim,
2011Gach ló fá shraith is cíos, gan cóir ar sin do íoc,
2012Le fóirneart galla an fhill 's an éithigh;
2013'S dá rómhraidís an chríoch ná tógfaidhe an gad soin díobh,
2014Dom dóigh, gan caismirthíocht do dhéanamh.


2015
2016

Le deóin an Athar aoird badh chóir dúinn preabadh arís
2017Go leóghanta mear, go fíochmhar fraochta,
2018Le slógh de gharbh-bhuidhin, le fórsa ar mhachairíbh,
2019Is n-a ndóirne lanna is craoisigh ghéara,
2020Le mórtus ceart chun gnímh, mar ló Chluain Tairbh thíos,
2021Le gleó agus greadadh claidhimh gan staonadh;
2022Crónphuic glanfaimíd a Fódla amach arís
2023Gan fód de fhearainn mhín bhog Éathuir.


2024
2025

"TÓRNA" arís;


2026
2027

agus ar an ndéantús so do bhaist seisean "Deireadh dhon Díoghruis."


2028
2029

Ba leór an t-aiteas linn an sceól ar cairt do scríbhis,
2030A leóguin ghasta shíol na héigse,
2031'S is mó liom geallaim díbh na cómhda a spreagair línn
2032'Ná Tórna theacht n-a rígh ar Éirinn;
2033Nár chóir gur bh'fheasach dhíbh ná leómhthainn magadh á laighead
2034Fát short-sa chanann laoi le héifeacht;
2035'S an tómhus ó dh'atharruighis is cóir go leanfaimís
2036Sa rod le freagra cuibhe dá réir thu.
2037


L. 55


2038

Is eól dam adamhuighim na sceólta is startha scríobhadh
2039Ar chródhacht Airt is Chuinn na gcéad cath,
2040'S na dtreón do b'fhearra gníomh i ló na caismirthíocht
2041Chun slóighte dearg-naímhead do thraochadh;
2042Ní gleó le barra claidhimh san ló so an airm nimhe
2043Do thógfaidh buileach dhínn, amh, géibhinn,
2044Acht treó agus slacht is crích, is stór gan easbhaidh fuinn —
2045An chródhacht fanfhaidh sí, ní baoghal di.


2046
2047

Ná glóis i gcathaibh baoighil go dtómhaisir neart do naímhead
2048'S an treó atá air chun gnímh a dhéanamh,
2049A shlóighte ar thalamh cruinn, is fórsa a bharc ar tuinn,
2050'S a chóir chun gasraidhe do ghléasadh;
2051An dóigh liot, fachtaim díbh, gur dóth dhuit cath aonlaoi
2052Ar leóguin fearainn Flainn le chéile,
2053Is stór is rachmus ríoghdha fós ná deachaidh i ndísc
2054N-a gcomhair ag aicme an fhill le glaodhach air?


2055
2056

Tar fóir ná gabhaimís go fóill, go meastar línn
2057An ród go gcaithfar tríd dul d'aontoisc;
2058Má's meóin linn preabadh arís bíodh gnó na bhfear n-a luighe
2059Rompa amach gan fuigheall le féachaint;
2060Bóthar achrannaighe seadh an ród so, a chara chroidhe,
2061Is ní thógfaidh preab dá aoirde é dhuit;
2062Dar ndóigh níor cheart do Ghaoidhil do chomhairle a ghlacadh arís
2063Ní comhairle a leasa í adéarfainn.


2064
2065

Nach mór do chaillimíd i bhFódla mhaith n-aghaidh an laoi
2066Ó ghlór le bladar sínte i gcéimibh;
2067Dá dtógfadh bagairt chlí an smól de shearc ár gcroidhe,
2068Fadó do bheadh gan cíos ár bhféarghuirt:
2069A chródhaigh chanta laoi ar nós na sean go binn
2070Ár sceól-na feasta tigheadh le réidhteach
2071Rómhair-se clais lem thaoibh go ló na bhfear le gníomh,
2072Is geóbhad let ais sa bhruidhin gan méala.
2073


L. 56


2074

DOMHNALL Ó LAOGHAIRE,
2075ó Inse Geimhleach, cct.


2076
2077

ag freagradh ar "Ghaol na nGaedheal."


2078
2079

Is mó 'ná seachtmhain ó léigheas ranna sa Ghlór Ghaedhealach,*
2080Dán nuacheapaithe i dteangain na binn Ghaedhilge,
2081Ní bhrille bhreaille mar mheasaim acht dámh léigheanta
2082Do chúm na ranna cruinn slachtmhar is breagh déanta.


2083
2084

Locht ní abraim fachta ar na seacht bhéarsa,
2085Acht go mbraithim easnamh ar ainmneacha na bhfíoréigse:
2086An tAthair Peadair thuilleann barra agus clú i n-éinfheacht —
2087Ursa daingean is fíorchara na caoin Ghaedhilge.


2088
2089

Nuair thugaim amus roinnt ranna d'fhighe le chéile
2090Bím go heaglach roimh mhagadh na saoi léigheanta,
2091Gur "bhrilleacht bhreallacht," nó leathnach gan puinn éifeacht,
2092Do chífidhe i n-eagar agus m'ainm leis thíos léighte.


2093
2094

Is fíor gur easnamh dúinn cabhair na groidhe laochra;
2095Sliocht ríoghdha Chaisil ba thaithiceach i gcruaidh-ghéibhinn,
2096Sliocht Bhriain ba chalma i ngaisge 's i mórlaochus,
2097Do ruagair Danair, gan casadh go Crích Éireann.


2098
2099

Cois laoi do mhairim-se sa bhaile dheas fíornaomhtha,
2100Mar bhfuil naoimh is aingil im fhaire 's im shíoraodhaireacht,
2101Chun mo smaointe tharrac ó gach peacadh tá ar tí baoghail dam,
2102'S ma chaillim m'anam caithfead beatha go míréartha.


2103
2104

Pé file blasta chúm na ranna sa nGlór Gaedhlach,*
2105Dlighim barra dhó 's ní fhanfad le glór éinne:
2106Dá bhfaghainn i dtigh an tabhairne é, nó im aice im thigheas féinig,
2107Do dhíolfainn airgead fairsing as trí "thraét" dó.
2108


L. 57


2109

Má's críona caithte me, 's mo phlaitinn níl liath acht gléigeal,
2110Mo luadhail go lagaithe, 's is an-ghearaid mo choiscéimí,
2111Mo labhartha balbh, is ní maitheas dam gáirtéirí,
2112Bím ag guidhe go mairidh ar dteanga i measc Gaoidheal Éireann,


2113
2114

A "Mhuimhnigh"* bhlasta mhilis chneasta na mbinnbhréithre,
2115Deaghughdar tairbheach agus taca don chúis Ghaedhilge,
2116Má's a d'iarraidh startha dhuit chun a gcuir i n-eagar sa Ghlór Ghaedhlach
2117Seo chughat m'acmhuinn-se, 's mara dtaitnfidh leat ní'l díth déanta.


2118
2119

FREAGRA "GHAOL NA nGAEDHEAL"


2120
2121

Ar Dhomhnall Ó Laoghaire.


2122
2123

A chaoinfhir chailce 's a dhalta na Naoi mBéithe,
2124Ós faoi n-a dtearmuin chaithis do ghroidhethréimhse,
2125linn Pharnassus nuair bhlaisis fá scím braon di
2126Gur dhíogais dealbh an glaise ar an mbuidhin Éigse.


2127
2128

Bíodh dá bharra gur cantaire caoin saor tu,
2129gan moill ná mairg ar aitheasc do bhinnbhéil-se,
2130Go líonmhar deachtuighthe i ndleachtaibh na bhfíréigeas,
2131De shíor ag scanadh gach aiste dá dtí it ghaor-sa.


2132
2133

Groidhre rabairneach farsaing ó Uíbh Laoghaire,
2134Do dhlígh i n-aisce dham cathuighibh na dtrí thraét úd,
2135Do dhíogfainn canna dhí it fharradh le croidhe bhaodhchus,
2136Acht de dhruim an charrbhuis gur bh'eagal dúinn dígh céille.


2137
2138

Má ghníos-sa dearmad, 's gur measach dham luighe fé sin.
2139Gan scríobh ar ainmneach' ceachtar den bhuidhin léighinn úd,
2140Ta roímhe seo a dteastus-san scaipithe i gCrích Éilge,
2141'S dar linn badh bhladar dam casadh ar an ngníomh céadna.
2142


L. 58


2143

Acht ó mhaoidhis-se ainm an tsagairt ba rí-léigheanta,
2144Ding den tseanastoc d'eascair de Chloinn Laoghaire,
2145Is maith a fhreagair dó a ainm n-a naoidhean ghléigeal,
2146Is é thigheacht mar Pheadair chughainn, carraig na caoinchléire.


2147
2148

Ní raibh maitheas i sagart nach fríth saor ann
2149Díon do lagaibh is tarmon daoine aosta,
2150De shíor dá dteagasc le leanfaid sin slighe saortha
2151'S le linn an Aifrinn ag canadh na soíscéala.


2152
2153

A chroidhe do ghreannuigh le heachtra a thír féinig,
2154'S gach nídh bhí taiscithe i n-analla fíora Éireann,
2155Do scríbh gach seanchadh leanas a buidhin laochradh
2156Síos le tagra leathan go cruinn téicsach.


2157
2158

Seo dhíbh mo ranna, 's ó's ceaduighthe dhíbh, léighidh iad;
2159Bíodh nach taithiceach bhreacas-sa brígh an scéil díbh;
2160Acht gur cuibhe liom freagairt do sheanduine ó Uíbh Laoghaire,
2161Fear grinn dá amhail ná feaca-sa i gCrích Féidhlim.


2162
2163

"PÚCA AN IARTHAIR," cct.


2164
2165

Ó gheibhim gan Leisce lucht deilbhthe draoidheadóireacht,
2166Is faghairt chun reicthe ar gach gleidire 'en ríchóip sin,
2167Beidh m'adharc-sa feistighthe ar mheidir an bhinnghleó so
2168'S mo laghair sa leitinn ar steillinn an tighe seóda!


2169
2170

Go deimhin ní fheicim-se leithead ná aoirde fhóghanta
2171Sa chladhaire a theilg chun deiridh ár mbuidhean ghleóidhte;
2172Faghadh gan cheileatrom sceilmis croidhe is drólann,
2173Is raghaidh n-a leibide i leirg na mínbhóchna.
2174


L. 59


2175

'Sé leigheas na teibirsean leigean do spídeóireacht
2176Do bhladhmann geilthe, do mheisce is do mhillteóireacht,
2177Do adhnadh gleice agus feirge is míchomhairle,
2178'S do stradhnaibh reithe i n-aghaidh sceiche gach claidhe teórann.


2179
2180

Nuair a leighfidh meirg na ceilge a chlaoidheann fós sinn,
2181Is soilse an chreidimh gan teipe ghár síorlónnramh,
2182Ragham ar deiseacht i seiscin na sítheóiltheacht,
2183Mar bhfaighidh ár seisreach steillirith fí mhórtus.


2184
2185

Roinntear seilbh na ceiste ar na groidheleóguin;
2186A n-adharca seinnid i bhfeirmimint Críoch Fódla;
2187'S gach meidhleach meirbh ná creimeann mar thighid crónphuic
2188I dtadhm go raibh is a mheilli-phus críonscóltha!


2189
2190

COMHFHREAGARTHA.


2191
2192

Níor dhual do Ghaedhlaibh riamh gan bheith tugaithe do ghreann. Ar éigin
2193a b'fhiú do dhuine bheith ar marthain mara mbeadh cluithche beag spóirt
2194aige. Is geall le faid ar a shaoghal é; agus mar adubhrathas romhainn-
2195na: "do mealladh an duine ná bainfeadh an t-iasacht as." Do bhainea-
2196mair féin ádhbhar grinn a soláthar do Dháil na hÉigse anuiridh, agus ó
2197thárla slighe againn dóibh, b'fhéidir nár mhiste samhlaíd nó dhó d'áireamh.
2198Sidé an cuire a thug Tórna do Ribeard Bheldon:


2199
2200

Mo dhafhichid múirneach gan luid den éadach
2201do chuirim péinigh chun Ribirt ghroidhe,
2202I dtaisteal triúcha le cion mo chléibh air
2203'S le hiomad géille dá fhriotal grinn.


2204
2205

Gaibh feasta ag súgradh cois srotha an naonbhair
2206Go ngoidir dréacht maith ó dhuine 'en bhuidhin,
2207'S de bharra an tiúscail fagham scoth do bhéil ghil
2208I gCorcaigh aéraigh go sulthmhar síoch.
2209


L. 60


2210

Sidé an freagra a thug Ribeard air sin:


2211
2212

Do rachainn go Corcaigh de shodar go saothrach
2213Is bheinn gan dochar nbhur bhfochair, dá mb'fhéidir;
2214Thá folacha mo bhosca gan eochair gan bhéilheasp,
2215'S an siogán is an scrogal ró-ghoibhte dá mb'fhéidir.


2216
2217

Agus seo mar adubhairt Tórna, ag gabháil a bhuidheachus le Ribeard i
2218dtaobh "Peadair na Gruaige":


2219
2220

A Ribirt, a chara, go maire tú t'fhéith gheal
2221Chun duanta do chasadh go greanta sa Ghaedhilg;
2222Do chófhra go daingean is glas air ná réabfar,
2223Is do ghlór-sa go mbainidh macalla as na sléibhte.


2224
2225

Is, fé mar do cheartuigh tú Peadair na céibhe
2226Iompuigh let bhallait ar ghlagairí an Bhéarla
2227Go gcloistear a gcneadaigh a screadaigh 's a mbéicidh
2228Ó phortaibh na Machan go caladh Bhaoi Bhéarra.


2229
2230

Seo mar do hiarradh congnamh ar "Dhá Chích Dhanann":


2231
2232

A Dhá Chích Dhanann na ndán mbinn mblasta,
2233Ní fuláir dhíbh freagairt dom ghlórthaibh
2234Le báibín ceana, badh shárdhíol seabhaic,
2235Ó sháil rinn deachtuighthe i gcómhdaibh.


2236
2237

Pár aoil glacaidh, 's a bhláthghnaoi breacaidh
2238De bhárr pinn acraigh sheóltha;
2239'S a lánbhuidhe, measaim, i dtráith dhíbh raidfid
2240An Dámh chroidhe s' againn is Tórna.


2241
2242

Thugamair cáirde mí dhó d'fhonn is go mbeadh aimsir a dhóthain aige
2243chun na dealbha a chur suas. Seo mar adubhairt sé n-a thaobh:


2244
2245

A Thórna an tsoghmhailfhriotail bhinn,
2246Is eóltha i ngrinnshlightibh dámh,
2247Mo bhrón nach liom comhachta do phinn
2248Is seólta do scríobhfainn-se dán.
2249


L. 61


2250

Ó's leór liom bhur scór go ceann mí
2251Chun cnósta na smaointe tá ar fán,
2252Má's beó mise gheóbhair-se uaim laoi;
2253Ag Tórna go dtí soin, seo slán.


2254
2255

Agus, d'éis "An Fánuidhe" d'fhagháil do Thórna dubhairt le "Dhá Chích":


2256
2257

A ráib ghroidhe ón Dá Chích do ghlóis
2258Thar máigh mhín na Fódla gan bhéim
2259It fhánuidhe agus fánuidhe breac-óg
2260Let sháil troighe chun spóirt i n-aghaidh 'n lae,
2261"An Fánuidhe" ní fuláir dhíbh a dhóghadh
2262Tá an Mhárt aoil ar nódhrith fét dhéin
2263An tráth bhíd connstáblaí sa tóir
2264Is ar Dhá Chích ní fhóirfidís féin.


2265
2266

Ní beag an méid sin don chor so. Bídh ag súil le tuilleadh is le
2267hearradh nísa shlachtmhaire an chéad uair eile. Badh mhaith linn é thabhairt
2268mar chomhairle do sna filidhibh an greann do chleachtadh. Beidh an lá leis
2269an té gur féidir leis gáire a bhaint a daoinibh, agus má's sa Ghaedhilg a
2270bhíonn ár ngreann beidh aghaidh — seadh agus intinn — na nGaedheal uirthi.
2271Dá bhrígh sin, feiceam bhur ngníomh, a Éigse. Tá greann sá leabhar so.
2272Bíodh a dhá oiread sa chéad leabhar eile uaibh. Mar sin is fearr a thait-
2273neóidh sibh féin is bhur saothar le muinntir na Gaedhilge.


2274
2275

AGUISÍN.


2276
2277

Sin agat, a léightheóir, an chéad chnuasach de shaothar Chumann na hÉigse.
2278Do b'fhuirist dúinn an leabhar so, agus céad leabhar dá shamhail, a líonadh
2279le filidheacht bhlasta na seandáimhe. Acht ní hé sin a bhí uainn. Do theas-
2280tuigh uainn a chur i n-umhail cionnus mar atá filidhe an Lae indiu ag
2281obair, agus iad a ghríosadh chun tuilleadh a dhéanámh. Ní bhfuighfar annso
2282iarrachtaí ó sna filidhibh go léir. Ní raibh an chae aca air. Acht de réir
2283mar bhímíd ag dul i dtaithighe na hoibre tiocfaidh feabhus orainn
2284


L. 62


2285

Badh mhaith linn ár mbuidheachus a ghabháil le Comhaltus Feis na Mumhan.
2286Thugadar uatha síntiús maith chun an leabhair seo a chur i gcló. Déinid
2287soláthar i gcomhnuidhe dhon Éigse, agus tugaid an chaé dhóibh ar theacht i
2288bhfochair a chéile is ar chomhairle a cheapadh. Tuillid ar mbuidheachus féin
2289agus buidheachus ó gach duine a chuireann suim i bhfilidheacht na Gaedhilge.
2290Cúiteóghfar leó ann.


2291
2292

Táimíd buidheach den uile dhuine do chabhruigh linn san obair seo. Tá
2293súil againn go mbeid sásta linn féin is le n-ár "Saothar," agus n-a
2294theannta-san, go bhfuighid an oiread sult n-a léigheamh is do fuair an
2295Éigse n-a chumadh. Is dual ár mbuidheachas, leis, do Phádraig Ó Briain
2296i dtaobh a shlachtmhaire is do dhein sé a chion Féin. Ó thárla gnaoi na
2297hÉigse aige, badh chontabharthach an rud teacht crosta air.


2298
2299

Sid iad ainmneacha na ndaoine do dhíol a gcion leis an Sporánuidhe;-


2300
2301

Comhaltus Feis na Mumhan, £7.


2302
2303

An Dochtúir Ó Luingsigh, Baile Mhúirne, 5/-


2304
2305

Leathchoróin an duine, uatha so:-


2306
2307

An tAthair Peadar Ó Laoghaire, Canónach, Caisleán Ó liatháin.


2308
2309

An tAthair Pádraig Ua Duinnín, Baile Átha Cliath.


2310
2311

Riseárd Ó Foghludha (Fiachra Éilgeach), Baile Átha Cliath.


2312
2313

An tAthair Pádraig de Bhulbh, Cill mo Cheallóg.


2314
2315

Pádráig Ó Cadhla, Scoil na Rinne.


2316
2317

Conchubhar Ó Muimhneacháin, Inis, Co. an Chláir.


2318
2319

Tadhg Ó Séaghdha, Baile Áth Luain.


2320
2321

Seán Tóibín, Cill Áirne.


2322
2323

Séamus Ó hEachach, Timthire.


2324
2325

Tadhg Ó Cruadhlaoich, Baile Mhúirne.


2326
2327

Tomás Ó Gormáin, Sráid an Ríogh, Corcaigh.


2328
2329

Piarus Béaslaoi, Baile Átha Cliath.


2330
2331

Diarmaid Ó Laoghaire, Ráth Caoldha.


2332
2333

Séamus Ó Súilleabháin, Doire Fhionáin.


2334
2335

Pártholán Ó Céilleachair, Corcaigh.


2336
2337

Tadhg Ó Donnchadha (Tórna), Baile Átha Cliath.


2338
2339

Seán Ó Ceallaigh (Sceilg), Baile Átha Cliath.


2340
2341

An tAthair Éamonn Mac Gearailt, Corcaigh.
2342


L. 63


2343

An tAthair Pádraig Ó Riain.


2344
2345

Diarmaid Ó Foghludha (Fearghus Finnbhéil), luimneach.


2346
2347

Domhnall Ó Murchadha, Corcaigh.


2348
2349

An Dochtúir Tadhg Ó Cruadhlaoich, Áth an Chóiste.


2350
2351

Tomás Ó Muirgheasa, Corcaigh.


2352
2353

Muiris Ó Foghludha.


2354
2355

Pádraig Mac Suibhne, Mainistir Fhearmuighe.


2356
2357

Séan Ó Cadhla, Cuilinn Uí Chaoimh.


2358
2359

Máire Ní Shúilleabháin, Baile Átha Cliath.


2360
2361

Séamus Ó Ceallaigh, Stiúrthóir "An Chlaidheamh Soluis."


2362
2363

Tomás Ó Rathaille, Baile Átha Cliath.


2364
2365

An tAthair Máirtín Ó Maoldhomhnaigh, An Clár.


2366
2367

Diarmaid Ó Muimhneacháin (Dhá Chích Dhanann), Mainistir an Bhealaigh.


2368
2369

Seán Ó Gruagáin, Biorra.


2370
2371

Donnchadh Ó Donnchadha, Carraig na bhfear.


2372
2373

Pádraig Ó Dálaigh, Baile Átha Cliath


2374
2375

Mícheál Ó Cuileannáin, sa Scibirín.


2376
2377

Seán Ó Laoghaire, Cluain Droichead.


2378
2379

Pádraig Ó Cruadhlaoich (Gaol na nGaedheal), MaghChromdha.


2380
2381

Éamonn Ó Donnchadha, Corcaigh,
2382Pádraig Ó hAragáin, Corcaigh.


2383
2384

An tAthair Criostóir Ó hEillighe, i nAlbain.


2385
2386

Donnchadh, Óg Ó Donnchadha, Muigh Nuadhad.


2387
2388

An tAthair Micheál Mac Craith, Cill Rosanta.


2389
2390

Pádraig Ó Briain (Clódhadóir), Baile Átha Chliath.


2391
2392

Ribeard Bheldon, Cill Rosanta.


2393
2394

Ní'l áirimhthe annsoin acht an méid atá ar láimh againn. Tá a thuille
2395geallta dhúinn, acht ní bhfuaireamair fos é. Iad so gur mian leó bheith
2396n-a ndaltaí ar an gCumann, agus cabhrughadh linn, cuiridís a n-ainm-
2397neacha agus a síntúisí go dtí an Dochtúir Ó Luingsigh, i mBaile Mhúirne,
2398nó go dtí Tórna, i gConnradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath.
2399


L. 12


2400

*Féach "Les Marionnettes" — Dán de dhántaibh Béranger.
2401


L. 57


2402

*.i. Pádraig Mac Suibhne, fear an "Ghlór Gaedhlach."


2403
2404

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services