Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The River Shannon Poetically Described by Micheal Brennan

Title
The River Shannon Poetically Described by Micheal Brennan
Author(s)
Ó Braonáin, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1794
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1948-1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


0
1

Príomh-shruth Éireann is iomlán innsidhe
2áille Breatan na sár-phrionnsaidhe,
3Seanainn oileánach na ngeal-tonn,
4na loch, na liús, na mbreac 's na n-asgann,


5
6

Na mbradán tar-gheal glunrach,
7na mbriandaidhe dubha dronnach druimneach,
8na bpéarsaidhe colgacha craosach,
9's na mbodach ruadh, iasg uaigneach díomsach.


10
11

Na róistidhe lannach ruadh 'gus donna
12na gcíor fionn-bhána i mbráigh' a tonna;
13bídh sgadáin fuar-uisge modh-thanaidhe
14faoi seach le fagháil i mír dá gaistidhe,


15
16

'S an portán Spáinneach crúbach ingneach,
17altach rinneach gruama neimhneach,
18'tá i measg na gcloch 's gach glais dá shimplidhe
19dhá mbíonn gan torsa a' triall dá hionnsaighe.


20
21

The source of the Shannon
22'S i bhfearann Chonnacht, úir na gcaisleán,
23i gCuntae Liatrom' fhliuch na lochán


L. 194


24

tá ceann-tobar na Sionna tréine,
25i dtír ársa Uí Ruairc, rí uasal Bréifne.


26
27

I ngruadh shléibhte Dubhbaile na sruthán
28tá Lag a' Choire i bhfoirm locháin;
29cia 's cumhang a bhéal, tá sé chomh domhain
30fá dhó go tóin le meóin Loch Feabhail,


31
32

An loch is doimhne i nÉirinn uile,
33mar dheimhnigheas snámhaidhe sáimh budh file,
34do thásdáil locha 's aibhne an oileáin,
35ó loch go loch 's ó shruth go sruthán.


36
37

Tá dhá ainm choitcheann' eile
38ar lochán bhéal-chumhang Laig a' Choire:
39Fuarán Uí Ruairc is Lag Bhuin Sionna,
40mar is é an Lag céadna tús a tuile.


41
42

Deimhnighidh seanóiridhe na tíre
43gurab uime goireadh Lag a' Choire
44ar dtús do lochán phríomh-bhuin Sionna,
45nach farsaing plás 's is láidir tuile:


46
47

Cheann go bhfacaidh fear budh snámhaidhe,
48a chuaidh san bpoll i n-aimsir samhraidh,
49soitheach mór i bhfíoghar 's i bhfoirm
50coire ar fhíor-íochtar a ghrinnill,


51
52

Is beitheach dubh budh mhó ná capall
53'na lúba, feacthaí filltí timcheall
54astuigh san gcoire ghlunrach thoirtiúil
55i ngné do chriothnógh' duine meisniúil.


56
57

Más fíor nó bréag an sgéal a chanaim,
58a bhríogh mar chuala ar chách ní cheilim,
59's gach aon nach nglacfadh an cás i bhfírinn,
60ní locht a mhío-shásdacht sa sgríbhinn.


61
62

As Loch a' Lagáin fhíor-fhuair dhomhain
63na dtéarmaidhe d'áirigh, sruthuighidh abhainn


L. 195


64

i n-aga sheacht míle fríd gach achrann
65go sroichidh an ceann ó dtuaidh do Loch Aillionn.


66
67

Ó Lag a' Choire go Loch Aillionn
68tá dhá ainm ar an abhainn:
69Toiseach Sionna a? rian 's a' Dáimhré,
70i n-aimsir tuile ag méadú dainnséir,


71
72

Ó líon na ngaistidhe is tuaimneach tuitim
73as gleannta dubh-chuirp Shléibhe an Iarainn,
74an Dá Ailt Déag is cuilgnighe, is ain-teann,
75a' triall le foir-neart faoi n-a tuairim.


76
77

An Abhainn Bhuidhe ó Bhaile na gCléireach,
78is Duibheachair na ngeal-tonn taosgach,
79go bun Loch Aillionn is dian a ndeifir
80mar chomhluadar don tSeanainn íochtair.


81
82

Súd mar thionnsgnas mór-shruth aoibhinn
83na Sionna finne is maise ar Éirinn,
84fríd chuim thrí gcúige is líon deich gcuntae,
85níl teacht 'na haghaidh i slighe dhá aimhréidhe.


86
87

Tá a sruth chomh ciúin 's é ar siubhal i gcomhnaidhe
88i modh nach n-aithneóghadh triath ná deóraidh
89cia hacu ó dheas nó ó thuaidh 'tá a himtheacht,
90go sroichidh áth mar mhír dhá mórdhacht.


91
92

Ó cheann go bárr ní lugha ná tuairim
93dhá chéad glais is gaisde domhain
94ag triall mar thionóntaidhe dhá hionnsaighe,
95ní is biseach sgéimhe ar líon a hinnsidhe.


96
97

Amhail na pótairidhe i n-am misge,
98nach gcuireann suim an dadaí thaisge,
99go mbíonn a n-árus cráití craití,
100gan earradh tighe, gan dídean falaigh.
101


L. 196


102

Mar an gcéadna dá lán gaisdidhe,
103i n-aimsir geimhridh bhíos gan fhaillídh,
104ag tabhairt a dtacrann suas don tSeanainn,
105's iad féin sa tsamhradh súightí teirim.


106
107

'S mar uimhir mhór do dh'fhíor-lucht saidhbhris
108a ghlacas tabhartais ó dhaoine ainnis',
109ní chuirfidh an geal-tsruth suas don tsilteán,
110tráth bhíos a' tuile a' múchadh a hoileán.


111
112

The antiquity of the Shannon
113Trí chéad bliadhain tair éis na Díleann,
114mar dheimhnigheas stair i gclódh 's i sgríbhinn,
115ghabh Partholán tréan mac Seartha fearann
116le míle pearsa i nInnis Éireann.


117
118

Ní raibh níos mó ná líon naoi n-abhann
119i n-iomlán triúcha áille an fhearainn
120ar dteacht don chumplaidh ársa adeirim,
121asteach gan teagmháil laoch le harm.


122
123

Deimhnighidh ughdair eile i ngairm
124nach raibh níos mó ná líon shé n-abhann
125i gcorp an oileáin fhéarmhair chraobhaigh
126ar dtíacht asteach don chumplaidh bhaolaigh.


127
128

Tugadh cách faoi-dear go léir-ghrinn
129gurbh í príomh-shruth na sé n-abhann
130ársa an tSeanainn, 's gurbh í a gairm
131's a hainm "Limní", an tan adeirim,


132
133

Ó luime a huisge thair an iomlán,
134's níor éirigh sruth ó shoin san oileán
135dhá ghlunraighe tásg i ngné níos tanaidhe,
136's níos gile i ngné ná a gaise i gcomhnaidhe.
137


L. 197


138

'S ó ghairm arsa a gaise cinntí
139do thionnsgain cathair láidir Luimnigh,
140a hainm gnáis, cia is fada Seanainn
141mar théarma nuadh ar an abhainn álainn.


142
143

Etymology of "Seanainn"
144Is mian liom gluasacht ghrinn is dearbhadh
145a thabhairt i réim nach réidh le mearughadh
146ar bhríogh an dá fhocal théid i gcumann
147i dteannta a chéile chanas "Seanainn":


148
149

Is ionann "sean" is "aois" nó "ársaidheacht"
150i dtéarmaidhe glan-Ghaoidheilge agus filidheacht;
151is aon bhríogh i n-éifeacht "áinn" is "ciorcaill" -
152tugadh cách faoi-dear na focail.


153
154

"Sean" is "áinn" a chur le chéile
155i dteangaidh fhíor-eólach na Gaoidhelge,
156ghní an dá fhocal, gan ás achrainn,
157soiléir do gach léightheóir "Seanainn".


158
159

Deimhnighidh an tásdáil gurab í an tSeanainn
160a' sruth is sine i n-oileán Éireann,
161's nár ghlic a tuisme chuir i gcrunthuidhe,
162an cás le bheith soiléir i gcomhnaidhe?


163
164

Anois ó thugas gluasacht léir-ghrinn
165ar bhríogh an dá ghotha chanas "Seanainn",
166leanfaidh a réim is mír dhá tuairisg,
167gníomh nár chóir a dhéanamh dioraisg.


168
169

Dhá gháibhthighe a sgéimh is aedhear a srotha,
170ó bhun go barr 's i lár a brotha,
171ní bhfuil dá spéis i n-anam duine
172acht oiread lé fear éithigh nó feille.
173


L. 198


174

Drowning accident at Ballyleague in 1703
175Is iomdha pearsa dathamhail daonnach
176do thuisme Connachtach is Muimhneach -
177ní hé amháin Laighnigh - fuair bás obann
178an iomad áitibh ? i lár a geal-tonn,


179
180

'S go sonnradhach Bail' Áth Liag na leacán
181thair gach tír is slighe dhá siubhlann;
182annamh bliadhain nach mbáitear duine
183san áit roimh-ráití gidh bí a' fine.


184
185

A seacht gcéad déag is trí bliadhna an uimhir
186do dh'aois ar dTighearna, réim gan diamhair,
187báitheadh seachtmhoghad do dh'aon tsuim
188sean-lá Fhéil' Brighde annsúd sa tSeanainn.


189
190

Roimh dhéanamh an droichid suas bhí pantúnn
191chum gach líon do lucht aistir ionndúil
192d'iomchur trasna an ghaisde thréanmhair
193thuaimnigh chorraigh bhograigh théagmhair.


194
195

Go moch lá an aonaigh báitheadh iomlán
196a raibh sa bpantúnn acht fíor-bheagán,
197gan géilleadh do lucht dúithche is ceannais
198thair na bochdáin éiglidhe ainnis.


199
200

Mar bhiseach ar gach aoibhneas eile,
201gan trácht ar lochán Laig a' Choire,
202tá cúig lochadh is breágh le feiceál
203'na haistear 's roinn díobh líontaí dh'oileáin.


204
205

Mar dhéanfadh an Coimhdhia a céim a dh'árdughadh
206thair gach sruth 's a maise mhéadughadh,
207tá líon a loch i bhfad a réime,
208mórán mílte ó aga a chéile.
209


L. 199


210

Is biseach mór ar iasg 's ar uisge
211a gaise is gnáth ar siubhal gan leisge,
212an taisge tuile líonas coitcheann
213gach aimsir geimhridh suim a lochán.


214
215

Ón loch na chéile i samhradh theirim
216congbhaidh i dtaisge a gaise i bhfoirm,
217's i gcruth lán braoich 's gach slighe nach gcastar
218forlann cuiléir ina híochtar.


219
220

Le breathnughadh ar gach slighe do lean sí,
221gach sliabh, gach móin 's gach cnoc a sgoilt sí,
222ní bhfuil rádh 'n'aghaidh nach iad na hárda
223d'ionnsuigh i n-áit a dul ré fána.


224
225

Ó d'áirigh cheana a slighe 's a foirm
226ón tobar cinn go hiar Loch Aillionn,
227leanfaidh as soin a réim go sroichidh
228cnoc Chinn Léime ar aghaidh Phuint Chiarraighe,


229
230

Mar a n-íobrann iomlán gach a dtacrann,
231gan tocht, gan chumhaidh, gan gleó, gan achrann,
232mar mhéadughadh lóin 's mar bhiseach fairsne,
233do thonnaibh aibhéiseach na bachna.


234
235

Lough Allen
236Is iomdha gaisde, glais is abhainn
237ó chnuic Thír Thuathail is tuaimneach tuitim
238asteach sa loch roimh-ráití adeirim,
239i n-aimsir tuile théid ? go hobann.


240
241

Ní lugh' 'na fhad ? ná líon deich míle
242do shean-tomhas dhiongbhálta na tíre
243ar fad sa loch ón gceann na chéile,
244's i ngar dhá leath i dtrasna a réime.
245


L. 200


246

Ní bhfuil a thásg ró-árd do thaobh oileán,
247gia tá mír dhá n-uimhir folláin
248fada farsaing craobhach álainn,
249amhail gach loch i gcéim ar Sheanainn.


250
251

Tráth bheir sí cuairt a' locha léithe
252i rian gan tocht ón gceann na chéile,
253as a' mír ó dheas de i ngar Dhruim Sean-bhó,
254ag Béal a' tSnámha sruthuighidh i nglan-rógh.


255
256

I n-achair míle ó cheann a' locha
257treóruighidh an Airgneach gan torsa
258as dubh-ailt Bhraidshléibhe go sruth-luath
259re líon a lóin gan brón dá treisiughadh.


260
261

'Sí an Airgneach is ómhnach tuitim,
262's is éadtrom uisge i n-aimsir theirim,
263an chéad shruth tásgmhar théid sa tSeanainn
264i ndiaidh sgaití suas thair bhárr Loch Aillionn.


265
266

Treóruighidh an tSeanainn thuileach thaosgach
267fríd iomad calaidh, riasg is corach
268gan mórán timchill ina líne
269ó Bhéal a' tSnámha go hUachtar Thíre.


270
271

The Boyle River
272Caithfead stad do dh'aistear Sionna
273go dtugad tuairim ghearr do shiolladh
274ar abhainn ghlasánach na Búille,
275do théid san áit se a' treisiughadh tuile.


276
277

As uachtar Ghoisdealach na silteán,
278is íochtar Airtigh, úir na gcnocán,
279cruinnighidh an Bhúill ó iomad sruthán,
280go bhfaghann do ghairm "Abhainn a' Chrunnáin".
281


L. 201


282

An taobh ó dtuaidh do thriúch Loch Glinne,
283i ngruaidh na sléibhte méaduighidh a tuile,
284is gheibh 'na dhiaidh soin d'ainm eile
285ó dhruing gan eólas, "Abhainn na Luinge".


286
287

Treóruighidh as soin gan tocht le fána,
288go dtéann asteach i Loch Uí Ghára;
289as a' mír ó dtuaidh dhá uisge
290sruthuighidh a gaise arís gan leisge.


291
292

Uadh soin go mainistir arbh aba
293Donnchach Mór na nduanta Ó Dálaigh,
294treóruighidh a' gaise i ngairm Búille,
295gan tocht, gan chlaon, gan aontughadh moille.


296
297

Ní théann i bhfad as soin go gcastar
298Loch Cé na n-innsidhe i réim a haisdir,
299mar a mbíodh Mac Diarmada gan cheilg,
300triath na Carraige is Mhuigh Luirg.


301
302

Tráth chuartuigheas fad is doimhne an locha
303gluaisidh léithe i bhfoirm srotha,
304go Cnoc a' Bhiocáir gan achrann,
305mar a ngabhthar bric 's an iomad asgann.


306
307

Treóruighidh an Bhúill uadh soin gan tseachrán
308fríd thalta boga is toirte rosán,
309go dtéann sa tSeanainn aga thrí míle
310síos ón gCaraidh ag Uachtar Thíre.


311
312

Ní bhfuil sruth dhá gháibhthighe gairm
313ó bhun go bárr a' dul sa tSeanainn
314is deallraighe aedhear is céim 's gach cois-slighe
315ná an Bhúill fríd sgéimh na réime ghabhas sí.


316
317

Carrick-on-Shannon
318Tráth bheir a' tSeanainn iasgmhar fharsaing
319sruth na Búille léith 'na hasgaill,


L. 202


320

leathnuighidh a braoich 's gach slighe go gáibhtheach
321'na triall don Charaidh fríd gach fásach.


322
323

As soin don bhaile ar chuir an chéad rí
324Séamus Shacson daingean is ballaidhe,
325congbhaidh a sgéimh 's a méad i gcomhthrom,
326gan léim, gan preab, gan imtheacht obann.


327
328

Le forradh fuinndeméad is ballaidhe
329an daingin a d'áirigh, i dtábhacht iompuighidh
330soir ó dheas go Baile Shéarluis,
331gan dul amudha ná easbhaidh teagaisg.


332
333

I mBaile Shéarluis is gearr a faillídh
334go dtéann go Druim-ar-Snámh na mbeilidhe,
335áit a dtionnsgnann a triall go díreach,
336don áird ó dheas gan tnúth le fuireach.


337
338

Lough Derg and Lough Bofin
339Is gearr ó Dhruim-ar-Snámh go sgarann
340líon a gaise ar chéibh na bhfearann;
341i bhfad chúig míle gheibh do ghairm
342i n'íochtar Loch Bó finne dh'ainm.


343
344

Tá eang do thalamh ritheas tamall
345asteach sa loch ó bhraoch go grinneall;
346a bhfuil síos don loch ó asgaill chéadna,
347is de gorthar coitcheann Loch Bó Finne.


348
349

A bhfuil don loch ón eing go sroichidh
350a chuid uisge fearann féagach Rúsgaighe,
351is don mhír so don loch thréan gan cealg
352do ghoireas ughdair Loch Bó Dearg.


353
354

Níorbh fhiú a áireamh a bhfuil do theóra
355eidir a' dá loch le cóire,
356cia tá ainm gnáthais is gairm
357ar leith ag gach mír don roinn so Sheanainn.
358


L. 203


359

Eidir Drumad, iar Fíotharnach
360is Tír Uí Bhriúin, dúithche ársa Beirneach,
361ghní na locha gné gan dórainn
362gach am sa mbliadhain is soiléardha teórainn.


363
364

Tá i n-áitibh i ngar do dh'ag' thrí míle
365ar leithead iomlán ina líne,
366is uimhir áiridhe d'innsidhe deasa
367fá fhalach tom i dtrom a gaise.


368
369

I Loch Bó Dearg is gáibhtheach foirm
370tá oileán tásgmhar Innis Muilinn,
371ar a raibh muileann gaoithe géagach álainn
372tráth bhí Brian Bóraimhe 'n' áird-rí Éireann.


373
374

Tá dhá ghaise ag triall le tutáil
375go Loch Bó Dearg is breágha le feiceál,
376ceann gach taobh do thriúcha glasa
377a bhroth is féarmhar talta taise.


378
379

The Eslin River
380As lochán diongbhálta i ngar do Liatruim,
381a' taobh ó dheas do Shliabh an Iarainn,
382sruthuighidh an Éislinn fríd gach móinín,
383gan tocht 'na triall go dtig go Leachaoin.


384
385

Uadh soin go Cabhán Chlann Mhig Raghnaill,
386's ón áit roimh-ráití go Loch Éirill,
387go Gart na Leamh 's go bórd Chluain Fionnáin,
388fríd gach currach, bogach is rosán.
389


L. 204


390

Tráth thig le teann go Corra Sgabhthaidh,
391taobh thoir do Dhrumad tá a sgéimh basgthaí,
392fríd fhorlann carraigeacha glasa,
393'tá i n-achair míle i líne a leabtha.


394
395

Chum Áth an Dá Ghuth 's go muilte Dhrumad,
396tír ársa sean-laoch, sgaraidh iomad
397a huisge 'na dhá mhír gan fearg,
398go dtéann fá seach i Loch Bó Dearg.


399
400

The Sramoge River
401I dtaobh Chuntae chaithréimeach Ros Comáin
402do Loch Bó Dearg, iomdha sruthán
403is gaise toirtiúil iasgmhar domhain,
404a bhíos a' triall le mian go habhainn


405
406

Chaisil an Fhóid is Bhéal Áth' Maille,
407gaisdidhe is gáibhtheach i n-am tuile,
408théid faoi leith i Loch a' Logáin,
409gan tocht, gan toirmeasg, gan tseachrán.


410
411

Treóruighidh a n-uisge as soin go himeall
412thriúch na Leamhaighe 's ghruadh Chluain Grinnill ?,
413mar a nglacann mórán gaisdidhe eile
414ón taobh ó dtuaidh do mhéadughadh tuile.


415
416

Eidir uachtar Uí Bhriúin Sionna
417is iar Shléibh' Báin na ngaistidhe teanna,
418ag Áth na dTuath téidh líon gan mairg
419i n-aon tsruth thréan i Loch Bó Dearg.


420
421

Sin tuairim ghrinn ar fhíoghar 's ar fhoirm
422na Sionna ó Dhruim-ar-Snámh go fearann
423luachamhail Rúsgaighe, áit ar líonmhar
424cairtheacha easgann is gnáth bheith díonmhar.
425


L. 205


426

Ó Rúsgaigh i rian go Lag a' Choire,
427dhá ngorthar coitcheann Toiseach Sionna,
428is mó ná dhá fhichead míle d'aistear,
429an aga chéadna i ngné mar tuistear.


430
431

I bhfearann Chonnachta gan athrughadh -
432ná buain re haon chúige eile i n-áireamh -
433tá sruth na Sionna ó bhun go sroichidh
434ársaidhe fairsne Dhroichid Rúsgaighe.


435
436

Budh mír do dh'fhearann fhéarmhar Chonnacht
437Cuntae an Chláir ar dtús gan bréig-riocht,
438go dtug Lughaidh Meann do dh'fhine Brianach
439a réim lé neart fá smacht na Muimhneach.


440
441

Ag Rúsgaigh clúduighidh mír do dh'fhearann
442Chuntae an Longphuirt taobh don tSeanainn,
443is roinn do Chúige Laighean nárbh éiglidhe -
444fir chum feadhma i n-aimsir gnoithidhe.


445
446

As uachtar Loch Bó Dearg tuairim
447leith-mhíle síos ó Rúsgaidh i bhfoirm
448abhna gan torsa treóruighidh
449an tSeanainn chiúin gan tocht gan chomhnaidhe.


450
451

Eidir Rúsgaigh is Tearmann Bearaigh,
452réim nár mheinic búir ná bathlaigh,
453téidh ceithre haibhne siar sa tSeanainn,
454a bhias faoi leith anois i dtuairim.


455
456

The Rinn River
457An tSioróg, abhainn iasgmhar uisgeamhail
458as Cuntae Liatrom', tig go meisniúil
459asteach fríd riasga íochtair Chuntae
460an Longphuirt, cuntae i n-áitibh sáimh-réidh.
461


L. 206


462

Ag Áth Chluain Airt, taobh thíos do bhaile
463an Leasa Bric, gan iarraidh sádhaile,
464íobraidh iomlán gach a dtacrann
465do shruth na Sionna i gcéim gan achrann.


466
467

The Camlin River
468An Chaimlinn, abhainn leathan álainn,
469budh fada a teasd le cur i dtuairim,
470i n-alt 's i ngné ó bhun go sroichidh
471baile an Longphuirt is roinn dá cois-slighe.


472
473

Ón Longphort treóruighidh a' sruth le forraidh
474Áird Uí Chinnéididh gan mearaighe,
475an taobh ó dheas don Lios Bhreac congbhaidh
476a slighe fríd thalta cruaidhe is eanaigh.


477
478

Ní ghabhann tocht ó mhóin ná ó bhogach,
479ó eanach réidh, ó choill ná ó churrach,
480go dtéann fá chuim sa mír don tSeanainn
481a chumlas dlúith le lúib don Drumainn.


482
483

The Fallan River
484Tá abhainn a bhfuil mír dhí domhain,
485dhá ngoireann cách go coitcheann Fallaing,
486i gCuntae an Longphuirt théid sa tSeanainn,
487ag Cluain Dá Ráth na mbád 's na muileann.


488
489

I n-íochtar Sionna i dTearmann Bearaigh,
490i n-aga ceathramha mhíle bealaigh,
491tá riasta coiléir nár ghabh gortughadh
492ó thuinn, nach féidir le cách a aistriughadh.


493
494

Budh mío-ródh deimhneach ar lucht taisdil,
495's air sheóltóiridhe i n-aimsir theirim,


L. 207


496

an neamh-dhoimhne chinntí is gnáth san uisge
497ó líne an ghaise os cionn na sgeilpe.


498
499

Chum an cháis se a leigheas 's a leasughadh,
500do rinneadh canáill nuadh le forradh
501na Sionna soir ón riasta, is cois-slighe,
502réidh anois gach tráth do bháid 's do choitidhe.


503
504

The Rivers Trusnan and Feorish
505As Loch a' Chnuic i dtriúch Chill Glaise,
506i n-úir Shléibh' Báin na dtalta taise,
507treóruighidh an Trusnán, sruthán luaimneach,
508's i n-aimsir tuile bídh sé uaibhreach.


509
510

Eidir Ceiréalach ? na mbogach
511is fearann glais-fhéagach na Slatach,
512cruinnighidh a dtig 'na shlighe do shochar
513as gach taobh go sroichidh an Mothar.


514
515

Ón Mothar thart le céibh na Cáileadh
516is Choilleachamóir, 'sé rogha gach fánadh,
517go sgaithidh an Chorradhrumainn uisgeamhail,
518áit a n-éirigheann mír dhe toirtiúil.


519
520

Eidir móir Chluain Mhór na gcartún
521is baile gárda Sheáin Mhic Mhathuan,
522ghní sruth an Trusnáin teóra ag droichead
523'tá i meóin róid mhóir 's ní mór a leithead.


524
525

Ón droichead soir go críochnughadh a sgríbe,
526gheibh gaise an Trusnáin do théarma eile:
527tideal Feóraise gan áthrach
528d'ainm a bhfuil roimhe 'o bhealach.


529
530

Gaisdidhe ghortuigheas réim na Coillighe
531is Bhaile Hibiord cuimhneach, cruinnighidh


L. 208


532

i n-aon tsruth amháin 's ní ciúin a dturas,
533go dtéann i gcumann insa bhFeórais.


534
535

As uachtar a' tsléibhe gaisdidhe Dhubhchoill'
536is Tholabhúrráin ?, is dian a n-eiteall
537go hiar Chluain Creamh' mar a dtéann a n-uisge
538i dteannta a chéile i ngné gan leisge.


539
540

Uaidh soin síos gan tocht ná teagmháil,
541ní ghabhann barra i móin ná i mbogán,
542go n-íobrann suas i dtiúin gan foras
543a dtacar diongbhálta don Fheórais.


544
545

Tráth gheibh an Fheórais í féin iomlán
546iasgmhar uisgeamhail is crádh léith admháil
547gurab é an Trusnán cam a bunús,
548's a tobar cinn dhá mhéad a hionnús.


549
550

Mar an gcéadna dá lán bunaidh
551do dhríodar is do dhíogha na bhfinidhe,
552an tráth gheibh cumhachta shéanfadh a muintir
553dhá bhféadadh, is iomlán líon a sinnsir.


554
555

Treóruighidh an Fheórais feasda foidhideach
556le céibh Chluain Mhór is mhóinte Dhroighneach,
557go bórdúir ghlasa an Bhaile Tuaighe,
558is iar Chluain Eó na mongaighe ruaidhe.


559
560

San áit roimh-ráití tiomnaidh a cruinniughadh
561's a tacar saoghalta i ngné gan chriothnughadh,
562'na fagháil thar ais, don tSeanainn thaosgaigh,
563mar fheadhmanach ghní gníomh gan iarraidh.


564
565

Treóruighidh an tSeanainn iomlán láidir
566ó thriúcha an Tearmainn gan deifir,
567fríd mhonga corrach, móintidhe is bogáin
568go Baile Áth' Liag mar ar báitheadh mórán.
569


L. 209


570

Ballyleague
571Ní bhfuil baile tíre i nÉirinn
572is feárr aedhear, uisge, cnoc is fearann,
573ná Baile Áth' Liag, cia 's éiglidhe maise
574an bhaile chéadna acht sgéimh a ghaise.


575
576

I ngar dhá mhíle ó thuaidh don bhaile
577tá leithead mór; tá radharc ar áille
578an tsrotha is rói-chiúin triall go sroichidh
579ucht a' droichid is réimiúil ársaidhe.


580
581

Tráth sgaitheas suas thair chéibh a' droichid
582i n-aga dheich bpéarsa méaduighidh a leithead
583i bhfoirm locha, tuairim míle
584ar fad, 's a leath soin treasna i líne.


585
586

Bídh brotha an locha so go hiomlán
587fá fhalach dhlúith do mhuing ghlais fholláin:
588boig-shifínidhe i n-am a séasúir
589is maisighe bláth ná gáirdín pléisiúir.


590
591

As lochán álainn chéibh a' bhaile,
592mar a bheith a huisge ag iarra' faille,
593sruthuighidh i líon thrí ngaisde teanna
594fríd imlibh oileán 's innsidhe miona.


595
596

Lough Ree
597Tráth sgaitheas suas thair bhárr na n-innsidhe,
598ní i n-aon tsruth chuimsidh i dteannta théid sí,
599acht sgartha amach mar mhír don aibhéis
600ar gach cala, braoch is boirdéis.


601
602

I bhfad chúig míle dhéag do dh'fhearann
603don achair is don mhír se Sheanainn,


L. 210


604

dá ngorthar do ghnáth Loch Rí fríd dheise
605a bhroth 's líon innsidhe is glunraighe uisge.


606
607

Tá roinn dá leithead ina shíneadh
608nach bhfuil níos mó ná aga thrí míle,
609achair eile suim chúig míle,
610's i ngar dhá mheóin tá réim naoi míle.


611
612

Tá uimhir iomlán sheacht n-innse fichead
613ó bhun go bárr i bhfad 's i leithead
614an locha chinntí chéadna adeirim,
615mar a bhias faoi seach gan tocht i dtuairim.


616
617

Aontuighim tús, dhá mhéad mo dheithbhir,
618a thabhairt don chuid a ndeimhnigheann ughdair
619cuinbhinteacha riaghalta is abbaidh
620a thogh' dhóibh féin mar ionad chomhnuigh'e.


621
622

Mar gheall ar chásaibh cian-aosda eile,
623rinn' díobháil mhór 'na n-am do dh'Éire,
624gluaisfidh roinn do thásg Inns' Cloithrinn,
625do sháruigh i sgéimh an réim se Sheanainn.


626
627

Is ar Inns' Cloithrinn fhéarmhar aoibhinn
628do thuit Meidhbh Chruachan, ríogan chumainn
629Chonnacht úir, le mac ríogh Uladh,
630i n-aimsir cogaidh is dórta fola


631
632

Chlanna Rudhraighe is scrios Chloinn Uisneach,
633clanna i gcáil budh láidir meisneach,
634phríomh-thóg cora 's chuaidh i n-aghaidh a chéile,
635mar gheall ar mhnaoi dhárbh ainm Déirdre.


636
637

San gcúigeadh céad d'éis Críost a dh'fhulann
638Páise chuir an naomh gan dórainn,
639Diarmaid, seacht dteampla is clogás,
640's dhá chuinbhint riaghalta ar bun gan follás,
641


L. 211


642

I nInnis Cloithrinn, oileán álainn
643is maiseach réim 's is aedhreach fearann,
644a bhfuil a ndíothughadh fós lé feiceál,
645ag gach aon ar mhian a dtásdáil.


646
647

Do chuir Naomh Rioch san aimsir chéadna
648mainistir mhórdha is cuinbhint eile,
649ar Innse dharthógach Bó Finne,
650a bhfuil roinn dá ndíothughadh fós gan mhille.


651
652

'Sé an naomh céadna - mír dhá dheabhóid -
653do thionnsgain 's bheannuigh Tobar Ríoghóg,
654i bparáist' fhéarmhar Chille Míotháin,
655mar ar líonmhar coillte is eallach fiadháin.


656
657

San gcúigeadh céad, mar d'áirigh roimhe,
658do chuir Naomh Líobhún cuinbhint eile,
659ar úir Innse Mhóir 's ní bhfuil dá díothughadh
660acht aoin teagh amháin 'na háit gan mhille.


661
662

I n-aga cheithre mbliadhan is dáichead
663don seiseadh céad, mar dheimhnigheas iomad,
664do thoisigh Ciarán, sár-naomh Cluana,
665ina chuinbhint diadhacht a mhúnadh,


666
667

I nOileán na Naomh i lúib don tSeanainn,
668nach bhfuil i bhfad ó chiosa fearainn,
669eang don Chaladh i n-iar bharr Chuntae
670an Longphuirt, triúch budh dlúith is b'aimhréidh.


671
672

Tá clogás árd is díothughadh mórán
673do theampla fós i gclódh ar an oileán,
674budh tásgmhar tuairisg, céim is gairm
675i n-aimsir Chiaráin a bheith ar marthain.


676
677

Ar Innis Tuirc nach réimeamhail timcheall,
678'na aga i dtreasna bhíodh dhá theampall


L. 212


679

a mbíodh mná riaghalta, is a lán cinn eile
680i meóin Inns' Éan na Caillighe Duibhe.


681
682

Tá ceann is fiche do líon na n-innsidhe,
683a d'áirigh i dtús nach raibh mar chomhnaidhe
684chinntí cléire i gcéim ná i ngairm,
685a bhias fá seach anois i dtuairim.


686
687

An t-Innse craobhach deas a dhearmaid
688a shéimh-naomh eólach diadha, Diarmaid,
689Fír-innse aimhréidh, Innse an Ghabhair,
690's Innse Éanach a bhfuil áiteabh i láthair.


691
692

Clágh-innse na n-áirnidhe dubha,
693Innse Uí Ruairc i ngar Phort Runa,
694Muic-innis is Innse Rinn Eanaigh,
695nach bhfuil i bhfad ó mhír don Bhreacnaigh.


696
697

Dair-innis na dtruid is na gcorra,
698Inns' Rióige, na Trí hInnse Dubha,
699Inns' Shúil Daimh is Innse an Ádhmaid,
700nach bhfuil mór i bhfad ná i leithead.


701
702

Na Trí Choirib is garbh forraidh,
703i ngar don Chorraidh, céibh na Carnaighe,
704Oileán a' Ghearr-fhiadh' nó Inns' Innín,
705innse ar feólmhar caora is coinín.


706
707

An tOileán Buidhe le taobh na mBearraidh,
708is Innse Chairbre i ngar ballaidhe
709Bhail' Áth Luain na dtor is na gcaisleán -
710i n-áireamh chuimhneach deireadh an iomláin.


711
712

Tá uimhir do na hinnsidhe i bhfearann
713fada farsaing féarmhar álainn;


L. 213


714

a n-áiteabha téagarach gan easbhaidh
715cógair teaghlaigh, bídh ná eallaigh.


716
717

Dhá ndéantaí an loch a leigheas 's a leasughadh,
718's gan líon a choillte móra dhíothughadh,
719níorbh fhéidir do Loch Léin ná Éirne,
720ná Loch Cé a shárughadh i gclódh na sgéimhe.


721
722

Líon na gcnoc 's na dtaltaibh árda,
723atá ar gach taobh le n'ais mar ghárda,
724bheir fearbárr aedhir ar éifeacht uisge,
725is iomlán a innsidhe i gcléith na deise.


726
727

Cibé sheasfadh i ndeireadh Aibreáin,
728nó i n-aimsir samhraidh ar bharr Chnuic Sgitheán,
729i dtriuch Theagh Eóin i ngar meóin bealaigh,
730eidir Áth Luain 's Áth Liag a' Chalaidh -


731
732

Dob ughdar sláinte do dhuine easlán
733féachain uaidhe ar uimhir a oileán,
734ar sgéimh 's ar mhéad an uisge i n-achair
735fichead míle do thomhas láidir.


736
737

Mar an gcéadna díothughadh an chaisleáin
738's na mainistreach 'tá fós faoi eidhneán,
739do chuir Rí Seón, mac easumhal Hanrí,
740ar chloich Theagh Eóin, 's ní mór nach innse í.


741
742

'Sé ciall na cloiche d'áirigh, fearann
743fada caol 'tá i lúib don tSeanainn,
744nach bhfuil acht slighe ró-chumhang chum aistir
745asteach san eing ag maor nó máistir.


746
747

Ní haedhrighe an loch i n-aimsir ciúnais
748ná i gceart-mheóin gaoithe is easbhaidh suaimhnis,
749ag méad na dtonn a' triall 'na dtoirteadh,
750mar chnuic nach gann i n-aghaidh na bporta.
751


L. 214


752

Pacaidhe olla nó líon pailliún
753i gcampaidhe cogaidh i dtír nó i náisiún
754gach tonn faoi seach i ngleó 's i dtrioblóid,
755gan fios cia hacu is áirde collóid,


756
757

Ag líonadh gleann 's a' lasgadh briosgaidh
758a chéile is iad ar siubhal 'na siollaidhe;
759gach riasta geal a' dréim le héirghe
760i dtréan 's i dteann os cionn a phártaidhe.


761
762

I réim Loch Rí nó an aga do Sheanainn,
763'tá eidir Áth Luain na gcaisleán álainn
764is Bail' Áth Liag téidh líon sheacht n-abhann -
765'sí a bpríomh-shruth an Ithne chinn-tréan dhomhain.


766
767

The Inny River
768Sruthuighidh an Ithne as tuadh-mhás Iair-Mhidhe
769fríd Loch Drilthioch ina castaidhe,
770go Baile Áth' na Leac 's go Béal na Caradh,
771's go Teine Leic ní ghabhann barra.


772
773

Uadh soin ar fiar go Mainistir Shruthla,
774's go Caisleán Nuadh na gcoillte donna,
775mar a dtiompuigheann siar le céibh na rosán
776go bordúir ghlasa Bhaile Uí Mhatháin.


777
778

Treóruighidh as soin le sleasa ballaidhe
779reilic Shruthail fríd na curraigh,
780go dtéan i lúib Loch Rí gan fhaillídh,
781eidir Cuircneach 's bárr a' Chalaidh.


782
783

The Glassan River
784Sruthuighidh Abhainn Bhail' Uí Ghlasáin
785i gCuntae Iair-Mhidhe as Loch Mhic Aogáin,
786i ngar dhá mhíle síos ó Chuasán
787fosglaidh slighe fríd riasga rosán.
788


L. 215


789

Le forraidh fada Phuirt an Fhíona
790ní bhfuil seachrán ina líne,
791go dtéann sa tSeanainn gháibhthigh dhomhain
792i n-áit dá ngoireann cách Bun Abhann.


793
794

The Breensford River
795Thig abhainn eile as iar Loch Anaigh,
796i dtriúch Mhuigh Droma i n-achair bealaigh,
797nach fada soir ó chiosa Chuasáin
798is shrotha dheallraigh Bhail' Uí Ghlasáin.


799
800

Treóruighidh an gaise lúbach álainn,
801gan géille dh'aimhréidhteacht ná dh'achrann
802dhá dtig 'na haghaidh go dtéann sa tSeanainn
803ag porta taise Bhaile an Chaorthainn.


804
805

Tá cheithre haibhne solasta eile
806nach bhfuil ró-thoirtiúil go dtig tuile,
807i dtuaith Ros Comáin is folláin fearann,
808a théid faoi seach san mír se Sheanainn.


809
810

The Clooneigh River
811An Eilbhe bheag is fír-gheal uisge,
812tionnsgnaidh a sruth le claon gan leisge,
813as tobar tonnach buinne-ghlas aoibhinn
814i mbraoch Chúl Thaidhg na bhfiarach álainn.


815
816

Treóruighidh a' sruth go triúch Chluain Airtheach,
817is lé gruadh Dhruim Dhaimh na liosán gruagach;
818eidir curraigh Chluain Eirc is Cartún
819ghní a' gaise teóra - mír dhom fhortún.


820
821

Eidir Corrubhó na bhfliuchán,
822an Cheathramha Chruinn is más Lios Gobáin,
823congbhaidh i dtiúin a siubhal gan seachrán,
824go húir Chluain Chaoin is Chluainte Maoláin.
825


L. 216


826

Le bun Chill Tíobháin, eang na ndoiridhe,
827muing Chluain Aoidh 'gus réim na Cealtraighe,
828ghní a' sruth iasgmhar slighe gan dórainn
829fríd riasga corrach tais mar theórainn.


830
831

Eidir rinn Chluain Aoidh na seasga
832is cuainte ? guintheach Phuirt na hInnse,
833i lúib don tSeanainn téidh gan leisge,
834mar ar líonmhar duibh-éin is madraidhe uisge.


835
836

The Hind River
837Aighneach dhilleógach na n-asgann,
838na mbreac 's na liús, 'sé áit a dtionnsgnann
839a toiseach éirghe as poll nach farsaing
840i n-iar bharr sraithe i nGort a' Chaisil.


841
842

Iompuighidh thart go fúnnsgrach seibhtiúil
843go rannsuigheann eanach 's móin go meisniúil,
844'tá ina slighe go Bail' Áth' Gallda,
845áit nach bhfuil a cruinniughadh crannda.


846
847

As soin le hais Dhoire an Aoil go ruige
848ciúis do dh'úir na Páirce Cloiche,
849fuar-iar tais-fhliuch Dhoire Mhaollóid
850is Lios a' Doirn - ní gann a trioblóid -


851
852

A' foghlughadh fuarán 's toibreach' eile,
853dream ó meallann mórán tuile,
854bheir biseach sgéimh' dhá gné tráth sgaitheas
855Buaile an Ríogh 'tá i líne a turais.


856
857

Uadh soin soir ó Dhoire Dhomhnaill
858dealuighidh an Munta do ghnáth mar theórainn,
859is Baile Núdh na bhforraidh glasa
860ó Bhogán Fionn na dtom 's na seasga,


861
862

Úir Chluain Conra ó Bhaile Uí Mhuiridh,
863Cluain Soilionn turtógach ón gCorraidh,


L. 217


864

Cluain Creimh na gcríoch 's na n-eanaighe fliucha
865ó iomlán riasga Mhuilte Sruthla.


866
867

Tráth sgaitheas thair Chluain Cath gan aire,
868dealuighidh a huisge i roinn dá ghaise,
869a théid faoi seach sa tSeanainn fholláin,
870eidir Cluain Eisgiort is céibh a' Chlocháin.


871
872

The Calagagh River
873An Chalagach fhliuch, 's ó loch don ainm
874chéadna thionnsgnas gaise is gairm
875a srotha eidir Sgreig Uí Cheallaigh
876's a' Baile Glas i dtriúcha Mainigh.


877
878

Eidir Lios Dá Lon is fearann
879na Sgreige d'áirigh, ghní sí teórainn;
880an Chorra-bhuaile is fionnfhuar forraidh
881ó Chorr a' Phobuail deimhneach dealuighidh.


882
883

Lios na hUamhan ? is mír do thalamh
884Chnuic a' Chrochaire, úir gan caladh,
885an tSraith is Carraic Thobair Ríoghóg
886ó fhearann na saor, na naosg 's na bhfeadóg.


887
888

An rinn ar leath-mhás Cnuic Druim Domhnaill
889is Cúl Tónach Phort Druna i gcomhroinn,
890cuiridh a gaise glas gan táire
891ó chéile iad féin is íochtar Gháile.


892
893

Taobh thíos do chaisleán ársa Uí Cheallaigh
894na gcaológ, tógbhadh i gcolbha cladaigh
895Gháile, i ndiaidh rith fríd Loch Omhra is
896i mbruach na Sionna téidh chum suaimhnis.


897
898

The Knockanyconor River
899Abhainn Chnocáin chruaidh Uí Chonchubhair,
900tionnsgnaidh a gaise lúbach lán-fhuar
901ó thobar ársa i dtriúch na nAcraidhe,
902budh mír do dhúithche Sheórsa Uí Cheallaigh.
903


L. 218


904

Treóruighidh as soin fríd mórán bogach,
905móinte fliucha is riasgaidhe corrach
906go sroichidh a huisge an cnocán céadna,
907mar ar líonmhar muilte is clocha géara.


908
909

Ó bhun a' chnuic roimh-ráití éirghidh
910sruth teann eile théid gan fhaillídh
911asteach 'na fochair is gluaisidh an gaise
912go Tobar tásgmhar Naoimh Eóin Baiste.


913
914

Ón tobar beannuigh'e a mhéadughadh a tuile,
915sruthuighidh glais chaol dhiongbhálta eile,
916mar bhiseach ar a toirt i gcalaidh
917Gháile Bhig 's Cill Eóidh na mbranraidhe.


918
919

'Na dhiaidh sin dealuighidh forraidh taise
920Shraithidhe an Ríogh ó léanta glasa
921an Leasa Ghairbh, fearann álainn
922nach gnáth a bhrotha bheith gan teórainn.


923
924

Eidir eang na gCaológ 's caladh
925Cheathramha chlochánach na Madadh,
926cuiridh a tacar saoghalta ar chuimrighe
927na Sionna is líonmhar éisg is innsidhe.


928
929

Bhíodh an abhainn roimh-ráití an-chastaí,
930rói-thrioblóideach do bháid 's do choitidhe,
931go ndearnadh canáill núdh go déanach,
932a bheir a huisge i líne dhíreach.


933
934

Sin tuairim ghearr i ngné le tallainn,
935ar sgéimh Loch Rí nó an mhír don tSeanainn,
936'tá eidir uachtar chéibh na mBearaidhe
937is Bail' Átha Liag na n-iasg 's na n-alaidhe.


938
939

Eidir Bearaidh Bheag is Cuasán
940ársa Uí Bhraoin ar líonmhar rosáin,
941críochnuighidh an loch is sruthuighidh an tSeanainn
942ón mír ó dheas de i bhfíoghar mar abhainn.
943


L. 219


944

Athlone
945Uadh soin go Bail' Áth' Luain na gcairthidhe,
946aga dhá mhíle d'uisge, treóruighidh
947go tuaimneach gáibhtheach lán an gaise;
948gabhaidh gan chás fríd lár a' bhaile.


949
950

The Crannagh or Cross River
951Ní shruthuigheann fad dhá mhíle fearainn
952suas thair Bhail' Áth' Luain na mbarcán,
953an tan a ghlacas sruth na Cranaighe
954le mian gan tocht ó chéibh na gcalaidh.


955
956

An Chranach chéadna, Tobar Bhrighde
957i gceart-mheóin Mhainidh tús a sgríbe,
958sruth Phuill Sheóin is Fhuarán Mháire
959treisighidh a triall le hiar na n-árda.


960
961

Fríd eanaighe boga Cheathramha an Tobair,
962's na hEisgreach Báine leanaidh a hobair
963ón gCorra Dhuibh go Baile an Bhóthair;
964ní iarrann leasughadh ar líne an Tóchair.


965
966

As soin go triúch Aiteach Uí Cheallaigh,
967's go muileann Uí Neachtain achair bealaigh,
968mar ar líonmhar bric i n-am a séasúir,
969nach saill gan tsaothrughadh do lucht pléisiúir.


970
971

Uadh soin soir ghní Baile an Chreagáin
972a theóra ar iomlán Chor a' Tóiteáin,
973is Doire na Suigh ó imtheacht fearainn
974Bhaile Áth' chnocánaigh Muláláin.


975
976

Ó réim Chluain Gamhna 's Cluain na Cille,
977is ón gCluain chéadna go Bail' Áth' Moille,
978áit a dtiompuigheann suas le forraidh
979na móinínidhe go Droichead Cranaighe.
980


L. 220


981

Uadh soin le himeall léanta is móintidhe
982Charraic Uí Neachtain fríd na bogaigh,
983ní ghabhann tocht go dtéann i bhfalach
984i gciúis na Sionna i gCala na Manach.


985
986

Ó Chala na Manach ar aghaidh mailídh
987Charraic Uí Bhraoin gan mórán castaidhe,
988sruthuighidh an tSeanainn fharsaing iomlán
989go hársaidhe Dhroichid is triúcha Rachradha.


990
991

Ní bhfuil a triall ná a haistear fada
992suas thair bhrotha réime bhaile
993bhiadhmhair Rachra an tan a ghlacas
994ó bhéal na Suca an méid a thacras.


995
996

The Suck
997An tSuc theann thásgmhar, tionnsgnaidh éirghe
998i ngar Bhaile an Locha 's is geárr a faillídh,
999dhá fhad a' tslighe, go sroicheann árus
1000Uí Chonchubhair Dhuinn ag Port Chluain Málas.


1001
1002

Sruthuighidh as soin le bhfaghann do bhrabach
1003go dtig asteach don Chaisleán Riabhach,
1004áit a nglacann abhainn eile
1005ón áird ó thuaidh do thriúcha an bhaile.


1006
1007

Ón gCaisleán Riabhach treoruighidh a gaise
1008fríd iomad eanaighe is talta taise,
1009go Baile Áth' Mogha, iar forraidh Ghlinnsge,
1010is Dhúnamáin le líon a huisge.


1011
1012

Go Caisleán Chút 's go Caisleán Strainnse,
1013go Tobar a' Mhadaidh an chaisleáin sheanda,
1014go Baile Áth' Gad mar ar cam a líne,
1015's go triúch Áth' Liag 'tá i meóin a sgríbe.
1016


L. 221


1017

Uadh soin go Baile an Áth' Uí Cheallaigh,
1018i dteóra Chrumhthainn 's thriúcha Mainidh,
1019áit anois dár gnáth do thideal
1020Mun Talbóid na mbádhún gléigeal.


1021
1022

As soin suas go Baile Áth' Feórainn,
1023ní bhfuil achrann, riasta ná teórainn
1024ag tíacht 'na haghaidh sa tslighe le forraidh
1025Mhuc-cluain aedhreach is féarmhar fásaigh.


1026
1027

Go Baile Áth' na Sluagh is ró-thásgmhar aontaighe,
1028is úir Mhuigh Charnáin is fionn-fhuar calaidh,
1029taobh thuas do Rachra gan claon achrainn,
1030téidh sruth nach gann fá chuim sa tSeanainn.


1031
1032

Ní bhfuil sruth dhá mhórdha i ngairm
1033faoi áird-chíos bhliadhantamhail ag a' tSeanainn
1034is tostamhla 's is caime i gcastaidhe
1035ná an tSuc is líonmhar éisg is easaidhe.


1036
1037

The Shiven River
1038Tá abhainn eile i gcéim darb ainm
1039coitcheann le céin d'aimsir Sifinn,
1040d'faghadh gairm "Suc", do thig ó shliabháin
1041thaise Chorca Mogha na bhfeadán.


1042
1043

Do thig sruth eile ó riasga an Chreagáin,
1044i ngar Mhaolach fríd iar na mBogán,
1045a théid i bpáirt 's i gcáirdeas cumainn
1046le abhainn Chorca Mogha na n-ailleann.


1047
1048

Treóruighidh líon a ngaistighe i gcuideacht,
1049i n-aon tsruth amháin i dtoirt 's i dtábhacht,
1050i rogha na ngleann gan easbhaidh uisge,
1051go sroicheann fearann Chluain na Brice.
1052


L. 222


1053

An tríomhadh gaise ó lúib Chluain Seibhne,
1054an taobh ó dheas do Chnoc Shléibh' Muire,
1055fosglaidh slighe nach caol go fearann
1056na Leith-cheathramhan ar bheagán torainn.


1057
1058

Ní théann chum comhnuigh'e annsúd gan imtheacht
1059fríd iar na dtriúch a' cruinniughadh cuideacht,'
1060go mbuaileann páirt i ngné ró-fholláin
1061ar ghaistidhe Chorca Mogha 's a' Chreagáin.


1062
1063

Ag so na haibhne i gcuideacht sruthán
1064ghní suas a' tSifinn fharsaing iomlán,
1065a shuaitheas soiléir líon a n-uisge
1066i ngar do thriúcha Chluain na Brice.


1067
1068

Uadh soin go Baile Áth' Mhóir Uí Cheallaigh
1069tá an tSifinn iasgmhar aga an bhealaigh,
1070's gach slighe go bordúir fhuara thaise
1071eanaigh Dhroigheanáin is mór a gaise.


1072
1073

I bhforraidh Mhuiceanach na rosán,
1074íobraidh a taisge farsaing folláin
1075don tSuc gan taod, gan léim, gan torann,
1076a bheir a hinnmhe suas don tSeanainn.


1077
1078

Is ó theacht na Scot nó Chlanna Míleadh
1079asteach go hÉirinn mar cheann tíre,
1080a d'éirigh na trí Shuc ar gairm
1081anois do ghéig dhá n-uimhir Sifinn.


1082
1083

Tar éis an tSeanainn thaosgach fholláin
1084a thabhairt na Suca faoi n-a sgitheán,
1085bheir aghaidh ar Bheannachuir go gáibhtheach,
1086's dá mhéad a hionnús bídh sí práinneach,
1087


L. 223


1088

Óir ní théann iomlán aga an bhealaigh,
1089an tráth bheir slighe agus ionadh falaigh
1090don Bhrosnaigh Íochtaraigh go huile,
1091le socrughadh 'steach faoi'n sgitheán eile.


1092
1093

The Brosna
1094An Bhrosnach Íochtarach, tá a héirghe
1095as céibh Loch Uail na n-asgann daití,
1096taobh thíos don Mhuileann Gearr i n-aga
1097thomhais dá mhíle nach bhfuil fada.


1098
1099

Sruthuighidh as soin le oiread ionnúis
1100is riaras muilte is iomlán tonnús,
1101éadaighe tuair 's gach úsáid eile,
1102bhíos riachtanach do ghnoithidhe an bhaile.


1103
1104

Treóruighidh as soin gan mórán timchill
1105go dtéann asteach i gceann Loch Innill,
1106'tá i ngar shé míle ar fad, 's a mhaise
1107i dtásg ró-mhór i gcéim na deise.


1108
1109

As a' gceann thiar don loch roimh-ráití
1110sruthuighidh an Bhrosnach nach mbíonn sáruigh'e
1111'na haistear chiúin fríd chiúis Chill Bheagáin,
1112go Baile an Chloirthidh is socraí cosán.


1113
1114

As soin siar go Bail' Ath' Chumair;
1115ní aidmhigheann choích' gur mór a hobair,
1116a' sgoilteadh riasg go dtéann sa tSeanainn
1117i dtriúcha Mhaoistion na magh álainn.


1118
1119

Treóruighidh an tSeanainn le n-a cuideacht
1120fríd Bheannachuir i rian gan dulrucht,
1121go sroicheann fearann féarmhar aedhreach
1122iar Phuirt Omna na gcrann darach.
1123


L. 224


1124

The Little Brosna
1125An dara Brosnach láidir shruth-luath,
1126tionnsgnaidh a gaise ó shléibhte mong-ruadh
1127na Binne Duibhe, soir ó bhaile
1128suanta Uí Luchnáin i ngar Bhiorra.


1129
1130

Treóruighidh as soin le mórán cuideacht'
1131do thig 'na cois-slighe ina himtheacht,
1132go sroicheann porta Chluain na hÍonóg,
1133is Coillte cruaidhe Ruadh' na ndarthóg.


1134
1135

Os coinne Mhílic, eidir fearann
1136Chuntae an Ríogh 'gus Thiobrad Árann,
1137téidh a sruth sa tSeanainn thréin chun comhnuigh'e,
1138an taobh ó dheas do bhrotha Lusmuighe.


1139
1140

As gruadh Chlann Riocaird don taobh eile
1141thig Abhainn theann na Coille Brice,
1142gan dul ar seachrán i gcás eólais,
1143go dtéann sa tSeanainn i ngar Dhubhruis.


1144
1145

Lough Derg
1146Ó Phort Omna na dtor go sroichidh
1147achair gheárr do dh'áth 's do ghaisde
1148Chill Dá Lua i dtír dhúthchais Brianach,
1149tá fíoghar na Sionna i méid ró-iontach.


1150
1151

I bhfad ocht míle dhéag do dh'fhearann
1152tá a gné 's a toirt 'na loch fhíor-álainn,
1153is iomlán leath na haige céadna
1154i mír dhá threasna i gceap na réime.


1155
1156

Cia is Loch Deirg a ainm coitcheann,
1157is gairm cháich don mhír se Sheanainn,
1158le hachair d'aimsir is díobháil eólais
1159an téarma deimhneach céadna chanas.
1160


L. 225


1161

Loch Darghart ainm ársa is gairm
1162an locha gháibhthigh chinntí deirim,
1163mar a bhíodh togha innsidhe an locha faluigh'e
1164ar dtús le coillte dlútha daraighe.


1165
1166

I bhfoirm gart nó magh gur gearradh
1167a dtogha le mian is claon gan fala ?
1168chum úsáid shaoghalta is réidhteach bealaigh
1169do dh'áiteabha aonda daoine is eallaigh.


1170
1171

Amhail Loch Rí tá iomad oileán
1172clútaí féarmhar farsaing folláin
1173astuigh ar Loch Darghart, loch fíor-álainn,
1174's a' loch is faide sine ar Sheanainn.


1175
1176

Eidir Cuntae Thiobrad Árann,
1177mír do Chuntae an Chláir is fearann
1178Chuntae na Gaillbhe gan dórainn,
1179tá an loch so i n-aga ghnáth mar theórainn.


1180
1181

I meóin a' bhealaigh eidir Luimneach
1182is Beannachuir i n-achair dhíreach,
1183tá a shuighéan ? is innsidhe deasa
1184i measg na dtonn i réim a ghaise.


1185
1186

Ainmneacha gnáis ná uimhir
1187oileán chinnte an locha i láthair
1188ní thuigim, le n-a gcur i dtuairim,
1189acht Innis Cealtrach is ársa gairm.


1190
1191

Sa seachtmhadh céad don achair Chríostamhail
1192do chuir Naomh Cáimín, triath budh mheisniúil,
1193seacht dteampla is clogás árd le cruaidh-neart
1194i nInnis Cealtrach i meóin Loch Darghart,


1195
1196

Mar ionad suidhe dhá chuinbhint chéillidhe,?
1197budh dúthrachtach a' teagasg creidimh,


L. 226


1198

do thuisme Mumhan 's gach aon aicme eile,
1199lér bhinn guth deabhóideach na cléire.


1200
1201

I n-am Bhriain Bhóramha bheith 'na stiúraidhe
1202ar iomlán Éireann 's líon a cúigidhe,
1203do rinne an obair chéadna nua-chruthughadh,
1204mar mhír dhá chaithréim ina riaghlughadh.


1205
1206

Eidir Carraic allta an Chomhraic,
1207i dTiobraid Árann na laoch ionnraic,
1208is iar Phort Omna deimhneach toisighidh
1209Loch Darghart gáibhtheach is álainn innsidhe.


1210
1211

Congbhaidh gairm is foirm locha
1212ó iar Phort Omna go Béal Bóramh',
1213port fíor-aoibhinn i ngar baile
1214Chill Dá Lua mar ar luaimneach tuile.


1215
1216

Tá an Chuileantrach i dTiobraid Árann
1217ar aghaidh Bhéal Bóramh', lios fíor-álainn
1218i gCuntae an Chláir i dtriúch Cheann Choradh,
1219áit a stadann aga an locha.


1220
1221

An t-ionad cinntí a rabh mór-theaghlach
1222an áird-ríogh Brian, ceann fine Brianach,
1223is líon Dál gCais budh gáibhtheach gairm
1224i síth, 's chomh sásta ar luadháil airm.


1225
1226

Tá cúig aibhne nach bhfuil éiglidhe
1227as líon a dtriúch is sruth-luath ionnsaighe,
1228a théid faoi seach sa mír se Sheanainn,
1229ó gach taobh do riasga 'n fhearainn:


1230
1231

Abhainn éasgaidh thriúch Chluain Maoláin,
1232bheir líon a huisge is cíos gach fuaráin


L. 227


1233

a buailtear ina slighe don tSeanainn,
1234i ngar iar forraidh an Chnocáin Aoibhinn.


1235
1236

Abhainn luaimneach thriuch na Gráige,
1237sruth nach n-aidmhigheann choidhche a laige,
1238i n-aimsir tuile a' tabhairt a dtacrann,
1239le mian gan claon mar chíos don tSeanainn.


1240
1241

Abhainn na mBuadh 'tá i n-aga bealaigh
1242suas ón nGráig ag Múta Uí Dhálaigh,
1243is dian a triall a' dórtadh a huisge,
1244i mbraoch na Sionna i rian gan leisge.


1245
1246

Abhainn álainn iar Loch Gréine,
1247i gCuntae an Chláir i bhfad a réime,
1248tá sí aedhreach iasgmhar uisgiúil,
1249's ní'l a gaise luath ná leisgiúil.


1250
1251

Taobh thoir don Sgairbh i n-aga bealaigh,
1252téidh a taisge i n-áiteabh ? falaigh,
1253do mhéadughadh innmhe ar bheagán torainn,
1254i rian mar chách i gciúis don tSeanainn.


1255
1256

The Nenagh River
1257Treóruighidh abhainn theann as guramhan ?
1258sléibhe soir ó Aonach Urmhumhan,
1259's ghní a gaise lán luath mórán feadhma
1260'na haistear ghnáth don bhaile chéadna.


1261
1262

Ó thriúchaibh aedhreach Aonaigh sruthuighidh,
1263eidir cnuic is riasga calaidh,
1264gan sgíoth ná stad go dtéann sa tSeanainn,
1265i mBaile Sheáin na mbád 's na mbarcán.


1266
1267

Sin tuairim gheárr ar thogha na n-abhann,
1268a dhíolas áird-chíos leis a' tSeanainn,
1269ó iar Loch Darghart go hucht cairthidhe
1270easgann Chill Dá Lua na ngaisdidhe.
1271


L. 228


1272

Ag ionnsaighe cairtheach díonmhar easgann
1273Chill Dá Lua na gcliar gan dórainn,
1274tarnaidh an tSeanainn thréan a brotha
1275i gcoinne a chéile i bhfoirm srotha.


1276
1277

Doonass
1278Cia 'sé céadfadh an iomad daoine
1279i dtriúchaibh imchiana na críche,
1280gur i gCill Dá Lua na mbarcán
1281tá an t-as nó an charraic is locht ar Sheanainn.


1282
1283

Acht tugadh cách faoi-dear go deimhneach,
1284go bhfuil a' t-as nó an charraic dhruimneach,
1285achair cheithre míle do bhealach,
1286suas thair Chill Dá Lua na manach.


1287
1288

Dún Asa is ainm cinntí coitcheann
1289mar ghairm ghnáth don mhír do Sheanainn,
1290a bhfuil a' charraic is láidir a' seasamh
1291i n-aghaidh na dtonn is teann dá lasgadh.


1292
1293

Acht treoruighidh an sruth gan léim le foir-neart,
1294ó fhíor-bhárr uachtair chinn Loch Darghart,
1295fríd Chill Dá Lua 's uadh soin go sroichidh
1296triúcha liag Dhún As' na n-aillidhe.


1297
1298

Tá carraic thréan Dún As' gan mhearaighe,
1299aga mhór thair dhá dtrian bealaigh
1300'na riasda treasna i mbéal a' ghaise,
1301bhíos síoraidhe a' lasgadh a cnise glaise.


1302
1303

Tá a háirde, a réim, i ngné 's i miosúr
1304chomh mór 's gur dearnadh gáirdín pléisiúir
1305fríd chúirialtacht ar dhruim na sgeilpe
1306is omhnach aedhear os cionn an uisge.


1307
1308

Taobh thall don tsruth ar aghaidh na sgeilpe
1309céadna tá dubh-aillidhe eile,


L. 229


1310

clocha nach bhfuil ró-árd, is sháruigh
1311tréan na dtonn a gcur ó chéile.


1312
1313

Ní bhfuil do shlighe ag iomllán uisge
1314na Sionna, is gnáth bheith ar siubhal gan leisge,
1315le imtheacht acht an mhaint nó an bhearnaidh
1316'tá eidir a' dá sgeilp a d'áirigh.


1317
1318

Ní bhfuil riasda cloch ná cuiléir,
1319mar shíleas cách le faicsin soiléir,
1320i n-achair béal na bearnadh acht domhain
1321síos go fíor-íochtar a' ghrinnill.


1322
1323

Ag cumhainge an bhealaigh, méad an uisge,
1324áirde is cruadhas na bhforraidh sgeilpe,
1325bídh an gaise tréan mar a bhiadh sé ar báinidhe,
1326a' bualadh i n-aghaidh na riasd' 's na n-aillidhe.


1327
1328

Na tonna a' tíacht tar ais le forlann,
1329's ag dul ar aghaidh arís go hain-teann,
1330a' dréim le slighe fhagháil chum na beárnadh,
1331áit a dtéann a suim le fána,


1332
1333

I modh chomh callóideach 's dá gcluinfidhe
1334gleó na mara a' lasgadh aillidhe
1335i n-am stoirme nó toirneach thriomaighe,
1336is bodhar-árd fuaim i n-aimsir samhraidh.


1337
1338

I dtráth don aimsir a chuaidh tharainn,
1339do thionnsgain seóltóiridhe budh léir-ghrinn,
1340fríd mheisnigh bád a threórughadh treasna
1341i n-aghaidh chomhairle a lán le fána an asa.


1342
1343

Dhá fheabhas a ngliocas is a dtallann,
1344níor fágadh clár don bhád go hobann
1345gan réabadh i n-aghaidh na gcloch, is uimhir
1346na bhfear a bhrúdh 's a bháthadh i láthair.
1347


L. 230


1348

Dhá gháibhthighe sgéimh is aedhear na Sionna,
1349ó bhun go bárr tá a lán dá moladh,
1350múchtaí do ghnáth mar gheall ar charraic
1351Dhún As' ar a dtráchtann stair go meinic.


1352
1353

Ní bhfuil rang ná sionta cuiléir
1354le tabhairt faoi-dear i ngné go soiléir
1355i mír ar bioth don charraic lannaigh
1356budh congnamh socúil chum a bristí.


1357
1358

I bhflaitheas buartha an chéad rí Séarlus,
1359sul már thionnsgain olc nó imreas
1360eidir an fhlaith is tionól mhórdha
1361críche Shacson na ngníomh cródha,


1362
1363

Cuireadh fios ar thogha lucht meastaí
1364go ríoghacht na Fraince i dtionnsgnamh breathnuigh'e
1365ar fhíoghar na carraige chum feasa
1366thabhairt uatha i ngné i gcúis réidhtigh'e an asa.


1367
1368

'Sé dubhairt na dearcadóiridhe, an uimhir
1369do réir a gcéadfadh i mbrígh, go mb' éidir
1370an gníomh gan roinn a chríochnughadh i bhfoirm
1371ar shuim ocht míle punt i bhfírinn.


1372
1373

Imreas os árd a' ríogh chéadna,
1374is cailleadh a chinn le lanna géara,
1375chuir tionnsgnamh glórmhar 's maitheas poiblidhe
1376na hoibre cinntí i n-alt ar neimh-ní.


1377
1378

Ní fhéadfadh mairnéalach ná seóltóir,
1379dhá grinne a thuigsin 's a fheabhas do léightheóir,
1380bárc ná bád a threórughadh treasna
1381síos ná suas thair riasda 'n asa.


1382
1383

Anuas ón gcarraic i n-úir Chuntae
1384an Chláir fríd mhóin Dhún As' i slighe aimhréidh,


L. 231


1385

tionnsgnadh canáill nuadh go déanach
1386nár féadadh a thabhairt i líne dhíreach.


1387
1388

Tráth bhias a' chanáill nuadh nó 'n abhainn
1389a d'áirigh, 'tá dhá déanamh i bhfoirm,
1390críochnuigh'e beidh a' tSeanainn álainn
1391dhá chéad míle réidh chum taisdil.


1392
1393

Tá aibhneacha ealadhanta nó canáill
1394dhá ndéanamh i n-iomad triúch do dh'fhearann
1395Laighean nár tugadh fós chum cumainn,
1396i rian le mír ar bioth don tSeanainn.


1397
1398

Ciabé sheasfadh ar fhíor-bhárr sléibhe
1399chnuic Thunn Tuinne lá breágh gréine,
1400i ngar Chill Dá Lua na gcliar dob aoibhinn
1401aedhear thríochad míle do Sheanainn.


1402
1403

A bhfuil ó chathair arsa Luimnigh
1404go hiar Phuirt Omna, triúch na n-iarlaidhe,
1405bheith an t-iomlán eidir uisge is oileáin
1406don áit roimh-ráití réidh le feiceál.


1407
1408

Ó thugas tuairim ghearr ar charraic,
1409ar léim 's ar fhíoghar Dhún As' chomh hionnraic
1410is b' fhéidir liom, 'sé m'inntinn aistriughadh
1411níos faide suas 's na triúcha bhreathnughadh.


1412
1413

Limerick
1414Ó thriúch Dhún As' go cathair Luimnigh,
1415i ngar shé míle suaimhneach sruthuighidh
1416an tSeanainn, 's triallaidh an sáile glas-bhuidhe
1417ón muir don áit se do ghnáth dhá hionnsuighe.


1418
1419

An mhír don chathair chian-aosda allta
1420dhá ngoireann cách "a' Baile Gallda",
1421's ar oileán aonda i meóin a gaise
1422'tá a fhoirgneamha mar roinn dá mhaise.
1423


L. 232


1424

Tá droichead ar gach taobh don oileán
1425chum an tsrotha is omhnach iomlán
1426a thabhairt ar siubhal gan barra ar choisidhe,
1427ná ar mharcach eich le cuim na ngaisdidhe.


1428
1429

An Droichead Maol do thaobh Chuntae Luimnigh,
1430ní bhfuil a achair ná a líon ársaidhe
1431chomh héifeachtach i bhfad le Droichead
1432Thuadhmhumhan, droichead is réimiúil leithead.


1433
1434

I n-achair suas thair chéibh na ndroichead
1435téidh na gaisdidhe nach gann leithead
1436i gceann a chéile i n-aon tsruth álainn,
1437gan cuid ar leith, gan caoin gan teórainn.


1438
1439

Estuary of the Shannon


1440
1441

Ní fada suas thair chathair Luimnigh
1442do shruthuigheas Seanainn fhial na n-innsidhe
1443tráth sgaras i loch i bhfoirm sgiotháin -
1444is omhnach méid is céibh a cliatháin.


1445
1446

A' claonadh siar dtuaidh le hais forraidh
1447Mhainistir ársa an Chláir go sroichidh
1448achair iomlán líon naoi míle
1449i gCuntae an Chláir gan tocht 'na líne.


1450
1451

Ní bhfuil aon loch eile ar Sheanainn
1452acht é se amháin, 'tá do ghnáth gan ainm,
1453nach ar a fhad i n-imtheacht gaise
1454an tsrotha thréin is léar a mhaise.


1455
1456

Ó bhraoch na Sionna ar fad go críochnughadh
1457a sgríbe siar dtuaidh tá sé a' caolughadh
1458in gach céim mar a bheith bárr uibhe,
1459nó builín siúcra 'g oibriughadh roimhe.
1460


L. 233


1461

Ní bhfuil a threasna i n-alt ná i n-éifeacht,
1462sa mír is toirtiúla dhá imtheacht,
1463chomh mór le n' fhad cia is líonmhar folláin
1464uimhir chinntí iasg is oileán.


1465
1466

Ní hé amháin an eang so dho Sheanainn -
1467is iomdha oileán féarmhar farsaing
1468i gcompás sholasach a réime
1469ó chathair Luimnigh go Ceann Léime.


1470
1471

Is dá n-uimhir oileán Innis Catha
1472ar chuir an naomh budh glórmhar beatha,
1473Sionán, aon cheann déag do theampla
1474is clogás álainn árd 'na dteannta,


1475
1476

San gcúigeadh céad d'éis Chríost a ghlacadh
1477colann daonna i ngné gan pheacadh
1478i mbroinn na Maighdine gan follás,
1479gan locht 'na cliú ná tocht 'na sólás.


1480
1481

Budh é Naomh Sionán féin céad abba
1482chuinbhint thásgmhar Innis Catha,
1483innse 'tá chomh hársa i ngairm
1484le hinnse ar bioth dhá bhfuil ar Sheanainn.


1485
1486

Do chuir Naomh Sionán cuinbhint eile
1487ar Innis Lua fá chuimrighe tuile
1488na Sionna i gContae an Chláir, is díothughadh
1489an iomláin fós i ngné gan traothughadh.


1490
1491

I n-achair thrí gcéad déag don aga
1492ionnraic Chríostamhail chinntí dhiadha,
1493chuir Domhnall Mór Ó Briain, rí Luimnigh,
1494mainistir riaghalta ar bun gan partaidhe,


1495
1496

Ar Inns' na gCanánach i n-aice
1497béal na Sionna mar a mbíonn ruithe


L. 234


1498

ag bradáin gheala a' teacht chum comhnuigh'e
1499san bhfíor-uisge fhionn-fhuar i dtús geimhridh.


1500
1501

Amhail Loch Darghart, is iomdha oileán
1502craobhach féarmhar aedhreach folláin
1503thar na trí innse ársa d'áirigh,
1504ó chathair Luimnigh go Point Chiarraighe


1505
1506

Ar chorp na Sionna is líonmhar géaga
1507nach féidir liom a chur le chéile
1508d'easbha tuigseana ar a n-uimhir,
1509ná ar a n-ainmneacha i láthair.


1510
1511

Ó chathair Luimnigh go Ceann Léime,
1512i n-úir Chuntae an Chláir na bhfile séimhe,
1513ní chuirfidh i suim acht líon dá abhann
1514a dhíolas áird-chíos leis an tSeanainn:


1515
1516

The Owenogarney River
1517Abhainn Ó gCeárna is tásgmhar ainm
1518i n-iomlán triúcha eile fearainn
1519Leath Mogha na mílidhe, 's níl a foirm
1520ná a sruth chomh haidhbhseach le n-a gairm.


1521
1522

As loch i mbrotha sean-bhaile aonaigh
1523Uí Fhloinn tig gaise nach bhfuil claoití,
1524's nach maill-triallach go dtéann i gcumann
1525le hAbhann Ó gCearna i mbléin na Tuadhmhumhan.


1526
1527

Treóruighidh an gaise i gcuing gan dealughadh
1528go dtéann sa tSeanainn thréin ag forradh
1529Rois Meanachair, 'tá achair chinntí
1530shé míle siar ó chathair Luimnigh.
1531


L. 235


1532

The Fergus River
1533An Fhorgais, abhainn bháiteach dhomhain
1534is príomh-shruth dá ndíolann cíos le Seanainn
1535ó íochtar Chundae an Chláir go sroichidh
1536Cill Ruis na mbárc, na mbád 's na gcoitidhe.


1537
1538

As Cundae aedhreach fhéarmhar Luimnigh,
1539is iomlán triúcha lúbach Chiarraighe,
1540téidh seacht n-aibhne is tásgmhar gairm
1541gan tocht 'na dtriall le mian sa tSeanainn:


1542
1543

The Feale
1544An Fhéil fhuar fhada i gCuntae Luimnigh,
1545is iomlán álainn ársa an sruth í,
1546i gcuideachta mórán gaisdidhe eile
1547bheir suas don tSeanainn líon a tuile.


1548
1549

An Díl 's a' Mháigh, dhá ghaise thréana,
1550is dian a n-aistear fríd gach léana,
1551brotha corrach 's riasga fearainn,
1552go dtéann faoi leith gan brón sa tSeanainn.


1553
1554

An Smíorlach, gaise is ceann-dána ionnsaighe,
1555's an Bhruic as Cuntae fhéagach Chiarraighe,
1556dhá mhór-shruth eile do lucht feadhma
1557's do thionóntaidhe na Sionna séimhe.


1558
1559

Téidh dian-tsruth Gáile i n-abhainn Chasáin,
1560is treóruighidh araon i n-aon tsruth iomlán
1561fríd mhórán bogach is forraidh trioma
1562go dtéann le chéile i mbéal na Sionna.
1563


L. 236


1564

'S do na trí laidhre ghní an dá abhainn
1565a d'áirigh anois, bheir Muimhnigh a' ghairm,
1566na Trí Casáin chinnte Chiarraighe,
1567fríd n-a mbeith i dtrí ngéaga i gcomhnaidhe.


1568
1569

Is iomdha abhainn iomlán álainn
1570fharsaing iasgmhar théid sa tSeanainn,
1571nár ainmnigh sa duan dhá liachtaighe
1572sruth is gaise líon ar áirigh.


1573
1574

Sin tuairim ghrinn ar fhíoghar 's ar fhoirm
1575na Sionna, príomh-shruth iomlán Éireann,
1576ó bhun go bárr 's ar thogha a ndíolann
1577áird-chíos léithe i ngné go coitcheann,


1578
1579

Ó Lag a' Choire go Ceann Léime,
1580'sé sin iomlán aga a réime,
1581's a siubhal 's gach lúib i lán a líne
1582'tá achair mhór thair dhá chéad míle.


1583
1584

I dtreasna i mbéal na Sionna míne
1585tá achair dhiongbhálta naoi míle,
1586's an aga chéadna i dtrí n-áit' eile
1587le tabhairt faoi-dear mar d'áirigh roimhe.


1588
1589

Ag cnoc Chinn Léime ar aghaidh Phuint Chiarraighe,
1590i ndiaidh ar shiubhail 's ar chuartuigh dho bhealaighe,
1591téidh san muir i rian gan fhaillídh,
1592caogad míle ó chathair Luimnigh.


1593
1594

Loop Head
1595Tá béal-oideas ar bun más fírinn,
1596ag deimhniughadh i ngné go dtéadh ? Cú Chulainn,
1597an gaisgidheach Ultach tréan, do shiolladh
1598treasna dho léim ag béal na Sionna.
1599


L. 237


1600

Léim Chon gCulainn fós is ainm,
1601's a' ghairm ghnáth, don mhír se dho Sheanainn
1602i dtéarma Gaeidhelge i measg lucht áitigh'e
1603na mbordúr céadna, tuisme is aipche.


1604
1605

Ní hé amháin corp simplidhe an uisge,
1606acht meall a' chnuic 'tá i mbléin a gaisdidhe
1607ar ndul amach don tSeanainn théagmhair
1608i bhfíor-bharr Chuntae an Chláir sa tréan-mhuir.


1609
1610

Is Leap Head nó Ceann Léime gairm
1611is ainm ceart na háite adeirim,
1612i n-ionad Loop Head, téarma bréagach
1613tlacht-ghrafóiridhe a sgríobh go déanach.


1614
1615

Dhá gcailltí an Ghaoidhelge léir-bhinn mhilis,
1616cá bhfuighthí an teangaidh nó an fear eólais
1617a gheobhadh amach le grinneas céille
1618gu' b ionann Loop Head is Ceann Léime


1619
1620

'Na n-aois féin mura mbeith go bhfeiceann
1621cách gach dearbhadh dheimhnigheas fírinn
1622chum cruthuigh'e an cháis i ngné go soiléir,
1623gan dochtacht foghlama ná stuidéir.


1624
1625

Acht tá sé cinntí gur 'na gaisdidhe,
1626a' rith 'na ngéaga eidir innsidhe,
1627do ghearr a huisge ó shoin, bhí an tSeanainn
1628i n-aimsir thásdála Chon gCulainn,


1629
1630

'S gur thair na géaga rinn' na hoileáin
1631faoi leith do léim an gaisgidheach folláin,
1632gníomh a sháruigh aon laoch eile
1633i measg thogha Scot-Ghaoidheal Chlanna Míle.
1634


L. 238


1635

I gcomóradh na Sionna tréine
1636le aibhne gáibhtheach' náisiún eile,
1637do fuair mé amach gan tocht ná teagmháil
1638gur bunús Gaoidhelge bhí 'na dtásdáil.


1639
1640

Annsoin do thugas breathnughadh aireach
1641ar ghairm sléibhte, cnoc is caithreach,
1642ar fhocla chruthuigh'e an domhain go léir-ghrinn,
1643's ar thogha na n-aithreach roimh an Dílinn.


1644
1645

Uimhir ghearr dá lán nithe eile,
1646ar feasach cách gurab iad is sine,
1647's a mbeith i mbrígh go réidh le dearbhadh
1648roimh thionnsgnamh tuir na teangtha mhearughadh.


1649
1650

Ní bhfuil aon ní i measg an iomláin
1651nach bunús Scot-bhéarla ró-fholláiin
1652a fuair mé amach a bheith gach ainm
1653dár chuir faoi seach dhá líon i dtuairim,


1654
1655

Do bhríogh go ndeimhnigheann cách go huile
1656nach raibh a' dara teangaidh ag fine
1657daonna ó chruthughadh an domhain go mearughadh
1658Nimriod is tionnsgnamh a thuir a dhíothughadh.


1659
1660

Má bheirim eisiomláiridhe soiléir
1661do chléir, do dh'uaisle 's do lucht stuidéir,
1662gur Gaoidhelge cheart í i ngné gach ainm
1663do líon ar toghadh ? le cur i dtuairim.


1664
1665

Cia déarfas ? nach í an teangaidh chéadna
1666teangaidh dhiongbhálta Ádhaimh is Éabha,


L. 239


1667

acht mar aon teangaidh gan dealughadh,
1668an Eabhrais is a' Ghaoidhelge i n-áireamh ?,


1669
1670

An Laidin eólach bhlasda mhilis
1671is tásgmhar i reacht, i gceart 's i mbinneas,
1672is Gaoidhelge i n-alt 's i ngné gan diamhair,
1673ró-réidh le cruthughadh a síol 's a máthair.


1674
1675

Chum an cháis a chur i dtuairim
1676críochnóghaidh 'nois mo theasd ar Sheanainn,
1677is sgríobhfaidh an tásdáil i leabhar eile,
1678mar dheimhniughadh príomh-éifeacht na Gaoidhelge.


1679
1680

Soin tuairim le tallainn
1681mar threóruigheas a' tSeanainn,
1682príomh-abhainn Éireann
1683is líon innsidhe Breatan,


1684
1685

Ó chuim Laig a' Choire,
1686ceann-tobar a tuile,
1687fríd riasga gach fearainn
1688go híochtar Loch Aillionn,


1689
1690

'S as soin gan tocht feadhma
1691go hárd-chnoc Chinn Léime,
1692mar a n-íobrann a huisge
1693gan liodra ?, gan leisge,


1694
1695

Do thonna na mara
1696gan imreas, gan faladh,
1697eidir Phuint Chiarraighe,
1698mar ar sáir-eólach filidh,


1699
1700

Is cnapach Chinn Léime
1701ar lonnrach gaithe gréine,
1702i mbarr fearainn Chuntae
1703Chlár Tuadhmhumhan, tír aimhréidh


1704
1705

I n-aimsir Chon gCulainn,
1706Mheadhbh Chruachan is Chonaill,


L. 240


1707

is Chon Raoi mic Dáire,
1708triath Muimhneach gan táire,


1709
1710

Le Micheál Ó Braonáin
1711i mBaile Lios Gobáin,
1712i ngar do Ros Comáin,
1713i dtriúchaibh Chill Taobháin
1714is mhainistir Dhoireáin ?,


1715
1716

I ngruadh Shléibh' Báin na gcorra,
1717mar ar faisnéiseach filidh,
1718lucht siansa agus cuideacht,
1719lán deabhóide is daonnacht,


1720
1721

Daoine uaisle agus eaglais
1722is diongbhálta teagasg,
1723más toil leótha mise,
1724le haon ghuth sgor feasta,


1725
1726

Mar tá mé so-chastaí
1727i gcás feadhma mo bhrostuigh'e,
1728gan aighneas ná tagra,
1729so críochnughadh na heachtra.


1730
1731

Seacht gcéad déag an aga ar fad,
1732ceithre bliadhna is nóchad,
1733aois Chríost ar gcur fíoghair Sionna i ndán
1734le Micheál grinn Ó Braonáin.


1735
1736

Éamonn Ó Tuathail.
1737

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services