Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Réilthíní Óir II

Title
Réilthíní Óir II
Author(s)
Mac Clúin, Seoirse, An tAthair,
Composition Date
1922
Publisher
Comhlucht Oideachais na h-Éireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1RÉILTHÍNÍ ÓIR


2
3

LÁ — Táim chó tréith le leanbh lae = leanbh ná béadh ach lá ar
4an saol. An leabhar a thugais dó — san gheóbhair uaidh é lá Philib
5an Chleite = lá deire an domhain. Lá Pheadair is Phóil. Tá
6trí lá 'le Muire ann. Lá maith agat = go raibh lá maith
7agat: beannú é sin. Lá tSin Seáin. Fuaireadar an lá
8orainn = an lámh uachtair: an fear maith. Lá 'le Muire na
9gCoinneal sa Teampal. Lá beirithe brothail é seo = ana-
10the. Ní bhíon ar éinne ach cómhrá naoi lá = 'na dhiaidh sin
11ní tráchtar thairis a thuille. Lá na gcéadta blian é seo =
12lá úntach ná tárlóch ach uair fhada fhada fhánach. Bíon an
13focal san á úsáid gach aon lá sa tseachtain. Ní h-aon lá
14cnuic díbh é seo = lá chun dul ar an gcnoc.


15
16

LAB — Fuair sé lab ar na muca = mór-chuid airgid. Tá
17lab ag imeacht ar na ba an aimsir seo. Tug an cliain-isteach
18lab chuige = póca maith airgid. Ní mór an lab é = ní mór an
19ní is fiú é. Ní mór an lab na bróga san ar phúnt = marga,
20luach airgid. Tá lab agat, a mhic ó = rud gan mhaith — nuair a
21bhíon searús sa chainnt.


22
23

LABHAR — Criochán práta. Labhair = criocháin phrátaí.


24
25

LÁDÁIL — Chuamair 'on nDaingean le ládáil éisc = ualach.


26
27

LADAR — Rud chun ainirthe do scaoile amach ar phlátaí.
28Nách maith a chaithis do ladar a chur isteach sa gcainnt = do rá
29féinig: do cheann a shá isteach. Dheineas ana-ladar ar an
30ndínnéar mar bhí ocras buile orm = ana-lámh: é dh'ithe go
31maith. Dheineas ladar ar an nGaoluinn = mór-chuid di a


L. 2


32

dh'fhoghluim. Dhein na saighdiúirí agus na h-óglaigh ana-
33ladar ar a chéile = marú maith. Dheineamair ana-ladar ar
34an móin = ana-obair. Bíon roinnt mhaith oibre nó díobhála
35sa ladar. Deineadh ladar maith orm ar an aonach = mealladh
36go maith me — duine gur ceannuíodh bó uaidh tamal maith fé
37bhun an méid do b'fhiú í. Dheineas ana-ladar sa scrúdú =
38ana-obair: d'eirigh go binn liom: dheineas ladar maith ar
39an gcuid eile aca. Thugas lán mo ladair liom de sna
40milseáin = lán mo ladhaire.


41
42

LADHARÓG — Tá trí ladharóga ag an lachain sin ar a cois.
43Casúr ladhaire = go mbéadh oscailt thiar 'na chúl chun tairgní a
44tharrac. Ní raibh lámh ná ladhar agam san obair sin = ní
45raibh baint ar bith agam leis. Tá ladhar na bó teinn = ladhar
46a coise: an oscailt a bhíon ins an gcrúib. Tugtar ladhróg
47ar leapa phrátaí go mbéadh dhá leaba eile nó níos mó ag fás
48amach as, ar nós méireana na lámha: nó dhá leapa ag fás
49amach as aon bhun amháin.


50
51

LADHGAIRE — Duine gur béas aige é héin a mhola. Bladh-
52gaire, leis. Cuir uait an bhladhgaireacht, an ladhgaireacht =
53cainnt mhór, bhaoth, thóirtéiseach.


54
55

LADHGAR — Fear mór ladhgair = áiféis molta: mola
56tar ceart. Bíon a leithéid ag breis le n-a bhfuil aige, agus
57fear an cheistnimh ag baint de.


58
59

LÁGHACH — Bíon gach duine lághach go dtéighean bó 'na
60gharraidhe.


61
62

LAGAIM — Ní théighean aon laga ort ach ag plé is ag achran
63= stop: sos.


64
65

LAGHAR — Feic ladhar. Ní bheidh lámh ná laghar agam sa
66rud san = ní bheidh faic le déanamh agam leis. Ní raibh
67lámh ná laghar ná baint agam leis. Ní bheidh laghar ná baint
68agam leis. Cad tá idir ladharacha agat? = ar bun, ar siúl,
69idir lámha.


70
71

LAGHARÁIL — Tán tu ag obair, bail ó Dhia ort! Nílim,
72mhuis, ach ag lagharáil gan éifeacht = obair bheag éadrom sa


L. 3


73

tsiúl agam. Bhíos ag lagharáil leis an gcoirce, féar, móin,
74ó mhaidin = ag gíotáil. Ag lagharáil leis an mbia atán tu
75agus ní á dh'ithe. Cad é an lagharáil atá ort? Táim ag
76lagharáil ag lorg na tlú = ag cuardach leis na ladhracha,
77lámha. Níl sí ach ag lagharáil ar fuaid an tíghe. Tá lagha-
78ráil mhaith sa bhosca = roinnt mhaith mion-rudaí: cleataráil
79mhaith.


80
81

LAG-FHUAR — Bhí an leite lag-fhuar sa mhéis = pat-fhuar.
82Tá an tae lag-fhuar. Lag-chroidheach = lagroidheach. Lag-
83shláinteach.


84
85

LAG-SPRID — Níl aon phúcaí ann, agus sé lagsprid an
86duine fé ndeár an t-eagla = easba mhisnigh. Nó, laige
87spride an duine.


88
89

LAGUIGHIM — Laguigh sé ar mo mhisneach go mór = bhain sé
90dem bisneach (mhisneach) go mór.


91
92

LÁIDIR — Is láidir ná fuil ach an solus comónta anso =
93úntach, éachtach. Is láidir a sheasuíon an tsláinte dhóibh agus
94an obair atá á dhéanamh aca. Is láidir a fuairis seómra
95agus gan é i n-áirithe agat. Táimíd go lán láidir = go
96h-anamhaith as. Tá an lá ana-láidir = garbh, gaothmhar. Nó,
97tá an-fhairrge láidir.


98
99

LÁIDREACHT — Tóg an bainne mar deinfidh sé láidreacht
100(nó láidríocht) ort = cuirfidh breis nirt ionnat.


101
102

SLÁIGE — Thuit sé i laige = as a sheasamh: i bhfanntais.
103Thuit sé chun laige = chaill sé a chuid nirt. Bhí sé ag tuitim chun
104laige i n-aghaidh an lae = an fuinneamh is an neart ag imeacht
105uaidh. Tháinig laige orm. Chuaidh sé chun laige go mór ó
106anuiridh.


107
108

LAIGEACHT — Dá laigeacht é níl sé ró-olc fós.


109
110

LAINNCIDE — Ceangal a bhíon fé bhó, capall, caoira — ón
111gcois tosaigh go dtí an gcos deire.


112
113

LAISTIG — Bhíos ag déanamh cleamhnais leis an gcailín sin,
114ach tháinig fear eile laistig díom = idir me agus an cailín:


L. 4


115

bhuaidh orm. Thánag laistig díot sa scrúdú = fuaireas an lá
116ort. Tá an galar so am basca, agus caithfidh me teacht
117laistig de i slí éigint = é shárú.


118
119

LAISTÍOS — Dheinis go h-olc orm é, ach má thagan tu
120laistíos díom gheóbhair uaim é agus breis = má thagan tu
121fém chómhacht, féin láimh: má gheibhim an greim, an lom, ort:
122an tseans.


123
124

LÁMH — Bhí sí ag siúl agus leanbh ar láimh aici = greim aici ar
125láimh an linbh. Dhein an mada-rua ana-lámh ar na cearca = ana-
126lot: ana-mharú. Tá obair idir lámha agam = á dhéanamh.
127Tá obair ar láimh agam = tógtha, is me chun é dhéanamh, ach gan
128bheith ar siúl. Ní bheidh aon lámh agam sa chúrsa san = aon
129bhaint agam leis: ní dheinfead pioc de. Ní chorróch sé
130a lámh im chabhair, nó i gcabhair dom. Tá an chéad chuid de
131sna Réilthíní seo curtha ó láimh agam = scríte. Chuas fé láimh
132dochtúra. Níl againn ach ó láimh go béal = fáil agus caitheamh.
133Tá sé imithe as mo láimh aon phioc den nGaoluinn a scríobh.
134Tabhair lámh liom ó tán tu díomhaoín = tar im chabhair: i
135gcabhair dom. Ní bhead i bhfad ó láimh nuair a thiocfair = ó
136bhaile. Níor dheinis aon lámh ar an ndínnéar, ar an gceacht;
137nó den gceacht = níor ithis puínn de. Tá lámh á dhéanamh ar na
138h-úbhla = iad á ngoid An áit a dhíon i bhfad ó láimh bíon sé
139míochothromach = gan chothrom. Lean ar do láimh = lean den
140obair atá idir lámha agat. Thugas mo lámh leis an obair sin
141= chuireas uaim é: thugas druim lámha leis. Chuireas uaim
142le cómharthaí lámha é. Is minic muna ndeinean daoine uacht
143(uadhacht) go bhfágaid ar láimh an tsagairt a gcuid airgid = ó
144thabhairt dó á rá leis cad ba cheart a dhéanamh leis. Dheinis
145ana-lámh ar an scrúdú = é dhéanamh go maith — nó go h-olc.


146
147

LÁMHACH — Sé an chéad lámhach a dhein sé a phíopa do tharrac
148chuige = an chéad ní, an chéad ghnó. Nuair a shroiseas an baile
149bé an chéad lámhach a dheineas tig ósta a bhaint amach. Beidh
150an chéad lámhach agam ar an liathróid nua, ar éinní = buala,
151iarracht, tabhairt fé.


152
153

LÁMHANCÁN — bhí sé ag lámhancán leis = ag imeacht ar a
154dhá láimh is a dhá chois (nó a dhá ghlúin).


155
156

LAMHNÁN — Nár thaga chúghainn ach do lamhnán agus poll
157ansan féin. Is féidir éadromán do thabhairt air nuair a


L. 5


158

tógtar amach é is é líona le h-aer. Bolgán = an rud a bhíon
159i n-iasc is é lán d'aer chun é choimeád suas: bolgán snámha.
160Lamhnán = an rud a bhíon istig i liathróid choise.


161
162

LAMPA — Tá lampaí móra bána uisce ar an spéir =
163caisleáin mhóra bhána.


164
165

LÁMHUÍOCHT — Chuir sé lámhuíocht chúgham = síntiús: fághal-
166tas; cabhair. Tá sé ag tabhairt lámhuíochta liom = cabhair:
167ag cabhrú liom: cabhair airgid: cabhair oibre: aon tsaghas
168cabhair earraí. Tabhair lámhuíocht leis an mbochtán, leis an
169obair fhóghanta.


170
171

LÁN — Bhí lán mór fúm ag dul isteach sa scrúdú; ach ní raibh
172ag teacht amach, mar d'eirigh go h-olc liom = eiríghe ó thalamh:
173tóirtéis: meas. Tán sibh ithte le lán = le meas. Ach!
174táim lán díot = dóthanach, cortha, leamh. Bhíos ann lán-
175mhinic = ana-mhinic. Níl aige m'athair ach lán dhá bhó thalamh =
176dóthin, féar, an dá bhó. Lán bó, seacht mba, is mar sin de.
177Tá sé lán = an fhairrge lán suas 'na barra taoide. Bhí
178lán mór fé Sheán tamall, ach is suarach le rá é anois. Tá sé
179lán de lán. Fear mór láin seadh é. Tá lán orainn = an
180t-uisce tagtha isteach orainn i mbád: nó, an taoide líonta
181isteach orainn.


182
183

LÁN-CHRUAIDH — Tá an obair seo lán-chruaidh orainn = ana-
184chruaidh. Mar sin de sna focla eile.


185
186

LANNTÁN — paiste deas báin: paiste réidh glas talún.
187Bhíodar ag súgra ar an lanntán.


188
189

LAOCHAS — Chuirfeadh sé laochas ort bheith ag éisteacht leó =
190misneach, méadú croidhe, tógaint croidhe, móráil. Tá
191laochas orm toisc an duais a bhuachtaint. Tá mac leis 'na
192shagart agus tá laochas maith air dá bhárr, tímpal air.


193
194

LAOI — Caith uait na briathra boga binne mar ní chuirfidh tu
195aon laoithe suain orm = ní thiocfaidh leat me mhealla, me
196dhalla.


197
198

LAPA — Tá lapa ar an lachain, ar an ngé.
199


L. 6


200

LAPADÁN — Duine ná béadh go cruinn chun rudaí a
201dhéanamh: tútach: a bhíon ag lapadáil. Bíon an madra ag
202lapadáil san uisce = ag lapadáil a shnámhan sé. An té a
203bhíon ag foghluim chun snámha ar dtúis bíon sé ag lapadáil.
204Bíon leanbh ag lapadáil sa log uisce. Fág san, a lapadáin.


205
206

LAPRACHÁN — Laprachán linbh = nuair a bhíon sé ag
207tosnú ar shiúl.


208
209

LÁR — An rud ná bíon i gceart bíon sé ar lár. Cheapas
210go raibh rud éigint ar lár ag baint leat = amú; ar iarraidh:
211i n-easnamh. Tá an grogaire (an geárrcach a bhíon ag an
212bhfaoilean) nótálta i lár na n-éan go léir = thar na h-éin go
213léir. Táim ar lár indiu = rud éigint a bheith orm: ní
214féidir liom mo cheart oibre a dhéanamh. Chuaidh an cleas ar
215lár = níor oibrigh sé. D'imir an capall lár an donais orm.
216Sin croidhe-lár na fírine. Tá sí go maith i gcuideachtain:
217ní leigfeadh-sí an chainnt ar lár.


218
219

LASAIM — Bhí sé lasta suas le feirg agam. Lasfadh
220Seóirse chúghat ar bheagán cainnte = eireóch sé chúghat:
221eireóch sé chun feirge chúghat. Níor las gaoth ná grian riamh
222ar éinne ba dheise ná é = níor shoillsigh, ná níor shéid. Má
223thagan feirg (fearg) ar dhuine lasan a chuid fola. Las an
224t-iasc = tháinig ar barra sa bhfairrge — chífá athrú cló ar an
225uisce sa ló aca, nó gealas san oíche. Féach lasta thall é (an
226t-iasc). Ach, mhúch an t-iasc = chuaidh síos ón mbarra.


227
228

LASAIR — Tá an sliabh fé bhár lasrach = barra lasta bheith
229air: tré theine, agus lasracha ann.


230
231

LASÁNTA — Nách lasánta an dial é? = duine a eireóch
232chúghat go tapaidh: gur ana-fhuirist é lasa suas chun feirge:
233a thógfadh suas ana-thapaidh pé rud a déarfá leis.


234
235

LASCA — Tá lasca mo bhróige scaoilte = an chuid di go
236mbíon na greamana ann ón dtrácht thíos suas go dtí i n-aice
237na h-áite 'na gcuirtear an iall isteach. Thugas lasca den
238mbróig dó = trip, buille.


239
240

LASCAIN — Tá an lascain agat anso = fosca, fuithin.


L. 7


241

Ba mhaith liom bheith le h-ais na lascaine aimsir bháistí =
242i dtreó léi.


243
244

LAST — Cad a bhí mar lasc ag an árthach? = ualach, ládáil.


245
246

LASTUAS — Shocruíos an scéal mar seo ach ghaibh an t-uacht-
247arán lastuas díom = chuir sé mo shocrú ar neamh-ní. Beidh sé
248air ag an nGaoluinn gabháilt lastuas den mBéarla =
249buachtaint air, an lámh uachtair a dh'fháilt air. Ní féidir
250gabháilt lastuas den nGaoluinn atá agat = í shárú. Tá an
251díomhaointeas ag gabháilt lastuas díot — le duine ná
252feadair cad a dheinfeadh sé leis an ndíomhaointeas. Táim
253gabhtha lastuas díot san áiteamh. Tá an salachar ag gabháilt
254lastuas de sna gais = ag fáilt an lae ortha. Bímíd a
255d'iarraidh gabháilt lastuas de n-a chéilig. Ghabhas lastuas de
256Sheán ins an scrúdú.


257
258

LÁTHAIR — Láthair tíghe, láthair chruaiche, láthair rínce,
259agus mar sin de. Is féidir linn na cheithre h-áird a dh'fheis-
260cint gan láthair ár mbonn a dh'fhágaint = an áit 'na bhfuilimíd
261'nár seasamh. Chuireas leitir (tuairisc) 'na láthair = chuige,
262go dtí é. Thugas ar láthair a bháite é, agus scaoileas isteach
263= áit.


264
265

LATARACH — Tá latarach mhaith fhairsing talún agam =
266paiste maith. Tá sé amuigh ansan ar an lataraigh.


267
268

LE — Bhí sé ag labhairt go fórsach agus mise ag mola, ag
269mola na cainnte, leis = ag tabhairt creidiúna dhó: á rá leis
270go raibh an ceart aige: go rabhas ag teacht leis, agus mar
271sin de. Ní thuigim an Ghaoluinn ach táim léi = leaga is lé
272a bheith agam léi: mé bheith ar a taobh. Deirtear leis an
273mbó go mbíon sí ag búirthigh = tímpal na bó: 'na taobh.
274Chaitheas cuid mhaith dem shaol leis an nGaoluinn = ag gabháilt
275di. Bíon an fhéasóg ag fás léi i gcómhnuí. Tán tu go
276h-uafásach le maitheas, le feabhas = is éachtach a fheabhas is
277atán tu: chó maith is atán tu. Cé leis imirt? — i gcluiche
278cártaí = cé leis an imirt?: cé hé gur ceart dó imirt?
279Leat-sa imirt. Cé leis léigheamh? — i mbuidhin. Níor
280fhéadas Seán a thuiscint, agus bhí an galar céadna aige liom
281= ba dhocht air, leis, mise a thuiscint. Cuir an madra leis


L. 8


282

an mbó = 'na diaidh. Tá an madra leis an mbó. Tá do
283chosa leis an bhfuacht = gan bheith clúduithe 'na choinnibh. Níl
284aon naomh le Murcha = go bhfuil an ainm sin air. Thugas
285grá dhó le n-a bhreáthacht d'fhear = mar gheall ar é bheith chó
286breá d'fhear. Tá meas agam ort le feabhas do Ghaoluinne.
287Is le droch-chómhartha agus le droch-aimsir a chítear na
288scamaill sin ar an spéir = gabhaid le droch-chómharthaí is le
289droch-aimsir. Sé seo an Domhnach deireanach agat le bheith
290'nár measc. Is éachtach an obair é seo a scrí: uaireanta
291bhéadh seacht leathanaigh scríte le leathanach = uaireanta
292tógan leathanach oiread aimsire le agus gcinn díobh. Bé a
293thuairim go n-oibreóch an t-inneal mar seo, agus thug sé
294teasbána le n-a thuairim = theasbáin conus oibreóch a thuairim:
295conus oibreóch an gléas dréir a thuairime. Tabhair sompla
296leis an bhfocal = á chur i n-úil conus a cuirfí an focal i
297gcainnt.


298
299

LÉ — Tá lé agam leat = leaga: is maith liom tu: táim
300leat, ar do thaobh, i ngrá leat, tagaim leat. Bhuaidh sé
301an post toisc an lé a bheith leis = na daoine go raibh tabhairt
302an phuist aca bheith mór leis. Tá duine éigint ag teacht fé
303n-ár lé = 'nár dtreó: fé n-ár mbráid; chúghainn. Cuirim
304mo pheacaí go léir fé lé na faoisdine seo = fé bhráid. Ní le
305n-a mheabhair a thóg sé an scoil ach leis an lé — máistir scoile
306a bhí i gceist.


307
308

LEABA — Buaileadh breóite me agus b'éigin dom an
309leaba a thógaint (dom féinig) = an leaba a bhaint amach.
310Níl aon chodla orm ach raghad 'on leabaidh. Bhíodar ag imirt
311ar a chéile is ag maga, ach ba ghearr gur tháinig an maga
312chun leaba an dáríribh = nách maga a bhí ann, nó imirt mhagaidh,
313ach a mhalairt. Tá an t-árthach ag teacht ar leaba anncaire
314= áit 'na bhféadfaidh sí anncaire a chur amach. Bhain sí leaba
315anncaire amach. Tá sí 'na leaba luighe-sheóil: i leaba
316an luighe-sheóil — bean go mbéadh teinneas beirtha uirthi.
317Tán tu ag coimeád na leapan = ag fanacht ínti. Bhíos im
318chodla i gceann na leapan, i gcosa na leapan. Níl aon tslí
319agat anso: téir síos chun cos = chun cosa na leapan. Ní
320raibh agam ach réidhleaba = leaba ar an úrlár: leaba tuighe,
321agus mar sin. Leaba shuidheacháin = a bhíon 'na leaba istoiche
322is 'na suidheachán sa ló. Ionntuigh an tocht agus bog é:


L. 9


323

socruigh ansan ar do thoil é: leat an bairlín agus fill
324suas an léine. Bhíos ag cóiriú na tleapthacha.


325
326

LEABHAC — An saghas íle a bhíon sa bhfairrge san áit go
327mbíon bannc raice nó bannc éisc.


328
329

LEABHAIR — Ith suas do leabhair-dhóthin = do lán-dóthin:
330an méid a dh'fhéadfair.


331
332

LEABHAR — Ní chreidfinn é sin uait dá dtabharfá na seacht
333leabhartha dhom ann = na seacht mionnaí. Tá an leabhar ort =
334tugtha agat. Cuireadh an leabhar orm. Bhíos curtha ar an
335leabhar = an leabhar tugtha agam. Ar dheinis é? Ar mo
336leabhar nár dheineas. Táim ar an leabhar, ar mo leabhar =
337an leabhar a bheith orm.


338
339

LEABHRÚ — An chéad dá scríb a iompuightear nuair a
340deintear treabha. Tá sé ag leabhrú = ag cur an chéad dá
341scríb isteach i gcoinnibh a chéile.


342
343

LEABHRUIGHIM — Leabhróinn gur tusa a bhí ann = thabhar-
344fainn an leabhar.


345
346

LEAC — Níor dhíol sé na fiacha fós; ach chuireas ar a lic dhó,
347as a lic dhó, go gcaithfidh sé iad a dhíol amáireach = dheineas é
348dheimhniú go maith dhó: thugas órdú maith láidir ná beidh aon
349teacht as.


350
351

LEACHTA — Táimíd leachta anuas ort = lán de chion ort.
352Feic leaghaim.


353
354

LEADRÁN — Críochnuigh an scéal: tá sé imithe chun
355leadráin ort = é bheith ró-fhada. Tá an cith (cioth) seo ag
356dul chun leadráin = gan críochnú do theacht air go ceann i
357bhfad. Ní leadránuí me go dteastuíon uaidh seacrán ná
358leadrán. Bíon an leadránuí mall. Tá an slaghdán so ag
359dul chun leadránaighe orm = moilleacht: ag leanúint orm
360ar feadh i bhfad. Sé an dial é chun leadráin. Bhí ceist na
361h-Éirean ag dul chun leadránaighe, chun leadrántuíochta.
362leadrán = moilleacht.
363


L. 10


364

LEADRÁNACH — Tá an lá so leadránach, salach = ana-
365bhraistint le faid ag baint leis: mhothófá ana-fhada é: gan é
366dh 'imeacht tapaidh.


367
368

LEAGAIM — Tá ana-leaga agat leis an nGaoluinn = lé:
369cion mór agat uirthi. Teastuíon uaidh £20 ar an mbó, agus
370ní leagfaidh aon phingin anuas den mhéid sin = ní ísleóidh, ní
371bhainfidh, anuas. Tá na bróga leagtha anuas beagán sa luach
372le déanaí. Ní ceart duit bheith am leaga anuas = am chur
373as m 'ainm: am rith síos. Ní maith liom lámh a leaga ort =
374a bhuala ort. Táim leagtha ar dhul abhaile = meághaite,
375beartuithe. Tá an long ag leaga ó thuaidh = ag tuitim ó
376thuaidh: ag imeacht ó thuaidh — leis an dtaoide nó eile. Tá
377sí leagtha ó thuaidh. Tá leaga agat, a bhuachail = gan tu bheith
378díreach — leath-cheann, leath-ghuala, leath-rud-éigint bheith ort.
379Is féidir leaga mar sin a bheith ag éinní. Tá ana-leaga
380leis an sruthán = ana-fhánaidh anuas leis. Tá an obair seo
381go h-uafásach chun duine a leaga síos = a bhrise síos, a
382thraocha. Ní deifir leagáil bheag muna ngortófí thu =
383leaga, tuitim. Bhfuil aon leaga ag dul ins na h-earraí
384fós? = tuitim, teacht anuas. Ba cheart go mbéadh
385an leaga ag an earra ar an bprás sa tómhas =
386go mbéadh an earra níos truime ná é. Ní bhéadh sé
387sásta aon phingin a leaga fé bhun na bhfiche púnt. Tá Seán
388ana leagtha i n'íntin leat = bheith go mór ar aon aigne amháin
389leat: ana-chion 'na chroidhe ort. Ar leaga na súl bhí sé
390marbh = ar chrapa na súl. Bíodh bobhta leaga againn = bobhta
391iomrascála. Téanam ag leaga. Bhaineas seacht leaga as
392sa díospóireacht = mórán leagaí: leagas é, bhuadhas air,
393go minic. Leaga marbh, nó leaga madra = an tuitim
394a dheinean beirt a bhíon ag leaga, ag iomrascáil, nuair a
395thuitid araon ar an dtalamh le chéile — ar a dhá gcliathán.
396Ní bhéadh éinne aca thíos; ach dá n-iompóch duine aca ar an
397nduine eile agus é chur fé thíos déarfá gur bhain sé iompó as.


398
399

LEAGHAIM — Bhí sé ag gol is ag leighe = á shnaoidhe amach.
400Leigheadar ó n-a chéile tréis an Aifrin = do scaradar.
401Leigh ó chéile iad = scar. Táimíd leachta ó n-a chéilig =
402scartha le, imithe ó, n-a chéile. Mhuise, leighe is leatha ort,
403a bhreallsúin. D'imigh leighe na h-abhan ar mo chuid airgid =
404leighe millte.
405


L. 11


406

LEAGA-LAITHE — Tá na leaga-laithe (?) ag an bhfear úd
407thall = radhairse mhór saidhbhris: ana-rachmus: cnoc airgid.


408
409

LEAISTEÁLAIM — Leaisteáil sé = chuaidh isteach ins an
410arm: luigh leis.


411
412

LEAMH — bhí mórchuid den gcainnt leamh go maith = gan
413bhonn: gan mórán brí. Táim leamh díot = mo dhóthin díot
414fachta agam cheana


415
416

LEAMHAN — Tá iobach déanta aige sna leamhain ar an
417éadach = é bheith ídithe aige sna cnuigeana beaga a dh'ithean
418éadach muna bhfuighean sé grian is gaoth anois is aríst — é sin
419nó cosaint éigint.


420
421

LEAMHAS — Tá leamhas agam air = me bheith leamh de.
422Bíon rud leamh nuair ná bíon a cheart-bhlas air — feóil, cig.,
423gan salan. Tae leamh gan siúicre. Bhí sé ag leamh-gháirí =
424ag gáirí istig i n'aigne féin: nó gáire beag go mbéadh
425cló an gháire air ach gan é bheith ró-oscailte. Nó, an gáire
426bheith searbh. Leamhas = tógaint croidhe, teasbach beag,
427áthas, leis. Cuirean an pinsiún leamhas ar na sean-daoine.
428Chuirfeadh an lá breá leamhas orm, nó a chloisint go raibh na
429príosúnaigh go léir leigthe amach.


430
431

LÉAN — Tá léan orm tu choimeád chó fada ag feitheamh =
432aithreachas: ní maith liom gur choimeádas. Mo léan gur
433dheineas riamh é.


434
435

LEANAIM — Leanan mórán trioblóidí an t-airgead =
436gabhan leis. Tá árdeólas ag an ndochtúir tímpal na gcluas
437agus a leanan iad. Chun leanúint ar an scéal — tréis é
438leigint ar lár.


439
440

LEANBH — Ní leanbh ó aréir me go mbeifá ag maga fúm
441mar sin = leanbh a tháinig ar an saol aréir.


442
443

LEANNÁN — Conus tá do bhean? 'Na leannán sídhe sa
444chúinne = gan mór-mhaith.


445
446

LEANÚNTAS — Tá leanúntas aca ar a chéile = cion:


L. 12


447

táid baoch dá chéile, leanúnach ar a chéile: is maith leó a
448chéile, agus bheith i dtreó a chéile. Má tá an leanúntas
449agat ar an nGaoluinn siad na Gaedhilgeóirí is annsa leat =
450cion uirthi, caitheamh 'na diaidh.


451
452

LEAS — Go dtuga Dia ár leas dúinn = an rud is tairbhe
453dhúinn. Leas-mháthair a thógfadh ort é, a stóirín — gráinne
454beag siúicre a thógaint = duine gan croidhe, gan daonacht.
455Seólfaidh an sagart i mbéal ár leasa sinn = i slí, ar shlí, ár
456leasa.


457
458

LÉAS — An blúire den mboghsín a bhíon ar dhá fhioghar na
459spéire nuair a bhíon an chuid eile imithe. Nó, tugtar léas
460ar scamall fada caol a bhíon ar an spéir. Léasacha = mór-
461chuid díobh.


462
463

LEASTAR — Soitheach (sathach a deirtear), bád beag.


464
465

LEASUIGHIM — Bhí sé ag leasú éisc = ag cur salainn air.
466Leasuigh sé an t-arán go trom leis an ím = chuir brat maith
467ime air. Thug sí leasú na leidhbe dhom = leasú den dtean-
468gain, ana-chuid di. Tugtar seana-leasú ar an leasú a
469cuirtear amach ar pháirc nó ar ghort sar a ndeintear treabha.


470
471

LEATH — Ní bheifá gann ar leath an méid Gaoluinne atá
472agat = ba leór duit, níor bheag, leath an méid di atá agat:
473bhéadh do dhóthin agat ar a leath. Ná dein dhá leath ded
474dhícheal = dein do dhian-dícheal: ná bí ann as: gan bheith á
475dhéanamh, agus gan bheith gan é dhéanamh. Gheófá gach ní sa
476tsiopa so ar leath an méid sin — an méid sin airgid.


477
478

LEATH — Níor leath liom an saothar ach rud éigint bheith á
479bharra agam = ba chuma liom: ní bhéadh aithmhéala (aiféala)
480orm mar gheall air, ach mórtas. Níor leath dhuit airgead a
481chailliúint le h-áit go mbainfí as aríst é, agus breis 'na
482theannta.


483
484

LEATHAIM — Nuair a bhuaileas isteach chúichi bhí a croidhe
485ar leatha chúgham le h-áthas = ar oscailt, ar sciobthaigh (sciob-
486aig). Táim leathta ag an bhfuacht = fuacht agus fuacht
487maith féinig bheith orm, i slí ná féadfainn me héinig a


L. 13


488

thabhairt le chéile. Bhí búird ar leatha ann ag an bhféasta =
489fé bhia is fé dhigh.


490
491

LEATHANTAS — Fuair an ráfla leathantas = leathadh amach
492é: deineadh é leathnú: tugadh leathnú dhó.


493
494

LEATH-BHRÓG — Bíon leath-bhróg ar dhuine nuair ná bíon
495air ach aon bhróg amháin. Mar sin bíon rud éigint i n-easnamh
496air, agus ní bhíon sé cruinn baileach. Tá leath-bhróg ar
497Sheán = é bheith i gcás idir dhá chómhairle: bráca air: scéal,
498cig., a bheith aige; ach gan é bheith lán, cruínn. Tá leath-
499bhróg orm mar gheall ar an gceist sin = breallaighe éigint.
500Tá leath-bhróg ar na prátaí agat = gan iad a bheith mar ba
501chóir. Tá leath-bhróg mhaith ag breith orm na laetheanta so =
502bruid: cruatan — oibre nó maoine: bráca.


503
504

LEATH-CHEANN — Tá leath-cheann ar Sheán = gan an ceann
505bheith díreach idir an dá ghualain aige. Tá leath-cheann ar an
506ualach féir, ar an gcoca, ar ghloinne an lampa = gan é bheith
507díreach, ach leaga aige le taobh éigint. Ní fheicfead leath-
508cheann ort go deó = bruid airgid nó eile. Nó, ní leigfead
509leath-cheann ort. Tá leath-cheann go maith ar mo shláinte an
510aimsir seo = gan í bheith ar fóghnamh.


511
512

LEATH-CHUMA — Ba leath-chuma liom púnt a chailliúint =
513ní chuirfinn aon ana-shuím ann. Tá an leath-chuma agat orm =
514bonntáiste — duine, cig, go mbéadh aithne aige ar dhuine eile
515ach ná béadh aige-seo air siúd.


516
517

LEATH-ÉAN — Tugtar leath-éan ar an té ná pósan go
518deó.


519
520

LEATH-IMEALL — Ní ceart duit-se bheith ag cainnt mar
521nuair a bhí an coga ann ní rabhais-se ach ar leath-imeall = ar
522an gclaidhe: ní rabhais istig i gceart-lár na h-oibre.


523
524

LEATH-IMEALLACH — Táim leath-imeallach anso = ar leath-
525imeall, ar an leath-imeall: gan bheith i lár an ghnótha, i
526lár na slí, agus mar sin de.


527
528

LEATH-LÁMHACH — Táim ana-leath-lámhach i láthair na


L. 14


529

h-uaire = ana-bhruid orm: gan é ar mo chumas mo chúraimí
530do fhreagairt.


531
532

LEATHNUIGHIM — Bhíodar bocht go maith tamall ó shoin ach
533tá ag leathnú fútha ana-mhór le déanaí = táid ag tuitim chun
534saibhris ana-mhór: ag dul chun cinn go tiubh i dtaobh airgid.


535
536

LEATH-PHRAGHAS — Níl ach leath-phraghas ar na ba anois =
537leath-airgead. Ní théighean ach leath-phraghas ar uibhe beaga =
538sin a bhfuightear ortha. Ach, scoth-phraghas = praghas cuíbhsach.


539
540

LEATH-SCÉAL — Ní camán ceart é seo ach deinfidh sé leath-
541scéal dom = an gnó i n-inead camán ceart. Bhí leathscéil
542an domhain aige dhom. Ná bí ag tabhairt aon leath-scéal
543dom. Fuaireas cead dul amach 'on mbaile mór ar an
544leath-scéal gur theastuigh iallacha bróg uaim. Dheineas ar
545an leath-scéal céadna é = an leath-scéal céadna, an chúis
546chéadna, a bhí agam.


547
548

LEATH-THARRAC — Nó, leath-tarrac. Tá leath-tarrac briste
549ort = ceann de sna tairric, de sna rudaí le n-a ndeinean
550capall nó asal cárr a tharrac. Tá leath-tarrac ar an
551gcapall = an iomarca den dtarrac beith ar thaobh éigint:
552gan an tarrac bheith i n-ionanas ón dá thaobh. Bhéadh leath-
553tarrac ar bhuachaill dá mbéadh póca leis trom, agus póca
554ar an dtaobh eile folamh: nó dá mbéadh coiscéim bhacaighe
555ann. Bíonn leath-tharrac ar an té a bhíon bocht. Tá leath-
556tharrac ionnat.


557
558

LEATH-THUAIRIM — Thugas leath-thuairim fé cad é an
559sagas Gaoluinne a bhí agat = tuairim chuíbhsach: tuairim
560na béadh ró-chinnte. Níl fhios agam cad is ciall leis an
561bhfocal ach tá leath-thuairim mhaith agam dó.


562
563

LEIBHÉAL — Ní chuirfinn me héinig ar aon leibhéal amháin
564leat = aon scór, aon imeacht amháin. Dhein an ghaoth leibhéal
565ar na stácaí = iad do leaga. Tá an tig ar leibhéal =
566leagtha síos go talamh: leibhéaladh go talamh é. Ná téir ar
567aon leibhéal amháin leis an spiaire sin = aon rian amháin,
568aon scór amháin. Níl an t-úrlár so ar leibhéal = leibhéalta:
569cothrom. Tá an bata 'na leath-sheasamh i gcoinnibh an fhalla =


L. 15


570

leath-cheann a bheith air: gan bheith 'na sheasamh díreach. Ná bí
571ag leibhéal ar an obair sin, mar béidir nách fearra a dheinfá
572féinig é = á lochtú: ag déanamh droch-chur-síos air. Dhein sé
573leibhéal orm, ach tiocfad suas leis = droch-chainnt ghéar. Nó,
574bhí sé ag leibhéal orm = ag déanamh cur-síos orm, ar mo
575thréithe, ar mo shlí bheatha, agus mar sin.


576
577

LEICTHE — Tán tu leicthe go maith = gan bheith láidir:
578deóchailleach: gan fulag: drochshláintiúil: i ndroch-shláinte.


579
580

LEIDHB — Thug sí leasú na leidhbe dhó = leasú na teangan:
581paiste maith di.


582
583

LEIDHBÁLAIM — Nó, leidhbaim. Tá an pláta leidhbálta
584(leidhpálta a deirtear) aige go glan = an teanga tugtha
585aige dhó. Thug sí ana-leidhbáil dó = ana-leasú den dtean-
586gain. Tá sé leidhbtha agam (leidhpa a deirtear) = leidhbálta.


587
588

LÉIG — Tá an focal san ag dul i léig = ar ceal: ag
589imeacht: as úsáid. Tá an t-iascach ag dul i léig mar ná
590fuil aon airgead ar an iasc. Is olc a deineadh teanga na
591tíre seo a leigint i léig = leigint di imeacht.


592
593

LEIGHBÁN — Tá leighbán teangan aige = ana-theanga
594teanga ana-mhór. Cuid den iasc seadh an leighbán.


595
596

LEIGHBÓG — Nó leidhbóg. Leidhbóg óinsíghe = óinseach a
597bhéadh liobarnach bog ínti féinig — ar nós an phlubaire
598amadáin.


599
600

LEIGHCIDE — Tá mo bhróga 'na leighcidí = iad a bheidh lag,
601gan aon ana-chaitheamh ná neart ionnta. Táid 'na leighcidí
602ag an mbáistigh anois bíodh is go rabhadar ar fóghnamh go dtí
603so. Leighcide búird, fir, leighcide d'aon ní — nuair a bhíon
604an rud lag, agus gur fuirist é bhrise as a chéile. Tá poll i
605lár na leighcide bróige sin. Fág an áit sin, a leighcide.


606
607

LEIGHEASAIM — Leighis an dochtúir me ó ghalar, ar ghalar:
608leighis sé mo ghalar. Beart gan leigheas foighne is fearr
609air.


610
611

LEIGIM — Leig anuas an fhinneóg = ísligh. Leig an braon


L. 16


612

= leig amach, scaoil amach, as an rud tinn. Mar sin:-
613leig do chos, leig do mhéar. Bhfuil an braon leicthe (licithe)
614amach fós? Bé go leigfeadh Dia seans éigint orainn = go
615mbuailfeadh Sé seans éigint orainn, nó linn. Chuala an
616focal ach do leigeas thar mo chluasa é = níor thógas isteach im
617cheann é: níor thógas ceann do. Tig le leigint = le cur.
618Leig liom is leigfead leat = ná bac liom, is ní bhacfad leat.
619Tán tu ag leigint leat féinig ró-mhór = an iomarca ceada a
620thabhairt duit féinig: gan srian a choimeád ort héinig — i
621gcainnt nó i ngníomh. Má leigeas gáire leat féin bíodh
622fhios agat nárbh í do chainnt do b'annsa liom = gáire a
623dhéanamh mar gheall ar an gcainnt a dúbhraís. Nuair a
624leigtear an lámh theinn tagan an braon amach. Aithneóinn thu
625ar leigint na súl = gan ach mo shúile do leigint ort. Muise,
626nár leigidh Dia dhúinn sibh féin is bhúr gcainnt = eascaine ana-
627éadrom: droch-rath oraibh agus ar bhúr gcainnt. Gan tu
628leigint dom (nó, gan tu mhór-leigint dom), chun teacht
629isteach anso chó luath ar maidin = ón ndial go bhfuighir a
630thairbhe agus teacht isteach chó luath so. Gan tu leigint
631dom chun bheith ag cainnt i n-árd do ghutha i gcómhnuí. Gan
632tu leigint, nó mhór-leigint, dúinn chun éinní. Ligim a
633deirtear.


634
635

LÉIGHIM — Tá an cigire go h-éachtach chun léigheamh ar dhuine
636= chun a thuiscint cadh é an saghas thu ó bheith ag féachaint ort:
637cad a bhíon ar siúl agat, agus mar sin de. Léigh sé orm =
638d'aithin sé orm cad a bhíos chun a dhéanamh, cad a bhí déanta
639agam, cad a bhí ar íntin agam, cad a bhí im chroidhe. Is
640maith an duine léigheamh (nó léighte) thu = chun duine a bhrath,
641a thabhairt fé ndeara. Léigheas air go raibh sé chun marú a
642dhéanamh ón imeacht a bhí fé. Sin é mar do léigheas ar an
643gcainnt = sin é mar thuigeas í, sin é an t-adhmad a bhaineas
644aisti. Ar chualaís go bhfuair an pápa bás? Seadh, léigheas,
645air sin cheana = chuala cúntas tímpal air: nó, léigheas na
646thaobh sa pháipéar. An raghair ar an gcnoc? Táim ag
647léigheamh air = ag cuímhneamh air. Tá sé léighte agam dul =
648beartuithe, meághaite. Is mó rud go mbím ag léigheamh air
649nuair ná bíon éinne im theannta = ag cuímhneamh, ag
650smaoineamh.


651
652

LÉIM — léim ruthaig = léim a tugtar tréis fásca reatha a


L. 17


653

thabhairt chuige. Thug sé fásca ruthaig fén léim, fén gclaidhe.
654Léim sheasta, nó léim chuirp = léim a thugan duine as a
655sheasamh, as féinig — gan rith a thabhairt chuige. Léimfeadh
656seana-bhean na maidí croise an méid sin. Baineadh léim
657asam = preab, geit. Léim fhásca ruthaig = léim ruthaig.
658Níl aon mhaith ann chun léime. Chaith sé léim fhásca ruthaig.


659
660

LÉIMIM — Chuireas ag léime chun feirge é = fraoch feirge
661do léimim chur air.


662
663

LÉIMREACH — Tá an choinneal ag léimrigh.


664
665

LÉINSEACH — Tá an fhairrge 'na léinsigh ghil = ana-chiúin:
666'na plána: ana-íseal. Ní raibh sí 'na léinsigh indé mar bhí
667imeacht na gaoithe rud beag uirthi.


668
669

LÉIR — Tá Séamas ana-léir = ana-ghéar: ana-shlachtmhar
670tímpal gnótha. Is deacair é shásamh mar tá sé ró-léir.
671Bíon sé ag obair go luath léir = go tapaidh agus go slachtmhar.
672Fear luath léir seadh é. Deirtear ná raibh luath is léir
673riamh le n-a chéile.


674
675

LEIRG — paiste maith talún a bhéadh leibhéalta: nó
676cliathán cnuic ná béadh cnapánach garbh.


677
678

LEISCE — Conus tá giolla na leisce? — le duine leisciúil.


679
680

LEISCIÚLACHT — Ag dul i leisciúlacht atáim = ag árdú
681orm atá an leisce.


682
683

LEITH — Teasbáin i leith chúgham an leabhar = an treó so.
684Tá muíntir an tíghe imithe agus gach ní im leith; nó, dh'fhágadar
685gach ní im leith = é ar mo chumas lámh a leaga ortha go léir:
686cead agam chúcha go léir. Chailleamair smut den Aifrean i
687leith is ná raibh an sagart istig = chó maith agus ná béadh sé
688istig — ní raibh fhios againn é bheith ann. Cheannuíos droch-
689chapal a cuireadh 'na luighe gaidhte orm i leith capaill mhaith
690= cuireadh orm i leith capaill mhaith é: i n-inead capail
691mhaith — an fear a dhíol á ínsint go raibh sé 'na chapall mhaith
692agus do cheannuíos é á mheas san. Ní ceart dúinn dul a
693chodla fós i leith is go bhfuil an Saor-Stát againn = á rá linn


L. 18


694

féinig go bhfuil sé againn. Glaodhas air, ach do lean sé den
695obair i leith is nár chualaidh sé me = á leigint air nár chualaidh:
696chó maith agus dá mba nár chualaidh sé me: fé mar ná clois-
697feadh sé me. Labhair sé im leith = ar mo thaobh, im fhabhar.
698Ghabhas siar agus bhí gach poll is pruais fém leith sa treó
699san = im choinnibh. Dá bhféadfainn é ní h-iad mo chluasa
700ba mhian liom a dh'fhágaint fé leith do dhuirn = féd dhorn chun
701buille a dh'fháilt: fé threó do dhuirn. Tá Muíntir na
702h-Éirean i leith Dháil Éirean = ag brath air. Tá na feir-
703meóirí i leith na h-aimsire chun a gcuid earraí do shábháilt.
704Táim i leith na déirce, fóiríor = ag imeacht leis an ndéirc,
705i n-aon treó amháin leis, ag brath air.


706
707

LEITE — Níl ann ach ceann leitean = ceann ná bíon aon
708ana-thuiscint ann, ná aon ana-ní eile.


709
710

LEITHEAD — Thómhais an gréasaí mo chos ar a faid agus
711ar a leithead agus ar a h-aoirde. Níl againn ach dhá leithead
712an tíghe seo de bhlúire prátaí.


713
714

LEITHÉID — Tá an fear san scópúil rábach leithéid Sheáin
715 = ar chuma Sheáin. Tá sé go h-olc do leithéid-se. Tá sé
716conntabharthach (cúntúrthach) bheith ar an bhfairrge leithéid an
717lae indiu = lá de shaghas an lae indiu. Ní thuigean mise ná
718mo leithéid eile fadhb den tsaghas san = éinne eile mar me,
719cosúil liom. Dá bhfeicfeadh sé tusa nó do leithéid eile
720chuirfeadh san lán a chroidhe d'áthas air.


721
722

LEITHÉISE — Bean fhuar chun gnóthaí a dhéanamh. D'fhágfadh
723sí 'na diaidh gan déanamh iad. Bean chliste an taobh eile.
724Dheiseóch sí na stocaí, cig, ach scaoilfeadh an leithéise iad agus
725mórán eile trí n-a ladhracha. Is éachtach na leithéisí ban
726iad.


727
728

LEITHILIG — Chuireas an méid sin airgid ar leithilig = i
729leath-taoibh, i n-áit dó féinig. Shuidh an stróinséar ar
730leithilig, nó ar leithirig = i n-áit dó féinig: i gcúinne as an
731slí choitianta. Fear ar leithirig é sin = fear ann féinig:
732fear de shaghas ar leithirig: de shaghas fé leith.


733
734

LEITIR — Nó litir. Ní bhfuaireas aon fhreagra ar mo


L. 19


735

litir, as mo litir. Thugas an litir fém láimh = chuireas
736m'ainm léi.


737
738

LEITHREACHAS — Tá leithreachas agam á dhéanamh ort =
739táim ad chur ar leithirig — ar aon tsaghas slí: cóir fé leith á
740chur ort — pé aca i dtaobh dúthrachta nó faillíghe. Tá
741scamaill leithreachais sa spéir = a bhíon ag imeacht leó
742féinig: scamaill aonracha. Is mór an fear leithreachais é =
743fear ar chuma dá chuid féinig: go mbíon imeacht fé leith ag
744baint leis. Nó, leithreachais. Bhíodar 'na gcómhnuí ar
745leithreachais.


746
747

LEITHREACHAISEACH — Is leithreachaiseach an fear é =
748fear a bhíon ag imeacht i leath-taoibh: a bhíon ag imeacht
749leithreachasach. Nó, leithreachasach.


750
751

LEÓMHAIM — Ní leómhfainn dul ann = ní bhéadh sé de
752mhisneach agam. Deinean an mh srónuíocht do chur i bhfeidhm
753ar an ó. Ní leómhaite dhom buala amach ag an leanbh ar
754eagla na teine = ní dh'fhéadfainn, nó níor cheart dom, a
755leómha. Ach, ní lamhálfadh an tsláinte dhom buala amach = ní
756leigfeadh: agus labhartar é fé mar do bhéadh sé scríobhtha
757lauálfadh.


758
759

LEÓN — Lá leóin = lá léin, lá bascaithe. Nuair a bhíon
760duine chun rud éigint díobhálach a dhéanamh bailíon sé an
761león chuige = droch-fhuadar: bhéadh león an ghnímh sin bailithe
762roim ré. Tá an león bailithe indiu chun tabhairt fé thruacail-
763saighdiúirí.


764
765

LEÓNAIM — León sé a alt. Ach rud eile seadh é chur as
766inead.


767
768

LEÓR — Is cuma liom mar gheall ar an bhfeóil mar
769gheóbhainn leór leis an ainirthe (anbhruith) = mo dhóthin. Gheóbh-
770ainn leór le prátaí chun dínnéir = sásamh mo ghoile.


771
772

LÍ — Níl lí na lé aige = tá sé dealbh bocht: gan faic: gan
773seóid-a-bharra. Níor fhág na dubhchrónaigh lí na lé sa tig
774agam = éinní.
775


L. 20


776

LIA — Ní liatha tír ná nós (sin é mar a deirtear é) = ní
777iomadúla tíortha ná nósana an domhain.


778
779

LIACHT — Níl an focal san agam fós agus a liacht uair a
780chuala uait é = agus a mhinicí a chuala. Dá liachtaighe uair
781a déarfá liom é ní dh'fhéadfainn é choimeád. Nó liathacht.
782Níl sé déanta fós agus a liathacht uair a dúbhart leat é
783dhéanamh. Dá liathacht uair a chuireas chun é dhéanamh níl sé
784críochnuithe fós.


785
786

LIADHAIRNE — Duine leisciúil: ná téighean ag triall ar
787a ghnó: fear fuar aimsir ghnótha. Ní gná iasc sa líon ag an
788liadhairne díomhaoín — sean-fhocal.


789
790

LIAG — Bhí liag mhór chloiche ann.


791
792

LÍAN — Úirlis a bhainean le saor cloch — chun an mairtéal
793a leatha.


794
795

LIATH-BHUIDHE — Liafuí a deirtear. Bhí an liath-bhuidhe
796orm le scannra — tógan sé ana-eagla chun an liath-bhuidhe a
797chur ar dhuine. Chuir sé an liath-bhuidhe orm — duine a shocruigh
798féin ar nós spride sa doiritheacht (doircheacht).


799
800

LIATH-DHEARG — Gné datha é sin. Liathghorm = bán-ghorm:
801gorm ná fuil láidir.


802
803

LÍGHIM — Bhí an cat ag líghe mo lámha = ag tabhairt na
804teangan di.


805
806

LÍNE — Tá líne mhór fén gcirc = an méid ubh go mbíon
807cearc ghuir 'na luighe ortha.


808
809

LÍNTÉAR — Slí chun uisce a thabhairt treasna fé bhóthar
810agus é scaoile ar aghaidh. Bíon siad i bpáirceana, leis, chun
811an t-uisce a thabhairt leó. Tá an gort so lán de líntéirí.
812Tá rud éigint ag stop an líntéara. Nó, linntéar.


813
814

LÍOBAIM — Deinean an bhó an gamhain do líoba. Tá sé
815líobtha (líopuithe). Tugadh líoba den dteangain dom —
816nuair a bhéadh scobhlaeracht ar siúl = scríob, leidhb, buille.
817


L. 21


818

LIOBAR — Thug an fear liobar den hata, den dtúáille,
819dhom = buille de rud éigint bog a lúbfadh. Liobar de
820théadán, de scothán feamanaighe. Tugtar liobar ar an
821té a bhíon neamh-chruinn, neamh-shlachtmhar. Dá mbéadh an
822t-aer imithe as liathróid bhéadh sí 'na liobar. Bhuaileas
823liobar den leabhar, dem láimh, air = buille bog liobarnach.
824Thugas liobar don liathróid = buille neamh-chruínn. Thugas
825liobar fé — buille fé i slí ná béadh fhios agam cá mbuailfinn
826é, nó an mbuailfinn i n-aochor é.


827
828

LIOBARNACH — Nách liobarnach ataoí'n tu — dá dtuitfeadh
829leabhar as láimh dhuine. Bhéadh na lámha liobarnach dá mbéadh
830barraí na méireana crapaithe leis an bhfuacht.


831
832

LIOBÓG — Bean a leigean mórán gnóthaí trí n-a lámha.
833Ní bean ghasta í, agus leigean sí mórán neithe uaithi a
834choimeádfadh an bhean ghasta suas.


835
836

LIOCHTÁN — Carn cloch. Nó leachtán.


837
838

LÍOMÁNUIGHIM — Bhíodar ag líománú orm = ag eascainí
839go trom.


840
841

LÍOMÓIT — Tora buidhe cosúil le h-óráiste. Líomóid
842sa bhfoclóir.


843
844

LÍONÁIL — Tá líonáil ar bharra an uisce = snas gorm,
845nó aon tsaghas clúdaigh. Bhéadh ar bharra an tae dá mbéadh
846sí i bhfad stadaithe (stataithe), nó ar an dtobar. Deirtear
847níonáil, leis.


848
849

LÍONAIM — Tá an ioscóid ag líona, ag bailiú = an braon
850ag teacht ínti. D'fhanamair ar an gcarraig gur líon
851orrainn = gur líon an fhairrge isteach orainn.


852
853

LIONN DUBH — Galún leanna duíbhe.


854
855

LÍON-RUITH — Tá líonruith air = preabarnach 'na chroidhe:
856(go minic) mearathal. Tháinig líon-ruith agus mearathal orm
857nuair a chonnac an taidhse (taidhbhse) = scannra: léim mo
858chroidhe isteach im béal, agus dhein ana-phreabarnach Dá


L. 22


859

mbéadh buachail ag foghluim conus snámh a dhéanamh thairicéóch
860sé a anáil i slí ait nuair a cuirfí isteach san áit doimhin é,
861agus thiocfadh líon-ruith air ar feadh leath-nóiminte. Bíon
862líon-ruith ar shean-duine i gcoinnibh an chnuic = builean an
863croidhe níos tiubha (tiúa) aige.


864
865

LÍONTÁN — Líon beag: nó, gabhlóg agus líon ar a barra,
866'na barra.


867
868

LIOPA — Tá liopa mo bhéil teinn = ceann de sna beóla.
869Liopa na cluaise = an chuid íochtarach di a bhíon bog leabhair.


870
871

LIPÍN — Bhíodar 'na lipíní maol-bháite, 'na lipíní báite:
872bhí sí 'na lipín mhaol-bháite: bhí sé 'na lipín mhaol-bháite — ag
873an gclagarnach bháistí = fliuch báidhte: chó fliuch is is féidir
874fliuch a bheith.


875
876

LIUCUIGHIM — Nó, liocuighim. Tá turtóga thall is i
877bhfus anso, ach dá mbéadh an áit liucaithe bhéadh sé go deas =
878ar leibhéal: leibhéalta. Táim á liucú = á leibhéalú.


879
880

LIÚDAR — Thugas liúdar dhó = buille bhais: buille den
881tslait: liúdar den maide: hainnse: ach ní cnag é.


882
883

LIÚTAR-ÉATAR — Cad é an liútar-éatar atá oraibh?
884= ana-screadaíl: ana-gheóin. Tháinig sé isteach agus
885liútar-éatar aige cá raibh na ba imithe = ana-screada
886glóir: screaduíl. Nó, liútar-léatar. Beidh sé 'na
887liútar-éatar i n-Éirin againn aríst muna ndeinfar socrú =
888tré-chéile: 'na phraisigh. Bhí sé 'na liútar-eatar idir
889ire is Sasana.


890
891

LOBHAIM — Tá na prátaí ag lobha, nó ag lobhachtaint,
892orainn. Táid lobhaite, nó lobhtha, cheana.


893
894

LOCH — Chuaidh sé fé loch = fé uisce — fear a léim isteach san
895uisce ceann ar aghaidh. Chuireas mo cheann fé loch-bíodh is
896ná béadh i gceist ach tobán uisce.


897
898

LOC — Saghas póna chun caorach. Gleann luic — sin ainm
899áite. Bhailigh na saighdiúirí na daoine isteach i n-aon loc
900amháin = áit 'na mbéadh daoine nó aon tsaghas ainmhithe
901teanntuithe isteach le chéile Bíon an pobal i n-aon loc


L. 23


902

amháin nuair a bhíd istig i dtig Dé — istig sa tsáipéal
903(séipéal): ní gá dhóibh bheith brúite. Bíon na daoine agus
904na beithígh i n-aon loc amháin ar pháirc an aonaigh.


905
906

LOCA — Nó luca. Luca olla (olna) = lán do dhuirn di:
907an méid a thógfadh do lámh amach. Bhí lucaí cúráin (cúbhráin)
908le béal an mhadra, an chapaill: ar an bpórtar; ar
909dtráigh = blúirí beaga cúrain.


910
911

LOCÁISTE — Fuaireas locáiste ins na bróga = lagú:
912an méid airgid a maithtear. Fuaireas ar leath a luach'
913iad: ar leath a bhfiacha.


914
915

LOCHT — Ní hé do locht do luighead = má tá locht ort ní hé
916tu bheith ró-bheag é.


917
918

LÓCHTAINT — Ní raibh ann ach an lóchtaint ar a sé ar
919maidin indiu = geala an lae.


920
921

LOCHTUIGHIM — Tá an t-éadach rud beag bun-ós-cionn 'na
922dhath im shúile-se, ach ní lochtóch an méid sin é = ní h-aon ana-
923locht air é.


924
925

LOG — Leighe na log ort — eascaine é sin. Is tapaidh an
926leighe é; mar, nuair a thagan an ghrian, bhíon an log leachta
927imithe trim i gceann nóiminte agus gan aon phioc de fágtha.
928D'itheas, nó d'ólas, an iomarca, agus tá sé 'na log ar mo
929chroidhe = i n'ualach, stadaithe, ar mo chroidhe. Is mó a
930bhainean log leis an ndigh, agus an stalca leis an mbia.


931
932

LOGHA — Nách mór an logha nár cailleadh éinne anso riamh
933gan an sagart = fuascailt ó dhlí: tabharthas fé leith — ó Dhia
934anso. Sin é an logha fuair an cailín — dhá oíche sa tseachtain
935bheith saor aici = cead. Bíon loghana ag dul le paidreacha,
936leis.


937
938

LOGAL — An poll 'na mbíon an tsúil.


939
940

LOGARTHA — Tán tu ag féachaint lom logartha = log anso
941is ansúd ort: na pluic tuitithe isteach — agus na súile


L. 24


942

súighte isteach sa cheann uaireanta. Oirean sé dos gach
943aon ainmhí.


944
945

LOIGÍN — Buaileadh anuas i loigín an bhaithis me = an lag
946a bhíon isteach sa cheann idir an mullach agus an t-éadan
947Ísleán seadh é a bhíon isteach i gceann an linbh go mór mór.


948
949

LOILÍGHEACH — Bó ar a bainne: bó a bhíon ag tabhairt
950bhainne.


951
952

LOINGEAS — Tá mórán loingeasa ag gabháilt an treó
953anois = árthaighe.


954
955

LÓIPÍN — Sneachta na lóipíní = sneachta lóipíneach:
956sneachta cáithte; sneachta a thuitean go breá bog.


957
958

LOISCIM — Níor loisc seana-chat é héinig riamh — toisc é
959bheith ró-aireach gasta chuige.


960
961

LOM — Níor chuireas lom díreach chun na h-oibre fós =
962díreach díreach. Chuir sé 'na luighe lom orm go raibh an
963ceart agam = 'na luighe go daingean. D'eirígheas lom
964díreach as an bpost = díreach ar fad. Táim ana-lom sa
965tsaol = ana-bhocht. Bhíos i bhfad ag faire ortha agus fuaireas
966an lom (ortha) sa deire chun iad a threascairt = an tseans,
967cothrom, caoi, faill. Níl sa méid adúbhart ach lom na
968fírine, lom an chirt = an fhírine ghlan; an ceart ar fad.
969Fuaireas an t-eiteach uaidh lom díreach. Coirce lom =
970cáithte, glan.


971
972

LOM-AOSTA — Tá sí lom-aosta = cuíbhsach aosta. Bíon
973duine amhlaidh nuair a bhíon an 40 fágtha 'na dhiaidh aige, an
974léim ag cailliúint, agus mar sin.


975
976

LOMA-CHAITHTE — Tá sí loma-chaite tréis a clann a
977thógaint.


978
979

LOMA-CHEART — Bhí an loma-cheart agam chun na páirce —
980bun-ós-cionn leis an éagóir agat-sa = an ceart ar fad.


981
982

LOMA-LEATH — Deineadh dhá loma-leath dem chamán =
983dhá leath lom díreach: dhá leath chothroma.
984


L. 25


985

LOMHNÁN — Is éachtach an lomhnán fir é = bolg mór a
986bheith air: bíon a leithéid neamh-chúnláisteach agus tógan
987mórán slí. Ní dh'fhéadfainn a thuille a dh'ithe mar táim chó
988teann le lomhnán = ana-lán: ní dh'fhéadfadh a leithéid a
989thuille a chur siar. Lamhnán.


990
991

LOMRA — Tá lomra na gcaorach (nó na caorach) sa spéir,
992ar an spéir = scamaill mhóra bhána. Ach, bearra na gcaorach
993= scamaill chaola dréimreacha a chuirean deárthamh na
994caorach beárrtha ar an spéir.


995
996

LON — Raghainn 'on mbaile mór dá bhfuighinn an lon air =
997ciúineas idir dhá ghála: nó triomach idir dhá chith (cioth).
998Tá lon tagtha = stad báistí, gaoithe, is mar sin de. Thabharfá
999lon ar thamal saoire idir dhá bhobhta oibre.


1000
1001

LÓN — Lón síorruídhe = an Chomaoine a thógan duine ag
1002imeacht as an saol dó.


1003
1004

LONNA — Lonna an mhaide rámha = an áit go mbíon an
1005lámh air. Níos sia amach bíon an caol — caol an mhaide
1006rámha: agus níos sia amach arís an bhas. Cluas an mhaide
1007rámha seadh blúire leis héinig go mbíon an dola aníos tríd.


1008
1009

LONNUIGHIM — Cá mbíon na caoira ag lonnú aimsir an
1010bhrothail? = 'na gcómhnuidhe coitianta. Ní ceart duit bheith
1011ag lonnú an tíghe sin = bheith ag dul ann agus bheith ann, go
1012minic.


1013
1014

LORGAIREACHT — Táim cortha ó bheith ag lorgaireacht na
1015scine ó mhaidin = bheith sa lorg — lorg fada.


1016
1017

LOSCA — Tá losca doighe orm = an dógha a bhíon i gcroidhe
1018dhuine nuair a dh'íosan sé rud ná taithníon leis: bíon an
1019croidhe ag dógha.


1020
1021

LOSNA — Córda beag a bhíon ar an spiléar (spléar) agus
1022go mbíon baoite air agus dubháin. Losnaí.


1023
1024

LOT — Ní bheidh Rialtas Shasana sásta ár srón ar fad a


L. 26


1025

thabhairt dúinn gan lot éigint do chur ar an ngnó = é mhille, é
1026chur siar, i slí éigint.


1027
1028

LUACH — Tá luach an airgid, luach do chuid airgid, go maith
1029agat sa bhó a cheannuighis. Tá cheithre luacha ar gach aon ní sa
1030tsiopa san = gach ní bheith cheithre uaire níos daoire ná mar ab
1031fhiú é — nó, ná mar a bhí sé. Tóg leat na bróga ar £2 agus
1032beidh cheithre luacha an airgid agat (ionnta) — an siopadóir a
1033déarfadh le lé is leaga leat. Tá luach na bpúnt d'fheabhas
1034tagtha ort = ana-fheabhas. Torm, nó trom, luach tuistiúin
1035d' arán. Dá gcaithfá an tobac dhéinfadh sé luach mór de
1036mhaitheas duit = ana-mhaitheas. Is mór é luach na foighne = is
1037fiú mórán é.


1038
1039

LUADHAIM — Tá Seán agus Máire luaidhte le chéilig le
1040fada = geallúint phósta bheith eatora: geallta. Is oth go
1041deó liom é bheith luaite liom gur dheineas an droch-ní sin =
1042bheith ráite liom, curtha im leith.


1043
1044

LUADAR — Cuireadh deire le n-a luadar = le n-a lúth,
1045imeacht, réim. Bhain na dathacha dem luadar me. Níl
1046puínn luadair agam, nó ionnam = fuinneamh, coisíocht, siúl.
1047Dá mbéadh mo luadar agam is tapaidh a ghlanfainn an claidhe
1048— adéarfadh sean-duine crapaithe. Nár bhainidh Dia do
1049luadar díot. Sé an feall é nár baineadh dá luadar é le
1050h-aon phléar (piléar) amháin.


1051
1052

LUATH — Tá sé ró-luath an geimhre theacht fós. Is leath-
1053chuma liom cathain a thiocfair — leath-uair luath nó déanach.
1054Tán tu luath láidir lúthmhar (lúfar) = tapaidh.


1055
1056

LUATH-BHÉALACH — Táid ana-luath-bhéalach = ana-thapaidh 'na
1057gcainnt. Tá an luath-bhéalaighe ón ndúchas aca.


1058
1059

LUATH-ÍNTINEACH — Táim luath-íntineach = tapaidh im'
1060aigne: tá luath-íntin agam. Lua-thíntineach a deirtear.


1061
1062

LUATHUIGHIM — Luathuigh ort, nó leat = brostuigh, cuir anam
1063ionnat héinig. Caithfar an clog do luathú = do chur chun
1064cinn. Luathaigh an óspairt sin chun na h-uagha an fear bocht.
1065


L. 27


1066

LÚB — Tán tu im lúib = im chómhacht. Táim i lúib = i
1067ngreim, i gcruadh-chás. Tá an leabhar léighte agam ó lúibh
1068lúib agus ó chlúid clúid = ó thosach deire: gach leathanach
1069riamh de. Is fearr an chú a bhíon sa tsiúl ná an chú a bhíon sa
1070lúib = ceangailte. Níl aon lúb ar lár ar an gcainnt, ins
1071an gcainnt, sin — nó i n-éinní = aon rud amú, bun-ós-cionn.
1072Ní hé a thoil féinig i n-aochor a dheinean sé mar tá sé ró-mhór
1073i lúib Sheáin Bhuidhe = fé n-a láimh: 'na ghreim, ag brath air.
1074Tá lúb as an slabhra, as an stoca. Tá an lúb istig ag an
1075athair sa mhac, ag éinní i n-éinní eile = cion aige air. Lúb
1076ar lár is gairid go mbeidh 'na pholl — sean-fhocal. Bhíos i
1077lúib a 40 ins na cártaí, ach níos thógas an cluiche 'na dhiaidh sin.
1078Chaitheas pinginí maithe ar chleas na lúb lá an aonaigh. Táid
1079chó cam le cleas na lúb = cam go maith. Tá lúb mhaith bhóthar
1080(de bhóthar) as so tímpal go dtí an Scairbh. Lúb ruthaig =
1081an saghas lúibe a cuirtear fé mhuineál dhuine nuair a bítear á
1082chrocha. Ach, snaidhm ruthaig = an tarna snaidhm a chuirfá id
1083bhróig. Dá dtabharfá fé bheith chó mór lúb istig san nGao-
1084luinn agus atán tu sa bhothántuíocht bhéadh sí agat = chó mór
1085ceangailte isteach ínti. Tá ana-lúb istig agam sa gcapal
1086san = ana-fhonn bheith orm é bheith agam: ana-chion agam air:
1087ana-dhúil ann: ana-leisce scarúint leis.


1088
1089

LÚBAIM — Bhí sé ag lúba is ag lúbarnaigh = an chamastuíl
1090sa tsiúl aige: gach seift á dh'imirt aige a d'iarraidh teacht as
1091cruadhchás. Coir is lúba a dh' fhuascail amach as an bpríosún
1092= seifteana.


1093
1094

LÚBAIREACHT — Bhí sé ag tabhairt gach aon chor agus
1095lúbaireacht uaidh san áiteamh = ag casa is ag lúbarnaigh ar a
1096dhícheal toisc a bheith ag dul air (ag dul na choinnibh).


1097
1098

LÚDRACH — Tá an chómhla, an doras, ar a lúdracha =
1099crochta: ar na pocáin: oiriúnach le h-í, h-é, dh'oscailt
1100isteach nó a dhúna amach. Baineadh an chómhla dá lúdracha =
1101na rudaí ar a ndeintear í chasa. Casan sí ar a lúdracha.
1102Cuir an doras ar a lúdracha. Tá sí dá lúdracha = gan
1103bheith ar na lúdracha.


1104
1105

LUG — Leighe na lug ort = log.
1106


L. 28


1107

LUID — Níl oiread is luid den éadach, de sna balcaisí,
1108ortha = faic. Níl luid móna, prátaí, agus mar sin de,
1109againn = níl aon bhlúire de sna h-earraí sin. Níl luid
1110againn = níl seóid-a-bharra, faic.


1111
1112

LÚIDÍN — Bhí sé fliuch báite ó lúidín a choise go mullach a
1113chinn.


1114
1115

LUIGHIM — Cuirim gach ní fé luighe na faoisdine seo = fé
1116bhráid: fé fheidhm. Chuireas gach ní fé luighe m'fhaoisdine don
1117tsagart. Níl sé chun luighe leis an gcreideamh gallda =
1118ní luighfidh sé isteach leis: ní ghlacfaidh é: ní iompóidh air.
1119Luigh bás a mháthar ana-mhór ar a chroidhe = ghoill. Tá Seán
1120luite (luighte) ana-mhór chun an óil, leis an ól, le déanaí.
1121Ní féidir Béarla a chur 'na luighe ar an mbaile seo = a chur
1122i bhfeidhm. Luigh sé ró-mhór leis an nGaoluinn sa tslí gur
1123bhris ar an sláinte aige. Bhí sé ag luighe a shúile orm =
1124ag caocha. Más áil leat an gnó so a chríochnú fé n-a sé, ní
1125mór duit luighe amach ort héinig = an méid is mó is féidir
1126leat a dhéanamh (mar a bhéadh buachail ag rith). Ní mór dó
1127luighe amach air héinig chun coimeád chun tosaigh = bheith ar a
1128dhícheal. Is fada a bhíomair ag cur chuige, ach táimíd luite
1129chuige anois = tá tosnuithe againn air dáríribh. Luigheamair
1130chun cainnte le n-a chéilig = thosnuíomair (go dúrthatach).
1131Bhí an tsúil luite aige uirthi. Tá an tsúil cnagtha (cnacaithe)
1132aici air = luite, iadhta. Tástáil na bróga ort féachaint
1133an bhfuilid ag luighe go maith ort, ar do chosa. Táim luite
1134amach ar é dhéanamh = beartuithe, meáite (meághaite).


1135
1136

LUIGHEACHÁN — Tá ana-luigheáchán aige sin leis an ól =
1137luighe — ach é bheith níos láidre: bíon sé ag luighe i gcómhnuí.


1138
1139

LUIGE-SHEÓIL — Tá luighe-sheóil ar an mbád = í luite ar a
1140cliathán: leath-cheann uirthi. Tá luighe-sheóil ar an ualach =
1141leaga aige go dtí taobh éigint: leath-cheann. Tá luighe-
1142sheóil maith ar Phádraig aníos chúghainn = é ag siúl cam agus
1143leath-cheann air.


1144
1145

LUIGÍOCHT — Nó, laigíocht. Tá luigíocht éigint orm indiu
1146= me bheith ag braistint lag.
1147


L. 29


1148

LUIMEACHT — Tán tu ag dul i luimeacht = i dtanuíocht, ag
1149cailliúint na feóla.


1150
1151

LÚTÁIL — Bhí an madraí ag lútáil orm, nó liom. Bhí an
1152cailín agus an buachail ag lútáil ar a chéile = ag déanamh
1153caradais le n-a chéile. Bíon na h-iascairí ag lútáil leis an
1154iasc nuair a bhíd sa líon = á mbaint amach as na mogaill is
1155an líon: á láimhseáil. Bíon lútáil mhór ag leanúint an ime
1156sar a mbíon sé ullamh. Aon uair a bhím díomhaoín bím ag
1157lútáil leis na leabhartha = á bhfoghluim, á gcur tharam: á
1158láimhseáil. Bíon an feirmeóir ag lútáil leis an gcré, an
1159cócaire leis an mbia, agus an madra le duine — le n-a dhá
1160lapa tosaigh. Is mó lútáil a bhíon fachta ag an gcoirce sar a
1161mbíon sé sábhálta.


1162
1163

LUTHARNACH — Tá mórán lutharnaighe ag fás sa ngáirdín
1164= salachar: buachaláin bhuidhe agus cupóga agus gach aon
1165tsórt: nó an féar féin.


1166
1167

LUTHÓG — Luthóg phrátaí = dorn prátaí a cuirfí isteach san
1168(fén) ngríosaigh. Tá luthóg sa teine agam.


1169
1170

M


1171
1172

MAC — N'fheaca aon mhac máthar ba mheasa ná me héinig
1173= éinne. Ní mac do t'athair thu = nílean tu cosúil leis.
1174Sé Liam mac a athar mar a chaithfeadh sé amach as a bhéal é =
1175sé an t-athair 'na steile-bheathaidh é. Ó Mhac Uí Mhathúna a
1176fuaireas an focal.


1177
1178

MÁCHAIL — Ní dheinfeadh braon báistí máchail d'éinne =
1179díobháil. Sin é an t-aon mháchail amháin atá agam ar an
1180áit é bheith ró-fhada ó láimh = locht. Bhí seacht máchailí an
1181tslé (sléibhe) air dar leis féinig = gach aon tsaghas. Ní
1182h-aon locht ar an mbó an mháchail bheag san. Níl aon máchail
1183ar an bhfeóil = aon rud bun-ós-cionn.


1184
1185

MÁCHAILÍGHIM — Tá an prátaí seo máchailithe ag an
1186sioc = máchail ortha: díobháil déanta dhóibh.
1187


L. 30


1188

MACALLA — Tá na Gearmánaigh ag baint macalla as na
1189Sasanaigh = ag baint cheóil asta; á thabhairt dóibh go bínn:
1190ag baint rammsaigh asta.


1191
1192

MACÁNTA — Chreideas go macánta deimhnitheach é = go
1193fíor. Tán tu ag dul as go macánta = gan aon bhréag. Tá
1194an leanbh mín macánta = gan bheith crosta malluithe. Nuair
1195a deintear an neanntóg a bheiriú bíon sí macánta, mar
1196bainean an beiriú an nimh aisti. Madra macánta = ná
1197fuil malluithe, nímhneach.


1198
1199

MACHTNUIGHIM — Mhachtnuíos nuair a dh'fhéachas ar dtúis
1200gur fear a bhí ann = chuímhníos (chuímhnígheas). Is deacair
1201aon difríocht a dh'fheiscint eatorra, ach ar mhachtnamh cruínn
1202dhéinfá beagán beag amach = tréis machtnamh cruínn a
1203dhéanamh.


1204
1205

MÁDH — Cárta a bhíon ar aon dath amháin leis an gcárta a
1206iompuightear ar barra. Sin é an má is mó a bhíon ar na
1207cártaí = a bhíon istig, a bhíon ar imirt. Cad tá 'na mhá?
1208Cad ba mhá mór ann? = cad é an cárta a bhí 'na mhá mór?
1209Fuair sé an má mór orm = fuair an lá, an fear maith, orm.
1210Máite (máidhte) ar fad atá im dhorn-sa agam. Tá chúig
1211mhá, sé mhá, seacht má, agam = an oiread san de dhath an chinn.
1212Tá hartana 'na má an trus so. Bhí naoi na má agam = an
1213cárta go raibh naoi marcana air. Tá aon an mhá agam.
1214Agus deirtear — seacht a' mháig (an mháidh) bíon sé ádhmharach.


1215
1216

MADRA — Madra gaoithe = gaoth mhór láidir. Ar an
1217slí chéadna madra taoide = taoide mhór láidir. Nó,
1218madra gaoithe = sórt scamall a bhíon ar an spéir a theas-
1219bánan gaoth i gcómhnuí agus a thugaid leó í: scamaill chaola
1220bhána go mbíon cosa fútha. Bíon gaoth ortha = cuirid gaoth
1221i n-úil: tugaid an ghaoth leó.


1222
1223

MAGA — Ní cúram mar mhaga é sin, ach cúram le h-éifeacht
1224= cúram go mbíon éifeacht ann.


1225
1226

MÁGÁINE — Níl mágáine ort = níl pioc, puínn, faic,
1227seód-a-bharra. Níor dhein an fuacht ná an fliuchán mágáine
1228liom = níor dhein éinní riamh. Níor dhein an fuisce


L. 31


1229

mágáine liom = aon droch-ní: níor eirigh sa cheann agam.
1230Ní bhfuaireas mágáine ar an mbó = éinní gur fiú é dh'áireamh.
1231Níl mágáine fágtha agam tréis na gcártaí.


1232
1233

MAIDE — Níl i Máire ach maide marbh = duine gan bhrí,
1234gan anam. Maide siúicre: maide dubh siúicre. Maide
1235lámha = maide siúil. Tá sé 'na mha de marbh ag an mthal.


1236
1237

MAIDE I N-UMAR — Maidinumar a deirtear. Tá
1238maidinumar (de ghnó) le déanamh againn = go leór agus
1239breis. Tabharfaidh sé maidinumar dom é seo a chríochnú =
1240mo dhóthin go maith-agus breis. D'fhág an sagart maidi-
1241numar agam, nó orm. Conus? an méid seo bheith déanta
1242agam uair a' chluig, i n-uair a' chluig (aimsire). Nuair a
1243gheibhean fear an tíghe bás, cig, fágan sé maidinumar ag,
1244nó ar, an gcuid eile = breis gnótha nó achrainn. An maide a
1245bhíon i n-umar bíon sé á chasa i gcomhnuí, agus ní bhíon deire go
1246deó leis an nglór a dheinean sé-fé bhun é thógaint amach.
1247mar sin is cúis achrainn agus duaidh é i gcómhnuí.


1248
1249

MAIDIN — Cad a thug anso thu chó moch sa maidin: an
1250t-am so de mhaidin?


1251
1252

MAIDIR — Ní mór duit bheith maidir le gach éinne anso =
1253ar nós gach éinne: ar aon imeacht amháin. Ní maith le mórán
1254daoine an socrú san, ach maidir liom-sa de — = chó fada
1255liom-sa de: chó fada is a bhainean an scéal liom-sa. Nílean
1256tu go h-olc maidir le Gaoluinn = chó fada le Gaoluinn.
1257Cuir síos an Ghaoluinn agus an Béarla maidir le chéile =
1258ar aon imeacht amháin le chéile: ar aghaidh a chéile amach:
1259agus mar sin de. Chuir ag obair maidir le chéile iad. An
1260dá chléibh atá ar an asal táid maidir le chéile = i n-áireamh
1261a chéile: chó beag is chó mór le chéile. Dein an dá chíste
1262maidir le chéile = chómh-thoirt: dein chómh-thoirt iad. Tá
1263finneóga an tíghe maidir le chéile. Tá an dá chléireach
1264maidir le chéile i bpost ach nílid i dtoirt.


1265
1266

MAIG — Tá maig ar mo hata = leath-cheann. Tá maig ar
1267mo cheann, ar mo mhuineál = cas mí-nádúrtha tóirtéiseach:
1268leath-cheann.
1269


L. 32


1270

MAIGHDEAN — Maighdean bhuaille = bó ná raibh aon laogh
1271riamh aici. Caoira nár rug uan riamh, agus mar sin.


1272
1273

MAIGIÚIL — Nách maigiúil an blúire beag fir é? — fear
1274go mbíon maig air.


1275
1276

MÁILE — Tá gach aon mháile den bhfear san cúmtha córach
1277= blúire, cuid, páirt. Tá gach aon mháile dem rothar
1278briste. Níl aon mháile a bhainean liom ná fuil imithe ar
1279fuaid an bhaile = gach éinní dá mbainean liom. Má bhrisean
1280aon mháile den inneall tá an gluaisteán 'na stop. Tá an
1281máille seo briste ar mo bhróig, an máile seo dem bróig —
1282an strupa thiar, ceann de sna súile, aon pháirt di. Máilí
1283seadh casúr, siséal, corrán, speal. Tá a lán máilí sa
1284tseómra so = mórán neithe.


1285
1286

MÁINEÁIL — Bíon duine ag máineáil nuair a bhíon sé
1287ag imeacht go mall: ag cur na coise thar an gcois eile:
1288nó, nuair a bhíon sé ag gabháilt gho mall d'éinní. Nílean sí
1289ach ag máineáil ar fuaid an tíghe = gan puínn anama bheith
1290ínti. Cuir uait an mháineáil siúil sin agus brostuigh. Ag
1291máineáil ar an litir sin atán tu = á scríobh go mall ríghin.
1292Ag máineáil ar éinní, le h-éinní.


1293
1294

MAINGISÍNÍ — Tá cuid mhaith maingisíní ar an mbórd
1295agam, sa mála = neithe. Ní raibh mórán maingisíní ag an
1296sróinséar san: ní raibh aige ach aon cheann amháin = málaí,
1297giúirléidí.


1298
1299

MÁINLÉAD — Máilléad a deirtear. Sin casúr adhmaid
1300a bhíon ag buala siséal agus armáil eile. Tá ceann máilléid
1301ar Thomás = ceann adhmaid: ceann mór gan tairbhe: gan
1302puínn istig ann, dall.


1303
1304

MAIRBHNE — Mairn a deirtear. Fuair a fear bás
1305agus bhí sí ag déanamh mairne ós a chionn = ag gol is ag caoine.
1306Ba bhreá an mhairn a dhein sí = ranna géara bróin. Marbhna
1307sa bhfoclóir.


1308
1309

MAIRC — Tá na páipéirí go léir ar mhuin mhairc a chéile
1310agat ar an mbórd = anuas ar a chéile, agus trí n-a chéile.
1311


L. 33


1312

Bhris an t-árdán agus thuit a raibh air anuas ar mhuin mhairc
1313a chéile = anuas ar a chéile gan aon eagar. Nuair a bhíon an
1314iomarca i naomhóig bítear ar mhuin mhairc a chéile ínti =
1315brúite ar a chéile. Bíon na siopadóirí ag buala seacht
1316n-oiread anuas sa mhairc ar gach éinní a bhíon aca = ag éileamh
1317ana-airgid ortha. Tá an dúthaig (anuas) sa mhairc ar na
1318bróga nua atá tagtha = dírithe ortha: ana-éileamh aca ortha.
1319Tá an sagart sa mhairc orm a d' iarraidh focla a mhíniú dhó.
1320bíon gach éinne sa mhairc ar an nduine bocht = anuas i
1321mullach an chinn air. Tuigim go bínn go bhfuilean tu sa
1322mhairc ar an mbeagán beag feóla, ach níl a thuille agam.
1323Tá £20 sa mhairc orm i leabhar an tsiopadóra = im choinnibh.


1324
1325

MAIRG — Ní chuirfeadh sé aon mhairg orm siúl as so go
1326Luimneach = teinneas: níorbh éinní liom é dhéanamh. Níl
1327aon mhairg sa tsaol orm = níl éinní ag déanamh trioblóide,
1328buartha, dhom. Bíon cúram agus mairg ar an nduine
1329saibhir = teinneas: rud éigint ag dógha a ghirbe: ní bhíon sé
1330ar a thoil. Is mairg a dh'iarrfadh ciall ar leanbh.


1331
1332

MAIRIM — Bead ar an aonach so chúghainn má mhairim
1333beó. Sé an tath. Seóirse atá chúghainn má mhairim beó =
1334chó cinnte is atáim beó. Go mairir is go gcaithir is nára
1335fada go stracair — le duine a gheóbhadh ball nua éadaigh.
1336Beidh an aimsir bhreá ann fós an té a mhairfidh = pé mhairfidh:
1337don té a mhairfidh. Go mairir do chluth (culaith) nua = go
1338mairir chó fada léi. Go mairidh sibh bhur gclann óg — le
1339lánamha (lánúa) go mbéadh bunóc tagtha ar an saol dóibh.
1340Tá obair aca ar mhaireachtaint = ní ró-fhuiriste dhóibh é. Slí
1341mhaireachtaint. Mhaireas ar arán is bainne = b'in é mo
1342chothú. Mairfeam (mairtheam), nó mairfimíd, araon bliain
1343eile — deirean duine nuair a bhéadh sé ag oscailt a bhéil chun
1344rud a rá díreach nuair a bhéadh duine eile á rá = bhainis an
1345focal as mo bhéal.


1346
1347

MAISCEALACH — Nách maiscealach an cailín í? = breá,
1348deas, naoidheanta.


1349
1350

MAISE — Seo dhuit púnt agus gura maith an mhaise dhuit
1351é. Tán sibh ag imeacht i mbun slí bheatha díbh féinig agus
1352gura maith an mhaise dhíbh é. Beidh Gaoluinn do dhóthin agat


L. 34


1353

go deó, gura maith an mhaise dhuit í. Thóg na cruitíní teine
1354agus ba mhaith an mhaise ag Seán é, do léim sé i n-áirde
1355agus mhúch iad.


1356
1357

MAISLE — Tá Gaoluinn gan mhaisle gan mháchail agat =
1358gan locht ar bith. Mhuise, maisle is máchail chúghat, a 'mhadáin.


1359
1360

MAIST — Is éachtach an mhaist adhmaid, árthaigh, í sin =
1361alpachán mór: bun maith, reamhar, cruínn.


1362
1363

MÁISTIR — Táim im báistir ort sa nGaoluinn = níos
1364fearr ná thu. Tán tu id mháistir ar do ghnó = ábalta go
1365maith ar é dhéanamh: nó, tu héin do mháistir héinig tímpal
1366air.


1367
1368

MAITH — Thuigeas focail mhaithe den nGaoluinn uaidh =
1369roinnt mhaith di. Tá a maith héin i Nóra = maitheas. Ní
1370maith liom ná rabhas ann = b'fhearr liom go mbéinn ann.
1371Ní bhfuaireas aon mhaith as an obair a dheineas = tairbhe.
1372cáil (cá bhfuil) an fear maith agaibh, nó oraibh, a dh'fhéadfadh é
1373sin a dhéanamh? Níl aon mhaith ag dul ar an mbreóiteachán
1374= aon fheabhas. Tá sé ró-imithe agus ní féidir leis aon
1375mhaith a dhéanamh anois = aon bhiseach do theacht air. Dhein
1376Seán ana-mhaith orm = dhein rud a chuaidh go mór chun tairbhe
1377dhom. Tháinig dhá shúil mhaithe mhóra dhó nuair a dh'fhéach sé
1378orm = iad a bheith mór go maith. Duine gan mhaith, gan olc,
1379gan sult, gan greann. Is fearr an mhaith atá ná an mhaith a
1380bhí = dearúdtar an mhaith a bhí, nó a deineadh. Dhein an lá
1381indiu ana-mhaith = ana-mhaitheas (sé seo is gnáthaighe). D'imigh
1382an fheóil gan mhaith mar ná raibh éinne chun í dh'ithe = i bhásta.
1383Níl aon mhaith chóir ar Shéamas fós = aon ana-mhaith; níl aon
1384fheabhas ceart tagtha air. Ní mór an mhaith iad na seana-
1385phrátaí anois. Chuala an focal úd có maith le h-é dh'fheiscint.


1386
1387

MAITHEAMHAIL — Duine neamaithiúil (neamh-maithiúil) =
1388duine neamaitheasach: gan bheith áisiúil chun éinní a dhéanamh
1389d'éinne eile.


1390
1391

MAITHEAS — Bhí sé breóite is níl sé ag déanamh puínn
1392maitheasa fós = níl mórán feabhasa ag teacht air: nó, níl sé
1393ag déanamh puínn den obair fhóghanta fós. Níl aon mhaitheas


L. 35


1394

air fós = feabhas. Ach, níl aon mhaitheas ann, ná ní raibh
1395riamh = tairbhe — lasmuigh de bhreóiteacht ar fad. Táim i
1396ndeire mo mhaitheasa = tá deire mo mhaitheasa agam: gan
1397aon mhaith a bheith ionnam feasta. Tá ana-mhaitheas ag
1398teacht orm le déanaí. Níl éinní á ithe agam atá ag dul
1399chun aon mhaitheasa dhom = ag déanamh aon tairbhe dhom.
1400Nílim ag casa ar aon mhaitheas fós = gan aon mhaitheas ag
1401tosnú ar theacht orm.


1402
1403

MAITHIM — Tóg t'aimsir agus beidh braon beag cruaidh
1404againn. Ó! maithim dhuit: ní bheidh = ní gá dhuit é: ní
1405chuirfead d'fhéachaint ort é: ní bheidh, ná é. Raghaimíd ag
1406goid caorach, a Mhichíl. Ach! má sé sin an saghas thu maithim
1407dhuit feasta = ní bheidh aon bhaint agam leat feasta. Dein-
1408fimíd paiste beag oibre aríst tráthnóna. Gabhaim párdún
1409agat, a dhuine: maithim dhuit aríst indiu = ní bheidh aon
1410bhobhta eile againn indiu aríst.


1411
1412

MÁITHREACHA — Thóg na tóirthneacha as mo mháithreacha
1413me = bhain ana-phreab asam: bhain dem buínn me. Nó,
1414dem báithreacha. Thóg sé óm báithreacha me nuair a chuala
1415an droch-scéal = tógadh i n-áirde ó thalamh me go maith.
1416bhain an tiarna talún dem báithreacha me = bhain treascairt
1417asam: bhain seilbh na talún díom.


1418
1419

MÁLA — Tá gach aon chleas sa mhála aige sin = gach aon
1420chleas riamh. Mála an éithigh = mála go gcuirfí ticéidi
1421isteach ann, ceann díobh marcálta agus duais le fáil ar an
1422gceann san dá ráineóch go dtabharfá an ceann san leat:
1423mála go mbíon seans mar sin ag baint leis na rudaí a
1424bhíon ann.


1425
1426

MALABHAIR — Tá sí (an fhairrge) 'na malabhair = an
1427taobh eile den rabharta — nuair ná bíon aon ana-fhuinneamh
1428ag baint leis an dtaoide. Tá an mhalabhair ann an aimsir
1429seo.


1430
1431

MALAIRT — Tháinig malairt cruit ort ó chonac cheana
1432thu = crot eile — péaca crot ar feabhas nó crot ar olcas é.
1433Tá mhalairt cruit air ná raibh air. Thugas pleannc dó ar
1434mhalairt an tarna focail = sar a raibh puínn aighnis déanta


L. 36


1435

againn. Uaireanta gheóbhfá malairt ainmneacha tugtha ar
1436dhaoine = níos mó ná aon ainm amháin. Tá daoine adeir ná
1437fuil malairt aon áite ann ach an áit a chíon súil an pheacaigh =
1438ná fuil ann ach an domhan so a chímíd. Níor bhéidir liom an
1439gnó a dhéanamh ar an gcuma san agus chaitheas malairt slí
1440d 'oibriú = slí eile. Thug sé leabhar dom agus thugas
1441leabhar dá mhalairt thar n-ais dó = leabhar eile a mhalairt
1442de leabhar. Ní h-é mo pheann féinig atá agam ach
1443peann dá mhalairt. Scríobhas an litir i malairt seómra
1444leis seo = seómra nách é seo. Bíon earraí ag imeacht ar
1445malairt = á malartú — mála coirce, cig, do thabhairt ar an
1446oiread san prátaí. Dhein sí amhlaidh mar ná raibh fhios a
1447mhalairt aici = aon eólas eile. Bíon malairt éadaigh ar
1448sagart le daoine eile. San aragóint bhí daoine á chómhrac
1449so agus daoine eile ag cómhrac a mhalairt = ag cosaint, ag
1450cur i n-úil an taobh eile den scéal. B'éigin do malairt
1451bóthair a thabhairt air féinig ag fille abhaile dhó = bóthar eile
1452a thógaint. Mar sin a thárlaigh ach ní bhéadh súil le n-a
1453mhalairt agat = le h-éinní eile. Tá focal á mhalairt sin á
1454úsáid anso = a mhalairt sin d'fhocal. Bím i malairt áite
1455gach aon lá.


1456
1457

MALARTUIGHIM — Malartóchad mo scian leat ar do
1458thop = tabharfad duit mar mhalairt ar —. Malartuímíst
1459(ár) hataí. Malartóchad hata leat. Deinimíst hataí do
1460mhalartú.


1461
1462

MALLA-BHOG — Uisce malla-bhog = bog-the: casta ó bheith
1463fuar. Mar sin a bhíon bainne na ngamhan — sé sin, an bainne
1464a tugtar dóibh.


1465
1466

MALLUITHE — Níor mhaith liom bheith san áit is malluithe i
1467n-Éirin — ní gá dhom dul i n-aon tír eile = san áit is crosta,
1468is feargúla, is mó droch-mhianach — gan trácht ar aon tír eile.
1469Fear beag malluithe = crosta: gur fuirist é thógaint, é
1470chur chun feirge. Cuir uait an mhalluitheacht.


1471
1472

MÁM — Lag talún i maolchnoc, nó idir dhá chnoc


1473
1474

MANGALAM — Níl orm indiu ach mangalam bríste,
1475casóige; mangalam aon ní = rud a bhéadh reamhar thar


L. 37


1476

ceart. Ins an mangalam bríste bhéadh an mianach tútach
1477reamhar. Tugtar mangalam, leis, ar rudaí a bhéadh measctha
1478trí n-a chéile — leite is arán is ím, cig, trí n-a chéile. Tá
1479an phuirseach (praiseach) 'na mangalam = ana-reamhar —
1480níos raímhre ná an leite 'na cáilíocht féinig.


1481
1482

MANNTA — Tá mannta sa sciain = mannt. Manntaí.


1483
1484

MANNTACH — Bhéadh an abairt maol manntach gan an
1485spalla san do chur isteach = rud a bheith i n-easnamh uirthi.


1486
1487

MANNTÁIL — Ní rabhas ag ithe faorúil ach ag manntáil
1488liom = ag bainnt mannta beag as an mbia anois is aríst:
1489ag ithe go mall: ag gliúmáil le bia.


1490
1491

MAOIDHIM — Ní mhaoidhim a bheatha uirthi mar níl aon ana-
1492shuaineas aici. An cailín ná maoidhtear is minic gurab
1493í is fearr = ná moltar: ná bítear ag maoidheamh aisti.


1494
1495

MAOIDHTEACH — Ní gá dhuit bheith chó maoidhteach san orm =
1496ag maoidheamh rud éigint orm.


1497
1498

MAOINEACHAS — Tá maoineachas ós meón (meódhan) orm
1499i ndiaidh mo chéile fóghanta = cumha: brón: cuirean sé pian
1500im chroidhe. Chuirfeadh sé maoineachas ort, chuirfeadh chun
1501maoineachais thu, bheith ag féachaint ar na páistí bochta gan
1502bróga gan éadach gan teine = bhéarfadh sé greim isteach ar do
1503chroidhe. Chuir sé ana-mhaoineachas orm a chlos go raibh óglaoch
1504éigint sínte. Lúthgháir (lúcháir) an taobh eile. Tháinig
1505maoineachas orm. Bíon an scéal amhlaidh uaireanta aige
1506sna seandaoine ag cuímhneamh dóibh ar an neart agus an
1507fuinneamh a bhí ionnta.


1508
1509

MAOL — Tá an t-uisce ag beiriú thar maol amach = thar
1510faor pé árthaigh 'na bhfuil sé. Duine maol macánta seadh
1511(leanan an dá fhocal a chéile) = duine ná béadh ró-ghéar:
1512ná bíon ró-mhaith chun dul i gcóir a choda nó a chirt: chun a
1513cheart a chómhrac, ná an t-anncheart a dhéanamh ar dhuine
1514eile. Fear bocht maol macánta símplí ná labhran puínn —
1515bun-ós-cionn leis an gcabaire.
1516


L. 38


1517

MAOLÁN — Nách tusa an maolán! = duine maol — ar aon
1518tsaghas slí. Tán tu ag imeacht id mhaolán ó mhaidin = gan
1519hata, gan chaipín. Maolán cnuic = cnoc ná béadh géar, ach a
1520bhéadh maol 'na bharra.


1521
1522

MAOL-BHRISTE — Tá tonnuíocha maol-bhriste sa bhfairrge
1523indiu = an bárr agus an faor imithe dhíobh. Bíd mar sin
1524i gcómhnuí ar an dtráigh.


1525
1526

MAOLCHLUASACH — Nuair a bhagruíos ar an madra rith
1527sé uaim go maolchluasach = na cluasa scúite leagtha luite
1528siar aige ar a cheann.


1529
1530

MAOLOBHAR — Saghas péiste agus clúmh dubh air. Dómh-
1531naillín an chlúimh: Seáinín an chlúimh. Bíon sa chabáiste,
1532agus mar sin tímpal.


1533
1534

MAOLUIGHIM — Ba cheart duit maolú ar an obair = í
1535thógaint bog: gan bheith ag gabháilt di chó géar. Bhíos ag
1536maolú an droch-scéil dó = á dhéanamh bog: ag baint an fhaoir
1537de. Ach, bhíos ag géarú an scéil = an taobh eile. Beidh
1538easba páipéir ort muna maolóir an peann = í thógaint
1539mall i gan oiread siúil bheith fúithi. Tá an ghaoth ag séide
1540isteach orainn, ach má dhúnan tu an fhinneóg deinfidh san
1541maolú. Tá maolú ag teacht oraibh = gan sibh a bheith chó géar
1542chó fuinniúil agus a bhíomhair. Tá suaineas oraibh go fóil, ach
1543béidir go ngéaróidh sibh.


1544
1545

MAORGA — Cailín maorga = mín, macánta, deas: scéimh
1546bhreá uirthi: pléisiúrtha. Tá an taoide maorga ciúin.
1547Lá breá maorga = gan locht, gan cháim.


1548
1549

MAOTHAL — Sí an mhaothal céad bhainne na bó tréis beirthe
1550dhi.


1551
1552

MAPA — Tá mapa maith gruaige air = mothal. Tá
1553mapa maith sróna ort = srón mhaith reamhar. Tá mapa
1554breá tarraidh agam = ball a leibhéalan tarra ar bharra
1555tíghe nó ar bhád.


1556
1557

MAR — Deinfead an gnó mar is fearr a dh'fhéadfad =


L. 39


1558

chó maith is (sa tslí is fearr) a dh'fhéadfad. Is fearr fé
1559dhó mar d'eirigh leat sa scrúdú ná mar d'eirigh liom. An
1560mbeidh mórán ar an rínce anocht? N'fheadar: ní bhead-sa
1561mar éinne amháin = mise aon duine amháin ná beidh. Tá
1562an obair déanta go bínn agat mar an gcéad uair a thugais
1563fé n-a leithéid = don gcéad iarracht: don gcéad uair a
1564thugais —. Bhí sé ag obair mar a dh'fhéad sé = chó maith is
1565a dh'fhéad sé. "Bhí Seán ar an rínce aréir. Mar ná raibh.
1566Mar do bhí." Paiste áitimh é sin.


1567
1568

MAR-A-CHÉILE — Bé an dá mhar-a-chéile dhuit bheith ag
1569cainnt leis nó ag cimilt do mhéire de chloich = ba mhar-a-
1570chéile an dá ghnó. Bhí an dá cheannathóir ag tabhairt mar-
1571achéile ar an siorrach (searrach) = aon airgead amháin.


1572
1573

MARATHÓIR-Saghas luinge é sin a bhíon ag obair aimsir
1574chogaidh ag cosaint árthaighe eile.


1575
1576

MARBH — Cailleadh é i n-am mhí-mhairbh na h-oíche = ar uair
1577an mheádhon-oíche. Tá sé i n'am mhí-mhairbh na h-oíche anois.
1578Tá mí-mhairbh na h-oíche ann — an t-unúmha atá ceapaithe do
1579sna púcaí. Le h-anam an mhairbh = an duine atá marbh.
1580Aonach ana-mharbh ar stoc do b'eadh é = gan aon éileamh bheith
1581ortha. Thuit sé fuar marbh. Bhí mara-leanbh (marbh-leanbh)
1582aici = a tháinig marbh ar an saol. Níl aon phioc den léighean
1583marbh im cheann, ná den bhfeóil mharbh ar mo chnámha = is
1584féidir liom earruíocht a bhaint asta araon. Tháinig an
1585ghráin mhairbh agam ar an dtobac = ana-mhór. Tá's agam ná
1586fuil aon teine chóir thíos istig mar níl ach mara-ghal (marbh-
1587ghal) ag teacht as an simné. Is cuma liom mo bheó nó mo
1588mharbh = me bheith beó nó marbh. Uisce marbh = ná béadh ag
1589rith. Pian marbh = ná bíon géar, ach fanan sé. Ní fhágfad
1590an gnó so ach marbh = nuair a dh'fhágfad é bead marbh. Ní
1591chothuíon na mairbh na beó. Bhí an leanbh marbh á bhreith dhó.
1592Feóil mharbh = a bhíon ar crith: gan mhaith, gan fuinneamh.


1593
1594

MARBHÁN — Duine neamh-anamúil, marbhánta: ná béadh
1595fuinneamh ann: mall chun bídh.


1596
1597

MARBHÁNTA — Tá sé ana-mharbhánta ann féinig = marbh:
1598neameó (neamh-beó).
1599


L. 40


1600

MARBH-CHAT — Nách tu an mara-chat ag gabháilt don mbia!
1601= duine ana-mhall: duine ná béadh éinní déanta go deó
1602aige.


1603
1604

MARBH-SHRUTH — Mara-shruth. Taoide shocair. Má bhíon
1605an taoide ag gabháilt andeas beidh mara-shruth ar an dtaobh
1606thuaidh den oileán. Bhéadh i ndiaidh árthaigh, leis, beagán.


1607
1608

MARBHUIGHIM — Ag marú éisc a thugan sé an lá. Tá a
1609mharú san agam — marú an chárta san = cárta níos fearr ná
1610é. Tá marú na gcártaí go léir agam. Mhairbh sé mo rí
1611breá leis an aon. Bíon marú againn ach cioca againn a
1612bhíon ceart = ana-aighneas: ana-chlampar. Thugas marú an
1613daimh dhó = marú maith: buala bínn. Cad a mhairbh me ach
1614ag tabhairt amach tímpal na Gaoluinne, agus nár dhein sé
1615féin aon faic riamh ar a son = sin é a mhill me le n-a dhánuíocht:
1616nárbh fhéidir liom a thuiscint.


1617
1618

MARBHUIGHTHEACH — Marathach. Obair mharathach = ana throm:
1619a mharóch duine Nách é an marú é ná fuil cead ár gcos
1620againn? = nách é an dial é? cúrsa gan chuímse.


1621
1622

MARBHUÍOCHT — Maruíocht. Tá maruíocht orm le teas
1623na h-aimsire = me bheith ag braistint marbhánta: neamh-
1624anamúlacht: mairbhitíghe. Bainean sé le codla, tuirse,
1625slaghdán, agus mórán neithe eile.


1626
1627

MARC — Tá marc maith agat i Seán chun do rún a thabhairt
1628dó = urra maith: coimeádfaidh sé é. Tá marc maith agat
1629ionnam chun na focla cruadha do réiteach dhuit = taca maith.
1630Tá marc maith agat chun do chuid airgid a thabhairt dó le
1631coimeád = duine diongabhálta. Ní chuirfead peig leis an
1632mbó mar ní h-aon mharc í: tá sí ró-éaganta = ní dh'fhéad-
1633fainn ionntaoibh léi. Ní leigfí dhom an naomhóg do stiúrú
1634mar nár bh'aon mharc me. Sé an Domhnach marc an phostaire
1635(fear a' phuist) chun dul amach aríst = an lá atá ceapaithe
1636aige. Sé an Chéadaoin 'na dhiaidh sin mo mharc-sa — mar
1637bead ag fágaint an lá san. Bead ag obair go dtí n-a
1638dódhéag, ach is féidir liom pé marc is mian liom a chur liom
1639héinig = téarma. Bhí cainnt ar siúl aca ach n'fheadar cad é
1640an marc é = cad a bhí ar bun aca: cad é bonn na cainnte.
1641Marc maith dhuit chun airgead a dh'fháilt sa bhannc duit seadh


L. 41


1642

Tomás mar tá carn maith aige féinig ann. Ba mhaith liom
1643marc éigint a thabhairt leis an mbó dhuit = rud éigint a
1644chuirfidh i n-úil, i n-aithne, dhuit í. Níor ritheas an scrúdú
1645mar ná rabhas suas leis an marc. Sé an captaon marc na
1646luinge = ceann uraid. Sé Séamas marc an tíghe seo =
1647ceann an tíghe. Tán tu ag tosnú ar an mbróig a dheisiú?
1648Táim, agus is olc an marc me chun é dhéanamh = ní h-aon
1649taca cóir me. Ó Sheán a chuala an focal san ach ní h-aon
1650mharc é: ní dh'fhéadfainn bheith cinnte go raibh an focal go
1651ceart aige. Sé an t-uachtarán marc an choláiste = an
1652marc atá leis an gcoláiste = ceann an choláiste: gach ní a
1653thárluíon caithfar é chur fé n-a bhráid.


1654
1655

MARCUÍOCHT — Trom marcuíocht sa chairt sin.


1656
1657

MARGADH — Tá an lá i marga na h-olna anois chun é sin a
1658dhéanamh = ró-dhéanach: ró-mheilte. Tán tu i marga na
1659h-olna (d'éinní). Ní marga bó ná capall é an pósa. Tá
1660an tig seo á thógaint ar marga = an oiread so tugtha don
1661margóir chun é thógaint. Ní págh lae i n-aochor a tugtar sa
1662chás san.


1663
1664

MARGÓIR — Duine a dheinean oibreacha ar marga.
1665Faghan sé an oiread san chun an gnó go léir a dhéanamh.


1666
1667

MÁRTA — Ní bhéarfadh gaoth na Márta air bhí sé ag
1668gluaiseacht chó tapaidh san. Tá sé, sí, siad, i Márta trí =
1669i n aoirde, 'na h-aoirde, 'na n-aoirde lán (le mustar,
1670le h-eiríghe ó thalamh, chó maith is is féidir a bheith; duine
1671bheith ar a thoil; ar aon tsagas slí). Bím i Márta trí nuair
1672a bhíon mo shláinte agam, agus mo shaol agus gach aon ní eile
1673= chó maith is is féidir liom a bheith: go breá.


1674
1675

MÁSEACHT — Tugan sé trus orainn uair máseacht = uair
1676fhánach: anois is aríst. Ní bhím ag obair ach uair máseacht.


1677
1678

MASMUS — Bhí masmus orm Domhnach na Cásca aige
1679sna h-uibhe = an saghas san mothú breóiteachta a bhíon ar
1680dhuine nuair a bhíon an iomarca ithte aige. Fuaireas mas-
1681mus fuachta = fuacht trom: breis is mo dhóthin. Masmus
1682go gcuiridh sé ort — le duine a bhéadh ag ithe an iomarca, nó


L. 42


1683

go grabhasach. An té go mbíon masmus ithte aige bíon
1684cur-amach air, uaireanta.


1685
1686

MÁTHAIR — Máthair úig = máthair an uilc = rud beag
1687suarach a bhíon na bhun le mórán díobhála uaireanta: deilgín
1688an fheóchadáin, cig. Is minic a thagan droch-rud le cúis
1689bheag.


1690
1691

MEABHAIR — Ní féidir liom aon mheabhair a bhaint as án
1692bhfocal san = aon adhmad, aon tuiscint. Chuir cainnt mhna
1693an tsiopa meabhair agus cuímhneamh an tobac as mo cheann —
1694chuas isteach ag ceannach tobac, agus do dhearúdas é. Thógas
1695an dán de ghlan-mheabhair = chuireas isteach im cheann de
1696ghlan-mheabhair. Faigh an ceacht de ghlan-mheabhair = foghluim —.
1697Nó, cuir an ceacht de ghlan-mheabhair. Ní féidir liom aon
1698mheabhair a bhaint as do chainnt = ciall. Tá sí as a meabhair
1699chun Gaoluinne = scúite: ana-dhúil aici ínti. Níl meabhair
1700chirce agat = an mheabhair nó an chuímhne is lúgha. Tá neam-
1701eabhair (neamh-mheabhair) orm = gan é ar mo chumas rudaí a
1702thabhairt chun mo chuímhnte. Níl meabhair sicín aici. Tháinig
1703mo mheabhair thar n-ais dom. D'imigh sé gan aon mheabhair =
1704as a mheabhair.


1705
1706

MEABHREÓITE — Bíon duine amhlaidh nuair a bhíon breóit-
1707eacht bheag air: nuair a bhíon sé ann as.


1708
1709

MÉADMHAR — Méid, toirt mhaith, a bheith ann. Bíon
1710mór méadmhar = tómhaisean sé breis — a bhreis ar an ní a
1711bhíon beag.


1712
1713

MEÁDHON-AOS — Duine meádhon-aoise = duine meádhon-
1714aosta; cuíbhsach críona.


1715
1716

MEADHRÁN — Meidhreán. Ní raibh mearathal ná meidhreán
1717air nuair a chualaidh sé an scéal = corrabhuais: thóg sé go
1718socair é.


1719
1720

MÉADÚ — Méadú ar a ghlóire ins na flaithis — guidhe é sin.


1721
1722

MÉADUÍOCHT — Tá ana-mhéaduíocht ag an mbeirt sin le


L. 43


1723

chéilig = báigíocht: iad a bheith go mór le chéile is i dtreó a
1724chéile go minic. Méaduíocht mhór.


1725
1726

MEÁGH — Bhí an fear bocht olc go maith indé ach tá sé idir
1727dhá cheann na meágha anois = níl ann ach tar nó imigh: ní
1728féidir a rá cioca imeacht nó teacht atá i n-áirithe dhó. Táim
1729idir dhá cheann na meágha tímpal dul 'on mbaile = idir dhá
1730aigne: gan bheith socair. Tá an cheist sin i dhá gceann ná
1731meágha, nó idir - = gan bheith socruithe fós. Cuir an
1732siúicre isteach sa meágh.


1733
1734

MEÁGHAIM — Ní mheághaim gurab aon díobháil tobac a
1735chaitheamh = ní mheasaim. Bhíos ag meághachtaint im aigne chun
1736dul abhaile, ar dhul abhaile = ag cuímhneamh. Táim meáite
1737ar gan é dhéanamh = ceapaithe. Sin é an meágha a bhí agam
1738nuair a chonac cad a deineadh = íntin, aigne, machtnamh.
1739Bhain ana-dhuadh leis an leabhar, ach ní mheághan san puínn 'e
1740bhreis ar a thairbhe = ní mórán é ar ghualain na tairbhe. Do
1741mheáigh an mála prátaí fiche cloch. Táim meáite glan ar
1742dhul ann = meáite, meáite. Ní mheághan mo thuairim brobh
1743(faic) sochas (seachas) do thuairim-se = ní fiú éinní é. Cad é
1744an meágha atá anois fúibh? = an fuadar: cá bhfuilean sibh
1745meáite ar dhul; cad tán sibh meáite ar a dhéanamh: cá
1746bhfuil bhúr gcuímhneamh chun dul, agus mar sin de.


1747
1748

MEÁGHCHAINT — Tá 20 cloch meáchaint sa mhála coirce.


1749
1750

MÉALA — Bhíodar ag tuilleamh a méala i n-ifrean (ufran
1751a deirtear).


1752
1753

MEALLAIM — Dhíolas an capall ar £20 ach mealladh me
1754go mór — dhíolas é i bhfad níos lúgha ná a luach. Deineadh
1755me mhealla go maith mar mheasas gur liom-sa an litir a bhí
1756ar an mbórd = baineadh mealla maith asam.


1757
1758

MEALLAIREACHT — Dheinfeadh scéal deas meallaireacht
1759ar an aos óg chun é léigheamh = mhealltfadh (mheallfadh) sé an
1760t-aos óg.


1761
1762

MEÁM — Druid aníos chun na teine, a mheám — le bean
1763uasal.
1764


L. 44


1765

MEANMNACHT — Dá ndéarfaí droch-ní lem chine lagóch sé
1766mo mheanmnacht = mo mheón: mo mhisneach.


1767
1768

MEANNDÁIL — Ní raibh sé ach ag meanndáil ar an ngnó
1769— ceárduí ná raibh fios a ghnótha aige agus ná raibh á dhéanamh
1770mar ba cheart: nó, gan bheith leanúnach air ach tamall anois
1771is tamall aríst. Bhéadh buachaill aimsire ag meanndáil ar a
1772chuid oibre muna mbéadh ach snap thall is snap i bhfus aige, is
1773gan é ag luighe air féinig. Buachaill ag scríobh ceachta, is
1774focal aige anois is árist agus féachaint tímpal. Cailín
1775ag meanndáil ar an dteine — muna mbéadh fhios aici conus
1776í chur síos. Is mar-a-chéile meanndáil agus gliúmáil;
1777nó manntáil — tímpal an bhídh. Tán tu ag ithe? Táim ag
1778gliúmáil leis. Ag baint na bprátaí? Ag gliúmáil
1779leótha. Tán tu ceangaile ins na páipéirí. Seadh, bím
1780ag gliúmáil liom leótha.


1781
1782

MEAR — Bhíodar ag siúl chó mear le giorraithe. Conus
1783tán tu indiubh? Go mear suairc. Bhí cuma mhear mhalluithe
1784ort = te, crosta: é bheith de chuma ort go léimfá go tapaidh.
1785Tán sibh ag siúl go mear tapaidh maidir le fearaibh críona
1786do (de) = agus a rá gur fearaibh críona sibh.


1787
1788

MÉAR — Méireana, nó méireasta. Méar na h-órdóige:
1789an mhéar mheádhon: méar na lúidíne: an lúidín: an órdóg.
1790Tá an scríobhnóireacht sa mhéir aige = gur féidir leis é gan
1791puínn duaidh. Tá Seán casta ar do mhéir agat = tugtha féd
1792thoil — i slí go ndeinfidh sé pé ní is toil leat. Cuir an donas
1793ar an méir fhada = ná bí ag cuímhneamh air go mbeidh sé
1794buailte suas leat. Chuala an focal chó minic is atá méireana
1795orm. Tá an Ghaoluinn agat id mhéir, id shúil, agus id
1796theangain = é ar do chumas í scríobh, í léigheamh, í labhairt.
1797Bhíos ag siúl ar bharruíocha mo mhéireana = ar bharruíocha mo
1798chos: ar mo bhairricíní. Táim ag baint (nó á bhaint) go
1799tiubh as na méireana na laetheanta so = á gcur ag obair:
1800ag baint saothair asta — agus as an inithin (inchin) leis.
1801"Cuir do mhéar ansan," adeirean fear an toirmisc ag
1802gríosa buachaillí chun a chéile = cuir anuas ar mo mhéir (a
1803bhéadh fliuchaithe aige).


1804
1805

MEARBHALL — Ag dul i mearúl, i mearúlacht, i mearath-


L. 45


1806

alacht atáim = rudaí bheith ag dul sa mhuilean, sa bhfraoch,
1807orm.


1808
1809

MÉARACÁN — Méaracáin dhearga = méaracáin na mban
1810sídhe.


1811
1812

MEARATHAL — Tá an cúrsa so ag déanamh mearathail
1813(aigne) dhom: nó, ag cur mearathal aigne orm. Tá mear-
1814athal orm i dtaobh an chómhairimh — fear a bhí ag cómhaireamh ubh
1815= tré-chéile aigne: táim i n-amhras nár dheineas i gceart é.
1816Tá sé ag déanamh mearathail dom cad a dheinfead amáireach.


1817
1818

MEARATHALACH — Tá mo cheann ana-mhearathalach
1819= dearúdach.


1820
1821

MEARGUIGHIM — Tá rud éigint ag meargú fút ná
1822fanfá socair = ad spreaga: ag séide fút: id phrioca.
1823Bhíodar ag meargú fúm riamh is choidhche gur ólas an iomarca.


1824
1825

MÉARNÁIL — Bíon na h-iascairí ag lorg an éisc ar
1826méarnáil = á lorg oíche dhuibhe-réig, agus gan de sholus chuige
1827ach é sin a dheinean an t-iasc nuair a lasan — sé ar barra an
1828uisce. Tá na báid ag dul ag méarnáil anocht ag lorg an
1829éisc = ag cuardach agus an mhéarnáil á dtreórú — sé sin an
1830teine ghealáin a dheinean an t-iasc san uisce. Bhí an seó
1831d'iasc méarnála ann aréir ar barra = na h-éisc go mbíon
1832an solus san asta. Tógadh mórán éisc ar méarnáil aréir.
1833bhí na buachaillí ar méarnáil aréir ag feitheamh le trucail na
1834saighdiúirí = gan de solus ná de chómhartha aca ach solus an
1835ghluaisteáin. Chromas ar bheith ag méarnáil i measc na
1836leabhar féachaint an bhfuighinn mo phíp = ag cuardach lem
1837béireana is gan aon tsolus agam. Bhíos i bhfad ag méar-
1838náil a d'iarraidh an tig a bhaint amach le doiritheacht na
1839h-oíche = ag cur eólais na slí lem lámha, agus mar sin.
1840bhíodar ag méarnáil ag lorg na pingine, na snáthaide, an
1841bhioráin = ag scríoba na talún leis na méireana. Cad é
1842an mhéarnáil (nó mhéirneáil) é sin ort?


1843
1844

MÉARÓG — Sin méaróg dheas chloiche = cloch bheag (chruínn)
1845go bhféadfadh dhá mhéir nó trí í chaitheamh. Tugadh fúm le
1846h-urchar méaróige = méaróg a bhí i gceist, nó rud éigint a


L. 46


1847

caitheadh ar nós na méaróige: caitheadh an rud 'na mhéaróig.
1848Ni h-é an té is fearr ar an méaróig is fearr ar an ngiulc =
1849an tslí 'na gcaithtear an mhéaróg nó aon rud beag mar é-
1850lastuas. Chaitheas mo scian 'na méaróig uaim. Tá méaróg
1851maith ag an bhfear san. Sé is fearr agaibh ar méaróig = chun
1852méaróige. Ná caith 'na ghiulc é, ach 'na mhéaróig lastuas.
1853Thairigíos geall scillinge dhó ar mhéaróig = an oiread san
1854go sáróinn é le méaróig.


1855
1856

MEAS — Tá Bríd breóite go maith agus ní mór an meas
1857a thabharfainn uirthi = ní déarfainn go bhfuil aon ana-sheans
1858go dtiocfaidh sí abhaile, as. Ní maith é mo mheas uirthi chun
1859teacht as an eitin. Níl aon mheas agam go dtiocfaidh sí —
1860as an ndroch-ní. Ní maith é mo mheas ort go bhfuil mórán
1861Gaoluinne agat = ní dóigh liom ró-mhór go —. Tá meas
1862maith aige sna daoine orm agus árd-mheas fúm féinig =
1863ard-mheas agam orm héinig agus me á theasbáint. Dá
1864mbéadh aon mheas agat ort féinig ní dheinfá é sin = uraim
1865(oirim) duit féinig. Sin é an rud a thug meas dom ar
1866Sheán: a chuir meas agam air. Tá meas aerach fút = meas
1867fút agus lán agus eiríghe ó thalamh. Bíon meas éaganta
1868ann, agus meas fódúil. Tán tu ithte ag an meas.


1869
1870

MEASA — Is measa tu chothú ná triúr = is cruadha, is
1871deacara. Ní maith linn an fuacht, ach béidir nár mheasa
1872dhúinn ar domhan é ná an brothal = gurab é seo is measa
1873amuigh dhúinn: nár mheasa dhúinn ar domhan éinní (= é)
1874ná —.


1875
1876

MEASCAIM — Measc an leite = suaith, corruigh.


1877
1878

MEASTÚIL — Táim meastúil go maith orm héinig =
1879ana-mheas agam orm héinig. Tá sí ana-mheastúil aige sna
1880daoine = ana-chreidiúnach, fé mheas mór, aca. Ach, táim
1881meastúil asam héinig = as mo chló, as m'oibreacha, agus
1882mar sin: iad so fé ndeár an meas.


1883
1884

MEATHAIM — Ní foláir liom nó gur síol maith é agus a
1885luighead meath a dheinean sé. Mheath an síol = d'imigh siar,
1886fuair bás thíos sa cré. Ach, tháinig sé aníos go breá agus


L. 47


1887

ansan do cheiliúir sé-ní mór dó bheith tagtha ar barra chuige
1888sin. Tá sé ceiliúrtha orm.


1889
1890

MEATHALÓIR — Rud beó a bhíon gan mhaith — sicíní óga:
1891sean-fhear: leanbh dá gcuirfeadh éinní siar é, agus é suarach
1892i n'aois (dréir 'aoise, dá aois). Is beag an t-ál n á bíon
1893meathalóir ar deire ortha = suarachán. Tá an leanbh 'na
1894mheathalóir an aimsir seo aige sna fiacla.


1895
1896

MEATHALÓIREACHT — An glór a dheinean an meathalóir.
1897Tá na sicíní óga, na géana óga, ag meathalóireacht.


1898
1899

MEATH-CHODLATACH — Táim meath-cholatach ó mhaidin =
1900saghas colatach. Ar an gcuma gcéadna meath-thuirseach,
1901meathleisciúil, meath-fhoghlumanta. Ach, neamhcholatach, neamh-
1902thuirseach.


1903
1904

MEATH-THEINE — Teine mhall — ná dóghfadh: gan bheith
1905tréan.


1906
1907

MÉID — Seo dhuit púnt agus dein an méid is mó a
1908dh'fhéadfair de. Dein an méid is mó is féidir leat den
1909tseans a fuairis.


1910
1911

MEIDHBHÁN — Tá meidhbhán im cheann = mearathal.


1912
1913

MEIDHG — Meidhg dhá bhainne = leamhnacht agus bainne géar
1914meascaithe ar a chéile. Bé go mbainfinn-se meidhg asat =
1915ceól: an smúsach.


1916
1917

MEIDHIR — Níl aon chainnt agat indiu. Níl: níl aon
1918mheidhir orm — 'e cheal tobac = árdú croidhe.


1919
1920

MEIDHRÉIS — Ní thógfad an bia mar níl aon mheidhréis
1921orm chuige = ana-fhonn. Nó meidhréis chun oibre. Chuir
1922sé ana-mheidhréis orm é sin a chlos = árd-áthas, dian-áthas.
1923Is láidre é ná meidhir.


1924
1925

MEIDHRÉISEACH — Tán tu meidhréiseach go maith indiubh =
1926árd-mheidhir, nó mire, ort: tu bheith mear: do chroidhe ana-
1927éadrom, agus scóp ort.
1928


L. 48


1929

MEIG — Tá an mheágh meig ar mheig, nó meig le meig =
1930cothrom. Bhíomair meig ar mheig le chéile sa rás = i n-ionanas.
1931Tá an prás agus an tae i meig an óir ins na scálaí = ana-
1932chothrom — ní bhíon aon rabairne ag baint le tómhas an óir.
1933Tá sé 'na mheig sa leabaidh = 'na chola go sámh, gan anam gan
1934chorruí. Níl aon mheig sa duine breóite, nó as = anam,
1935corruí, bhí sé ar meisce ar thaobh an bhóthair agus d'fhágas
1936ansan na mheig é. Dheineas meig de sa díospóireacht =
1937oiread san áitimh a dhéanamh air gur fhágas gan focal cainnte
1938é: stopas suas ar fad é. Táim i n-aon mheig amháin ag an
1939slaghdán = gan anam, gan chainnt, gan sult.


1940
1941

MEIGEAL — Tá meigeal fén ngabhar, leis an ngabhar.


1942
1943

MEIGEALACH — Bíon an gabhar ag meigealaigh fé mar a
1944bhíon an bhó ag búirthigh.


1945
1946

MEILIM — Táimíd ag meilt an lae dúinn féinig = ag
1947caitheamh: ag brise síos: ag cur dínn. An té a bhíon ag
1948síor-chainnt meilean sé mín agus garbh = tugan amach gach
1949aon tsaghas cainnte. Meilean síor-shile an chloch ghlas =
1950téighean cómhacht lag i bhfeidhm sa deire — ach é choimeád ag
1951síor-oibriú. Beidh solus an lae meilte ar a 6 tráthnóna =
1952tugtha: deire bheith leis. Tá an téarma scoile seo meilte
1953anois = an chuid is mó mó de brúighte síos againn. An saol
1954agus an aimsir a mheilean na daoine = a chaithean, a cháthan.


1955
1956

MEIRG — Tá meirg ar mo chnámha le díomaoínteas.
1957Bhéadh meirg orm dá mbéadh ceal an tobac orm = crosdacht,
1958míchéata. Bain an mheirg díot féinig agus brostuigh.


1959
1960

MEIRGEACH — Bhíos meirgeach míchéatach go maith.


1961
1962

MEISCE — Bhí sé bog go leór ag an ndigh. Bhí a choisce
1963ólta aige = a dhóthin. Bhí sé súgach = meidhreach: ar leath-
1964mheisce. Bhí sé maith go leór. Lán a bhuilg ólta aige. Ar
1965bog-mheisce. Ar stealla-mheisce. Caoch ar meisce. Ar
1966dearg-mheisce. Ní raibh taimhilt aige = léas. Ag tabhairt
1967dá thaobh an bhóthair isteach sa tslí abhaile dhó = ag tabhairt dá
1968thaobh an bhóthair leis. Lán go poll an phaidrín = go bun na
1969scórnaighe. Lán go smig = níos sia suas fós. Bhí an oiread


L. 49


1970

san ólta aige go mbuailfá do mhéar air = an deoch bheith
1971aníos isteach na bhéal. Ní raibh aithne na bhfeart aige =
1972gan fios aige cad a bhí á dhéanamh aige. Ní fheidir sé soir
1973sochas siar. Ar na stárthaibh = ar buile le meisce. Bhí sé
1974chó lán san go marófá (marbhófá) an dreanncaide ar a
1975imleacán.


1976
1977

MÉISCRE — Tá méiscrí im chosa. Bhuaileas mo chos anuas
1978ar chloch ghránna mhéiscreach. Tá salachar istig i lár an
1979mhéiscre = an gearra a thagan ar chois nó an láimh dá mbeidís i
1980bhfad gan níghe: nó an rian a bhéadh fágtha tar éis gearra.
1981Tagan sé aimsir bhrothail, leis.


1982
1983

MEISCEÓIREACHT — Bíon sé ag meisceóireacht i gcómhnuí
1984= ag luighe leis an meisce. Ní rabhas cionntach i bpeaca na
1985meisceóireachta.


1986
1987

MÉISEÁIL — Bíon Nóra ag méiseáil ar fuaid an tíghe =
1988ó mhéis go méis agus ó árus go h-árus: ag imeacht ar
1989fuaidh an tíghe is í ag déanamh blúire des gach aon ní.
1990Saghas tuín céireachta seadh é a bhainean le h-áraistí.


1991
1992

MÉITHREAS — Tá méithreas sa mbuachaill sin = feóil go
1993leór air: blonag, geir, saill. Téighean an méithreas go
1994maith dhom = rudaí a bhíon méith — feóil agus a leithéid.


1995
1996

MEÓN — Tá aighneas as meón aige = níos fearr ná an
1997choitiantacht: thar meón. Do dhoirithigh an oíche aréir as
1998meón. Tá an lá indiu as, nó thar, meón = bheith ró-láidir,
1999ró-bhrothalach, ró-aon-ní. Tá mian agus meón agam ins na
2000prátaí = ana-mhian. Tá meón deas aige Seán = slí dheas
2001aigne: déanamh deas aigne. Ní h-é an meón céadna
2002atá againn. Is breá an meón atá aige — ní bhéadh sé crosta
2003garbh, ach síbhíalta: agus b'fhuiriste cainnt leis. Nílimíd
2004ar aon mheón amháin ná ar aon tslí amháin. Caith do mheón
2005den bhfeóil = oiread is is mian leat. Nó, miún. Ól suas
2006do mhiún de sin.


2007
2008

MEÓNÚIL — Táim meónúil go maith tímpal páipéirí
2009falla = nách mór don bpáipéar bheith oiriúnach go maith chun me


L. 50


2010

shásamh. Fear meónúil = go bhfuil meón deas aige agus
2011galántacht ann: ba mhaith leis gach ní a bheith aige mar ba
2012chóir — na bróga glan, na h-éadaighe slachtmhar, agus mar sin
2013de. Tá sé meónúil (nó miúnúil) ag siúl na slí, ag caitheamh
2014an bhídh. Tá sé miúnúil leis an mbia, leis an ndig.


2015
2016

MEÓNUÍOCHT — Ná deinfá meónuíocht ar an mbia? =
2017gan dul ró-dhian air: gan dul thar cosúlacht. Ní mheilfá
2018an oiread san tobac sa tseachtain dá gcaithfá meónuíocht
2019leis = gan bheith ag dul thar teórain leis. Níor ghlac sé aon
2020mheónuíocht leis an mbia ach sádha chuige = ní raibh sé go deas
2021sa tslí 'na raibh sé á ithe ach é alpa suas.


2022
2023

MIAM — Ní raibh miam as an spéir = an puth is lúgha
2024gaoithe.


2025
2026

MIANACH — Tá mianach na báistí sa spéir is beimíd gan
2027an triomach. An té go mbíon mianach na Gaoluinne ann is
2028fuiriste dhó í dh'fhoghluim = go bhfuil féith na Gaoluinne ann.
2029Tá mianach teangcacha (iománuíochta, éinní) ionnat. Bhís
2030árd go maith sa droch-mhianach an uair sin = bainte go maith
2031chun feirge: malluithe go leór. Aon mhianach amháin atá
2032ins an dá fhocal = aon bhrí, aon bhun, amháin. Bhí mianach sa
2033bhfear san chun cómhrac dá thír. Tá mianach cainnte; mianach
2034feargach: mianach feirge: mianach malluithe: mianach
2035pléisiúrtha, ann.


2036
2037

MIANADÓIR — Fear a bhíon ag lorg mianaigh: fear,
2038cig, a bhéadh ag scrúdú déanamh na gcarraigreacha.


2039
2040

MIANFUIGHEACH — Mianfuch. Bhíos ag mianfuch. Cuir
2041uait an mhianfuch. Cúis na mianfuíghe.


2042
2043

MIAS — Chuir sí an bainne ar an méis, ar na miasa, thar
2044oíche.


2045
2046

MÍCHÉATA — Bhí an cigire míchéatach go maith = mí-shásta;
2047crosta; i slí gur dheacair é shásamh; as an slí. Tá súil
2048agam ná beidh aon mhíchéata eadrainn = míothaithneamh, mí-
2049shástacht, crostacht. Tá míchéata éigint ort toisc gan tu
2050bheith ag cainnt = míshástacht, gan tu bheith baoch: míbhaochas.
2051


L. 51


2052

MÍCHÉATACH — Táid míchéatach le chéile. Táim míchéatach
2053ort. Tá meas míchéatach agam ort = tá meas agam ort go
2054bhfuil tu míshásta, nó gur deacair tu shásamh. Tá m'aigne
2055míchéatach ó bhíos ag cainnt leis siúd go bhfuil an chainnt
2056ghránna aige. Ní gá dhuit bheith ag cainnt chó míchéatach san =
2057árd; as an slí; go trom ar dhruím dhuine éigint eile
2058(mar gheall ar —). Bhí sé ag labhairt mhíchéatach go maith
2059ort indiubh = milleánach, gan bheith baoch díot 'na chainnt.


2060
2061

MÍGHLÉAS — Tá an t-inneall ar míghléas = as órdú: gan
2062bheith ag oibriú i gceart. Is minic a théighean mo rothar ar
2063míghléas pé sa dial rud atá bun-ós-cionn ann.


2064
2065

MIL — Tráthnóna meala: aimsir (nó bliain) mheala:
2066lá meala = aoibhinn: glórmhar.


2067
2068

MÍLCHEÁRD — Tá mílcheárd im chois = boghsín beag a
2069thagan thíos fén gcois go mbíon ana-thochas ann agus ballín
2070beag istig 'na lár.


2071
2072

MÍLE — Míle gairid: míle fada: míle Gaolach: míle
2073Gallda (Gall-a).


2074
2075

MILIS — Is minic a bhí daoine milis go maith le chéile
2076agus a bhí searbh go leór 'na dhiaidh sin. Ceól binn milis
2077na n-éan.


2078
2079

MÍLÍTHEACH — D'ionntuigh sé mílítheach nuair a chualaidh
2080sé scéal an bháis = d'iompuigh a líth air, ann í d'athruigh sé
2081'na dhath i bhánuigh sé.


2082
2083

MILLEÁN — Fuaireas ana-mhilleán i dtaobh fanúint istig
2084ó scoil = milleánadh me go mór.


2085
2086

MILLIM — Tá an aimsir bog, ach níl ann mhille ann =
2087díobháil. Bíon duine millte nuair a théighean sé amach as an
2088éadach agus gearánta air. Bíon sé gan mhaith an uair sin.


2089
2090

MILLTEÓIREACHT — Millteóireacht atá ar Nóra = í bheith
2091breóite ana-fhada agus droch-ní éigint á snaoidhe amach:


L. 52


2092

meath éigint go dtéighean sé coitianta den ndochtúir é
2093leigheas.


2094
2095

MILSÍGHIM — Ní mhilseóch an méid sin siúicre an tae
2096dhom = ní chuirfeadh blas milis uirthi, nó air.


2097
2098

MÍMHÁRD — Mí-rath: droch-rath: mí-ádh.


2099
2100

MÍN — Tá an spideóigín ana-mhín = gan bheith fiain —
2101tagan isteach sa chistin. Tá na buachaillí ag féachaint chó
2102mín macánta gur dhóigh leat gur naomh gac éinne aca.


2103
2104

MÍNEÁIREACH — Bhí teist mhíneáireach ar an mbean = é
2105ráite go raibh sí gan náire: nó í bheith malluithe tuaiscear-
2106tach: gan bheith cneasta, ach leanfadh a slí féinig. Tá an
2107capall so míneáireach go leór mar thug sé snap orm indiubh.


2108
2109

MINICÍOCHT — Dá mhinicíocht a thagan tu seadh is minicí
2110ba mhian linn tu theacht.


2111
2112

MÍNÍGHIM — Níl na Cláirínigh mínithe síos fós ag arm
2113Shasana.


2114
2115

MÍOCHOTHROM — Bhíos ar míochothrom sa leabaidh toisc gan i
2116bheith fada mo dhóthin = gan bheith socair ná ar mo thoil: níor
2117fhéadas me héinig a réiteach i gceart. Bhéadh bó amhlaidh
2118dá mbéadh sí tuitithe isteach i bpoll. Chuas ar míochothrom
2119isteach sa mhála = sa tslí ná rabhas cothromach. Bíon ana-
2120mhíochothrom orainn ag teacht aníos i gcoinnibh an chnuic ach
2121bíon an cothrom síos againn. Is minic a bhíon an focal chó
2122gairid le míochrom, nó míochorom.


2123
2124

MÍOGARNACH — Tá sé ag míogarnaigh, nó ag míogarnaigh
2125cholata = nuair a bhíon a chola ag tuitim ar dhuine, agus é
2126idir bheith 'na chola is 'na dhúiseacht. Dh'fhéadfá míogarnach
2127cholata bheith ort agus tu ag cainnt. Ach sa tsrúmartáil bíon
2128sórt sranntarnaighe ag teacht ar an nduine.


2129
2130

MÍOL — Bhí na bricíní ann chó tiubh leis na míola corra = na
2131diail bheaga de chuileóigíní a bhíon ann tráthnóna fóghmhair.
2132Míola críona = na míola a bhíon san adhmad. Tá ceann an


L. 53


2133

linbh (leinbh) ithte aige sna míola. Corra-mhíola = míola
2134corra.


2135
2136

MIONA-GHÁIRÍ — Bhí sé ag miona-gháirí chúgham = gáire
2137beag á dhéanamh aige chúgham.


2138
2139

MIONGÁN — Raghainn isteach i bpoll miongáin uaidh le
2140neart náire nó scannra = áit ana-bheag. Crapan an náire
2141nó an scannra duine isteach ar a chéile. Chuirfá isteach i
2142bpoll miongáin é bhí sé chó mion san.


2143
2144

MIONN — Tar éis na mionn is fearr na mná = sin é nuair
2145is buige iad nuair a bhíon cainnt chruaidh ráite aca.


2146
2147

MIONRAMH — D'imigh an claidheamh 'na mhionramh i gcoinnibh
2148an fhalla = 'na bhrúscar: 'na ghiotaí fogha: 'na smidiríní.
2149Dheineas mionramh den arán le h-é chimilt idir mo dhá bhais.
2150Tá an long 'na mionramh ar barra an uisce is an t-uisce ag
2151gabháilt tríthi sall is anall.


2152
2153

MIONUIGHIM — Mionuigh an focal san, an scilling sin,
2154dom = bris: dein mion, beag. Ba mhaith liom an chainnt
2155sin a thuiscint níos mionuithe = é thuiscint nuair a bhéadh sé
2156briste 'na mhion-choda dhom, agus na mion-choda féinig a
2157thuiscint níos fearr. Caithfidh me an focal a dh'fháilt níos
2158mionuithe = níos briste: i gcoda is lúgha ná san. Ní mór
2159dom na téarmaí síochána a dh'fháilt níos mionuithe sar a
2160mbeidh fhios agam cad is fiú iad.


2161
2162

MÍ-ÓRDÚ — Chaith sé an t-airgead ar mí-órdú = i ndroch-
2163shlí. Tá gach ní ar mí-órdú ar an mbórd agam = gan bheith
2164i n-eagar ceart.


2165
2166

MIOTAMUS — Bhí an spiaire ag dearbhú bréige im
2167choinnibh sa chúirt chun miotamus mo chrochta a sholáthar dom =
2168órdú scríobhtha.


2169
2170

Mí-SHÁSAMH — Tá mí-shásamh éigint ort.


2171
2172

MISDE — Nára misde é é an té a dheinean an gníomh
2173fóghanta.
2174


L. 54


2175

MÍSHEÓL — Níor bhain aon mhísheól dúinn ar an mbóthar =
2176tionóisc, óspairt; chuamair slán. Thug an long an trus
2177isteach gan aon mhísheól = gan mhaisle, gan mháchail. Fuaireas
2178do litir gan aon mhíseól = gan aon dul-amú ná éinní do dhul
2179uirthi. Cuirtear an focal ag obair tímpal gach saghas
2180cúrsa.


2181
2182

MISIÚR — Rud chun tómhas a dhéanamh — chun éadach, cig, a
2183thómhas.


2184
2185

MÍSHLACHT — Ní slacht a chuiris ar an scéal ach míshlacht =
2186a mhalairt.


2187
2188

MISNEACH — Ní bhfuaireas im mhisneach (bisneach) é rá =
2189ní raibh sé de mhisneach agam. Conus tá an misneach agat
2190indiu, a Shéamais? = conus tán tu? conus tá an croidhe
2191agat? Nó, do mhisneach. Chailleas mo mhisneach nách mór
2192nuair a chonac na fiacha a bhí anuas sa mhairc orm. Bhí an
2193breóiteachán olc go maith indé, ach tá sé ag dul i misneach,
2194ag fáil mhisnigh, indiu — agus é i n'am aige = ag dul i bhfeabhas:
2195tuille den gcroidhe ag teacht dó. Bhí sé bocht go leór ach
2196thugas fé n-a thuille misnigh a spreaga ann. Bhíos a d'iarraidh
2197an misneach do choimeád suas pé droch-chuma a bhí ar an
2198gcúrsa. Ní mór an misneach a bhí sa litir a fuaireas uait =
2199rud a spreagfadh duine chun misnigh — airgead, cainnt
2200mhisniúil, mola. Nuair a scríobhfair aríst bíodh breis
2201mhisnigh orm sa litir agat. B'olc an misneach ar fhearaibh
2202bochta gan aon éileamh bheith ar an stoc. Ní h-aon mhisneach
2203orm mo ghoile bheith ag dul im choinnibh = ní chuirean sé aon
2204tógaint croidhe ionnam.


2205
2206

MITHID — Ní dh'fhanfad-sa anso, a bhuachaill, ag feitheamh
2207led mhithidí = le pé tráth is mian leat teacht; nó é seo nó é
2208siúd a dhéanamh. Ní bhéinn ag brath le n-a mhithidí, ná bheith
2209im buachaill aimsire aige.


2210
2211

MÍ-THOP — Baineadh míthop asam an droch-scéal a chloisint
2212= mí-phreab, mí-gheit.


2213
2214

MÍ-THRÁTHÚIL — Thána i n-am míthráthúil = ná raibh tráthúil:
2215ná oiriúnach.
2216


L. 55


2217

MIÚN — Tá an cailín sin óg 'na miún is óg na croidhe.
2218Feic meón.


2219
2220

MÓ — Tá an oíche mós dorcha chun dul amach = ró-dhorcha.
2221An lá mós fuar, nó mó-is-fuar, chun snámha = rud beag ró-
2222fhuar. Tá na bróga mós mór dom: an obair mó-is-cruaidh:
2223an t-ualach mó-is-trom. Éinní mó-is-éinní. Tá sé mó-is-
2224maith don árthach gabháilt ó thuaidh i gcoinnibh na gaoithe =
2225ró-mhaith, ró-chruaidh.


2226
2227

MOCH — Nách moch atán tu as an leabaidh? Tá na maidi-
2228neacha ag dul i moiche aríst = i bhfaid. Deinean gach moch
2229a ghnó, ach ní le h-eiríghe d'oíche é = gach duine a eiríghean go
2230moch.


2231
2232

MOCHÓIRÍ — Is éachtach an mochóirí thu = duine a eiríghean go
2233moch. Nuair a chuireas mo cheann amach ar mhochóirí na
2234maidine = go moch ar maidin. Nó muchóirí.


2235
2236

MODAIR-CHEÓ — Tá modair-cheó ann indiu = ceó salach
2237modartha. Bhí sé i n'oíche mhodair-cheóig aréir agus ba
2238dheacair feiscint i bhfad uait.


2239
2240

MODAR-CHEÓDHACH — Deinfidh sí oíche mhodarcheóch anocht
2241= ceóch gan bheith ró-olc.


2242
2243

MODAR-DHORCHA — Tá an lá modar-dhorcha go leór =
2244gan bheith glan is gan bheith ró-dhorcha. Bíon sé modar-
2245dhorcha an aimsir seo tímpal is a 6 tráthnóna = i n' eascara
2246lae is oíche. Nó mudar —.


2247
2248

MOILL — Táim ag coimeád, nó ag cur, moille ort = ad
2249mhoilliúint, ad mhoilliú. Chuireas moill ar an gclog =
2250chuireas siar é: nó chuireas 'na stop é ar feadh tamaill.
2251Ná bí am chur chun moille = ag coimeád moille orm. Bhíomair
2252ag gluaiseacht chun cinn go breá go dtí an méid seo moille =
2253lasmuigh den moill seo. Fuair an sagart glaodhach ola
2254agus beidh moill air ón Aifrean dá dheascaibh. Cuireadh
2255moill seachtaine ar an ngnó.


2256
2257

MOILLIGHIM — N'fheadar cad tá ag moilliú Thomáis
2258indiubh = ag coimeád moille air.
2259


L. 56


2260

MÓIN — Cnuchaire = trí fóid, nó mar sin, 'na seasamh
2261agus fód eile i n-áirde ortha. Bhíos ag cnuchairt mhóna =
2262ag déanamh cnuchairí. Cnucharuightear í. Stualain = cnuch-
2263aire mór; bíon níos mó go maith ná an cnuchaire. I lár
2264na stualainne. Mórchuid stualainní. Tá sé ag stualáil
2265(mhóna). Tá an mhóin stualálta. Táimíd ag cur fórach
2266ar an gcruaich = na fóid a cuirtear i n-eagar ar an dtaobh
2267amuigh chun an bháisteach do choimeád amach. Fiacail an
2268phortaigh = ciúmhais i an áit ar a gcaithtear i n-áirde na
2269fóid nua-bhainte. Drom an phortaigh = an portach féin
2270siar ón bhfiacail — an áit i n-áirde ar a gcuirtear an mhóin
2271chun triomú. Gabhal an phortaigh = an áit íseal thíos go
2272mbíon an mhóin bainte amach as: bíon screamh brúscair
2273air agus cuirtear an mhóin ag triomú ann. Uisce portaigh.
2274Spairt, nó spadal = droch-mhóin. Móin fhuinte = móin a
2275deintear as an mbrúscar le h-uisce a scaoile air agus é
2276fhuine ar a chéile.


2277
2278

MÓIREACHT — Táimíd ag dul i móireacht le chéile le
2279tamall = chun muínntearais: ag dul i gceanúlacht ar a
2280chéile: ag eiríghe mór.


2281
2282

MOLAIM — Ní mholfainn an té go mbéadh bolg mór aige
2283= ní mhaoidhfinn air é. Níl an obair sin le mola, chun
2284molta = níl sé go maith. D'fhágamair an t-achran fé mhola
2285Sheáin = go ndeinfimíst pé réiteach a thabharfadh sé. Bhí sé
2286ag baint na bputóg as rialtas Shasana agus mise ag mola
2287an scéil leis = ag mola na cainnte (an chúrsa) leis: á
2288rá leis go raibh an ceart aige, go rabhas ag teacht leis, go
2289n-aontóinn leis, agus mar sin de. Ag mola an cheachta
2290leis an scoláire = ag mola an cheachta fé mar a bhí sé á
2291scríobh nó á thabhairt amach ag an scoláire. Bíon Sasana
2292ag mola leis an bhFrainnc nuair a bhíon sí ag tabhairt ropa
2293fén nGearmáin. Ní mholfadh an dochtúir aon fheóil dom.


2294
2295

MÓR — Tá sí ana-mhór aige sna daoine = ana-mheas bheith
2296aca uirthi. Is mó go mór púnt ná scilling = tá sé i bhfad
2297níos mó.


2298
2299

MÓRÁN — Ní mórán ná gur mar a chéile an dá fhocal =
2300ní mór ná —.
2301


L. 57


2302

MÓRCHÚISEACH — An te go mbíon substainnt mhaith aige
2303bíon sé mórchúiseach go minic agus bun aige leis. Is dó is
2304cóir.


2305
2306

MÓRCHÚRAMACH — Duine mórchúramach = go mbíon mórán
2307cúraim air. Ní mór an chabhair an méid sin airgid chun tig
2308mórchúramach do chur chun cinn = tig go mbíon mórán cúraim,
2309nó mórán cúraimí, le freastal ann.


2310
2311

MÓRDHACHT — Tá an iomarca mórachta ag baint leat =
2312tu bheith ró-mhór ionnat féinig: bheith ró-mheastúil ort
2313féinig. Bíon an mhóracht ar an dtaobh amuigh. An té go
2314mbainean san leis bíon a leath san aer, uaireanta, agus ní
2315le n-a chuid substainnte é, go minic.


2316
2317

MÓRTAS — Thógas tig mórtais = grianán tíghe: tig mór.


2318
2319

MOTHÁILEACH — Táim motháileach go maith = braithim rudaí
2320go maith, is go tapaidh — b'fhuiriste me mhúscailt, nó chloisfinn
2321fothram ana-bheag: braithteach.


2322
2323

MOTHALLACH — Nách mothallach an fear é! = mór-chuid
2324gruaige aige is í ag imeacht gan cóiriú.


2325
2326

MOTHALUIGHIM — Tá sé ag mothalú as a chola = ag mothú,
2327ag braistint, ag dúiseacht.


2328
2329

MOTHUIGHIM — Níor mhothuíos indiu go dtí n-a 9 = níor
2330bhraitheas, níor dhúisíos: níor mhothuíos as mo chola. Tá
2331an mac imithe uaim agus mothuighim uaim go maith é — agus
2332a ghnó. Táim im chola ó mhaidin gan mhotháilt = gan bhraistint,
2333gan dúiseacht. Níor mhothuíos do theacht isteach = níor
2334bhraitheas, ní raibh aon mhotháilt agam ar do theacht.


2335
2336

MUC — Tháinig muc ar gach malain liom = ana-chuma feirge.


2337
2338

MUCH — Feic moch. Bhuaileas amach scoth-mhuch ar maidin
2339= cuíbhsach much.


2340
2341

MUCADÁIL — Nách ort atá an mhucadáil chúgham! = bheith
2342ana-mhí-shíbhíalta: freagraí gan phléisiúr a thabhairt go


L. 58


2343

lasánta tapaidh crosta — inghín, cig, ag imeacht fé dhéin rínce
2344agus an mháthair ag baint earruíochta aisti.


2345
2346

MÚCHAIM — Ná leig di múcha — don dteine. Táim marbh
2347le múcha aníos (nó suas) = me bheith múchta. Tá ana-mhúcha
2348suas ínnti sin. Mhúch an t-iasc = d'imigh síos ó bharra an
2349uisce. Tháinig ana-mhúcha aníos ar mo chroidhe. Is ins na
2350scoileana a mhúch an Ghaoluinn = fuair bás. Táim múchta
2351píopálta suas, agus gan é ar mo chumas m'anál a tharrac.


2352
2353

MUDAR-CHEÓCH — Lá mudar-cheóch — go mbéadh brat salach
2354ceóig ann. Feic modartha.


2355
2356

MUILEAN — Bíon gach éinne ag tarac uisce go dtí n-a
2357mhuilean féinig = 'na chúram féinig: ní bhíon i gcúram an fhir
2358thall. Bhí sé neamhchainnteach, ach tá ag teacht fé n-a mhuilean
2359anois = breis chainnte bheith ag teacht chuige: fé n-a theangain.
2360Muilean gaoithe — deintear é le blúire adhmaid nó páipéir
2361láidir a cheangal de chórda, an córda a chasa go maith agus
2362ansan é scaoile: deinean sé glór maith.


2363
2364

MUIN — Feic mairc. Ar mhuin mhairc a chéile: nó ar
2365mhuin bhaic a chéile.


2366
2367

MUINE — Dar muine = dar fia.


2368
2369

MUINEÁL — Táim síos go dtí mo mhuineál ag obair, nó
2370san obair = go doimhin. Chuas 'na mhuineál = rugas greim ar
2371a scórnaigh.


2372
2373

MUÍNG — Tá muíng gruaige ort = gruaig fhada: mothal:
2374feirc — an paiste fada a fágtar i dtosach an chinn. Muíng
2375= an ruaimneach a bhíon ag fás ar mhuineál capaill nó ar a
2376eirbal: nó an snáithín a bhíon ar shlat iascaigh.


2377
2378

MUIR — Ba cheart an cladhaire do chur le mór-mhuir is le
2379fairrge = é chaitheamh isteach sa pholl, sa bhfairrge.


2380
2381

MUIRBHEACH — Gainneamhail (gainniúil).


2382
2383

MUIRIR — Tá muirir ar Mhicheál = clann air. An mór
2384do mhuirir anois?
2385


L. 59


2386

MUIRIREACH — Fear bocht muirireach = go bhfuil muirir
2387throm air: atá fé mhuirir throm. Duine muirireach = trom,
2388aindeis. Bó mhuirireach. Capall muirireach = mór, garbh;
2389gur deacair é chothú.


2390
2391

MÚIS — Múis mhná = bean mhór leathan bheathuithe agus
2392feóil ar crith uirthi. Tá múis ar fad déanta díot = tán
2393tu id mhúis: tuitithe go mór chun feóla. Nó, bean go
2394mbéadh cuid mhaith feóla uirthi.


2395
2396

MÚISIÚNTA — Nuair a bhíon an fheamanach tamal ar an
2397dtráigh bíon blath múisiúnta uaithi, nó bhéadh ar an bhfeóil dá
2398mbéadh sí ag lobha, geall leis = blath go mór thar ceart:
2399níos measa go mór ná bheith cabhruithe. Oíche mhúisiúnta =
2400tais, trom, salach ínti féinig. Oíche mhúisiúnta dhorcha.


2401
2402

MULLÓG — Mullóg cnuic = maol-chnoc. Ar bharra na
2403mullóige.


2404
2405

MÚN — Dhein sé a mhún ar a bhríste.


2406
2407

MÚNLA — Deineadh i n-aon mhúnla amháin iad. As an
2408múnla amach a tháinig an cailín sin = í bheith ana-dheas:
2409naoidheanta. Níl an lampa san as múnla = níl sé gan
2410an scéimh agus an crot ceart a bheith air. Múnlálta =
2411córach (ó mhúnlaim).


2412
2413

MÚR — Níl aon phioc den salan againn fé mhúir an tíghe =
2414sa tig: fé fhallaí an tíghe. Múr báistighe = tuitim trom
2415báistí.


2416
2417

MÚRÁLAIM — Tá an t-árthach ar múráil = ar a h-ann-
2418caire. Nó, mórálaim.


2419
2420

MURAN-Níl sé i gcúram na Gaoluinne muran mó atá
2421sé 'na coinnibh = maran, mara, muna.


2422
2423

MURCHA — Chonaic sé Murcha — nó an tor ba ghiorra dhó =
2424fuair sé an bás nách mór: chuaidh i n-árd-chonntabhairt, i
2425n-ana-chruadh-chás. Nuair a tháinig sé isteach ón lá ar éaló


L. 60


2426

ó scoil thugas Murcha dhó = ana-léasa: scannra, agus mar
2427sin.


2428
2429

MURDAL — Nuair a chonnaic sí na saighdiúirí ag teacht
2430liúgh sí "Míle murdal."


2431
2432

MÚSCLAIM — B'fhearr liom ar fear thíos a mhúscailt
2433ná bheith ag rith síos na gcómharsan = ainm an diail do tharrac
2434anuas, do thabhairt ar barra, do lua. Is mó focal múscailte
2435agat le 3 seachtaine = tugtha ar barra aniar as mo cheann.
2436Dá mbéadh salachar i gcopán uisce agus go gcorrófá é
2437mhúsclófá ar barra é = chuirfá, thabharfá. Ní gá dhuit droch-
2438bhrí an fhocail a mhúscailt ar barra mar ní h-é a mheághas a
2439chur i n-úil. Tá Eilís go maith chun a gátar a mhúscailt = a
2440chur i n-úil. Do múscluíodh slí nua dhom chun púdar a dhéanamh
2441= nochtadh, teasbánadh.


2442
2443

MUSTAR — Tá mustar air as a chuid Béarla = eiríghe ó
2444thalamh: tógaint croidhe: mór-chúis. Mustar gan ghustal
2445fé bhean a' t-aon bhó. Mustar gan dúchas is deacair é
2446dh'úmpar = eiríghe i n-áirde gan sínsearacht.


2447
2448

MÚTÚIL — Bíon bia mútúil nuair a bhíon sé borb saibir
2449agus ná féadfá mórán de a dh'ithe. Bíon amhlaidh gan aon
2450chabhruitheacht ná lobhthacht ag baint leis. Tá cré an ghuirt
2451seo mútúil borb = saibhir: mhúsclóch an síol aníos go maith.
2452Nó, mútúlta.


2453
2454

N


2455
2456

NÁ — An ndúbhraís go dtiocfá? Ní dubhart ná go
2457dtiocfainn = go deimhin ní dúbhart: ní dúbhart go dtioc-
2458fainn, ná ní dubhart go dtiocfainn — an ní céadna fé dhó.
2459Nílim ná tuirseach. An é a bhí ann? Ní hé ná é. Ar
2460thugais an púnt dó? Níor dheineas ná é thabhairt. Béidir
2461go bhfuilim ag cur aon chur-isteach ort? Nílean tu ná tu.
2462Ní thuigim an focal ná é thuiscint.


2463
2464

NÁCH — Cad nách maith? Ceist é sin tímpal cainnt mar


L. 61


2465

seo — "Ní maith liom é." = Cad é féin?: cad é nách maith
2466leat?


2467
2468

NÁDÚIR — Tá ana-nádúir i Seán, nó ag baint leis =
2469tá ana-chroidhe aige: dá dteastóch éinní uait thabharfadh sé,
2470nó dheinfeadh sé, dhuit é dá bhféadfadh sé: fial agus croidhe
2471maith aige: truaighmhéileach duit dá mbéadh aon trioblóid
2472ort: go maith do sna cómharsain agus do sna bochtaibh. Tá
2473nádúir aige dhom = croidhe maith: ball bog 'na chroidhe.
2474Tá galar ar an mbó 'na nádúir — nó ar aon ainmhí
2475baininscineach.


2476
2477

NÁDÚRTHA — Bhí sé nádúrtha riamh = an nádúir a bheith
2478ann. Tá sé nádúrtha do n-a thír, domh-sa.


2479
2480

NÁIRE — Mo náire dhearg thu, a Mháire, é sin a dhéanamh =
2481mo náire dhóighte. Níl aon náire ort ná ionnat — ach ní mar-
2482a-chéile an dá ní san. Ní raibh náire ná allus ná faic orm
2483roimis an easbog. Ní raghainn ag tabhairt náire dom féinig
2484i gcuideachta an rógaire sin = am ísliú féinig i súile na
2485ndaoine. Ní thabharfainn náire dom héinig é dhéanamh. Is
2486minic a thug do chainnt náire dhuit agus gan aon náire ort
2487dá bhárr.


2488
2489

NAITH — Ní chuirfinn aon naith ins na páipéirí nuachta =
2490aon tsuím. Ní chuirfinn aon naith ins an leabhar le n' fhaid =
2491ní thógfainn aon cheann do n' fhaid: ní raghadh a fhaid 'na
2492luighe orm. Tá naitheana an domhain ag baint leat = slite,
2493neithe, ar leithilig: bóithre fé leith, béasa fé leith, slite
2494cainnte leithreachaiseacha. Tá an focal san mar naith againn
2495anso le fada — "an bhean dhearg," cig, do thabhairt ar an
2496dteangain.


2497
2498

NAMHADACH — Duine críona namhadach = crosta, goir-
2499geach, ná féadfá baint leis ná bagairt air. Duine críona
2500sochma an taobh eile de. An madra a bhíon namhadach i
2501mbéal a dhoiris féin ní leigfeadh sé éinne thairis. An duine
2502namhadach dá n-imreóch an leanbh cleas beag air béidir go
2503dtabharfadh sé clobhta nímhneach dhó. Bíon sé íogair: gan
2504bheith pléisiúrtha.
2505


L. 62


2506

NAOI — Níl i n-aon ní ach cómhrá 9 lá = bíon sé 'na sheana-
2507scéal fé sin. Ba cheart rud a thabhairt do naoi na truagha =
2508díol na truagha: duine dealbh bocht. Ana-naoi truagha
2509seadh é: níl faic aige. Naoidhe na truagha a deirtear.


2510
2511

NAOIDHEANTA — Nách deas naoidheanta an cailín í
2512siúd? = ana-chúmtha: gan mháchail i n-aon bhall dá h-aghaidh.
2513Má bhíon an cóntanós deas ag duine tá sé rithte naoidheanta.
2514Peictiúir gleóite naoidheanta.


2515
2516

NAOIDHNÁN — Leanbh tamall beag tréis bheith 'na bhunóic.


2517
2518

NAOMH — Níl aon naomh le Murcha, le mathúna = den
2519ainm sin.


2520
2521

NAOMHÓG — Na tochtaí = na suidheacháin a bhíon sa naomhóig.
2522Tochta seóil = an tochta go mbíon an seól-chrann suidhte
2523isteach ann. Na maidí cos = na cláracha beaga ar a gcuir-
2524tear na cosa. Tosach agus deire na naomhóige, agus bogha.
2525An tochta láir. Na h-easnuíocha = na blúiríacha adhmaid a
2526bhíon ag dul tímpal na naomhóige agus go gceangluightear an
2527croicean díobh. Croch na líonta = an chroch ar a gcuirtear
2528ag triomú iad. Snáithín deisiúcháin = snáithín chun na líonta
2529a dheisiú.


2530
2531

NEAC — Neacanna = na tairngí beaga beaga a cuirtear
2532isteach i mbonn bróige, nó tríd an bhfonnsa (fúnsa) ag
2533deisiú camáin.


2534
2535

NEAD — Tá an t-éan ag bailiú nide.


2536
2537

NEADUIGHIM — Bíon mór-chuid éanlaithe ag neadú ins na
2538crannuíocha so = na neada a bheith aca ionnta.


2539
2540

NEAFUISEACH — Mairean daoine neafuiseach 'e bhreis ar
2541a chéile = go bog: slí bheatha a dh'fháilt go bog. Is breá
2542neafuiseach atán tu ag cur do shaoil díot: atá do bheatha ag
2543teacht ort = gan puínn duada. Is breá neafuiseach atá
2544cúis na h-Éirean ag teacht ar dhaoine 'e bhreis ar chuid eile
2545aca atá a d 'iarraidh cirt a dh'fháilt di. Tagan an Ghaoluinn a
2546scríobh ana-neafuiseach ort = go breá, bog, símplí. Docht


L. 63


2547

an taobh eile. Táim ag imeacht go breá neafuiseach fé
2548sheól dom héinig, agus na maidí rámha díomhaoín.


2549
2550

NÉAL — Thuit néal orm = néal codlata. Tháinig néal
2551orm = néal feirge: néal buile. Níor fhan aon néal aige
2552nuair a chualaidh sé an cúntas = aon mheabhair — le feirg nó
2553le h-áthas. Tháinig néal feirge, néal áthais, air = ana-
2554fheirg, ana-áthas.


2555
2556

NEAMH — Dá mbéinn chó siúrálta dul (suas) ar neamh is
2557atáim nár bhriseas an lampa = siúráil nách beag: táim
2558siúrálta go maith nár bhriseas é.


2559
2560

NEAMH-AISTEAR — Níl aon neamh-aistear ag baint liom
2561an aimsir seo = díomhaoínteas, easba cúraim.


2562
2563

NEAMH-AISTEARACH — Táim neamh-aistearach = díomhaoín:
2564nó gnó gan mhaitheas, nó gan puínn maitheasa, sa tsiúl agam.
2565Bíon Seán neamh-aistearach = bíon ana-spárálach air féinig:
2566tógan gach ní bog: ní théighean chun puínn trioblóide: gabhan
2567gach aon chómhngar: bíon bonntáisteach ar an obair. An té
2568ná bíon ach rudaí beaga gnótha le déanamh aige bíon sé
2569amhlaidh. Tabhair lámh chongnanta dhom mar tán tu neamh-
2570aistearach go leór chuige. Táimíd ag maireachtaint go
2571socair sásta neamhaistearach. An madra a bhí ag taighde na
2572gainímhe nó an buachaill a bhí ag caitheamh cloch leis an
2573ndíomhaoínteas bhíodar neamh-aistearach go maith.


2574
2575

NEAMH-BHREÁ — Neamreá a deirtear. Nách neamreá an
2576lá é? = gan bheith breá.


2577
2578

NEAMH-CHEART agus RUDAÍ EILE — Tá an ceacht go
2579léir neamh-cheart agat. Tán tu ana-neamh-chruínn = gan
2580bheith cruínn. Táim neamh-chruínn ins na ladhracha ag an
2581bhfuacht = cig, gan greim ceart beith ionnta. Neamh-chuis.
2582Le neamh-chuis a dúbhart an focal = gan aon tsuím a chur ann:
2583gan é rá dáríribh. Nách neamh-chuiseach a dheinis an cleas? =
2584gan puínn duadha: símplí: nách neamh-chuiseach a tháinig
2585leat é dhéanamh — saoráideach. Bhíomair ag imirt na gcártaí
2586go neamh-chuiseach aréir toisc gan aon airgead a bheith ann =
2587go breá bog, gan cúram a dhéanamh díobh: go neafuiseach.
2588


L. 64


2589

Ba neamh-dheas an obair dhó é = gan bheith deas: ní raibh sé
2590ceart le déanamh. Is neamhdheas an lá é: nó éinní. Neamh-
2591iongantach = néamh-úntach. Tá neameabhair (neamh-mheabhair)
2592ag teacht orm = me bheith ag cailliúint na meabhrach, nó ag
2593imeacht ar buile. Is minic a chuirean an t-ól duine ar
2594neameabhair = as a mheabhair: gan chuímhne. Neamh-ruchóid-
2595each = neamh-urchóideach. Bíon duine amhlaidh más fuirist
2596an saol do réiteach leis: ní bhíon sé glic, géar, aibidh. Bíon
2597an duine neamh-thógálach ná tógan rud suas go ceann i
2598bhfad: a chuirfeadh suas ar feadh i bhfad: a bhíon faid-
2599tsaolach: ní fuirist é thógaint, é lasa chun feirge. Fuaireas
2600an leabhar a chailleas i n-áit neamh-thuairimeach = i n-áit ná
2601raibh aon tuairim agam do, i n-áit ná raibh súil agam leis
2602ann: san anndóth. An té a bhíon neamh-thuiscionach bíon sé
2603ádhbhar glas ann féinig, agus uaireanta ba dheacair gabháilt
2604leis. Fear neamh-uireasbach seadh an té a bhíon go maith as:
2605a bhíon neamh-ghanntarach: ná bíon aon cheal air: go mbíon
2606a dhóthin go maith aige.


2607
2608

NEART — Ní fheicim go bhfuil aon neart ag dul ort = ag
2609teacht ionnat. Tá gníomh mo nirt déanta agam anois =
2610oiread is Is féidir lem neart a dhéanamh. Gníomh mo
2611dhíchil — cainnt den ndéanamh céadna.


2612
2613

NEARTUIGHIM — Deinfidh an bainne neartú ort = tu
2614neartú. Chuireas an spalla san isteach mar neartú ar an
2615gcainnt = daingeanú: chun é dhéanamh níos diongabhálta.


2616
2617

NEÚDAIMÍ — NEÁDAIMÍ — Níl sa duine sin ach neúdaimí-
2618neádaimí = duine go mbíon neúdar-neádar ar siúl aige;
2619nó neúmha-neámha: duine ná deinfeadh dána ort: ná
2620gheóbhfá uaidh ach "seadh" agus "ní h-eadh," nó chainnt ghairid
2621mar sin: ná féadfadh béile ceart a dh'ithe: spreasán gan
2622fuinneamh.


2623
2624

NEÚDAR-NEÁDAR — Bhí neúdar-neádar aige tímpal
2625an bhó a cheannach = ná raibh fhios aige an gceannóch sé í nó ná
2626deinfeadh: béidir go ndeinfeadh agus béidir eile ná dein-
2627feadh, agus ní raibh fhios aige. An bhfuighir an rothar uaidh?
2628N'fheadar: neúdar-neádar a bhí aige = ní bhfuaireas freagra
2629díreach uaidh mar seo ná mar siúd: ní bhfuaireas uaidh ach


L. 65


2630

neúdar-neádar — "ba mhaith liom é thabhairt, ach ansan tá
2631sé leath-bhriste, agus béidir go dteastóidh sé uaim féinig,
2632agus n'fheadar cad a dheinfead." Bhí neúdar-neádar aige
2633gur chuma leis aige nó uaidh an lá saoire.


2634
2635

NEÚMHA-NEÁMHA — Deinean an mhi srónú a chur suas.
2636Neúdar-neádar: cainnt gan fonn.


2637
2638

NÍ — Is beag an ní nuair a ghuidhfinn duit gan crí ná áird
2639a bheith ort go deó = ní thógfadh sé mórán me mhúscailt chun
2640na guidhe sin. Is suarach an ní (ná) go dtabharfainn mo
2641mhallacht ar Rialtas Shasana. Chonac chúgham é agus ní raibh
2642aon ní ach gur aithníos gurbh é Seán é = níor bhéidir liom
2643dul thairis sin san aithniúint. Deirimíd céad ní gan aon ní
2644ach chun bheith ag cainnt = deirimíd mórán gan aon chúis ach chun
2645an chainnt do choimeád ar siúl. Is cuma liom éinní mar
2646gheall ort ná ar do mhadra = is cuma ar fad. Níor dheineas
2647aon ní den mbuille a fuaireas = níor chuireas aon naith ann:
2648níor thógas aon cheann do.


2649
2650

NÍANTA — Nó naoidheanta. Is féidir leat an ceacht do
2651scríobh go naoidheanta = go néata deas.


2652
2653

NÍGHIM — Tá an t-árthach ag imeacht go nighte (nite) is
2654go gleóite = go néata. Cailín, buachaill, capall, obair,
2655leaba, seómra nite = néata córach deas — ach is beag an ní
2656a chuirfeadh siar iad. Níghe éadaighe. An t-uisce a chur ag
2657téigheamh: iad do thuma san uisce: gealúnach a chur chúcha
2658(fútha): iad do shuatha is do níghe: iad d'fhásca aníos as an
2659mbeiste agus an sobul a bhaint asta (bíon sobul ar an
2660uisce): beith ag cur guirme agus stairs ionnta: iad do
2661chur amach ag geala, nó ar tuar.


2662
2663

NIMH — Chuir sí scréach nímhe aisti = í bheith géar. Bhíomair
2664ag trácht thar an ath. Seóirse, agus fé mar a bhéadh an nimh ar
2665an aithne seadh bhuail sé isteach an doras chúghainn = fé mar a
2666bhéadh fhios aige cad a bhí ar siúl againn. Feic leat aithne.


2667
2668

NOCHT — Tá Gaoluinn aiges gach éinne anso bocht agus
2669nocht = gan éadaighe.
2670


L. 66


2671

NOCHTAIM — Bhíomair ár nochta féinig chun snámha = ag
2672baint na n-éadaighe dínn féin. Dréir mar a bheidh tu ag cur
2673an chnuic díot suas seadh bheidh an dúthaig ag nochta ort = á
2674thabhairt héin le feiscint. Tá an t-árthach ag nochta adtuaidh
2675orainn = ag teacht 'nár radharc.


2676
2677

NÓIN — Chuala guth ar nóin = sa tráthnóna.


2678
2679

NÓS — Tugadh deoch bhainne dhom i nós na h-áite = dréir
2680nós na h-áite: san nós atá san áit. Tá Gaoluinn agat ar
2681nós uisce na h-abhan = go líomhtha pras, fuigheach. Chodluíos
2682ar nós na muice aréir = go sámh trom. Tá an nós san na
2683dtuitíní ag teacht amach le déanaí = ag dul i bhfeidhm, ag
2684breith ghreama, ag leathnú. Buachail téagartha ar nós
2685Sheáin. Ar do nós-sa ní chaithim aon tobac. Thug sé an
2686t-airgead uaidh ar nós mar a bhí sé i n'amadán = ar nós an
2687amadáin fé mar atá sé: fé mar atá sé (a bhí sé) i n'amadán.


2688
2689

NUADHUÍOCHT — Beidh blúire scadáin againn indiubh mar
2690nuadhuíocht = rud nua ná béadh taithí ag duine air. Nuadhuíocht
2691dúinn seadh an ceangal a thugais ar an gcoirce.


2692
2693

O


2694
2695

Ó — Tá smut den nGaoluinn agat, agus smut uait fós =
2696gan bheith agat. Ní fada anois ón dtraen (é) = ní fada go
2697mbeidh sí ag gluaiseacht, nó ag teacht isteach. Is mó rud a
2698theastóch ó dhuine go gcaithean sé fanacht uaidh = fanacht gan é.
2699Chúghat uaim as san = bailigh chúghat: glan uaim amach as
2700san. Fág an áit uaim. Bhí fiche duine ón dtaobh ag imirt
2701sa gcluiche = ar an dtaobh: ar gach taobh. "Bail ó Dhia
2702uait" — le duine ná dúbhairt "Bail ó Dhia ort," nuair ba
2703chóir dó, á chur i n-úil dó gur fhág sé ar lár é.


2704
2705

OBAIR — Is mór an obair nár bhuaileas thu = is úntach an
2706scéal é. Bris an chloch. Bé go bhfuil obair agam: go bhfuil
2707obair (agam) air = béidir nách aon ghnó bog é. Bhí obair
2708mhaith agam ar an leabhar a scríobh. Ní féidir liom an focal
2709neúdar-neádar a chur ag obair = obair a bhaint as. Ní
2710bhéinn san obair sin dá bhfuighinn a mhalairt = ní bhéinn á


L. 67


2711

dhéanamh. Ní h-obair dom bheith ag lorg a thuille airgid ar
2712an mbhó = ní ceart; ní h-non tairbhe.


2713
2714

ÓCÁID — Cad í an ócáid a thug anso thu? = cad í an chúis?
2715cad é an gnó?


2716
2717

OCHLÁN — Cad é an t-ochlán so ort mar gheall ar an mbó?
2718= brón is buairt agus glór á gcur i n-úil: ologón.


2719
2720

OCRAS — An bhfuil sé i n'ocras agat fós? = bhfuil ocras
2721ort? Níl sé i n'am ocrais fós. Tá sé i n'ocras orm =
2722tá ocras orm.


2723
2724

ODHAR — Caoira cheann-odhar = caoira go bhfuil pus dubh
2725uirthi. Caoira odhara seadh na caoira so.


2726
2727

ÓG — Bíon gach éinne ag dul i gcéill ó óg go h-aois dó =
2728ó óige. Tá ag teacht liom go h-óg san obair seo = go breá.
2729Tán tu ag déanamh go h-óg = go h-ana-mhaith.


2730
2731

OGHAM — An t-ógham craobh.


2732
2733

ÓGUACHTAR — Uachtar friseáilte.


2734
2735

OIBRÍGHIM — Ní mar a chéile a oibríon an mheisciúlacht ar
2736gach éinne = a théighean i bhfeidhm. Oibríon an focal san trí
2737teangcacha — an focal "bó" atá san nGaoluinn, sa Laidin,
2738sa nGréigis. Tá na focla go léir oibrithe agat anois =
2739obair bainte agat asta. Thug an dochtúir purgóid dó ach
2740níor oibrigh sí air = níor chuaidh i bhfeidhm. Bhíos ag oibriú
2741ar m 'úncal féachaint an bhfuighinn aon phinginní airgid uaidh =
2742a d 'iarraidh teacht tímpal air, é mhealla, é thabhairt tímpal.


2743
2744

OIDHCHE — Bhíos ag siúl na h-oíche go dtí gur bhuail tig
2745liom = ar feadh na h-oíche. Bhí sí ag teacht abhaile oíche
2746Shathairn = aon oíche Shathairn amháin, gan a rá cad é an Satharn
2747é. Bhíos ag teacht abhaile istoíche Dé Sathairn = oíche an
2748tSathairn seo ghaibh tharainn. Feic féile.


2749
2750

OIDHEAR — Tá oidhear ar mo chois. Ná bí ag tarrac
2751oidhir an tsagairt ort féinig = feirg, faor.
2752


L. 68


2753

OIDEAS — Thug an dochtúir oideas dó a chuaidh i bhfeidhm
2754air = leigheas: nó a scríobh síos ar pháipéar cad iad na
2755stuifeana a raghadh chun an leigheas a dhéanamh. Mórán
2756oideasaí. Tá a h-oideas féin ann dos gach aon aicíd.


2757
2758

ÓIGE — Níor smachtuíodh it óige thu = nuair a bhís óg:
2759as t'óige. Níor cothuíodh go maith í as a h-óige. Tá sé
2760meidhreach mar tá an óige aige fós. Ní raibh an Ghaoluinn
2761agam as m'óige = ón gcliabhán. Tá an óige agat orm, 'e
2762bhreis orm = tán tu níos óige ná me. Chuais fiche bliain
2763i n-óige ó chonac cheana thu.


2764
2765

ÓIGÍNEACH — Táid óigíneach fós = cuma na h-óige bheith ar
2766dhuine aosta. Féachan sé óigíneach go maith.


2767
2768

OIGHRE — Níl aon oighre sa tsaol ort ach peig = tá sí
2769ana-dheárthatach leat.


2770
2771

OIGHREACHT — Thána i n-oighreacht an airgid a bhí ag m'úncal
2772= thuit an t-airgead san orm. Is cuma leat éinní anois
2773agus tu ag teacht i n-oighreacht priúnsa = oighreacht chó mór
2774le h-oighreacht priúnsa ag tuitim ort.


2775
2776

OILIM — Táim oilte ceart go leór ar an nGaoluinn =
2777eólas maith go leór agam uirthi. Táim oilte go maith ort =
2778aithne mhaith agam ort: me bheith imithe amach go maith ort.


2779
2780

ÓINSEACH — Trom é agus bí féin it óinsigh. Sean-rá é
2781sin. Tabhair uait rud a theastuíon uait agus bí féin á cheal,
2782gan é. Gnó na h-óinsíghe é sin.


2783
2784

OIREACHTAS — Cad é an t-oireachtas atá ar bun agaibh
2785anso? = gnó, gnóthaí, cúrsa, cainnt. Mhuise, ní mór atá.
2786Bean ag déanamh aráin, fear ag léigheamh, cluiche cártaí
2787— oireachtaisí iad san.


2788
2789

OIREAD — Cuir an focal san ag obair i n-oiread slite
2790is is féidir = ins an oiread. Bhí an oiread so oibre le
2791críochnú againn i n'oiread so aimsire. Thabharfá fé gharsún
2792go mbéadh do thrí oiread ann = a bhéadh chó mór fé thrí leat
2793héinig. Shiúbhluíos dhá oiread leat = oiread eile leat. Ní


L. 69


2794

íosfá é, agus ní íosfainn-se ach oiread leat. Tá dhá oiread,
2795trí oiread, ar gach aon tsaghas earraí ins na siopaithe anois.
2796íosfá oiread go leith liom-sa. Chonac sé me ag ól fuisce
2797ach níor mhaith liom oiread an méid sin a thabhairt le rá dhó.
2798Níl oiread Gaoluinne ag éinne leat. Cad é an feabhas
2799atá ionnat-sa ach oiread le h-éinne eile? = thar éinne eile.
2800Tá airgead agat-sa a thrí oiread liom-sa; agus a sheacht
2801n-oiread aige Séamas linne araon (de). Tá a dheich n-oiread
2802Gaoluinne agat liom-sa. Tugadh feóil dom oiread is ná
2803féadfainn a dh'ithe = níos mó ná mar a dh'fhéadfainn a dh'ithe.


2804
2805

OIRIM — An chainnt a dh'oirean dúinn indiu oirean sé
2806amáireach = atá oiriúnach dúinn, fíor 'nár dtaobh.


2807
2808

OIRIÚINT — Tá an gunna as oiriúint = gan bheith mar ba
2809cheart: ar míghléas i slí éigint. Bhí mo chasóg as oiriúint =
2810gan bheith sa chló ceart. Ceannuigh pé oiriúint a theastóidh
2811uait chun na h-oibre. Níl aon oiriúint agam chun na bróga
2812a dheisiú = gléas, slí. Oiriúintí.


2813
2814

OIRIÚNACH — Tá na bróga oiriúnach glan dom = gan bheith
2815aon phioc ró-bheag ná ró-mhór. Tá an coirce oiriúnach le
2816baint, le ceangal = sa treó ceart, ullamh. Ní scríobhfad
2817an litir go dtí amáireach mar ná fuilim oiriúnach chuige
2818(chun í scríobh) go dtí amáireach = ní bheidh neart agam air:
2819ní bheidh an aga agam chuige — toisc me bheith gabhtha ag cúram
2820eile. Nílim oiriúnach ar litir a scríobh mar ní rabhas ar
2821scoil riamh; toisc go bhfuilim ró-bhreóite = níl ionnam é
2822dhéanamh. Níl na fearaibh oiriúnach (riúnach is mó a deir-
2823tear) chun na fairrge fós = ullamh. Ba dhóigh leat gur
2824oiriúnach dom ghunna-sa a deineadh (a ceapadh) na piléir sin.
2825Beúd oiriúnach don sagart chun na Gaoluinne a scrúdú
2826nuair a bheidh an dínnéar caithte agam = ullamh.


2827
2828

OIRIÚNUIGHIM — Oiriúnuighean an hata thu = níl sé ró-
2829bheag ná ró-mhór dhuit. Oiriúnuíon an hata dhuit = tagan
2830sé deas duit — 'na dhéanamh, 'na dhath, i ngach slí. Tá sé ag
2831oiriúint dom lampa den tsaghas san a bheith agam. Ní
2832bhfuair an priúnsa éinne dá raibh ar an ndínnéar go
2833n-oiriúnóch an bhróg í.


2834
2835

OLA — Tá an sagart imithe ag cur ola, ag cur na h-ola,
2836suas. Tá sé imithe ar ghlaoch ola chun —.
2837


L. 70


2838

OLAN — Olan ghabhair. Tá sé, tá an lá, i n-eirbal na
2839h-olna = buna-chaite, caite amach nách mór. Táim i marga na
2840h-olna ag teacht chúghat = an marga is déanaighe; táim
2841déanach.


2842
2843

OLC — Tá ana-olc ort indiu = ana-fheirg. Tá an t-olc
2844mór orm ag an gcainnt sin = an t-olc is measa: buile
2845feirge. Is minic a eirigh cúis bheag chun uilc mhóir = is
2846minic a tháinig ana-olc as: a eirigh sé chun ana-dhroch-ní.
2847Níor dheineas go h-olc ar an ndínnéar mar bhí an faor orm
2848chuige = bhaineas rammsach go maith as. Ní dúbhart olc ná
2849maith leó = ní dúbhart éinní. Is olc a chreidim an ráfla =
2850is ar éigin, is beag: ní chreidim go ró-mhaith é. D'imigh an
2851t-olc díom. Ní rabhas ag cuímhneamh ar aon olc = ar aon
2852droch-ní, díobháil. Níor dheinis go h-olc ar an gceacht =
2853níor chuais go h-olc 'na threó: dheinis lámh mhaith air. Dul
2854go holc ort, nó imeacht go h-olc = eascainí.


2855
2856

OLCAS — Tá atharú ar olcas, atharú olcais, tagtha ar an
2857saol = é bheith imithe i n-olcas. Níl feabhas ná olcas ar an
2858mbreóiteachán = níl sé tagtha chun cinn ná imithe chun deire.


2859
2860

OLOGÓN — Tá an madra ag ologón = ag gol, ag caoine:
2861mheasfá gur duine é agus cara leis fé chlár.


2862
2863

ÓRDÓG — An bhfuil aon órdóg abhrais ort? = aon rud
2864beag gnótha le déanamh agat.


2865
2866

ÓRDUIGHIM — Tá an clog as órdú = as oiriúint, ar mí-
2867ghléas. Níl éinne ag cur órduithe orm = á rá liom é seo ná
2868é sin a dhéanamh. Pé rud a dheineas do dheineas dréir
2869róduithe is riaruithe é = órdú a bheith fachta agam chuige.
2870Táim ag obair fé riar is fé órduithe.


2871
2872

ÓRLACH — Níl órlach de ghnó le déanamh agam = níl aon
2873bhlúire, níl an chuid is lúgha. Táim chó maith leat chun Gaol-
2874uinne gach aon órlach = gach aon bhlúire, gach aon faic. Chuas
2875i ngiorracht órlaigh (an órlaigh, bioráin, poinnte bioráin)
2876do bheith báidhte, don mbás = chó gairid is a dh'fhéadas dul. An
2877raghair go dtí an rínce? Ní raghad órlach (ann) = an tamall
2878is lúgha slí. Ní fearr míle ná órlach — duine a chuaidh i


L. 71


2879

ngiorracht poínnte bioráin do bheith gabhtha aige sna saigh-
2880diúirí, agus gur bh'aon chosaint, aon tairbhe, amháin an méid
2881sin nó fanacht míle slí uatha. Ó chaitheamair (fé mar a
2882chaitheamair) an choinneal caithimíst an t-órlach = ó dheinea-
2883mair an gnó a chríochnú amach go deire nách mór, deinimíst
2884an rud beag fuighligh, leis. Tá Éire siúbhalta 'na h-órlaighe
2885beaga agam = gach blúire di: go mion. Ní fearr Éire ná
2886órlach = ní fearr míle ná órlach. Ní thabharfainn ceathrú
2887órlaigh dá thoil dó.


2888
2889

OSCAD — Nó ioscad. Tá croicean m' oscaide tinn.


2890
2891

OSCAIL — Caith an chloch san siar fé pholl t'oscaile. Shághas
2892mo lámh síos im póca go dtí an oscail. Tar i leith fém
2893oscail mar tá na glúine ag lúbarnaigh fúm = ag teanntú
2894liom chun siúl a dhéanamh.


2895
2896

OSCALÁN — Blúire a cuirtear isteach fén oscail sa
2897léine. Tabhair isteach oscalán féir = lán phuíll t'oscaile.


2898
2899

OSCLAIM — Nó oscluíghim. Fear oscailte = a labharfadh
2900a chroidhe, a aigne, amach. Ar éigin atá an obair oscailte
2901agam fós = curtha ar bun, tosnuithe. Oscluíodh air san
2902óispidéal féachaint cad a bhí bun-ós-cionn = cuireadh fén
2903sciain é. Nuair a chloisim an Ghaoluinn oscluíon mo chroidhe
2904amach = leathan, leathnuighean. Ní h-áil liom an cúrsa go léir
2905d'oscailt = do chur i n-úil, do theasbáint. Ní féidir liom
2906aon tuiscint a bhaint as an bhfocal san muna n-oscluíon sé
2907(amach) níos (nó níosa) fearr = muna gcuirean sé é féin i
2908n-úil níosa fearr.


2909
2910

ÓSDUÍOCHT — Thug sí ósduíocht na h-oíche dhom = lóisdín
2911agus bia. Fear an ósda = fear tíghe an ósda.


2912
2913

ÓSPAIRT — Fuaireas ana-óspairt indé = tionóisc — cairt
2914a leagadh orm. D'eirigh óspairt mhaith dhom. Tá an cupán
2915'na mhionramh anois, ach mise a dhein an chéad óspairt air =
2916an chéad díobháil — scoilt a chur ann. Tá na h-óspairtí id
2917dhiaidh = tá an mí-ádh ort — duine go dtárluíon mórán
2918óspairtí dhó.
2919


L. 72


2920

OTHAR — Tá othar ag teacht as mo láimh = braon. Tá sí
2921ag sile othair. Tá an chneadh ag déanamh othair, lán d'othar.
2922Tá an gortú tuitithe chun othair = tagtha chun braoin.


2923
2924

P


2925
2926

PACA — Tá rogha an phaca im láimh agam = na cártaí is
2927fearr: an cluiche buidhe.


2928
2929

PACÁLAIM — Bhí sé ag pacáil na leabhartha isteach sa
2930mála. Poll a phacáil.


2931
2932

PAIDIR — Tá an scéal 'na phaidir agat = de ghlan-
2933mheabhair i slí go bhféadfá é thabhairt amach dá mbeifá geall
2934le bheith id chola, agus é rá gan árdú ná ísliú glóir. Ná
2935dein paidir fhada den scéal = ná bíodh sé ró-fhada agus den
2936ínsint seo thuas. Tá sé 'na phaidir-eaidir agat (dán, cig) =
2937cainnt fhada de ghlan-mheabhair agus é ar bheag-bhrí (gan aon
2938bhonn nó bun fé, nó leis). Abair paidir dom = urnaighe-
2939Tá an ráfla san 'na phaidir aiges gach éinne ar fuaidh an
2940bhaile = go pras.


2941
2942

PAIDRÍN — Paidríní beannuithe ag cailleacha malluithe.
2943paidríní fada agus paidreacha an chapaill = gan aon phaid.
2944reacha; nó paidreacha gan éifeacht, gan mhaith. Sí Máire
2945an chloch is mó (is lúgha, is aon ní) ar mo phaidrín = is uirthi is
2946mó atá mo mheas. Bhíos ar mo phaidreacha an uair sin =
2947ag rá mo phaidreacha ar mo ghlúna. Tá sé lán go poll an
2948phaidrín den meas = ana-fhada suas: go muineál.


2949
2950

PÁIRT — Ba mhaith liom tusa bheith sásta, ach i bpáirt éinne
2951eile is cuma liom faic mar gheall ortha = tímpal éinne eile;
2952mar gheall ar —. I bpáirt Sheáin; i bpáirt na coda eile.
2953Tá sé chó maith agat an cúrsa a thógaint, nó a ghlaca, i bpáirt
2954mhaitheasa = chun maitheasa, bheith sásta leis, gan bheith míshásta
2955aige. Thug sé cúpla lá oibre dhom i bpáirt chómharsanachta
2956toisc an bhruid a bheith orm = chun cómharsanachta. Táid ag
2957seasamh go teann i bpáirt na h-Éirean = d'Éirin: ag
2958seasamh di. Tá lán-chuid againn ag seasamh i bpáirt na


L. 73


2959

teangan = don dteangain. Chuaidh na fiaguithe i bpáirt
2960le chéile chun na seilge = shocruíodar go roinnfidís an tseilg
2961go cothromach. Táimíd asaon i bpáirt san ngluaisteán.
2962is cuma liom cad é an saghas éadaigh a bhíon orm; ach i
2963bpáirt na mbróg, bím ana-cháiréiseach 'na dtaobh = tímpal
2964i dtaob. Ní féidir an focal "báinní" do chur an obair i
2965bpáirt leis an áthas ach leis an bhfeirg. Tóg an copán tae
2966sin i bpáirt mhaitheasa: ní dheinfidh sé díth ná díobháil (dochar)
2967duit = chun go ndeinidh sé maitheas duit.


2968
2969

PÁIRTEACH — Bímíst páirteach sa ngnó = i bpáirt. Tá
2970an naomhóg san páirteach = i bpáirt ag beirt nó breis: na
2971daoine gur leótha í bheith ag obair i bpáirt léi.


2972
2973

PAISTE — Ní h-aon ana-phaiste an áit seo nuair a thagan
2974an dúbhluachair = áit. Thugamair paiste den lá ag cainnt.
2975Ní dheinfeadh an peann paiste don inneal chun scríobh a
2976dhéanamh = gan bheith i n-aon ghiorracht don inneall. Ní
2977dheinfinn paiste do (de) Sheán chun Gaoluinne = me bheith
2978fiche míle slí ó bheith chó maith leis.


2979
2980

PÁISTE — Ní páiste me agat, a mhic ó, agus ná tagadh sé
2981i ngan fhios ort = gan me bheith ró-shímplí.


2982
2983

PANTALÓG — Alpachán maith cailín, linbh, mná. Panta-
2984lóg de leanbh maith, de bhean = bheith reamhar beathuithe.
2985Alpachán fir nó buachala a deirtear.


2986
2987

PAOITHIREACHT — Bhíodar ag paoithireacht fén bhfear
2988deire = beithé agus maga aca fé: ag faoithrigh.


2989
2990

PAOR — Bhíos im paor aige: dhein sé paor díom — le
2991ceisteana a chur orm nár bhéidir liom a fhreagairt.


2992
2993

PAPAIREACHT — Níl ach papaireacht sa ráfla go bhfuil
2994pápa nua toghtha = cainnt gan bhonn: cainnt á rá is gan
2995fhios ag éinne an bhfuil sé fíor.


2996
2997

PARATHAIS — Tá parathais orm = me bheith crapaithe
2998suas.
2999


L. 74


3000

PASÁISTE — D'oibrigh sé an pasáiste, a phasáiste, sall
3001go Meirice ar bheagán páigh = an tslí sall.


3002
3003

PASÚR — Píosa adhmaid, caol sa chois, leathan amuigh
3004agus ceann cearnógach air chun éadach a níghe. Nó, maide
3005corcáin. Tá dhá phasúr mhaithe agat = dhá chois mhaithe láidre.


3006
3007

PAT — Tá an leite pat-fhuar = gan bheith te ná fuar:
3008ann as: fuar go leór. Pat-reamhar = gan bheith reamhar ná
3009tanuidhe. Bhí sé fliuch ar maidin is tá sé pat-fhliuch fós =
3010béal-fhliuch. Móin phat-fhliuch, phat-thrim. Fear pat-láidir
3011go maith seadh é = láidir go leór. Níl an máistir ansan
3012amuigh ach pat-uasal. Tig pat-bhreá = réidh-bhreá, cuibhsach
3013breá. Pat-fheargach = feargach go leór: idir bheith ann as.
3014pat-ghlórach = glórach i gcómhnuí, ach gan an glór bheith ró-
3015láidir: cainnteach, ag cur ceisteana, rud éigint ar bun
3016coitianta.


3017
3018

PATALÓG — Pantalóg.


3019
3020

PÁTRÚN — Thógas an bhean úd mar phátrún = chun me
3021héinig a mhúnla dá réir. Cunathaobh ná tógfá pátrún
3022liom-sa agus rud beag den nGaoluinn a dh'fhoghluim i n-aghaidh
3023an lae? Deineadh an dá lampa ar aon phátrún amháin.
3024Bhí a shúile go géar orm ag tógaint mo phátrúin = ag tarac
3025mo pheictiúir — ar pháipéar nó istig i n'aigne féinig.


3026
3027

PÉ — Tabharfad an leabhar duit nuair a theastóidh sé uait,
3028pé lá é (pé nóimint, pé tráth, é).


3029
3030

PÉAC — Tá an bhó pollta mar thug an bhó eile péac di =
3031ropa. Ní bhíon tu sásta gan bheith ag tabhairt péac fúm = am
3032ropa — le cainnt. Cúis na péice.


3033
3034

PEACA — Bhíos ag ínsint, ag rá, éithigh. D'ínseas éitheach.
3035bhíos ag cúl-chainnt ar na cómharsain. Thugas leabhar éithigh.
3036Thugas toil do smaointe mígheanmnaidhe (nó salacha). Bhíos
3037ar meisce agus ar díth céille. Bhíos ag rá cainnteana
3038borbraithe (salacha). Níor dheineas le déanaíghe ach peacaí
3039(rudaí) beaga gan éifeacht. Cheileas peaca an trus déanach
3040a bhíos chun faoisdine = choimeádas siar.
3041


L. 75


3042

PÉACÁLAIM — Bhíodar am péacáil suas chun feirge =
3043am chur suas le ropa den dteangain anois is aríst. Bhí sé
3044ár bpéacáil chun crosa. Tá an chainnt go léir ag luighe
3045orm-sa: ní ceart bheith im péacáil chó mór.


3046
3047

PEADAR — Cuir ceann Pheadair na gcros isteach i súil
3048na gabhlóige: a chos isteach fén mbogha; agus beidh ciseán na
3049n-éan ar bior agat = bata beag a bhíon lúbtha 'na bharra agus
3050go mbaintear earruíocht as nuair a bítear ag cur ciseán
3051chun beirtha ar éin ar tinniol.


3052
3053

PEANN — Chuireas lán an phínn isteach sa ngloine, sa
3054scála = breisín bheag. Is breá an peann í. Má bhíon aon
3055dearúd sa gceacht buail an peann air = tairig líne tríd.
3056Sé an peann rámhan agus sluasaid Thomáis = aisti a bhainean
3057sé a shlí bheatha.


3058
3059

PEARSA — is gná liom mo phaidrín do choimeád ar mo
3060phearsain (agam).


3061
3062

PEARSANTA — Is pearsanta an cailín, an fear, é =
3063deárthatach, chun reatha tímpal áilneachta — bíodh go mbéadh
3064máchail bheag éigint i gceist.


3065
3066

PEATA — Tá mo bhróga nua 'na bpeataí agam = díomhaoín
3067go maith, me bheith ana-cháiréiseach tímpal ortha. An té go
3068leigtear leis as a óige bíon sé 'na pheata go minic.


3069
3070

PEATAIREACHT — Tá Séamas loitithe toisc tu bheith ag
3071peataireacht air = á pheataireacht: ag déanamh peatair-
3072eachta air: ag déanamh peata dho (de). Bím ag déanamh
3073peataireachta ar mo bhróga lae shaoire (is Domhnaigh).


3074
3075

PÉATAR — Beidh péatar báistí ann fén oíche = báisteach
3076throm bhuan. Beidh sé 'na phéatar ar ball. Tá péatar
3077báistí air indiu = a chuma san thuas.


3078
3079

PEATUÍOCHT — Nách ort atá an pheatuíocht? = nách tu an
3080peata — le leanbh (nó duine) a bhéadh ag lorg gach ní a chífeadh
3081sé, ag gol gan chúis, agus mar sin de.
3082


L. 76


3083

PEICTIÚIR — Cé'n peictiúir é seo? = cé de gur peic-
3084tiúir é? Peictiúir de Bhríd. Ach, peictiúir ar rud éigint
3085= peictiúir tímpal ar, mar gheall ar, i dtaobh.


3086
3087

PEIDHLEACÁN — Ní bean a phós sé ach peidhleacán párlúis
3088= bean gan tairbhe, ná raibh ínti ach an deárthamh. Bé go
3089mbrúghfainn-se na peidhleacáin asat = na putóga: na
3090putóga caola.


3091
3092

PEILTEÁLAIM — Thugadar ana-pheilteáil don úrlár sa
3093rínnce = ana-bhuala: bhaineadar fuaim mhaith as: greada.
3094bhíos ag peilteáil an bhúird.


3095
3096

PIACLACH — Tán tu piaclach chun na Gaoluinne = iminíoch:
3097iminí bheith ort chun í dh'fhoghluim. Táim go piaclach ag lorg
3098na bó = fuadarach, corruithe im aigne.


3099
3100

PIAN — Bhí an bhean i bpian (i bpéin, i bpiantaibh) leinbh
3101(linbh).


3102
3103

PIANTACH — Ceist phiantach í sin = duafar (duadhmhar),
3104trioblóideach. Bíon an bóthar so piantach sa ngeimhre = ana-
3105olc. Droch-lá piantach é seo = ana-olc. Droch-leabhar
3106piantach = ana-shalach: nó, olc agus deacair. Obair phian-
3107tach = marathach. Aon ní go mbíon an dua ag baint leis
3108bíon sé piantach. Droch-oibrí, droch-scoláire, piantach = gan
3109mhaith. Droch-fhear piantach = ceann tofa aca: fear ná
3110fuil aon ghéille ann dá thír ná dá theangain, ná d'éinní
3111fóghanta.


3112
3113

PIARDÁLUIDHE — Duine a bhíon ag póirseáil is ag
3114cuardach.


3115
3116

PIAST — Tá piast leis an ngamhain = piast a thagan san
3117eirball aca. Ní féidir liom snaidhm na péiste a dhéanamh.
3118Piastaí.


3119
3120

PIC — Bhuadhamair pic oraibh = go bog, go fairsing, rábach,
3121fuigheach-i rás, i gcártaí, éinní. Táim pic níos mó fé
3122Ghaoluinn, fé éinní, ná tusa = go mór. Táim pic níos
3123fearr i nGaoluinn ná tusa. Tán tu níos pice ná mise fé
3124phrátaí = níos flúirsíghe.
3125


L. 77


3126

PÍCE — Píce aoiligh, féir: píce dhá bheann, trí mbeann,
3127cheithre mbeann.


3128
3129

PILEÁIL — Bíon an t-iasc ag pileáil nuair a dheinean sé
3130féinig do chorruighe ar barra an uisce: nó an t-eirball nó
3131na clipí a chorruighe rud beag. Deinean sé amhlaidh nuair a
3132bhíon sé ar barra agus gan aon fhonn siúil fé.


3133
3134

PILÉAR — Thug sé an chainnt amach i n-aon philéar amháin =
3135d'aor urchar amháin: go tiubh tapaidh. D'imigh na h-éin i
3136n-aon philéar amháin.


3137
3138

PILIB — Pilib an gheitire = cuileóg a bhíon i dtreó an
3139tsoluis nuair a bhíon an lampa lasta agus ná stadan go
3140ndóghan sé é héinig.


3141
3142

PILLÍN — Peiliúr.


3143
3144

PINSION — Táim chúig bliana ar mo phinsion = é á tharrac
3145agam ar feadh an fhaid sin aimsire.


3146
3147

PIOBAR — Muna ndeinean sibh brostú leis an obair bé
3148go gcuirfinn-se piobar oraibh á dhéanamh = iminí.


3149
3150

PIOC — Ní raibh eagla orm ná pioc = faic. Táim gach aon
3151Bhioc, gach aon phrioc, chó maith leat = gach aon bhlúire.


3152
3153

PIOLÓIDÍ — Bhí piolóidí ag breith ar mo bhean nuair ná
3154rabhas ag fille abhaile = neamh-fhoighne, imshníomh, agus mar sin.
3155réarfadh piolóidí ar an máistir lá an chigire = eagla:
3156bhéadh sé ag breith phiscíní. Tá piolóidí orm ag an gclog
3157gorm atá ar mo láimh = iminí: eagla go gcuirfidh sé siar
3158me, go dtiocfaidh olc as. Tá an sioc go trom ar na bóithre,
3159agus tá na piolóidí orm go maith ag tabhairt an chapaill
3160amach. Tá piolóidí mo dhóthin orm ag gabháilt don ngnó so,
3161agus piolóidí maithe seadh bia a dh'ullmhú ar dhroch-theine =
3162bráca. Bíon lán-phiolóidí ar an mbean go mbíon drúncaer
3163fir aici nuair a thagan sé isteach is a bhrisean gach aon ní.
3164Muna mbéadh lóisdín na h-oíche le fáil agam i n-aon bhall
3165bhéadh piolóidí go maith orm. Fuaireamair piolóidí maithe
3166ó roinnt de sna focla a d'iarraidh iad a réiteach = greamana,
3167dua, bráca.
3168


L. 78


3169

PIOLÓIDEACH — An té a bhíon breóite bíon sé piolóideach
3170uaireanta = bíon sé deacair a shásamh: ní h-é gach aon ní is
3171maith leis: ní bhíon sé istig leis féinig. Bíon an duine
3172piolóideach airitheach air féinig.


3173
3174

PIONNA — Bíon pionnaí beaga adhmaid i gcaol mo bhróg =
3175blúirí beaga caola.


3176
3177

PIONÓSUIGHIM — Táim am pionósú go maith = am chrá,
3178am chéasa, am chiapa.


3179
3180

PÍOPA — Tá píopaí suas osm — nuair a bhíon tarrac suas
3181ar dhuine agus glór seórdánach 'na scórnaigh. Tá píopa mar
3182ainm ar shoitheach (sathach), leis — píopa fíona.


3183
3184

PÍOPAIREACHT — Bíon ana-phíopaireacht aca i dtig na
3185cúirte = cainnt árd is áiteamh. Ís minic a bhíon ag an
3186bpobal roimis an Aifrean.


3187
3188

PÍOPÁLAIM — Tá an cnoc á phíopáil amach agam: tá
3189sé am phíopáil amach = séide is saothar orm aige. Táim
3190(tán tu, táid) á phíopáil (ag an saothar) = ag séide. Táim
3191píopálta ag an árd = as anáil. Tán tu píopaithe, nó
3192píopálta' suas ag slaghdán = múchta suas. Nó píopálta,
3193píopaithe, ag an dtart = gan na píopaí bheith ag obair go
3194h-éascaigh aige.


3195
3196

PÍOPÁN — Bhíodar ag dul i bpíopáin a chéile = i scórnaigh.
3197Ubhal an phíopáin = an cnámh a bhíon ag sádha amach i lár na
3198scórnaighe.


3199
3200

PÍOPÁ-PIN — Bí na gluaisteáin ag teacht chó tapaidh le.
3201píopá-pin = ana-thiubh. Cainnt seadh pío-pá-paidhe-pin a
3202bhainear le cleas beag. Cuirean duine cnaipe, cig., isteach
3203'na leath-dhorn agus teasbánan an dá dhorn ansan. Tos-
3204nuighean an duine eile "pío pá paidhe pin oscail do-lámh
3205is-tá sé-ansan" agus má thagan an chainnt dheireanach anuas
3206ar an ndorn ceart tá an cnaipe buaidhte aige.


3207
3208

PÍOPUIGHIM — Táim píopuithe ag an dtart = píopálta
3209múchta, tachtuithe.
3210


L. 79


3211

PISCÍN — Níl ionnat ach piscín beag fir = fear beag gan
3212mhaith. Bhíodar ag breith phiscíní nuair a chonacadar an tóir
3213chúcha = scannra is eagla thar fóir a bheith ortha.


3214
3215

PLAIC — Tá sé suidhte ar a phlaic ó mhaidin = tóin.


3216
3217

PLAICIDE — Uachtar agus bárr an chinn.


3218
3219

PLAINNCÉAD — Bhíodar ag siúl ar phlainncéidí an
3220bhóthair = an áit ghlas a bhíon idir an mbóthar féin agus an
3221claidhe gach taobh.


3222
3223

PLÁITÍN — Pláitín na glúine = an cnámh chómh-chruínn a
3224bhíon i mbarra na glúine. Tá pláitín ort = tán tu maol.
3225pláitín an chinn = uachtar an chinn ón éadan siar go dtí an
3226gcúl.


3227
3228

PLÁMÁSAIDHE — Plámásaí rógaire. Bhí sé ag plámár
3229liom = ag déanamh plámáis liom. Táid ag teacht chun
3230plámáis = chun caradais: chun bladair: ag dul i móireacht.
3231Cuir uait do chuid plámáis: ní theastuíon sé uaim. Beirt
3232mhór phlámáis seadh iad. Bíon na bóithre cama fén
3233bplámásaí.


3234
3235

PLÁNA — Tá an plána ar an bhfairrge indiubh = í bheith cho
3236sleamhain, chó mín, le plána gloine.


3237
3238

PLANNC — Tá plannc (tuitithe) amach as an bhfalla =
3239píosa. Tá na báid sa phlannc céadna = áit. Tá an scian,
3240an buidéal, sa phlannc so ó mhaidin = ball.


3241
3242

PLANNDA — Seana-phlannda seadh thu anois = seana-ghar;
3243duine atá ann i bhfad. Téighean an t-ál thar lear agus
3244fanan an dá sheana-phlannda i n-Éirin.


3245
3246

PLAOSC — Plaosc uibh: agus plaoisc ubh.


3247
3248

PLAPA — Plapa an bhríste = tosach an bhríste: an chuid
3249de go mbíon na cnaipí ann go tiubh.


3250
3251

PLEANNC — Bhuail Seán pleannc orm = buille go raibh
3252fuaim agus ceól ann.
3253


L. 80


3254

PLEANNCAIM — Phleannc an bhó bó eile = thug fúít,
3255leis na h-adharca. Phleannc an laogh an bhean nuair a bhí sí á
3256chothú = thug fúithi le n-a cheann. Phleannc mo bhuachail me le
3257pléasc de dhorn = bhuail go nímhneach: chnag.


3258
3259

PLÉASC — Tháinig an chainnt uaidh i n-aon phléasc amháin
3260= piléar, urchar: go tapaidh. Thuiteadar i n-aon phléarc
3261(phléisc) amháin anuas ar a chéile. Cúis na pléisce.


3262
3263

PLÉASCAIM — Do phléasc air toisc an iomarca a dh'ithe,
3264Tá gloinne an lampa pléascaithe.


3265
3266

PLÉASCÁLAIM — Bíodar ag pléascáil a chéile = ag
3267buala go ceólmhar: ag tuargain. Bíon tonna na trágha
3268ag pléascáil a chéile.


3269
3270

PLÉASCARNÁIL — Is éachtach an phléascarnáil (thóirth-
3271níghe) atá ann ó mhaidin = buala leanúnach: mórán pléasch.
3272Thugadar pléascarnáil mhaith dá chéile. Bíon pléascarnáil
3273mhaith ar an dtráigh, agus lán-phléascarnáil ar pháirc an
3274chogaidh.


3275
3276

PLEIDHCE — Pleidhce amadáin = gamall: stúmpa ama-
3277dáin. Leath-phleidhce seadh é.


3278
3279

PLÉISIÚRTHA — Fear pléisiúrtha geal seadh é = ana-
3280phléisiúr is spórt a bheith ann.


3281
3282

PLEIST — Thuit sé 'na phleisc = thuit síos gan anam.


3283
3284

PLEISTÍOCH — Pleistíoch fir = fear mór trom aindeis,
3285gan anam, gan mhaith: a bhéadh, cig., séidhte ag an ól: nó
3286gan mhaith ag an bhfeóil.


3287
3288

PLIBIRE — Plibire gamhna, uain, tairbh = rud suarach, gan
3289mór-mhaith. Plibire beag gan chiall. Plibirí Sinnféinithe.


3290
3291

PLUBAIRE — Duine go mbíon cuma bhog bhaoth air: an
3292fheóil ar crith air: ní bhíon fáiscithe, ná ní faraire é. Plubh-
3293aire amadáin.
3294


L. 81


3295

PLUBUÍL — Tá an citeal, an leite, ag plubuíl = ag
3296beiriú go bog, agus cuid den uisce nó den leitin ag léime i
3297n-áirde.


3298
3299

PLUC — Tá pluc orm ag an dtinneas fiacal. Tá pluc ar
3300an bhfalla = é ag bolga amach, ag scéachtaint. Bíon pluc
3301ar an rud a bhíon atuithe sa tslí dhuit gur mar a chéile iad.
3302Bain cúpla pluc as an bpíp = gal, seac, lán béil. Ól
3303cúpla pluc den mbainne: bain cúpla pluc as = bolgam
3304mór.


3305
3306

PLUCUÍL — Bhí plucuíl air chúgham = at le feirg, na pluic
3307ag eiríghe amach aige, agus cainnt gharbh láidir sa tsiúl.
3308D 'eirigh sé chun plucuíle chúgham sa deire. Bhí sé ag plucuíl
3309thobac = ag líona a bhéil den ngal. Ag plucuíl aráin,
3310bhainne = pluic díobh so á dtógaint.


3311
3312

PLUDACH — Bhíodar ag cur pluda san aer le bárr reatha.
3313Táim ag siúl pludaigh ó mhaidin = sa phluda ó mhaidin.


3314
3315

POBAL — Táthar ag cruinniú chun an phobail = teampal.


3316
3317

PÓCA — Táim 10s. as mo phóca leis an mbó a dhíol ar £20
3318= caillte, gearra. Ach, im póca = buaidhte. Táim leath-
3319choróin im póca tréis na h-oíche aige sna cártaí.


3320
3321

POCÁLAIM — Deinimíd an t-iasc (nó na h-uibhe) do
3322phocáil isteach i mbosca agus crotha beag salainn a thabhairt
3323dóibh = iad a chúnlú.


3324
3325

POCHÁN — Tá na pocháin orm = an plucamus.


3326
3327

POCLÉIM — Bhí na smólaigh ag pocléimrigh ó thor go tor.
3328bhíos ag pocléimrigh le h-áthas = ag léime i n-áirde. Ní
3329bhíon na poc-léimeacha fada: bíd gearra mion.


3330
3331

POCHÓID — Máchail bheag a bhainean coitianta le teas fola
3332a thagan amach ar an gcroicean 'na chnapán beag agus go
3333mbíon braon bán ann.


3334
3335

POIBLÍ — Tá sé poiblí gur ag foghluim Gaoluinne a


L. 82


3336

thánag anso = tá's aiges gach éinne é. Níor mhaith liom droch-
3337theist phoiblí orm.


3338
3339

PÓIRSE — Níor fhágas poll ná póirse gan cuardach don
3340bpeann a chailleas = slí bheag chumhang dhorcha. Áit chumhang
3341a bhéadh idir dhá thig a bhéadh i n-aice le chéilig, ach ná béadh an
3342dá bhínn ceangailte dá chéilig: clóiséidín beag (áit bheag
3343phríobháideach) chun óil sa tig tábhairne: an tslí a bhéadh idir
3344thig a bhéadh isteach le port agus an port féinig: an áit a
3345bhíon fé bhun staighre.


3346
3347

PÓIRSEÁLAIM — Nuair a dh'imigh na sean-daoine bhí an
3348buachaill ag póirseáil ag lorg rudaí deasa = ag cuardach, ag
3349brath roimis mar a bhéadh fear dall. An té a bhíon ag lorg
3350rudaí sa dorchadas bíon sé ag póirseáil. Tá an chearc ag
3351póirseáil chun beirtha = ag imeacht ó phóirse go póirse: nó
3352ag póirseáil chun bídh. Nuair a bhí a théarma caithte sa
3353choláiste aige bhí sé ag póirseáil ag lorg puist dó féinig =
3354ag cuardach: ag scríobh anso is ansúd, agus gan fhios aige
3355cad é an freagra a gheóbhadh. Bhí na saighdiúirí ag póirseáil
3356mo sheómra, nó im sheómra. Ní bheifá sásta gan bheith ag
3357póirseáil ar fuaid an tseómra ag féachaint gach ní atá ann.
3358ar mo phócaí atá an phóirseáil á dhéanamh agam féachaint
3359an bhfuil aon mhilseán ionnta. Póirseálaidhe.


3360
3361

POLCA — Íosfadh sé (nó ólfadh sé) an polca te: nó,
3362íosfadh sé as an bpolca te é = íosfadh, nó ólfadh, sé éinní.
3363íosfadh aníos as an bhfliuchaigh: íosfadh mór-chuid. Feic
3364leat folca.


3365
3366

POLL — Tá naomhóga anso ins gach poll, scoilt, is cumar =
3367i ngach ball. Tá leabhartha anso ins gach poll scoilt is cumar
3368ar fuaid an tíghe. Nuair a bhí an máirnéalach 'na chorp
3369caitheadh isteach sa pholl, 'on pholl, é = sa bhfairrge. Tá
3370poll maith déanta agat sa gceacht = cuid mhaith de déanta
3371agat. Bíon poll mór déanta san oíche an aimsir seo fé
3372n-a h-aondhéag = mór-chuid di caite. Bhí do shúil ar pholl
3373an ghlais = tu bheith ag féachaint tré pholl an ghlais. Ach, tá
3374mo shúil ar an ndoras = táim ag féachaint air. Duit-se
3375atáim á ínsint sin, a phuill an fhalla — ach bhí duine ag éis-
3376teacht agus ba chuige an chainnt. Poll an adharta = an


L. 83


3377

poll a bhíon isteach sa bhfalla cois na teine. Chuireamair
3378poll maith sa gcoirce = mór-chuid de a chur dínn. Bíon
3379na fairitheóirí ag lorg na bpoll aimsir chogaidh = na gabhailíní
3380(góilíní). Tá mo mhéireana i bpoll tráthair go dóite =
3381táim i gcás nách féidir liom teacht as go ró-bhog. Níor
3382dheineas ach an bithúnach do léasa i bpoll na cluaise = an
3383poll a bhíon fé bhun na cluaise. Tá an focal san thiar i
3384bpollín bradach i gcúl mo chinn agus ní féidir liom é thabhairt
3385ar barra. Nuair a tháinig an máistir isteach agus mise
3386droch-ghnóthach b'fhearra liom go mbéinn i bpoll talún leis
3387an náire = i bpoll in sa dtalamh.


3388
3389

PORTACH — Fiacail (= faor), drom, gabhal, an phortagh.
3390Uisce portaigh: poll portaigh Portaithe. Feic móin.


3391
3392

PORTÁN — Tá greim an phortáin agat = greim ana-
3393dhaingean.


3394
3395

PÓSAIM — Go n-eiríghe bhúr bpósa libh — le lánúin (lánamh-
3396ain) nua-phósta. Go n-eiríghe Dia is do phósa leat. Bhíoi-
3397mair ag ithe is ag ól ar an bpósa, i dtig an phósta.


3398
3399

POST — Bead ag súil le líne uait leis an gcéad phost =
3400le casa an phuist. Nuair a buailtear an clog téighean gach
3401inne 'na phost féinig = i mbun a chúraim féinig. Theastuigh
3402uaidh me chur dem post, as mo phost = me bhrise as mo
3403phost.


3404
3405

POSTAIRE — Fear an phuist.


3406
3407

POTA — Téir chun an phota = chun an diail. Tá an saol
3408dulta chun an phota tímpal éisc. Ní dheinfinn seana-
3409phota stáin dem theangain ag cainnt leat = ní mheilfinn mo
3410theanga, mo ghlór. Pota = an fearras a bhíon ar chairt chun
3411gainímhe, aoiligh, agus mar sin díobh, a dh'úmpar. Pota
3412asail = an pota a bhíon ar chairt an asail. Is maith leat an
3413pota is an mála bheith agat = breis thairis do cheart: an dá
3414thaobh: é seo is é siúd. Fuair sé 'na phota is 'na mhála é.
3415bhí sé 'na phota is 'na mhála aige. Ba mhaith leis é bheith 'na
3416phota is 'na mhála aige — fear, cig., go dtógfaí a rothar
3417uaidh, agus go dteastóch uaidh an rothar féinig agus a luach á


L. 84


3418

dh'fháilt thar n-ais: fear a bhéadh ar thaobh na síochána agus
3419'na coinnibh san am gcéadna = so is súd a bheith aige.


3420
3421

POTANÁLAIDHE — Duine ná bíon slachtmhar ná cliste
3422tímpal gnóthaí tíghe: duine a bhíon ag potanáil ar fuaid an
3423tíghe.


3424
3425

POTFIATHAIM — Nílean tu ach ag potfiatha an linbh, an
3426laoigh, éinní = ag tabhairt an iomarca bídh dhó. Ní h-aon úna
3427an droch-úmpar sa leanbh agus é potfiathuithe mar sin
3428agat = an iomarca den gcothú tugtha dhó.


3429
3430

PRAISEACH — D'aithneóinn beirithe i bpraisigh thu = pé
3431malairt cló a thiocfadh ort. Tá dath na praisge oraibh =
3432dath buidhe mí-lítheach míshláintiúil. Táim chó doimhin sa
3433phraisigh le h-éinne agaibh = chó fada (chó sáidhte) isteach sa
3434gcúrsa — pé saghas cúrsa nó gnótha é.


3435
3436

PRAITINIÚIL — Tán tu praitiniúil chun na Gaoluinne a
3437bhreaca síos = mear, tapaidh, éascaigh. Táim praitiniúil
3438sa mBéarla = líomhtha, pras. Tán tu praitiniúil ar an
3439bpeann = ábalta ar í oibriú go h-éascaigh. An té a bhíon
3440amhlaidh preaban sé chun a ghnótha go mear tapaidh.


3441
3442

PRAITINIÚLACHT — Níl aon phraitiniúlacht ionnat ach
3443tu id liobar = tapúlacht.


3444
3445

PRAMMSÁIL — Ní ag rínce a bhí sé ach ag prammsáil =
3446ag teacht anuas go trom ar an úrlár: ag baint préacha
3447(préamhacha) as talamh: ag léimrigh.


3448
3449

PRAPÁLAIM — Táim ag prapáil (suas) chun dul amach
3450ag rothuíocht = ag ullmhú. Tá sé (an lá, an aimsir) ag
3451prapáil suas chun na síneach = ag dul ar bun: ag ullmhú,
3452ag buirbeáil.


3453
3454

PRAS — Nílim ró-phras im theangain = ní féidir liom í
3455oibriú ró-éascaigh, ró-thiubh. Tá do theanga go pras san
3456nGaoluinn, chun na Gaoluinne = é ar do chumas an Ghaoluinn
3457a labhairt go líomhtha.
3458


L. 85


3459

PRÁTA — Na scioltáin a ghearra nó a scolta. Táid ag
3460cur amach (na bpéacán). Bhíomair ag baint na bpéacán
3461díobh. Táid (na gais) ag dúna na gclaiseacha. Bhíomair ag
3462taosca = ag taosca na cré as na claiseacha isteach ar na
3463leapthacha (prátaí). An stuif (an chloch ghorm) a chur ar
3464boga, agus a leatha amach. An bhleaist a tugtar ar an
3465ndubhachtaint a thagan ar na gais. Fadhbán = fadhb mhaith =
3466práta breá mór. Cnap = práta maith reamhar. Prátaí
3467miona: ansan criocháin: agus ansan na giollaidí = an
3468saghas is lúgha aca. Na sceabhchóirí = na blúirí beaga gan
3469mhaith a dh'fhanan tréis an tsíl (nuair a bhíon na scioltáin
3470geárrtha), agus ní h-aon mhaith iad chun síl. Níl tabhairt
3471amach an phráta bheirithe sa bhean san = í bheith ana-spriúnlaithe.


3472
3473

PREAB — Níl aon phreab ionnam tréis an lae = níl aon
3474léim ná fuinneamh: táim traochta, tnáithte, tugtha amach.
3475Tá preab fir ionnat fós = gníomh. Táim i ndeire na
3476preibe = i ndeire na feile, na feide = gan puínn fuinnimh
3477bheith fágtha ionnam: marbh nách mór: gan é ar mo chumas aon
3478ana-phreab eile a thabhairt — pé cúis a bhéadh leis (droch-
3479shláinte, fiacha, droch-bheatha).


3480
3481

PREABAIM — Ná tógfá socair é? Bíon tu ag preaba
3482chun tosaigh i gcómhnuí = ag léime — i n-aon tsaghas gnótha nó
3483cúrsa.


3484
3485

PREABAIRE — Preabaire fir = fear go mbéadh lúth
3486ann: bíon anamúil, preabúil, preab ann: agus phreabfadh
3487fé ghnó gan cuímhneamh air puínn.


3488
3489

PREABÚIL — Tá sí preabúil go maith = preab a bheith
3490ínti ar aon tsaghas slí-chun rud a dhéanamh rud a thabhairt
3491uaithi, chun aon ní. Capall preabúil = capall gur fuirist
3492preab nó geit a bhaint as: nó go mbéadh ceól ann.


3493
3494

PRÉAC — Táim ar mo phréac indiubh = gan mháistir ná
3495máistreás: saoirse gan cheangal agam. Táid san ag
3496imeacht ar a bpréac = gan smacht: gan aon chúram a bhac.
3497Thugas na laetheanta ar mo phréac dom héinig = ar mo thoil.
3498Níor mhaith liom é ghlaca chúgham (é tharac chúgham) bheith ar
3499mo phréac i gcómhnuí.
3500


L. 86


3501

PREÁCH — Stad — le capall, nó le h-asal.


3502
3503

PRÉAMH — Tá clab ort ón bpréimh = ó dhúchas. Strac sé
3504an gas óg as a phréamhacha (préacha) = aníos as an dtalamh.
3505Bís go maith chun na Gaoluinne ón bpréimh = ó dhúchas; nó,
3506ó thúis, ó thosach. Bhí sé ag baint préacha as an dtalamh = ag
3507sádha, ag dinge, na gcos isteach ann: á bhuala go tréan.


3508
3509

PRÉAMHUIGHIM — Anois atá an coirce ag préamhú =
3510ag cur na bpréacha isteach sa gcré. Tá an lá ag préamhú =
3511ag dul ar bun, ag neartú. Tá an Ghaoluinn ag préamhú sa
3512tír = ag fáilt a greamana. Táid go maith chun spórt a
3513phréamhú = a chur ar bun: a chur sa tsiúl. Bíon an bainne
3514fuar ón bpréimh agus ní thabharfá seamalasc go deó air =
3515sin é an tslí nádúrtha dhó a bheith — ach ní mar sin don dtae.


3516
3517

PRÉASLACH — Cipín a cuirtear i mbéal gabhair: gobán.
3518Chuireas préaslach ar an madra toisc é bheith malluithe.
3519Nuair a bhíon an bladhgaire sin ar aon chuideachtain amháin
3520liom ní mór dom préaslach do chur ar mo theangain = cosc:
3521srian Cuirtear an préaslach ar an bhfiréad, leis.


3522
3523

PRIOCAIM — Tá an Ghaoluinn priocaithe suas go maith
3524agat = piocaithe, tógtha leat. Bí ag prioca leat i gcómhnuí.
3525Phrioc sí an gé = bhain an clúmh di. Tán tu ag féachaint ana-
3526phriocaithe = slachtuithe, deisithe. Mhuise, cad a phrioc me agus
3527an focal san a rá? = cad a spreag: cad a chuir chuige me?
3528Bhí sí ag prioca na Gaoluinne uaim. Níor bhéidir liom aon
3529phingin a phrioca uaidh = a ghoid, nó a mhealla, uaidh. Phrioc
3530dreanncaide me. Táim ag iascach le leath-uair an chluig
3531agus ní bhfuaireas aon phrioca fós = níor priocadh fós me:
3532níor rug aon iasc greim ar an mbaidhte. Bí ag prioca leat
3533anois go tiubh te = ag imeacht, ag bailiú. Prioc leat abhaile.


3534
3535

PRIOCÓID — Arm chun mairtéal nó bóthar nó cré nó
3536inní cruaidh a bhaint.


3537
3538

PRIOMPALÁN — Nó treampalán. Beach a dheinean
3539ana-fhuaim nuair a bhíon sé sa tsiúl tríd an spéir san oíche.
3540alpaire dubh seadh é.
3541


L. 87


3542

PRIOSLÁIL — Tá an leanbh ag priosláil = prioslaí leis
3543uisce ag sile ón mbéal aige.


3544
3545

PRIOSLAIRE — Duine a bhíon ag priosláil.


3546
3547

PRIOSLÁLTHA — Tán tu ana-phriosláltha = mór-chuid prios-
3548laí a bheith leat nó smeartha ort. Tá an lá so priosláltha
3549= salach, gránna.


3550
3551

PRIÚNSÚIR — An úirlis a bhíon ag gréasaidhe, cig., chun
3552tairngí a tharac.


3553
3554

PROMMSÁIL — Cuir uait an phrommsáil = léimreach,
3555rínce garbh, siúl garbh trom. Feic prammsáil.


3556
3557

PRUAIS — Pluais (gnáthóg) mada-rua.


3558
3559

PRUMPA — Cearc an phrumpa = cearc go bhfuil an
3560t-eirball di, agus go mbéadh a tóin thiar ag sádha i n-áirde
3561i n-aon chnapán amháin.


3562
3563

PRUMPAIRE — Cearc go bhfuil eirball den tsaghas so
3564thuas uirthi; nó duine go mbéadh geadán mór tóna aige
3565(nó air) ag sádha amach.


3566
3567

PRUMPÁLAIM — Cearc phrumpáltha = go mbéadh prumpa
3568uirthi, agus an t-eirball ceart (na cleití fada) bainte dhi.


3569
3570

PRUPÁLAIM — Bead ag prupáil chun gluaiseachta i
3571n-ainm Dé = ag déanamh suas, ag ullmhú, chun —. Táim
3572prupálta suas anois.


3573
3574

PÚCA — Tá an gloine briste, ach ní mise a dhein é, ná
3575mise, ná mise. Seadh, bhris duine éigint é, ach tá gach éinne
3576agaibh ag cur an phúca uaidh féinig = ag coimeád na díobhála
3577amach uaidh féinig. Púca paidhl = cupán drúchta go mbíon
3578cos mhór fé agus nách féidir é dh'ithe toisc é bheith ró-gharbh.
3579Bíon círíní air laistíos ar nós an chupán drúchta. Púdar
3580a tugtar ar shaghas eile, mar nuair a bhíon sé dreóighte
3581agus a brúightear é tagan an saghas san stuife as — stuif
3582go mbíon cuma an phúdair air.
3583


L. 88


3584

PUDHAIR — Pudhair mhór seadh bás an fhir sin = cailliúint.


3585
3586

PÚIC — Tá púic ar an mbó = clúdach anuas ar a súile —
3587toisc í bheith ag cómhrac, ag adharcáil le ba eile. Tá púic
3588mhór ort = cuma chrosta: an ceann fé agus cuma droch-
3589ghiúmair ort.


3590
3591

PUILÍNÍ — Blúire adhmaid (nó iarainn nó mar sin) go
3592mbíon roth air agus slabhra nó téad ar an roth chun rudaí a
3593thógaint. Chuir sé uaidh me i n-ainm phuilíní an diail. Imigh
3594i n-ainm phuilíní an diail. I n-ainm phuilíní an diail go
3595n-imíghir, go dtéighir = na puilíní a bhíon ag an ndial chun na
3596daoine d'árdú isteach i n-ifrean.


3597
3598

PUÍNN — Bhfuilean tu puínn aoise anois? = mórán.
3599bhfuil aon phuínn cúraim ort? = aon ana-chuid: roinnt
3600cuíbhsach mór.


3601
3602

PÚINSIÚN — Bhuaileas le púinsiún maith cloiche sa gceann
3603é = cloch mhaith chruínn a dh'fhéadfá chaitheamh led láimh. Púin-
3604siún fíona = soitheach (sathach) fíona.


3605
3606

PÚIRTHÍN — Bhíomair ag imirt phúirthíní = ag imirt chluiche
3607le 5 clocha beaga. Tá láthair dheas phúirthíní againn anso =
3608áit dheas chun iad a dh'imirt. Táid ag caitheamh púirthíní
3609sneachtaidh ar a chéile = liathróidí beaga. Púirthíní imeartha
3610Corruighe uait = ní ceadaithe dhuit an púirthín a chorruighe, is
3611díolfair as. Caithtear na 5 púirthíní i n-áirde ar dtúis
3612féachaint cé is mó a thógfadh ar dhrom a lámha iad. Aige
3613sin a bhéadh an tosnú. Níl corruighe istig = níl ceadaithe
3614corruighe a dhéanamh leis na clocha. Níl corruighe tóna istig
3615= níl ceadaithe do thóin a chorruighe (chun teacht ar chloch a
3616bhéadh i bhfad uait, cig.). Socrú baise = na clocha a shocrú go
3617deas in sa mbais chun go mbeidís deas oiriúnach chun iad a
3618scaoile amach ar an dtalamh. Ní bheidh aon mhéirín istig = na
3619clocha a scaoile amach trí sna ladhracha ar an dtalamh. Tug-
3620tar "titim cloiche" ar chloch a thitim amach as do bhais, nó gan
3621tu dh'fháilt ghreama uirthi. 41 is mó an marc go mbítear ag
3622cómhaireamh chuige. Tosnuíon an cluiche le ceann a scaoile
3623ar an dtalamh, na 4 cinn eile a chaitheamh i n-áirde, breith
3624ar an gceann thíos agus ansan ar na 4 cinn is iad ag titim


L. 89


3625

anuas. Má dheinean duine é sin bíon an chéad aon (sa
3626chómhaireamh) déanta aige. As san amach seo iad na céim-
3627eana chun gach-aon "aon" eile den gcluiche a dhéanamh. An
3628chéad dóanta, an tarna dóanta: gaba: cloichín tíos.
3629Theipeas ar mo chéad dóanta, dóanta a seacht = theip orm
3630mo chéad dóanta a dhéanamh is me a d'iarraidh mo sheachtú aon
3631a bhaint amach. Theipeas ar mo tharna dóanta, dóanta a 10.
3632Theip uirthi ar a gaba a 9. Theip ar Sheán ar a chloichín tíos
3633a 29. Tá mo chloichín tíos a 3 déanta agam. An mbeidh
3634socrú istig againn? = é bheith de chead againn na púirthíní a
3635shocrú i slí dheas oiriúnach ar an dtalamh.


3636
3637

PÚNCÁISÍN — Leanbh 3-10 mbliana, agus cruínn teann.


3638
3639

PÚRTAIDHE — Tá a bhfuil ag an mbórd sásta ach an
3640púrtaí = duine go mbíon tormus air coitianta agus mí-
3641shástacht. Ní bhíon cainnt ná allagar aige: cuma ana-
3642mharbh neamh-anamúil air: dá mbéadh cuideachta ann bhéadh
3643sé i bpoll leis féinig: duine gan sult gan ghreann, gan
3644chaitheamh aimsire, agus leithreachas ag baint leis: agus a
3645thoil féinig aige. Go dtachtaidh an bia thu muran tusa an
3646púrtaí. Púrtaí amadáin.


3647
3648

PÚRTHLÓG — Púróg, púróg cloiche. Púrthlóigín = púr-
3649thóigín, búrlóg bheag.


3650
3651

PUS — Bíon na beóla sáidhte amach le chéile ana-reamhar
3652chun pus a dhéanamh.


3653
3654

PUSACHÁN — Rud a cuirtear ar ghamhain óg ar a phus i
3655dtreó is ná béadh sé ag súrac.


3656
3657

PUSÓID — Tá pusóid mhaith láidir thiar agam agus gan
3658aon bheann agam ar an bhfuacht = bia maith láidir, agus níos
3659mó ná aon tsaghas amháin de, mórán saghasana — feóil,
3660ainirthe, cáis, agus mar sin, le chéile. Bhéadh an fheóil léi
3661féinig ró-aonarach. Tugtar pusóid ar phurgóid, leis.


3662
3663

PUSUÍL — Bhí sé ag pusuíl ghuil = gol beag á dhéanamh
3664aige: pus an ghuil air.
3665


L. 90


3666

PUTH — Leagfadh (leacthadh) puth de t'anáil í = an rud is
3667lúgha. Bead ag obair faid a bheidh put ionnam = an dé.
3668Níl ann ach an puth = an dé.


3669
3670

PUTHADUÍL — Tá puthaduíl casachtaighe orm = casachtach
3671bheag anois is aríst.


3672
3673

R


3674
3675

RABHA — Tugadh an rabha dhom go raibh an tóir chúgham =
3676focal, foláramh.


3677
3678

RÁBACH — Bhí an bád go rábach chun tosaigh = go fairsing,
3679go fuigheach, go bog. Bíon an focal "lútáil" ag obair go
3680rábach ar mórán rudaí = go tiubh. Fear breá rábach seadh
3681thu = scópúil, éascaidh, scaoilte id shiúl. Táim ag scríobh go
3682rábach = go tapaidh.


3683
3684

RÁBAIRE — Duine scópúil géagach scaoilte.


3685
3686

RABAIRNE — Ó thug Dia an rabairne dhuit sín do lámh do
3687bhochtaibh Dé = flúirse.


3688
3689

RABHARTA — Tá sí (an fhairrge, an taoide) 'na rabharta
3690an aimsir seo = í bheith ana-láidir: tagan isteach ana-
3691fhada agus trághan amach ana-fhada — an fhaid chéadna. Tá
3692rabharta ann. Tá sé 'na lag-trágha rabharta (lac-trágha a
3693deirtear) = tráighte amach chó fada is a raghaidh. 'Na barra
3694taoide rabharta = chó lán isteach is a thiocfaidh. Chuas amach
3695ar an scairbh ag lac-trágha rabharta. Chuireas an fheamanach
3696ar barra taoide rabharta, ach thóg an t-uisce í. Tá rabharta
3697ar bhia againn = flúirse de. Aon rud a bhíon flúirseach
3698bíon rabharta air. Bhíos láidir go maith sa tsaol, ach táim
3699tagtha ón rabharta go dtí an mhalabhair (mallmhuir). Sí
3700an fhlúirse a bhí agat gach aon lá riamh agus is olc a raghaidh an
3701rabharta ar an malabhair duit anois = an saol maith bheith
3702imithe agus an droch-shaol bheith agat i n'inead — toisc tu
3703bheith tuitithe chun bochtaineachta: agus is olc a thaithneóidh


L. 91


3704

sé leat. Rabharta feirge, cainnte = mór-chuid, agus iad
3705láidir.


3706
3707

RÁBÓG — Bhíos chun rábóg a thabhairt isteach chúghaibh muna
3708mbéadh an bháisteach = gluaiseacht tapaidh, sciúrd. Chuireas
3709fiche míle bhóthar díom den rábóig sin = sciúrd gan sos.


3710
3711

RADHARC — Tá a radharc iompuithe istig 'na cheann leis
3712an scannra, ach socróidh siad (na súile) arís = a shúile. Tá
3713an long ag teacht 'nár radharc = ag nochta orainn. Tá
3714sí as ár radharc fós: i n-ár radharc. Radharc do shúile =
3715an cearcal dubh istigh. Táim cumhang-radharcach, gearra-
3716radharcach = cúmhang nó gearra sa radharc.


3717
3718

RADHAIRSE — Níl aon ana-radhairse gliomach ann anois =
3719aon ana-chuid, ana-fhlúirse. Níl puínn radhairse d'aon ní
3720againn. Radhairse aráin. Níl na prátaí ró-radhairsiúil
3721againn fós, ach ag dul i radairsiúlacht a bheid as so amach =
3722i bhfairsinge, i bhflúirse.


3723
3724

RÁFLÁIL — N'fheadar an bhfuil an cleamhnas déanta,
3725ach tá ráfláil air go bhfuil = ráfla is ráflaí sa tsiúl go
3726tiubh go bhfuil.


3727
3728

RAGA — Raga fir, bó, éinní = rud a bhíon lom, cnámhach,
3729neamh-chórach, garbh. Ní íosfainn aon bhlúire den raga san.
3730Raga éisc = iasc ná bíon ann ach na cnámha. Ní bó bhainne
3731í sin ach raga neamhchórach garbh. Bhí tig breá againn ach tá
3732sé imithe chun raga anois = chun an donais, 'na bhathalaigh.
3733Tán tu ag dul chun an raga le déanaighe agus brisfar amach
3734as do phost thu.


3735
3736

RAGAIRNE — Bhíos ar ragairne aréir = d'fhanas suas
3737déanach (fada amach) san oíche. Nó, ag claoidhe leis an ól —
3738fiú amháin sa ló. Bhíos ar ragairne = san áit 'na raibh an
3739ragairne, ragairne mhór. Tá rud éigint dulta chun ragairne
3740sa tsiopa, i n-aon bhall = tá ragairne éigint ar siúl, rud
3741éigint tuitithe amach — nuair a chloisfá cainnt árd á dhéanamh:
3742bád stróinséartha tagtha: raic fachta: fear marbh: scéala
3743úntacha sa tsiúl. Reagairne a deirtear.
3744


L. 92


3745

RAGAIRNEÁLUIDHE — Duine go mbíon an ragairneáil
3746ar siúl aige. Agus bhéadh dá mbéadh sé ag imeacht sall is
3747anall go mall is ag meilt na h-aimsire fiú amháin i lár
3748an lae agus gan aon ólachán.


3749
3750

RÁIB — Bhuaileas isteach chúcha de ráib = de sciúrd, go
3751tapaidh. Thug sé ráib isteach chúghainn agus d'imigh gan mhoill,
3752Dheineas an ceacht d'aon ráib amháin = d'aon iarracht amháin;
3753sciúrd, scríob. Ba mhór an ráib a dheinis an uair sin =
3754rith tapaidh, sciúrd reatha, scríob, scríob reatha.


3755
3756

RAIC — Dhein sé raic de féinig leis an ólachán = dhein
3757brise air féinig. Tá an seómra 'na raic agat = gach aon
3758ní soir siar: briste brúighte. Tháinig sé isteach ar meisce
3759agus dhein ana-raic ar gach éinní = ana-dhíobháil. Tán tu ag
3760imeacht chun raice ag an ólachán, ag an obair = ag brise
3761as a chéile. Táid imithe ag ól is ag raic. Raic = aon
3762earra a thagan isteach leis an dtaoide. Dheineas raic díom
3763féinig leis an gcainnt sin a rá = loiteas me héinig. An
3764leabhar nua a fuairis cúpla lá ó shoin tá sé 'na raic agat
3765anois = giobalach, loitithe. Dheinis raic dem chuid colata
3766le me mhúscailt = dheinis é bhrise i slí ná fuaireas aon
3767tsásamh ann as san amach. Dheinfeadh tromluighe an ní
3768céadna. D'imigh mo chuid colata chun raice orm aréir =
3769me bheith ag taidhreamh nó buartha, nó loit rud éigint é.
3770Dheinis raic díom = me bhuala is a bhrise: nó mo lochtaí a
3771dh'ínsint, nó díobháil mhór éigint a dhéanamh dom. Dhein an
3772máistir raic ar mo cheacht = dhein géar-cheartú air leis an
3773bpeann-luadha gorm. Táim im raic ag an ól. Reaic a
3774deirtear.


3775
3776

RAIDIM — Bhí an capall ag raide fén gcairt = ag caitheamh
3777a thóna i n-áirde: ag spriúca. Raid sé an chairt. Raid
3778an t-asal me — bhíos ar a mhuin = thug fé me leaga anuas de.
3779Raid sé anuas (de) me. Bhí sé ag raide. Bhíodar ag raide
3780na Gaoluinne (uatha) go tiubh = á spreaga go bínn. Níor
3781dheineas ach me héinig a raide isteach sa tsáile = a chaitheamh.
3782Thug an máistir cead raide dhúinn = pé ní ba mhian linn a
3783dhéanamh. Bhíodar ag léimrigh is ag raide nuair a fuair-
3784eadar na laetheanta saoire. Bhíodar ag raide ceisteana
3785isteach chúgham = ag scaoile.
3786


L. 93


3787

RÁIFLEÁIL — Tá ráifleáil bheag ag imeacht go bhfuil an
3788tsíocháin déanta = cainnt ag imeacht idir na daoine: ínsint
3789ráfla. Feic ráfláil.


3790
3791

RAIMH — Nuair a bhíon an ghaoth ag séide bailíon sí isteach le
3792chéile pé nithe (neithe) beaga a bhíon ar uachtar na fairrge,
3793Raimh seadh na nithe sin. Ramhcha = mór-chuid díobh. Bíon
3794mórán ramhcha ar chliathán, le cliathán, na talún nuair a bhíon
3795an ghaoth ag séide isteach.


3796
3797

RAIMPÉAR — Duine aerach neamh-chúramach gur cuma
3798leis cad a dheinfeadh sé.


3799
3800

RÁINEACH — Miúil.


3801
3802

RAIS — Rais alluis = rais bheag a thagan amach uaireanta
3803nuair a chuirean duine cóta alluis nó brat alluis de.


3804
3805

RAISPÍN — Raispín fir = fear beag gan mhaith, gan
3806toirt, gan fuil, gan feóil. Fear críona caithte. Raispín
3807seana-chapaill, seana-bhó, sean-duine: raispín caorach,
3808cait, madra, mná. An té a bhíon spriúnlaithe glocan
3809sé an ainm, leis. Tugtar raispín ar chaoira go mbíon na
3810cnámha tríthi amach, nó ar fhear beag canncarach spriúnlaithe
3811go mbainean cruacht leis.


3812
3813

RAISTE — Ba throm an raiste báistí a dhein sé = báisteach
3814neambuan go mbíon fuinneamh gaoithe léi: bíon sé fuinniúil:
3815scrabha beag báistí agus an fiantas leis.


3816
3817

RÁISTÉIR — Duine a bhíon ag bóthaireóireacht, ag imeacht
3818anso is ag rith ansúd is ná fanan i n-aon bhall. Thabharfá
3819ráistéir ar an saghas cailín a bhíon ag imeacht le saighdiúirí.
3820Tugtar ar aon tsaghas duine a bhíon ag imeacht, ag ráis-
3821téireacht. Tá Peig imithe 'na ráistéir ó mhaidin. Ráistéir
3822bó = bó a bhíon ag imeacht a d'iarraidh dul i ndíobháil, sa
3823ndíobháil. Tá sé imithe as mo dhóchas aon airgead a dh'fháilt
3824uatha mar ní bhíon sa tsiúl aca ach an ráistéireacht agus an
3825díomhaoínteas. Bíon an ráistéir ag imeacht chun ríncí
3826agus comórtaisí, agus le h-aer an tsaoil.
3827


L. 94


3828

RÁITEACH — Fear droch-ráiteach mí-neáireach = fear go
3829mbíon droch-chainnt ar siúl aige. Má úsáidean sé anois is
3830aríst féinig í tá an ainm tógtha aige (tuillte).


3831
3832

RAITHNEACH — Bhí rath an raithníghe orm = ana-rath.


3833
3834

RAMH — Fuaireas lán na ramh ar an mbó = mór-chuid
3835airgid: luach a raibh ínti: luach gach blúire di: lán an
3836chroicin. Tá lán na ramh ar iasc an aimsir seo = seó airgid.


3837
3838

RÁMHAIL — Tá rámhail agus speabhraoidí uirthi ag an
3839bhfiabhras = í ag glóruíl is ag cainnt léi féinig: agus go
3840measan sí go bhfeicean sí nithe ná bíon i gceist i n-aochor.


3841
3842

RÁMHAN — Tá portach dhá rann (nó rámhan) déag ar
3843aoirde agam = dhá fhód déag. Bíon an á srónuithe go maith.


3844
3845

RAMMSACH — Bhaineas rammsach as an ndínnéar, as an
3846rínce, as an gcamán, as éinní = sásamh, dúiseacht, ceól.
3847tá an feirmeóir ag baint rammsaigh as an mbuachail aimsire
3848atá aige = obair mhaith. Bainim ana-rammsach as na
3849leabhartha cois na teine ins na h-oícheanta geimhridh. Ramm-
3850sach do bhaint as bheidhlín = ana-streanncán ceóil: as amhrán,
3851as pheann = í choimeád sa tsiúl go tiubh: as dhuine a bhéadh ag
3852déanamh cros = tuargain mhaith a thabhairt dó: as úrlár le
3853rínce: as fuirin i gcomórtas. Bhí cúis amuigh agam ar
3854Sheóirse agus nuair a fuaireas an cothrom bhaineas rammsach
3855maith as = crústáil mhaith a thabhairt dó.


3856
3857

RAMMSCÉALUÍOCHT — Bhíodar ag rammscéaluíocht dóibh
3858féinig feadh na h-oíche = ag scéaluíocht: a scéal féinig
3859aiges gach éinne, nó gan an scéal ach ag éinne amháin. Bhí
3860ana-rammscéaluíocht againn aréir ag an máistir, nó ón
3861máistir — é féinig a dhein an chainnt.


3862
3863

RANDAMANDÁDUÍOCHT — Ní bhíon seóid ar na páipéirí
3864an aimsir seo ach r. = rudaí gan fuaimint, cúrsaí gan
3865éifeacht. Bíon cuid mhaith des na leabhartha ar r. = gan
3866ionnta ach an saghas san. R. seadh iascach na bliana so =
3867gan aon mhaith ann ach sclábhuíocht gan aon díol. Nílean tu


L. 95


3868

ach ag r. ansan ag déanamh oibre ná beidh mór-mhaith ínti =
3869cúrsa gan éifeacht gan tairbhe sa tsiúl agat.


3870
3871

RÁNGUIGHIM — Béidir nár ránguigh leis an árthach an
3872t-anncaire a chur amach san áit cheart = nár tháinig, nár
3873eirigh, léi.


3874
3875

RANNGÁS — Bhí ana-thamall ranngáis againn indé =
3876spórt is scléip is caitheamh aimsire. Tá cead raide is
3877ranngáis againn = cead ár dtoil féinig a dhéanamh tímpal
3878spóirt is scléipe. Bíon ranngás ar na h-uain óga nuair a
3879bhíd ag rith is ag léimrigh. An lá sar a raghaidh na buachaillí
3880abhaile as an gcoláiste beidh ana-ranngás ortha = eiríghe ó
3881thalamh. Aimsir ranngáis = gur gnáthach áthas is spórt bheith
3882ar siúl: aimsir spóirt is caitheamh-aimsire. Bím ag
3883rínce is ag ranngás is ag ráistéiracht. Tig seóig is rínce
3884is ranngáis.


3885
3886

RANNGÁSACH — Nách ranngásach an mac é! = duine nách
3887maith leis aon ní bheith ag imeacht i gan fhios dó: scléipeach.


3888
3889

RAOCHOS — Tá raochosa fút = na cosa bheith chómh-reamhar
3890nách mór thíos agus sa cholpa thuas.


3891
3892

RAOCHOSACH — Táim raochosach = gan na cosa bheith caol ná
3893reamhar agam: ach ar aon reimhre amháin, nách mór. Dá
3894mbéadh colpa maith ar an gcois ní oirfeadh an focal di.


3895
3896

RÁS — Tá rith an ráis leat anois = tán tu saor: tá na
3897cosa tugtha leat agat — duine a dh'eireóch as bhreóiteacht, nó
3898go dtairiceóch an dochtúir fiacla piantacha dhó (go dtí go
3899bpriocfadh ceann eile é): tá an bóthar réidh rómhat: an
3900deacaracht tharat agat.


3901
3902

RÁSÚR — Is breá an rásúr í. Tá sí chó maol le corrán.
3903Bheárrfadh sí luch 'na chodla.


3904
3905

RÁTH — Ráth éisc = mór-chuid díobh ag imeacht le chéile sa
3906bhfairrge.


3907
3908

RATH — Tá an rath ag rith leat = tá an t-ádh ort.
3909


L. 96


3910

RATHACH — Nách breá na rathacha géag atá aici = cosa nó
3911lámha (ón ngualain anuas). Bhí an cóta mór ag buala
3912isteach ar mo rathacha = ar mo chosa (nó ceathrúna, nó colpaí).


3913
3914

RATHAMHNACHAS — Níl rath ná rathúnachas orm ó chonac thu
3915= rath.


3916
3917

RATHMHAR — Rafar a deirtear. Is rathmhar an bhean thu =
3918mórán cloinne agat. Síol rathmhar = a thugan tora maith.
3919an té a bhíon rathmhar bíon an rath air, ag eiríghe leis: bíon
3920ádh air i dtaobh gach ní.


3921
3922

RÁTHUÍOCHT — Tá an t-iasc ag ráthuíocht = ráth (nó ráthana)
3923díobh ag gluaiseacht le chéile sa bhfairrge. Nó, ag rátháil.


3924
3925

RÉ — Ní bhfuaireas aon ré aithrí uatha = am chun teacht ar
3926mhalairt cómhairle. An cailín óg a théighean isteach i gclochar
3927chun bheith 'na bean rialta faghan sí ré aithrighe = téarma
3928aithreachais — agus ní bhíon sí fé cheangal go mbíon an téarma
3929san tugtha. An scéal céadna, uaireanta, ag an nduine a
3930cheannuíon rud éigint — faghan sé tamal chun é chaitheamh thar
3931n-ais muna mbíon sé sásta. Tá rabharta lán na ré ann
3932anois = an rabharta a thagan nuair a bhíon an ré lán — sé
3933sin, an ghealach. Beidh duibhe-ré ar an oíche anocht = gan aon
3934ré ar an spéir. Tá cion oíche de dhuibhe-ré ar an oíche anocht —
3935bíon faid na duibhe-ré ag atharú dréir mar a bhíon an ré
3936féinig ag atharú.


3937
3938

RE — Táim gach ra bliain leat = gach aon bhliain chó h-aosta
3939leat: gach aon bhliain aoise atán tu tá bliain ag freagairt
3940di agam-sa.


3941
3942

REAGAIRNE — Tá ana-reagairne ag breith orainn =
3943suaiteacht saoil. Fear reagarnáltha = fear go mbíon
3944saol cruaidh suaite aige: nó a bhíon ag ól. Tá Séamas ana-
3945reagairneach = fear fuar leisciúil gan mhaith seadh é ná
3946tuitean aon ghnó leis: ná bíon i mbun aon ghnó a chur chun cinn:
3947reagairneáluí: leadránuí. An duine a théighean ar aonach
3948agus nách féidir leis fille go ceann 3 lá tá reagairne mhaith
3949beirthe air = aindeis (ainis), mí-ádh, strus. Feic ragairne.
3950


L. 97


3951

REAGAIRNEÁIL — Beirean reagairneáil mhaith ar an
3952té a thugan an oíche ar an mbóthar le gluaisteán briste:
3953nó le h-aon tsaghas cúise. Tuitean an fear san chun reagair-
3954neála = beirean strus, aindeis, mí-ádh, air.


3955
3956

REAMHAR — Is mó púnt reamhar a chaitheas ar an nGaol-
3957uinn = maith, mór. Tá Seán agus Máire chó reamhar (le
3958chéile) is a bhéadh bó agus coca féir = chó mór, chó ceanúil ar a
3959chéile. Tá billeóga an leabhair ana-reamhar. Tanuidhe an
3960taobh eile. Bíon leite, braon, éinní, reamhar nuair ná
3961bíon sé tanuidhe ná cuma an uisce air.


3962
3963

REAMHRUIGHIM — Tán tu ag reamhrú suas = ag dul i
3964reimhre. Táim ag reamhrú na muc chun an aonaigh. Nuair a
3965bhíon cnapán ar thaobh do choise reamhruíon an bhróg é agus
3966tagan sé mór = cuirean i dtoirt, agus eiríghean sé mór.


3967
3968

REANGARTACH — Tá an bhó, an chaoire, 'na reangartach =
3969bheith fada caol lom. Rangartach fir, mná, capaill.


3970
3971

RÉASÚN — Sin é an réasún ná tuigimíd a chéile = an
3972chúis, an fáth.


3973
3974

REATH — Tá an chaoire fé reath = fé theasbach. Tá an
3975chaoire imithe ó reath = an reath imithe dhi. Níor choimeád sí
3976an reath. Reathadh an chaoire. Reath sé (an reatha, an
3977reithe) an chaoira. Reathachas.


3978
3979

RÉIDH — Beimíd réidh le chéile nuair a bheidh an púnt
3980tugtha agam duit = ní bheidh éinní ag éinne againn ar an
3981nduine eile: scartha le chéile. Bhfuilean tu réidh chun dul
3982amach? ullamh. Ní dheinfeadh éinne aon cheann den dá
3983fhocal (réidh, ullamh) san abairt seo thuas d'athnasc ort.
3984Tar réidh amach agus féach cruinn ceart ar an gclár dubh =
3985díreach. Ní féidir liom réiteach a dhéanamh ar an gceist;
3986réiteach a dhéanamh eadraibh = socrú. Dhein an sagart me
3987réiteach chun báis = me d'ullmhú. Má theastuíon uait an
3988smuíneamh san do chur amach tá mórán focal ann a dheinfidh
3989an bóthar a réiteach dhuit = a dheinfidh do ghnó, a réiteóidh do
3990bhruid. Is maith liom bheith réidh leat, bheith réidh uait. An té
3991a dh'fhaghan bás ar son a thíre bíon an saol eile réidh roimis.
3992


L. 98


3993

Réidh-thalamh = talamh réidh, neamh-acairneach. Réidh-fhánaigh =
3994fánaigh bheag chuíbhsach. Tig réidh-bhreá = cuíbhsach breá. Réidh-
3995fhliuch. Níl againn ach réidh-phrátaí. Réidh-thuairisc atá ar
3996an bpáipéar tímpal síochána = breacthuairisc: gan bheith
3997go maith. Tá réidh árd ins na tithe suas an cnoc is a chion
3998san d'fhánaig síos go cala na mbád. Beidh an réidh-fhánaig
3999leat ag teacht anuas.


4000
4001

RÉIDHEACHT — Beidh an réidheacht (réacht) rómham feasta
4002= saol réidh: slí réidh; obair réidh bhog.


4003
4004

RÉIDHTÍGHIM — Léimeas le h-áthas nuair a fuaireas me
4005héinig réitithe as an bpoll, as aon tsaghas cáis = fuascailte.
4006Ní h-aon réiteach amháin a bhí againn ar an gcúrsa. Ní
4007féidir liom aon réiteach a thabhairt ar an gceist sin. Réite-
4008óidh an scéal é féinig = socróidh. Tá an t-uisce is an púdar
4009measctha ar a chéilig ach réiteóid ar ball = socróid: scar-
4010faid: tiocfaid ó chéile — an púdar do thuitim síos go tóin,
4011agus an t-uisce d'fhanacht ar barra.


4012
4013

RÉILTHÍN — Réilthín na maidine. Bíon na réilthíní ar an
4014spéir, ins an spéir. Chuireas réilthíní air (ar a shúile) le
4015h-aon dorn amháin = chuireas réilthíní ag spréacharnaigh 'na
4016thímpal: i slí go bhfacaidh sé iad. Chó siúrálta leis na
4017réilthíní = chó siúrálta le bás; le h-aon ní riamh. Dá
4018bhféachfá ar an ngréin lá geal samhraidh chuirfeadh sí réilthíní
4019ar do radharc, ar do shúile = chífá fáinní beaga geala ag
4020imeacht tímpal san aer. Cad iad na réilthíní seo ar mo
4021radharc nách féidir liom léigheamh ar fóghnamh? = rud éigint
4022bheith amú i slí ná féadfá an cló a dh'fheiscint go soiléir.


4023
4024

RÉIM — Nuair a leigean duine réim leis héinig is
4025deacair é stop = cúrsa; gluaiseacht: nuair a leigean sé
4026srian leis héinig. Tá an iomarca réimeach fút, a bhuachaill,
4027agus bainfar leaga géar asat = imeacht, eiríghe i n-áirde.


4028
4029

REIMHEADAS — Tá na prátaí ag dul i reimheadas = i
4030reimhre, ag reamhrú.


4031
4032

RÉIR — Thóg sí ar lóisdín me dréir na seachtaine = an
4033oiread san a bheith le díol agam le h-aghaidh na seachtaine


L. 99


4034

Buachail láidir dréir a aoise. Táim ag obair dó dréir
4035na seachtaine = gan me bheith gabhtha ach go ceann na seachtaine
4036(gach seachtain fé mar a thagan), nó go ndíoltar me dréir
4037na seachtaine.


4038
4039

RIABHACH — Bhfuil fhios agat cad is ainm dom? An
4040riabhach an bhfuil fhios a = an dial. An raghair ann? An
4041riabhach dul: nó, an riabhach ann. Níl aon riabhach faic á
4042dhéanamh agam = seóid a bharra: aon dial faic. Bhfuil aon
4043riabhach faic den nGaoluinn, Gaoluinne, agat? Tá an
4044riabhach le faid ar an gceacht a tugadh dúinn aréir. Tá an
4045riabhach ar an méid sin airgid = sé an dial, an t-úntas, an
4046scannra, é. Th'anam 'on riabhach = 'on ndial, 'on scian, 'on
4047ndiucs, 'on stiucs, 'on ndiabhach.


4048
4049

Riamh — Táim gan bearra chó fada le riamh = chó fada is
4050áta fada ann. Tá an tae ólta agam fadó riamh = le
4051fada. Tá riamh imithe = san aimsir chaithte.


4052
4053

RIAN — Ní féidir liom siúl ná rian a dhéanamh = imeacht —
4054má bhíon duine ag déanamh siúil deinean sé rian: deinean sé
4055marcana ar an mbóthar. Ní raghainn ar aon rian amháin
4056leat-sa = ar aon scór, ar aon leibhéal amháin. D'aithníos
4057rian do chos sa phluda. Fuaireas an peann so gan aon rian
4058costais: gan aon faic costais: gan aon chostas bheith ag
4059imeacht leis ná á leanúint.


4060
4061

RIASTA — Chuir m'athair riasta orm leis an bhfuip, le
4062slait, le téadán = fonnsa (fúnsa): an marc a fágtar
4063nuair a gheibhtear buille maith cruaidh go mbíon gearra ann.
4064Thabharfá riasta ar an rian a dh'fhágfá ar éadach salach
4065dá dtairiceófá t'ionga air. Méiscire beag seadh é,
4066uaireanta.


4067
4068

RIBE — Ribe ruaimnighe, gruaige. Tá droch-ribe ort =
4069droch-chuma. Tá droch-ribe fút = droch-fhuadar: ribe feirge.
4070Níl aon deigh-ribe ar an oíche anocht: ar an lá: ar an mbó =
4071cló maith. Is cuma ribe nó an fionna a bhíon ar dhuine nó ar
4072bheithíoch. Nó ruibe.


4073
4074

RÍGHIN — Bainne ríghin.
4075


L. 100


4076

RÍGHNEACHAS — Tá an bhreóiteacht dulta chun ríghneachais
4077agat = bheith ort ar feadh i bhfad. Tán tu dulta chun rígh-
4078neachais go maith = imithe amach san aois. Tá an gnó so
4079imithe chun ríghneachais orm = chun leadráin; dulta thar am.


4080
4081

RÍNCE — Go macánta dhuit bhí mo chosa ag rínce leis an
4082eagla = ag lúba, ag lúbarnaigh. M'fhiacla ag rínce leis an
4083bhfuacht: is mo shúile ag rínce im cheann le h-áthas. Top,
4084nó caiseal (sin top mór), a chur ag rínce. Bosca nó pingin
4085a chur ag rínce = ag roithileáil, ag ríleáil, ag casa tímpal,
4086ag iompó tímpal.


4087
4088

RÍNSEÁLAIM — An citeal do rínseáil = é ghlana le h-é
4089thuma i n-uisce, nó an t-uisce a scaoile tímpal istig ann
4090cúpla trus.


4091
4092

RÍOBAL — Tá ríobal suas go glúnaibh, nó go cúl, orm =
4093brat salachair. Bíon an ríobal ar bun casóige nó bríste
4094nó gúna. Bíon an ball éadaigh fliuch agus béidir salach 'na
4095theannta.


4096
4097

RIOCHT — Chuais thar do riocht amach san uisce = thar t'aoirde.
4098Chuas thar mo riocht ar (leis) an obair = thar mo dhícheal:
4099an iomarca de a dhéanamh. Tá imithe thar n-a riocht aige
4100leis an scéal = thar mar ba cheart dó. Chuas chó fada lem
4101riocht ar an bhfeirm a cheannach = chó fada is a dh'fhéadas:
4102chó fada is a raghadh mo ghustal fé dhom. Cuireadh an capall
4103bocht thar a riochth = thar a chumas. Chuas thar mo riocht ar
4104an bhfeirm sin a cheannach = thar mar a dh'fhéadas dul: thar
4105mo sparán.


4106
4107

RITHIM — Nó ruithim. Bhíodar ag caitheamh léimeacha reatha
4108le chéile = léimeacha riuthaig nó ruthaig: léimeacha go dtug-
4109tar sciúrd reatha fútha. Tá rith cainnte agat = líomhthacht
4110cainnte: cainnt a rithean chúghat. Bhí m'aigne ag rith ar
4111an gcúrsa = ag cuímhneamh — bíodh nách lem thoil é, béidir.
4112Tán tu id scoláire rithte = críochnuithe. Bhíomair i dteannta
4113a chéile i rith an lae ó mhaidin = ar feadh. Níl aige ach an
4114tarna rith den nGaoluinn = an saghas a bhéadh fágtha nuair a
4115bhéadh an chéad rith (an saghas is fearr) tógtha chun siúil.
4116


L. 101


4117

Thugas rith a bhéil dó san aragóint = leigeas leis — leigeas
4118dó pé ní ba mhian leis a rá. Tá ana-rith ar na prátaí =
4119ana-éileamh, ana-thógaint. Táimíd rite amach as phrátaí,
4120as éinní = gan aon chuid eile bheith fágtha. Bhíomair ag rith
4121le chéile chun an phuist (a tharac, a thógaint) = ag dul i gcoinnibh
4122a chéile. Bhíodar ag rith i gcoinnibh a chéile sa togha = ag dul.
4123Tán tu rithte chun Gaoluinne = go breá: tu ábalta ar do
4124ghnó a dhéanamh tríthi. Nó chun reatha. Is deacair fear chun
4125reatha ceart a bhaint amach = fear gan locht: fear a bhíon chun
4126fiadhaigh i ngach uile shaghas slí, agus nách gá é mhúine a thuille.
4127Rith an scéal amach ar fuaid na dúthaighe = leathnuigh. Níl
4128ag rith liom go maith = ag eiríghe, ag teacht liom. Sin é an
4129focal a rithean 'nár mbéal = a bhíon ag imeacht sa gcainnt
4130againn. Níor rith mo shaol liom = chuaidh im choinnibh: me
4131bheith mí-ádhmharach. Bhí an nímhneachán san am rith síos = am
4132chaitheamh síos: ag cur síos ar mo lochtaí: ag déanamh droch-
4133chainnte tímpal orm. Rith bodaigh le fánaidh = imeacht síos
4134le fánaidh: imeacht gur fuirist é dhéanamh mar is mar sin
4135is mian le gach ní gluaiseacht. D'imigh rith bodaigh le fánaidh
4136orm bíodh is go rabhas láidir go maith, tráth. Tán tu ag rith
4137leis an léigheamh: tóg socair é — máistir le scoláire = ag
4138gluaiseacht ró-thapaidh. Sin é an focal a rith chúgham, chun mo
4139theangan = a tháinig go grod, a phreab. Níl an post ag rith
4140i n-aochor anois ná an scuan sa bhfairge = ag imeacht. Ná bí
4141ag rith leat féinig = ag leigint duit féinig dul thar ceart,
4142as an slí-i n-aragóint, cig.: nó buachail tréis comórtais
4143ag maoidheamh as an ngaisce a bhí déanta aige, agus ag cur
4144leis. Tá an bille rite = 'na dhlí. Sé an chéad rith den
4145gcoirce an chuid is fearr de = an chéad rogha de. Ritheas an
4146naomhóg síos 'on bhfairrge = chuireas í ag sleamhnú síos.
4147Táim rite as thobac = gan aon bhlúire de fágtha agam.
4148Rite gearra i dtobac. Tán tu chun reatha sa nGaoluinn, i
4149rínce = rite: maith do dhóthin: maith go maith: i slí go
4150bhféadfaí tu scaoile chun siúil i gcúrsaí Gaoluinne. Tá
4151an cuan rite geal le stoirm = imithe geal. Rith an focal
4152san orm = scéidh uaim i scaoileas amach é i gan fhios. Ritheas
4153an scrúdú = thógas é ' d'eirigh liom ann: rith sé liom. Tá
4154an focal ag rith im cheann ach ní féidir liom ó thabhairt ar
4155barra = ag imeacht soir siar. Tá sé 'na mhúinteóir rite =
4156críochnuithe amach: gan aon ní i n-easnamh air tímpal múin-
4157teóireachta. Táim marbh le rith ar mo chroidhe = preabarnach


L. 102


4158

— nuair a bhéadh duine an chroidhe laig ag imeacht i gcoinnibh
4159an áird. Níl na feóirlingí ag rith anois = i n-úsáid. Tá
4160focla ag rith sa (nó insa) gcainnt ná féadfá puínn réitigh a
4161thabhairt ortha = i n-úsáid, ag imeacht. Táim rite im shagart
4162= socair, críochnuithe. Pé focal a chloisean tu anso tá
4163sé rite = chun reatha: is féidir leat é thógaint 'na cheart.
4164Duine uasal rite ceart = beirthe déanta: gan mháchail.
4165Deirtear gurab é an chéad ruith den bpráta an chuid a bhíon
4166díreach laistig den gcroicean. Ní rithean an iomarca
4167d'éinní le h-éinne = ní thagan: ní réitíghean: ní maith dhó é.
4168Bíon an dá fhocal san ag rith le chéile = ag imeacht i dteannta
4169a chéile. Níl an lá so ruite chun mórán a dhéanamh = ró-
4170oiriúnach, ró-mhaith. Nílean tu ró-rite chun na h-oibre seo.


4171
4172

RIUTHAG — Níl aon riuthag ionnam = foighne — bainean sé
4173le deabha. Fear gan riuthag. Droch-riuthag seadh do dhuine
4174héinig a shá isteach i rud éigint gan féachaint roimis ró-
4175mhaith: nó do dhuine é héinig a shá isteach go dtí an mbórd
4176gan chead, gan cheiliúra. Tá (an) drochriuthag ionnat. Is
4177droch-riuthagach an fear é. Dhein sé droch-riuthag = sháidh
4178sé isteach go dtí an mbórd le breis is a dhóthin deabhaidh.


4179
4180

ROC — An líne a thagan i n-éadan dhuine nó rud mar é.


4181
4182

RÓD — Cloch róid = cloch chun rud (líonta, boscaí, potaí)
4183do choimeád 'na stad i dtóin na fairge.


4184
4185

ROGHA — An rud a bhíon á shíor-rá tá deárthamh gurab é an
4186rogha é = an rud is fearr. Níl aon rogha ar na leabhartha
4187san = ní féidir aon rogha a bhaint asta: táid ar aon fheabhas,
4188aon mhaitheas, amháin. Níor chuaidh rogha ón réiteach = sé an
4189réiteach is fearr, an tslí is fearr chun cúrsa a shocrú. An
4190focal is túisce chúgham deinim rogha de = tógaim é, cuirim
4191ag obair é. Ní do (de) rogha a dheineas an rud san ach ar
4192éigin(t) = ní lem thoil ach gur chaitheas é dhéanamh. Ní
4193dh'fhéadfá rogha ná díog a bhaint asta = aon cheart a bhaint
4194díobh: a rá cioca do b'fhearr. Cuirfead rogha agus togha an
4195doiris amach ort muna n-éistir = tu chur amach ar mhullach do
4196chinn. Níl rogha ná díog eatorra. Tóg péaca is rogha leat
4197= is fearr leat. Ní do rogha a thoghas dul abhaile ach gur
4198chaitheas é. Raghad ar an aonach a rogha dhom rud a cheannach nó


L. 103


4199

gan a cheannach = péaca a cheannóchad nó ná ceannóchad
4200(cheannód). Tógfad an bhó ar an airgead a rogha aici bheith
4201olc nó maith = pé aca atá sí. A rogha dhom maireachtaint nó
4202gan maireachtaint ba mhaith liom Éire saor.


4203
4204

RÓGAIRE — Tógan sé rógaire chun rógaire a chur síos =
4205a shárú. Cuir rogaire i ndiaidh rógaire.


4206
4207

ROIDHLEÁN — Nó reithileán. Tá reithileán maith teine
4208thíos fé sna prátaí = teine mhaith mhór thaidhbhseach: greidhneach
4209mhaith láidir.


4210
4211

ROILG — Tá cam roilge ionnat, nó órt = ná cosa bheith
4212lúbtha amach aige sna glúna agat ó t'óige. Deineadh réaba
4213roilge ar mo sheómra, ar éinní = tugadh réaba roilge dhó:
4214deineadh gach ní a chaitheamh soir siar ann agus a lot: réaba
4215uathbhásach.


4216
4217

ROILLEÁN — Nó roithleán. Bhéadh do cheann 'na roithleán
4218dá mbeifá cúpla oíche gan chola = trí n-a chéile: ag imeacht
4219tímpal. Bhíos ag léigheamh an pháipéir gur dhein sé roilleán
4220díom. Tá roilleán déanta dem cheann, díom féinig, agat
4221= mearathal is tré chéile aigne orm.


4222
4223

ROIMH — Té a bhíon go maith chun cuímhne a choimeád ar
4224chúrsaí 'na dhiaidh aniar is minic ná bíon sé ró-mhaith roimis
4225amach = tímpal na h-aimsire atá ag teacht. Ní ag teacht
4226rómhat air sin é = cainnt a deirean duine nuair a bhrisean
4227sé isteach ar chainnt dhuine eile á chur i n-úil dó nách ag teacht
4228treasna air atá sé. Bhíos ag braith rómham = ag féachaint
4229amach rómham héinig (féachaint cad a thárlóch).


4230
4231

RÓIMH — Nuair a bheir sa Róimh bí Rómhánach leótha = nósa
4232is slite na h-áite a tharrac chúghat héinig.


4233
4234

ROINNIM — Roinnimíd an bainne le chéile.


4235
4236

ROITHLÉ — Is mór an truagh an chruithneacht ghlan do mheasca
4237ar an roithlé = droch-shaghas coirce, droch-shaghas éinní. Ní
4238ceart fuil uasal agus roithlé do chur le chéile = fuil íseal,
4239fuil bhodaigh.
4240


L. 104


4241

ROITHLEACH — Tá an t-arán ag imeacht 'na roithleach = 'na
4242bhásta: gan tairbhe. Feic ruileach.


4243
4244

ROITHLEÁN — Feic roilleán. Roithleán = cochal: rud
4245cruínn a cuirtear i n-áirde ar an gceann chun canna nó
4246aon tsaghas ualaigh do choimeád ó bheith ag brú ar an gceann.
4247Dheinis roithleán dem leabhartha = iad a chur trí n-a chéile.


4248
4249

ROPAIM — Bhíomair ag ropa scioltán sa chré = á mbuala
4250isteach go fuinniúil. Ropas tuighe isteach tímpal na n-ubh
4251chun iad do choimeád ó bhrise. Rop an scoláire ceist
4252chúgham = chuir chúgham go tapaidh. Rop isteach sa naomhóig =
4253léim, preab. Rop Seán isteach an dorus: isteach 'on
4254mbád, 'on leabaidh = bhuail isteach go tapaidh is le fuinneamh.
4255Bíon níos mó nirt ag dul le ropa ná le péac. Phollfadh
4256(nó pholltfadh) an ropa an bhó. Tá an naomhóg ag ropa
4257tríd an uisce i gcoinnibh na gaoithe = ag gearra roímpi:
4258ag léimrigh léithi. Ag imeacht slím sleamhain = nuair a
4259bhíon an t-uisce ciúin.


4260
4261

RÓS — Bean go raibh an rós ínti = dath an róis: pluic
4262dhearga.


4263
4264

ROTH — Bhíomair bocht ach tá an roth casta againn = atharú
4265tagtha ar an scéal. Raghainn fén roth a d'iarraidh airgead
4266a thabhairt le chéile = i n-ana-chás — toisc ana-dhúil a bheith
4267agam ann. Bhí bórd-rotha-an-áidh ar pháirc an aonaigh agus
4268pinginí ag imeacht go tiubh.


4269
4270

ROTHA — Ball troscáin. Rothaí tíghe = troscán tíghe.


4271
4272

ROTHLAM — Tá Liam ag imeacht 'na rothlam ó mhaidin =
4273soir siar: isteach is amach: corruighe is gluaiseacht gan
4274stad.


4275
4276

ROUTEÁIL — Tá an liathróid, an roth, ag routeáil = ag
4277rouláil, ag casa síos le fánaidh: nó ag imeacht is ag casa
4278leis.


4279
4280

RUA — Galar éigint croicin cosúil leis an ngríos ach gur
4281measa go mór í. Ní thagan aon screamh ar an gcroicean


L. 105


4282

leis an rua, ach pochóidí, agus saghas uisce ag teacht amach asta,
4283agus bainean ana-thochas leis. Bíon 'na rais ar dtúis.


4284
4285

RUADHÁNACH — Paiste ruadhánach = gné rua air.


4286
4287

RUAGAIRT — Bíon na sagairt ag ruagairt is ag fógairt
4288ar na daoine gan bheith ag eascainí ná ag rá droch-chainnteana.


4289
4290

RUAIG — Ní fheidir sí an tsaol conus a bhéadh an ruaig
4291curtha aici ar athair a céile = an díbirt.


4292
4293

RUAILL — Tabharfad ruaill siar chun na trágha = trus ach
4294bheith mear tapaidh: agus bhéadh sé tugtha gan mhoill. Ní
4295dheinfead ach ruaill bheag a thabhairt is bead thar n-ais chun an
4296dínnéir.


4297
4298

RUAIM — Tá an tobán 'na ruaim = uisce salach ann ag an
4299mbáistigh, aige sna géana, ag éinní. Tá uisce an tobair
4300ruamtha aige sna géana is an salachar = sailithe. Ní maith é
4301an t-uisce ruamtha san chun tae. Ruaim seadh dath a faghtar
4302le préamhacha na sceiche is meacan na gcupóg a bheiriú.
4303Cuirean sí dath dorcha buidhe ar an éadach ar dtúis, agus
4304coimeádan an t-éadach an dath ceart níos fearr 'na dhiaidh
4305sin. Uisce ruama = an saghas stuife 'na gcuirtear na
4306h-éadaighe ar boga roim dhathú.


4307
4308

RUAIMNEACH — Tá an ruaimneach atá ar eirball na bó,
4309an chapaill, ró-fhada: caithfar smut di a bhearra. Téadán
4310ruaimníghe = a deintear den tsaghas so mianaigh. Ruaim-
4311neach = an snáithín a bhíon ar shlat iascaigh, leis.


4312
4313

RUAINNE — Conus tá gach aon ruainne díot? = blúire,
4314órlach. Níl aon ruainne feabhais tagtha ort = an chuid is
4315lúgha. Ruainne aráin, tobac. Níl aon éileamh agam ar
4316thae — faic ná ruainne = níl aon phioc den éileamh.


4317
4318

RUAISC — Ruaisc cloiche = cnapán maith teann mór cloiche.
4319Ruaisc mná = bean ar nós na cloiche seo thuas. Ruaisc uibh,
4320ruaisc éinní. Bhí gach aon ruaisc bhreama aige = ceann mór
4321groidhe.
4322


L. 106


4323

RUAISEACH — An té a bhíon ruaiseach bíon sé soir siar sa
4324tsiúl i gcómhnuí pé aca a bhéadh cúram air nó dho (de).


4325
4326

RUATHAIRE — Sin duine a bhíon ag imeacht ruaiseach:
4327ná bíon fód air ná fuaimint: ná ciall aige, ach é neamh-
4328staidéartha agus ag ruathaireacht i gcómhnuí.


4329
4330

RUATHAR — Coinnibh an naomhóg sa ruathar = i gcoinnibh na
4331tuinne móire. Nó coimeád suas sa ruathar í, nó i gcoinnibh
4332an ruathair.


4333
4334

RÚCACH — Rúcach bó = bó gan mhaith, gan bhainne, gan fheóil,
4335gan slacht. Rúcach mná = bean gan chóiríocht, gan fairsinge,
4336gan flaithiúlacht: gan feóil gan fuil í féin: spriúnlaithe.
4337Bean fhlaithiúil an taobh eile di.


4338
4339

RUCHAL — Ceangal a cuirtear fé ainmhí ó cheann ceann den
4340dá chois tosaigh. Bíon an búrach fé bhó le linn í chrú — ó cheann
4341ceann den dá chois deire.


4342
4343

RUCHÓID — Tá ruchóid mhaith ar an ngnó san a dhéanamh =
4344bráca, trioblóid, dua, annró. Tá ruchóid sa bhuachaill sin =
4345díobháil: tá sé malluithe nó crosta. Urchóid.


4346
4347

RUCHÓIDEACH — Tá an obair ruchóideach go maith dhúinn.
4348Neamh-ruchóideach = gan bheith ag cur aon chur-isteach ar éinne:
4349neamh-annródhach: macánta: neamh-dhíobhálach.


4350
4351

RUD — Scéal rudaí beaga = scéal do sna rudaí beaga:
4352don aos óg. I gceann bliana bhí rud beag aca = bunóc.


4353
4354

RUIDE — Tá ruide ar na bóithre indiubh a raghadh suas go
4355glúinibh ort = salachar a thugan an t-uisce síos leis féinig is a
4356bhíon stadtha stopaithe i mbéal gáitéir.


4357
4358

RUÍDHLEÁN — Tá ana-ruídhleán teine agaibh = teine mhór
4359ghroidhe.


4360
4361

RUIG — Is éachtach an ruig lámha atá aige = ruig mhaith
4362lámha: lámh mhaith láidir reamhar — ón ngualain anuas. Tá
4363rathacha maithe lámh aige. Reathacha sa bhfoclóir.
4364


L. 107


4365

RUILEACH — Tá mo bhróga 'na ruileach ag an mbáistigh =
4366loitithe, gan mhaith. Oscluíodh an geata is leigeadh na
4367h-asail isteach chun ruilighe a dhéanamh dom (dem) chuid
4368coirce: is tá sé 'na ruileach tréis na h-oíche. Dhein an
4369t-asal ruileach den gcoirce aréir = é briste brúighte, ithte,
4370posálta aige — agus annsan thiar air loitithe (laitithe).
4371Dhein sé ruileach dem bróga toisc na cosa bheith ró-thútach
4372aige dhóibh. Nó, ar mo bhróga. Ar, nó de, éinní.


4373
4374

RUILLEÁN — Feic roilleán. Caith uait (bhuait a deirtear)
4375é mar scéal: tán tu id ruilleán aige, agus tá ruilleán
4376déanta agat dínn = mearathal is tinneas cinn orainn.
4377Tugtar ruilleán, leis, ar an té ná tagan aon stad air sa
4378chainnt ach é glórach síor-chainnteach leath-éaganta — agus é
4379ar a chéill san am gcéadna.


4380
4381

RÚIRCÍN — Nuair a tugtar ana-chasa do chórda crapan sé
4382sa deire agus tagan rúircín air = ana-chor.


4383
4384

RUITHE-SEAMA — Nó rithe-seama. Rotha-seama sa
4385bhfoclóir. I lár na ruithe-seama chaith sé stad = flúirse mhór
4386thiubh cainnte gan aon laga agus gan aon ana-bhonn leis
4387coitianta. Cad é an ruithe-seama is a bhí fé, fé n-a theang-
4388ain, fé n-a leidhb = rith (nó ruith) cainnte gan éifeacht.
4389Cuir uait an ruithe-seama — le duine go mbéadh aighneas
4390tiubh gan bhonn sa tsiúl aige.


4391
4392

RÚITÍN — Baineadh preab as an gcapal is thug sé léim
4393rúitín = léim bheag a leónfadh an rúitín nó áit éigint i
4394n-aice dhó: thabharfadh an chos preab agus bhainfeadh máchail
4395di thíos ansan. Thug mo chos léim rúitín is táim bacach.
4396preaban an fhéith leis an strus mór is téighean rud éigint
4397as inead. Dh'fhéadfadh an lámh, leis, an léim sin a thabhairt.


4398
4399

RUITHIOLÁN — Feic roithleán. Tháinig ruithiolán ar mo
4400shúile nuair a chonac an sagart sa doras rómham = úntas
4401is corruighe a thagan leis: baintear leatha as na súile, agus
4402féachaid níos anamúla.


4403
4404

RÚN — Dubhart leis cá raibh an gunna ach níor dhein sé


L. 108


4405

(níor choimeád sé) rún air = d'inis sé cá raibh an gunna.
4406Dhein sé rún orm = choimeád sé mo rún.


4407
4408

RÚTA — Tá rútaí maithe agat = rútaí maithe cos: cosa
4409maithe téagartha. Rúta crainn: rúta cabáiste = préamh;
4410nó iad a bheith téagartha. Tá bun-rúta an chúrsa agat =
4411bun-phréamh. Tá bun a rúta agat.


4412
4413

RUTHALAM — Feic rothlam. Ruthalam bó í seo = ná
4414stadan i n-aon áit: bíon ag imeacht ó áit go h-áit, is ní
4415luighean leis an dtalamh. Tá Bríd ag imeacht 'na ruthalam
4416fuar díomhaoín ó thig go tig = duine gan puínn gnótha ná
4417staidéir: bíon ruaiseach.


4418
4419

S


4420
4421

SÁ — Na sáite = na maidí téagartha a dheinean fráma na
4422cléibhe, na birdeóige, an chiseáin.


4423
4424

SÁBHÁIL — Is caillte an aimsir í chun sábhála = chun féir
4425a shábháilt. Beireadh (rugadh) orm sa ngníomh is níl aon
4426tsábháilt agam orm héinig = cosaint: táim tógtha ceart.
4427bhfuil aon tsábháilt agat ort féinig? — sin é a déarfadh
4428breitheamh le fear a bhéadh ós cóir na cúirte.


4429
4430

SAC — Táim im shac ó bheith ag ithe feóla = sacaithe, teann.
4431Tá sé 'na shac sa leabaidh = codla trom á dhéanamh aige.
4432Táim sacaithe sásta is ní h-áil liom a thuille = líonta lán.
4433Ní banbh i sac é seo dhuit = tá sé le feiscint go puiblí cad é
4434an saghas é. An banbh a bhíon istig i sac, i mála, ní féidir a
4435dh'fheiscint cad é an saghas earra é.


4436
4437

SÁCRÁIL — Aimsir na Sácrála = an tráth i lár an Aifrin
4438nuair a deirean an sagart focla na coisreagan.


4439
4440

SÁDHAIM — Nó sághaim. Sáidh an madra leis an muic,
4441leis an mbó = cuir. Sádhan Tomás a cheann isteach ins gach
4442aon scéal = cuirean: ní mór leis baint a bheith aige leis.
4443Thugas droch-shá dom féinig = dheineas díobháil dom héinig i


L. 109


4444

slí éigint — le dul amach fé thulca báistí: leis an iomarca
4445oibre a dhéanamh: nó ar aon tsaghas slí a dheinfeadh duine a
4446ropa is a shá. Shághas isteach san obair = luigheas, phreabas.
4447Sháidh sé isteach ag cainnt linn gan chuire gan iarraidh.
4448Shághadar isteach go dtí n-ár ngrabhas sa gcainnt = go dtí
4449n-ár bpus is ár n-aghaidh: chó gairid is do b'fhéidir. Níor
4450shághas muc riamh. Bhíos ag sá phrátaí le raínn = á ropa
4451isteach sa gcré. Bhí seithe an chapaill chó ríghin reamhar san
4452ná féadfainn é shá ná é pholla = scian a chur isteach tríd.


4453
4454

SÁFACH — Feac na sluaiste, na ráinne, is mar sin de.


4455
4456

SAGARTÓIREACHT — Cuireadh ó (nó as) shagartóireacht
4457me = gnó sagairt a dhéanamh.


4458
4459

SAGHAS — Tá obair mhaith ar an saghas san = an saghas
4460san gnótha. Muna miste dhom a fhiarthú (fhiafruighe) díot
4461cad é an saghas atá agaibh? = cioca mac nó inghín — le daoine
4462go mbéadh bunóc tagtha ar an saol dóibh. Leanbh breá mic
4463gan mhaisle gan mháchail air, baochas le Dia.


4464
4465

SAIDHBHREAS — Nó saibhireacht. Táim i dul i saibhireacht;
4466nó tá saibhireacht ag teacht orm = saibhreas.


4467
4468

SAIDHNEÓIREACHT — Bhíos ag saidhneóireacht = ag iascach
4469le saidhní.


4470
4471

SAIGHDIÚIR — Ní h-aon tsaighdiúir thu = ní h-aon mhaith:
4472níl aon mhisneach agat.


4473
4474

SAIGHEAD — Tá saighead reatha im chliathán ó bheith ag
4475rith = greim, bior, pian ghéar.


4476
4477

SAIL — Sail amadáin, fir, muice = ceann mór groidhe
4478gan anam. Sail chnis = an can dubh a bhíon ceangailte i
4479bplaicide na leanbh, uaireanta.


4480
4481

SAILIGHIM — Saileóidh an lá ar ball = tiocfaidh salach.
4482Tá sé ag sailiú is ag fliucha cheana. Ní ceart duit me
4483shailiú, nó m'ainm a shailiú = mo chlú is mo cháil a bhrise síos.
4484Ní cóir duine a shailiú an uair ná bíon sé cionntach = a dheagh-


L. 110


4485

ainm a lot. Sailíodh sa scéal me = tairigíodh isteach me
4486is deineadh me shailiú.


4487
4488

SAILL — Tá saill sa (in sa) gcirc, sa ngé = blonag, méith-
4489reas.


4490
4491

SÁIMHRÍOCHT — Tá sáimhríocht ag teacht orm = sórt colata
4492is sáimh. Bí sáimhríocht á thaidhreamh dom = ag teacht orm:
4493fonn colata ag teacht orm: me bheith ag cuímhneamh ar an
4494sáimhríocht.


4495
4496

SAINNT — Tá ana-shainnt agam chun na Gaoluinne, chun ní
4497ar bith = ana-dhúil.


4498
4499

SÁITEÁN — Chuireas sáiteán = meathán láidir a bhíon ag
4500imeacht tímpal mar a bhéadh fráma sa bhirdeóig, agus bíon
4501na meatháin ag imeacht treasna. Chuireas sáiteán sa
4502bhfinneóig = blúire de rud éigint a cuirfí isteach chun í
4503choimeád ó bheith ag cnagarnaigh: ding.


4504
4505

SÁL — Thugas mo dhá sháil don mbóthar = mo dhá chois go
4506tiubh te. Fear breá slachtmhar ó sháil rinn seadh é = gach
4507spalla de. Ó sháil rinn: ó thóin ceann: ó cheann ceann:
4508ó mhullach talamh.


4509
4510

SALACH — Bhí smuínte salacha á ndéanamh dom. Thug an
4511máistir ithe salach dom = leasú gránna den dteangain.


4512
4513

SALACHAR — Tá salachar (slachar) gaoil agam leat = gaol
4514i bhfad amach. Bhfuil an salachar caite uaithi fós ag an mbó?
4515= ar ghlan sí fós? Bhfuil sí glan? Bhfuil sí glanta?
4516Beidh an salachar aici ar ball — ag an mbó. Níl ann ach
4517salachar ceatha = cith beag: nó cith salach.


4518
4519

SALAN — Ní fiú gráinne salain leis na prátaí thu = níl
4520mórán maitheasa ionnat: is maith an sompla é i gcoinnibh an
4521té ná fuil aon mhaith ann. Cuireadh an mhuc ar salan = á
4522leasú. Cuireadh salan ar an ím. Chuireas salan ag beiriú
4523leis an gcabáiste. Bhíos chó lán d'olc chuige go n-íosfainn
4524le gráinne salain é — agus ní mór an t-annlan é sin. Ní
4525fiú gráinne salain is prátaí é.
4526


L. 111


4527

SALL — Tá Séamas imithe sall = go dtí an dtaobh eile:
4528marbh. Bhí an t-athair ins na fiacha go doimhin, agus nuair a
4529bhí an t-éileamh ag teacht dian air chaith sé a chuid saibhris sall
4530(nó suas) ar a mhac = thug an saibhreas dhó i slí ná raibh aon
4531bhaint aige féinig leis feasta, agus ná féadfadh fear an
4532éilimh na fiacha a dh'fháilt. Nuair a bhead ag imeacht ar mo
4533laetheanta saoire caithfead mo chuid oibre sall (nó suas) ar
4534an té a bheidh ag teacht im inead. Ní ceart duit an locht a
4535chaitheamh sall orm-sa, mar is tu héinig a dhein an gníomh.
4536Tosnuíodh ar bheith ag maga fúm ach thugas fén maga a
4537chaitheamh sall ar dhuine éigint eile.


4538
4539

SALMAIREACHT — Tán tu ag salmaireacht ó thánaís
4540isteach = ag cainnt gan stad agus mórán di gan aon fhuai-
4541mint léi. Bhíodar go léir ag salmaireacht, ag salmaireacht
4542chainnte, istig i dtig na ngealt = a chainnt féinig go tiubh
4543aiges gach éinne, gan aon lag do dhul ar an scéal.


4544
4545

SÁMH — Bím ag siúl go sámh dom héinig = go breá bog.
4546Tá an cat go sámh cois na teine = gan éinní ag déanamh
4547buartha dhó: tá sámh air. Tá sámh ar an leanbh = é 'na chola
4548go ciúin bog. Tán tu ana-shámh sa chainnt = gan bheith garbh
4549crosta cruaidh. Is sámha atá an anachain ag teacht ort-sa ná
4550orm-sa = is buige. Tagan labhairt, foghluim, na Gaoluinne
4551sámh go leór orm anois mar tá mo theanga go pras ínti.
4552Thógas bás m'athar go sámh foighneach.


4553
4554

SAMHAILT — Bhí a leithéid sin de hata agam nó macasamh-
4555ailt = hata ana-chosúil leis. Bhí macasamhailt de leabhar
4556agam = leabhar díreach cosúil leis.


4557
4558

SÁMHAIREACHT — Bhíos ag sámhaireacht = ag míogarnaigh.
4559Nó sáimhiríocht. Cuirean ceó is báisteach sáimhiríocht orm
4560i gcómhnuí = bím leath-chodlatach aca.


4561
4562

SAMALASC — Tá na prátaí 'na samalasc = fuar-bheirithe:
4563'na n-anglais (nó eanglais): nó dá mbeidís loitithe leis an
4564iomarca beiriú, agus an t-uisce tríotha. Bíon tae amhlaidh
4565nuair a fhuaran sé tréis bheith te, nó bainne.


4566
4567

Sámhán — Tá an teine ag cur sámháin is colata orm =
4568sáimhiríocht.
4569


L. 112


4570

SÁMHÁNTA — Is sámhánta an duine thu = suaineasach,
4571socair, réidh, sámh, macánta, gan bheith ró-thapaidh: bog.


4572
4573

SAMHLUIGHIM — Níl ann ach samhlú go bhfuil na púcaí ann,
4574ná go bhfuil 5,000,000 de rudaí beó i mbraon uisce = tora
4575oibriú na h-aigne: níl ann ach taidhreamh. Tán tu deárth-
4576atach go maith le t'athair (atá sa chré), gura beó a samhlófar
4577thu = cainnt a deirtear nuair a samhluightear duine le duine
4578eile atá caillte — sé sin, nuair a deirtear go bhfuil sé
4579cosúil leis. Ní féidir liom an scríobh san a shamhlú le
4580h-éinní ach scríoba seana-chirce = a chur i gcomparáid le.
4581Nó, éinní do shamhlú leis ach —.


4582
4583

SAMPLA — Níl aon tsampla agam ar an bhfocal san
4584do chur ag obair sa tslí sin = níl aon tsampla agam tímpal
4585an focal a dh 'oibriú ar an gcuma san. Feic sompla.


4586
4587

SAMHRA — Báisteach shamhraidh = báisteach bhog. Ba samh-
4588raidh = peataí ba (nó bó), nó na cuileóga a bhíon ag imeacht
4589sa tsamhra is a bhéarfadh greim isteach id chroicean ag ól
4590do chuid fola.


4591
4592

SÁMHTHACH — Sáfach. Sáfach = feac na raínne, na sluaiste,
4593agus úirlisí mar sin. Lámh an bhuicéid, an chiseáin, an
4594taoscadáin. Cos na scine, an chasúir, na scuaibe, na tuagha.
4595Cluas na sciathóige, na birdeóige, an chupáin, an mhuga.


4596
4597

SAN — Mairean an bhean fhlaithiúil chó maith leis an rúcach:
4598mairean san. Táim tuirseach go maith: táim san. Sé an
4599dial é: sé san. Cuirean na focla san breis fuinnimh leis
4600an gcainnt.


4601
4602

SÁNAS — Bhí an bhreóiteacht go nímhneach ar maidin ach tá
4603sánas uirthi anois = boga, maolú, éadtromú. Tá sánas ar
4604an mbáistigh = gan í bheith chó trom is a bhí. Bí amuigh anois:
4605tá sánas air, nó ann = maolú nó stop ar feadh tamaill.
4606Bímíd ag obair ó 9.30 go dtí 11.30: ansan bíon leath-uair
4607an chluig sánais againn (nó ann), agus tosnuímíd aríst ar
4608a dódhéag. Sánas ón mbáistigh, ón obair, ón bpian. Tá
4609sánas ag teacht ar an gcith = lagú. Tá sánas ar an mbreói-
4610teachán ón mbreóiteacht = faoiseamh,
4611


L. 113


4612

SÁN-RUITH — Bhíos breóite ar feadh na seachtaine ach táim
4613im shán-ruith aríst indiubh = im sheana-shláinte: chó maith is a
4614bhím coitianta: chó maith is a bhíos riamh: im sheana-chló.


4615
4616

SHAOGHALTÁNTACHT — Nó saoltántacht = saoltacht. Ní
4617h-aon tairbhe bheith ag rith i ndiaidh na saoltántachta =
4618i ndiaidh saibhreas an tsaoil: i ndiaidh an tsaoil.


4619
4620

SAOIRE — Ní lá saoire Lá tSin Seáin mór, ach seadh Lá
4621tSin Seáin beag.


4622
4623

SAOISTE — Tá an obair seo go cruaidh, ach tá an saoiste
4624a bhíon ós (as a deirtear) ár gcionn go deas = maor na
4625h-oibre: fear cinn na h-oibre.


4626
4627

SAOL — Níl sa tsaol ach pinghin. Fan go mbéar-
4628faidh saol éigint eile ort, agus ansan tuigfidh tu nách olc
4629an áit an ball so. Ar raghair ar an aonach? N'fheadar
4630fós: dréir mar a bheidh an saol is an aimsir. N'fheadar
4631conus tá sí ag dul ar an saol = conus tá an saol ag eiríghe
4632léi. Níl aon ghnó ar an saol le déanamh agam indiubh =
4633i n-aochor. Ní raghadh an saol amach ort = ní raghadh éinne ná
4634éinní amach ort: ní dh'fhéadfadh tu thuiscint, t'aigne a
4635thuiscint: a thuiscint cad é an saghas meóin atá agat ná
4636cad é an fuadar a bhíon fút go mbíon an gníomh déanta agat.
4637Bhí gach scéal ag dul im choinnibh, agus ansan chaitheas an saol
4638i n-áirde liom féinig = d'eirígheas as aon tsuím a chur sa
4639tsaol — ach chuas ag ól is ag reic, béidir. Ní bhfuair m'athair
4640aon tsaol i n-aochor = faid saoil: nó saol sámh cóir.
4641Fágaim ag an saol go bhfuil an ceart agat. Nílim ach ag
4642cur an tsaoil díom an aimsir seo = ag caitheamh, ag cur
4643síos, ag meilt, na h-aimsire. Níl eiríghe an tsaoil liom i
4644n-aochor = níl an saol ag teacht liom: nílim ag dul chun
4645cinn sa tsaol. Nuair a gheibhean na cailíní sin órlach dá
4646gcainncín imíghid le h-aer an tsaoil = fiain ar fad: i
4647n-ainm an diail — ní bhíon aon staidéar ar aer an tsaoil
4648(ar an aer). Ní linn an saol so ach tamal beag. Tabhar-
4649faidh na laetheanta saoire breis saoil dom. Ní raghadh an
4650saol amach ort mar mhúinteóir, chun múinteóireachta = ní
4651sháróch: níl aon teóra leat: tán tu thar na beartaibh. Ní


L. 114


4652

raghadh an saol amach ar an nGaoluinn atá agat = níl aon
4653scannra sa tsaol ach an —. An té ná raghadh an saol amach
4654air ní féidir dul amach air: ní féidir greim ceart tuis-
4655ciona a dh'fháilt air, agus ní thabharfadh sé féinig aon phioc dá
4656mheón uaidh (duit).


4657
4658

SAOLUIGHIM — Tá mac óg saoluithe dhóibh ó aréir = tagtha
4659ar an saol.


4660
4661

SAONTA — Duine saonta = mothaolach, símplí, maol: gan
4662bheith géar ná glic, ach macánta leanbuidhe. Sé an cabaire
4663an taobh eile. An fear bocht saonta ní bhéadh fhios aige
4664cathain a bheifá á thógaint, ag maga fé, á chur suas.


4665
4666

SAOR — Tugadh cead saor dom mo rogha rud a dhéanamh, a
4667chur ar bun = cead gan cheangal. Níl puínn den arán saor
4668agam — mar bím ag tuilleamh mo bheatha is ag obair go
4669cruaidh i gcómhnuí.


4670
4671

SAORÁIDEACH — Obair shaoráideach = gan aon duais ínti.
4672Tagan sé saoráideach orm an Ghaoluinn a labhairt = bog:
4673gan puínn duadha: ní ghoillean sé puínn orm.


4674
4675

SAOSÚR — Nuair a bhíon an bradán i saosúr is blasta an
4676t-iasc é, ach nuair a bhíon sé as saosúr bíon sé leamh tur = an
4677tráth ceart.


4678
4679

SAOTHAR — Bím ag obair is ag saothar ar an leabhar so
4680= ag obair go cruaidh.


4681
4682

SÁRUIGHIM — Sáruigh an bhó = téir roímpi amach. Nuair
4683a bhíon duine sáruithe caithean sé éisteacht = buailte fé
4684chois: nuair a bhíon an lá imithe air. Ní thiocfaidh liom an
4685méid seo oibre do shárú fén oíche = do chur fé chois, do
4686chríochnú.


4687
4688

SÁSAMH — Bhí ana-shásamh orm nuair a bhí mo bholg lán =
4689gan me ag braistint aon ní i n-easnamh orm. Ní bhfuighinn
4690aon tsásamh i bheith ag ól bhainne = ní shásóch sé me.


4691
4692

SÁSTA — Bhí criú mhaith shásta ar an mbád = deaslámhach,


L. 115


4693

oiriúnach. Tá bróga breátha sásta agam: táid go sásta
4694orm (nó agam) = iad a bheith go deas bog oiriúnach éascaigh
4695ar mo chosa. Caipín sásta = oiriúnach.


4696
4697

SÁSUIGHIM — Sásuigh tu héinig den leitin = tóg, ith suas,
4698do dhóthin di. Níl faic le déanamh agam indiubh ach bheith am
4699shású féinig = am shásamh féinig; ag déanamh pé ní is toil
4700liom, pé ní 'na bhfuighinn sásamh nó spórt.


4701
4702

SÁTHACH — Ní mhothuíon an sáthach an tráthach ocrach = an té
4703a bhíon líonta lán ní bhraithean sé an té a bhíon tráighte is fé
4704ocras! ní chuirean sé aon tsuath ann: ní aithníon.


4705
4706

SÁTHAIM — Feic sághaim. bhíos a d'iarraidh í mhealla chuin
4707teacht, ach níor fhéadas boga ná sá a bhaint aisti = fille ná
4708feaca: an corruighe is lúgha. Thugas droch-shá dom héinig =
4709dheineas rud éigint nár chuaidh go maith dhom — buachaill, cig.,
4710a chuaidh go Muigh Nuadhat gan cuímhneamh ar cad a bhí á
4711dhéanamh aige is a thug suas an aidhm a bhí aige (nó fé): duine
4712a bhéadh ag obair moch déanach. Shághamair isteach (ón
4713bhfairrge) chun na talún nuair a tháinig cuma na báistí =
4714bhuaileamair isteach go tapaidh. Shághas isteach ón mbáistigh
4715go tig na scoile = phreabas, thugas sciúrd. Tá an fhairrge
4716ana-bholgtha indiubh agus ní gá dhuit aon droch-shá a thabhairt
4717duit féinig go dtí amáireach le dul amach. Nó fear a raghadh
4718isteach i dtig na mbéadh lucht óil.


4719
4720

SÁTHAIRE — Druid siar as san, a sháthaire ghránna = duine
4721a shághan é féinig isteach i ngach ní: duine a phreabfadh isteach
4722chun an bhúird ar eagla ná fuigheadh sé go leór. Bíon sé gan
4723bhéasa, mí-bhéasach-ach sé an sutha a dheinean an t-ithe mór.


4724
4725

SCABHAT — Fan aníos ón scabhat = an tonn nuair a bhrisean
4726sí ar an dtráigh, an t-eólaí a thagan aníos is síos tréis
4727bheith briste: nó, nuair a bhíon sí ag dul siar ós na car-
4728raigreacha. Bíon scabhat á dhéanamh ag gearrachailí ar an
4729úrlár nuair a bhíon na lámha ceangailte aca is iad ag gabháilt
4730tímpal i mboghsíní. Bíodh scabhat againn.


4731
4732

SCAFAIRE — Scafaire fir nó mná = duine breá árd
4733scafánta scópúil scaoilte láidir. Ní mór do dhuine bheith
4734dréir a chnámh chuige — seasamh is siúl aige is deigh-sheasamh.
4735


L. 116


4736

SCAFÁNTA — Bheith láidir anamúil scaoilte, agus an
4737scafántacht ann. Feic scafaire.


4738
4739

SCAGAIM — Tá an t-éadach ana-scagtha (scacaithe) =
4740ana-thanuí: dh'fhéadfá an solus a dh'fheiscint amach tríd.
4741Bíon ráil scagtha. Páipéar scagtha = chun scaga a dhéanamh.


4742
4743

SCAILÉATHAN — Is éachtach an fear scailéathain thu = chun
4744bréaga móra reamhra a rá: chun breis mhaith a chur le gach aon
4745scéal. Bhí scailéathan orm á rá go bhfuaireas airgead mór
4746ar an mbó = mustar. Bhí scailéathan air á rá go raibh air-
4747gead breá mór ar gach ní ar an aonach: gur maruíodh dubh-
4748chrónach = mustar is móireacht. Scailéathan = cainnt go
4749mbéadh sult ort á h-ínsint: agus an té go mbíon san air
4750cuirean sé breis le gach cainnt, coitianta. Ní bhíon aon
4751scailéathan ag baint leis an bhfear gan sult: ní bhíon a
4752fhuaim 'na ghlór.


4753
4754

SCAILIÚN — Tá na prátaí 'na scailiúin táid chó fliuch san
4755= ana-fhliuch ionnta féinig. Táid 'na scailiúin agat ag an
4756mbeiriú = an t-uisce bheith gabhtha tríotha isteach. Scailiúin
4757phrátaí.


4758
4759

SCAILP — Tá scailp cheóig ar an gcnoc = brat trom.
4760Nuair a bhís ag imeacht tháinig scailp throm dubh ar mo
4761chroidhe = uaigneas mór: ualach trom den uaigneas is den
4762nduairceas.


4763
4764

SCAIMH — Cuirean an madra scaimh air héinig nuair
4765athruíon sé an béal thar ceart leis an gcroicean tímpal an
4766bhéil a scúbha siar is na fiacla a nochta. Bhí Séamas ag cur
4767scaimheana air héinig chúgham = cumaí gránna. Tá scaimh ar
4768an lá indiubh, ar an bhfairrge = cuma ghránna: deárthamh an
4769uilc is na míshástachta. Cúis na scaimhe.


4770
4771

SCÁINTE — Tá na fiacla scáinte agam = scagtha, deighilte;
4772scáine (scáinne) eatora.


4773
4774

SCÁINTEACHT — Cad é an scáinteacht atá ort ná tiocfá
4775isteach? = náire, tu bheith scáinteach; támáilteacht. Tá
4776scáinteacht orm roimis an sagart mar níl mo phaidreacha
4777agam.
4778


L. 117


4779

SCAIPEATHÓIR Duine a scaipean a chuid go rábach:
4780a scaipean chó tiubh, nó níos tiúbha, ná mar a thuilean (a
4781dheinean) sé.


4782
4783

SCAIPIM — Chuas isteach i dtig an óil chun mo bhuairt, mo
4784bhuaidhreamh, a scaipe = a chur soir siar. Tá mo mheabhair
4785scaipithe chó mór san orm nách féidir liom greim a choimeád
4786ar faic.


4787
4788

SCAIRBH — Scairbh thráighte = sceilg, clocha a bhíon fén
4789uisce coitianta ach go múscluíon an rabharta iad.


4790
4791

SCAIRT — Scairt na n-éan = poll isteach i mbéal faille go
4792mbíon éanlaithe ann ar gor. An scairt chléibh = an falla atá
4793idir an gcliabh is na putóga. Aon tsaghas scairte.


4794
4795

SCALA — Íosfainn na prátaí amach as an scala = amach
4796as an uisce fliuchaigh. Íosfá iad ar na scala = nuair a
4797bheidís chó te is a dh'fhéadfaidís a bheith le bheith istig sa scala.
4798Tá an t-uisce, nó an bainne, ar an scalla, ar na scalaibh =
4799ag fliuchaigh; nó sa teas is giorra dhó. Tá an tae ar an
4800scala is ní féidir liom é dh'ól = ró-the, ag beiriú. Scala,
4801leis = brat gaoithe a ghluaisean le chéile ceart go leór i
4802n-aon líne amháin. Preaban amach de dhruim na talún chun
4803na fairrge, is féadtar é dh'fheiscint ag gluaiseacht amach le
4804chéile ar barra an uisce.


4805
4806

SCALAOIDEACH — Lá scalaoideach = scalaí móra bheith
4807ann: lá go mbíon gaoth mhór ann.


4808
4809

SCAMALL — Tá scamall éigint orm indiubh = rud éigint
4810dubh anuas ar mo chroidhe: gan me bheith geal-chroidheach. Is
4811mór an scamall le feabhas thu = scannra, úntas. Tá na
4812prátaí go maith agat. Táid: is mór an scamall iad.


4813
4814

SCANNÁN — Clúdach lag tanuidhe a bhíon ar na putóga
4815is ar mhórán nithe eile chun iad do choimeád i bhfóiribh, i
4816dteannta, a chéile. Nuair a théighean sé ar lár tagan
4817máchail an treó.


4818
4819

SCANNRA — Is mór an scannra an méid Gaoluinne atá


L. 118


4820

agat = úntas. Tá scannra cainnte, scannra den gcainnt,
4821agat = uathbhás. Thógas scannra = cuireadh scannra orm:
4822scannruíodh me. Nách ort atá an scannra chun an airgid,
4823chun an tsaoil! = ana-dhúil bheith agat ionnta. Tá scannra
4824chun airgid ort = ana-shainnt. Bhí scannra air ag ithe an
4825dínnéir = é á alpa suas i slí éachtach: faor dian air chun na
4826h-oibre.


4827
4828

SCANNRUIGHIM — Scannruíodh me nuair a chonac an
4829tarbh = tháinig scannra orm: ghaibh scannra me: thógas
4830scannra. Tán tu scannruithe chun na Gaoluinne, chun airgid,
4831chun na h-oibre, chun éinní = scannra bheith ort: árd-shainnt
4832ionnat chúcha so.


4833
4834

SCANNRÚIL — Táim ana-scannrúil = ana-fhuirist scannra
4835a chur orm: ana-gheitiúil, ana-sceinnideach. Is scannrúil
4836an scéal é, an méid cainnte atá agat = chuirfeadh scannra
4837nó árd-úntas ar dhuine. Táid scannrúil chun na díghe =
4838scannruithe, scannra ortha.


4839
4840

SCAOB — Chaith sé scaob thairis = lán sluaiste nó ráinne
4841de chré nó d'aon tsaghas stuife.


4842
4843

SCAOILIM — Seo leat agus scaoil fén scéal = tabhair
4844fé, cuir chuige. Fear breá scaoilte = gan bheith crapaithe 'na
4845shiúl ná 'na dhéanamh.


4846
4847

SCAOILTEACHT — Chuir an féar glas scaoilteacht ar na
4848ba.


4849
4850

SCAOTHAIRE — Fear gaoithe móire: fear a bhíon á mhola
4851héinig is ag maoidheamh as héinig. Nó fear mór-chainnteach:
4852bíon ag síor-chainnt agus go minic gan bun ná fírine ná
4853cruinneas sa gcainnt.


4854
4855

SCAOTHAIREACHT — Cuir uait an scaothaireacht = maoidh-
4856eamh gan bun: ruithe-seama cainnte de pé saghas is túisce
4857thagan ar barra na teangan gan cuímhneamh, gan meágha.


4858
4859

SCARABHÁLAIM — Tá sé ag báistigh i láthair na h-uaire
4860ach deinfidh sé scarabháil ar ball beag = tiocfaidh éadtromú,


L. 119


4861

breaca, air. Tá an lá scarabhálta suas = breacaithe,
4862triomuithe: an bháisteach stadtha (stataithe); é stadtha ón
4863mbáistigh. Níl an t-éadach (a bhí fliuch) trim fós, ach tá
4864scarabháil mhaith (dulta) air ó mhaidin = triomú. Tá scarabh-
4865áil ag dul ar an móin = screamh is triomú is cruadhacht nuair
4866a gheibhean sí cúpla lá triomaigh. Níl ar an gcíste ach
4867scarabháil fós = gan é bheith bácálta beirithe, ach screamh ag
4868teacht air is cruadhas. Níl an t-arán ach scarabhálta. Níl aon
4869scarabháil ag dul ar na h-éadaighe = triomú. Tá an lá
4870ag scarabháil = ag éadtromú: cuma thrim ag teacht air.
4871Bíon sé scarabhálta nuair a bhíon sé triomuithe ceart.
4872Ins an scarta bíon an bháisteach ann fós ach d'aithneófá air
4873go dtriomóch sé.


4874
4875

SCARÁN — Saghas crúca beag go mbíon súil ann is lúb
4876ag imeacht leis, agus deinid i dteannta a chéile gnó an
4877chnaipe. Scarán is lúb.


4878
4879

SCARTAIM — Feic scarabháil. Tá an lá ag scarta suas
4880= ag geala tréis ceóig nó báistí. Tá sé scartaithe suas =
4881breacaithe suas, gealta suas. Bhí sí ag scartuíl, scartuíol,
4882gáirí = gáire mór fada a dhéanamh, is bheith ag leanúint siar
4883amach air ar feadh tamaill mhóir. Tá láthair an tíghe nua á
4884scarta agam = á ghlana amach. Scart amach ón dtig =
4885glan amach 'na thímpal. Táimíd ag scarta na h-oibre =
4886chun na h-oibre, ag glana na h-áite chuige.


4887
4888

SCARTAIRE — Soitheach a gearrtar 'na lár: leath-
4889shoitheach (sathach). Bíon an drabhlach idir sin agus an beiste
4890i dtoirt.


4891
4892

SCÁTH — Shuidheas síos dom héinig ar scáth na gréine =
4893san áit ná béadh an ghrian ag taithneamh orm — an taobh eile
4894den ndeiseal. Níl ionnat ach scáth an bhuidéil = scáth a
4895bhíon ana-lom, ana-lag ar fad — le duine a bhíon ana-thanuidhe.
4896Ní chuirfeadh mo scáth eagla orm = gan me bheith eaglach.
4897Thug sé na cosa leis ar scáth na neamh-thuisciona = á leigint
4898air nár thuig sé an cúrsa — fear a tugadh ós cóir an bhreithimh
4899is a saoradh toisc gur leig sé air nár thuig sé cad a bhí á
4900dhéanamh aige. Ag foghluim na gunnadóireachta a bhíos ar
4901scáth an cheóil = is me á leigint orm gur ceól a bhí á fhoghluim
4902agam: an ceól agam mar phúicín, mar bhrat clúduithe.
4903


L. 120


4904

SCATHA — Tá scatha maith den lá curtha fé chois = tamall,
4905scathamh: blúire maith.


4906
4907

SCEABHCHÓIRE — Siad na sceabhchóirí croithe (croidhthe) na
4908bprátaí a gearrtar chun síl: an bhásta a bhíon ar an síol.


4909
4910

SCÉACHTAINT — Feic scéithim. Tá an falla ag scéach-
4911taint = ag caitheamh amach, pluc ag teacht air, blúire ag
4912tuitim amach as: pluc ag teacht amach as. An fhaill nó
4913inní a bhíon ag at amach bíon sé ag scéachtaint. Tá cuid den
4914bhfalla scéidhte cheana = blúire tuitithe amach as. Tá an
4915féar ag scéachtaint amach tríd an mála = ag brise.


4916
4917

SCÉAL — Tá an donas ag teacht ar gach aon scéal agam.
4918scéal a thairigíon scéal = tairigíon cainnt cainnt eile anuas.
4919Tán tu chó h-áiféiseach san go ndeinfá scéal Madra na
4920n-ocht gCos as rud beag = scéal mór éachtach úntach. Sé
4921scéal Madra na n-ocht gCos agat é = scéal mór fada casta
4922gur deacair é choimeád (sa mheabhair). Ní maith le duine
4923macánta scéal a tharac anuas air héinig = na daoine chur ag
4924cainnt tímpal air: é héinig a shá isteach i gcúrsa. Tá
4925droch-lá againn ach deinimíst an scéal is fearr de = an ceann
4926is fearr: tógaimíst i bpáirt mhaitheasa é. Níl aon deagh-
4927shaol agat anso ach is féidir leat a leigint ort nuair a
4928raghair abhaile gurab é an scéal is fearr é = go raibh gach ní
4929ar fheabhas. Tháinig scéala chúgham chun bheith ag imeacht =
4930focal. Chuireas scéala uaim go mbéinn ag imeacht = focal,
4931tuairisc, cúntas, fios. Deirean tu go ndeinfar an tsíocháin,
4932ach nách 'in é an scéal? = an cúrsa, an fhadhb. Bhíos breóite i
4933mórán áiteana ach tá feabhas ag teacht ar gach aon scéal
4934anois = gach cuid den mbreóiteacht: gach blúire de chúrsa ar
4935bith.


4936
4937

SCEAMH — Dhein, nó leig, an madra sceamh.


4938
4939

SCEAMHACH — Sceauach a deirtear agus an a srónuithe go
4940maith. Tá an fhairrge sceamhach glas indiubh = cuíbhsach garbh
4941is siolla maith glas gaoithe ann. Tá sé sceamhach ar muir
4942is ar talamh. Is sceamhach láidir fuar an lá é indiubh = gaoth
4943ghlas ann is í cuíbhsach láidir.
4944


L. 121


4945

SCEAMHUÍOL — Tá an madra ag sceamhuíol ar an mbó
4946mar shádhas léi é = é ag bagairt uirthi (go feargach) le n-a
4947ghlór. Bí an madra ag sceamhuíol orm mar d'aithin sé
4948gur stróinséar me. Istoíche bíon na madraí ag glórthuíl
4949dóibh féinig is ag sceamhuíl go breá bog ar a chéile. Sin
4950ualthartach.


4951
4952

SCÉAN — Bhí scéan buile 'na dhá súil nuair a chualaidh sí
4953an scéal = scannra, úna: nó, d'oscail na súile amach go
4954mór. Tá scéan i súilibh (i radharc) Sheáin le malluitheacht =
4955an radharc bheith lasta suas ionnta, agus tagan athrú cló
4956ortha is corruighe nuair a bhíon duine chun díobháil a dhéanamh.
4957Bíon scéan sa radharc, leis, le h-eagla. Is le dian-scéan
4958na h-eagla a thug sé an gunna uaidh = dian-neart.


4959
4960

SCEANACH — Dá mbéinn ag gearra búird le sciain bhéinn
4961ag déanamh sceanaigh air. Dhein na Gearmánaigh ana-
4962sceanach ar na Sasanaigh = ana-lot, ana-dhíobháil, an-thuargain
4963is gearra a thabhairt dóibh. Deineadh sceanach orm leis an
4964litir a cuireadh ar an bpáipéar. Dhein sí sceanach orm le
4965n-a teangain = gearra maith a thabhairt dom. Bhí sceanach
4966cainnte aige = cainnt chruaidh fhuinniúil ghéar. Dheineadar
4967sceanach ar a chéile sa troid = laitiméireacht. Bíon sceanach
4968i ndiaidh na bprátaí a bhíon againn chun dínnéir = na croicne
4969agus gach aon bhlúire a bhíon gearrtha nó scúbhaite nó tuitithe.
4970Dhein an ghaoth sceanach ar na crannuíocha is ar na prátaí =
4971laitiméireacht; na billeóga a leaga anuas nó díobháil níos
4972measa. Tá sceanach á dhéanamh ag Sasana ar Éirin, is is
4973fada athá.


4974
4975

SCÉANSHÚIL — Scéanúil a deirtear. Tá dhá scéanúil
4976agat = dhá shúil go bhfuil scéan is scannra ionnta. Tháinig
4977dhá scéanúil dom nuair a chuala é. Tá scéanúilí agat nó
4978ionnat = gan na súile bheith socair ach scannruithe.


4979
4980

SCÉANÚILÍ — Tá scéanúilí buile id dhá shúil = iad a bheith
4981scannruithe go maith: féachaint ana-fhiain ana-chorruithe
4982ionnta. Is éachtach an scéanúilí atá sa ngarsún san —
4983nuair a bhéadh sé ag iompó na súl ó thaobh taobh ar nós an
4984duine go mbéadh eagla mór air. Cad é fáth na scéanúilí?
4985


L. 122


4986

SCÉANÚLACH — Ní gá dhuit bheith scéanúlach.


4987
4988

SCEATHARACH — Sceatharach tíghe = tig gan fásca: an
4989chómhla briste: an laiste as treó: nithe ar míghléas ann.
4990Tá an tig 'na sceatharaigh — dh'fhéadfadh sé bheith go maith ach i
4991slite beaga. Naomhóg briste is ag scéachtaint is as múnla
4992bhéadh sí 'na sceatharaigh. Nó cruach mhóna dá ndeinfí go
4993h-olc í, is pluic amach uirthi is í ag scéachtaint. Ach bíon an
4994bhathalach go h-olc (le críne, go minic) is i n'fhotharaigh nách
4995mór.


4996
4997

SCEIDHTÉAR — Ná h-éisteófá do bhéal, a sceidhtéir =
4998duine gan éifeacht ag baint leis a bhéadh ag cainnt is ag
4999gáirí. Caithtear an focal go minic le gearrachaile a bhéadh
5000ag imeacht gan chiall; ruaiseach, siúbhlach, gan staidéar: a
5001gheóbhadh sult i rudaí ná béadh aon éifeacht leótha: a bhéadh
5002pas beag fiain gan bheith thar teórain.


5003
5004

SCÉIMH — Tá scéimh amach ar an bhfaill = faor. Chuas
5005amach ar scéimh an phuirt = ciúmhais. Scéimh an fhalla. Tá
5006scéimh na báistí ar an lá = cuma, cló. Bhíos cúnlaithe isteach
5007fé scéimh carraige i mbun gleanna ón mbáistigh = an charraig
5008bheith ag caitheamh amach ós mo chionn. Chuireas scéimh na
5009h-aingilíochta ar an seómra = ana-scéimh, ana-áilneacht.


5010
5011

SCEIMHLE — Chuir an coga sceimhle is eagla orm = scannra
5012saoil. Tá sceimhle ocrais orm = ocras uathbhásach; ocras a
5013scannróch duine: buile ocrais. Táim sceimhlithe agat =
5014sceimhle agat orm (ó sceimhlíghim). Bhíos sceimhlithe im
5015beathaigh roimis na dubhchrónaigh = chó sceimhlithe is a dh'fhéad-
5016fainn a bheith.


5017
5018

SCEINNEBHEARTACH — Duine sceinnebheartach = tapaidh: a
5019phreaban gan chuímhneamh chun ní a dhéanamh: duine fairsing
5020flaithiúil go mbíon síntiús maith aige is ná bíon an chníopair-
5021eacht ann. Ní bhéadh an tarna húistéar aige tímpal rud
5022beag. Dá loirgeófá lasán air thabharfadh sé lán a dhuirn
5023uaidh. Nó sconnabheartach.


5024
5025

SCEINNIM — Ba bheag nár bádhadh thu. Seadh: sceinneas
5026go beacht = ní raibh ann ach gur thánag saor. Sceinn an focal
5027uaim, nó orm = éaluigh: phreab amach sar a raibh fhios agam.
5028


L. 123


5029

SCÉIRDIÚIL — Áit scéirdiúil = gan fuithin; go mbéadh
5030luighe na gaoithe air. Lá scéirdiúil = nuair a bhíon sé ag
5031séide go trom. An áit scéirdiúil ní bhíon sé torthúil.


5032
5033

SCEIT — Thóg an capal sceit is rith sé = scannra, baineadh
5034preab as, nó geit.


5035
5036

SCÉITHIM — Tán tu mar a scéithfeadh t'athair, nó do
5037mháthair, thu = ana-dheárthatach leis an athair, nó an mháthair.


5038
5039

SCEITIMÍNÍ — Bhí sceitimíní is mire orm ag dul ar an
5040aonach = tógaint croidhe is áthas, is me ag léimrigh. Bhí
5041sceitimíní orm chun árd-cheann an airm a dh'fheiscint = me
5042ar sciobthaigh le dúil chun é dh'fheiscint. Bhí sceitimíní
5043orainn leis an eagla go bpreabfaí isteach orainn sa bhfoghail =
5044neamh-shocaireacht ag baint linn: gan é ar ár gcumas greim
5045ceart a choimeád orainn héinig. Bhí sceitimíní uirthi ag
5046gáirí = í imithe ó smacht ag an ngáirí. Bhéadh sceitimíní
5047orm eachtra mar sin a chlos: nó, chun go gcloisfinn eachtra
5048den tsaghas san = bhéinn ag léimrigh le dúil chun é chlos.
5049Sceitimíní áthais, eagla.


5050
5051

SCÉITHÍN — Cuireadh as anál me le buille beag sa scéithín =
5052áit bheag bhog atá i n-íochtar an uchta san áit go mbíon na
5053h-easnuíocha ag deighilt amach ó n-a chéilig: tá sé suidhte sa
5054chlais atá i lár an uchta 'na bhun thíos: is deacair bagairt
5055air: é deóchailleach go maith is gan mórán fulaig ann má
5056gheibhean sé aon chúis. Tá mo scéithín ar lár ag an mbuillín
5057beag.


5058
5059

SCEÓ — Tá sceó beag leac-oidhreach ar an uisce = cómharthaí
5060éadtroma: tá brat beag di ann, ach sin a bhfuil. Chuir
5061mo mháthair sceóbeag ime ar an arán dom = clúdach beag —
5062i slí go bhfuil sé le h-aithint, ach sin a bhfuil.


5063
5064

SCEÓLBHACH — Rug sé isteach (nó suas) ar sceólbhaigh orm
5065= scórnach.


5066
5067

SCEÓNUÍL — Tá sceónuíl im bolg = glórthuíl: na putóga
5068ag glórthuíl leótha.
5069


L. 124


5070

SCIAN — Thugas an scian don (ar an) gcórda. Scaoil an
5071scian ar an gcórda. Tharraing sé an rásúr (treasna) ar
5072a scórnaigh. Bhíos (sínte) ar mo sciain sa leabaidh = ar mo
5073chliathán. Téir ar do sciain i dtreó ná tógfaidh tu suas an
5074iomarca slí. Th'anam 'on sciain = 'on ndial, 'on ndiucs.


5075
5076

SCIATHÁN — Bhí sciatháin orm nuair a chuala gur thógas an
5077scrúdú = árd-áthas, is me ag léimrigh is ag preabarnaigh is
5078ag oibriú na lámh is ag baint boghsíní san aer leótha. Thugas
5079fuisce isteach chuige fém sciatháin = i gan-fhios — agus dá
5080mbéadh fhios é béidir ná raghadh sé go maith ná ar fóghnamh
5081dom. Ní ceaduithe dhíbh bheith ag cogarnaigh ansan fé sciathán
5082Ghaoluinn a dh'fhoghluim = fé scáth: é sin mar leath-scéal
5083agaibh is brat clúdaigh.


5084
5085

SCILIGEÓIR — Duine a dheinean an t-arbhar (arúr) a
5086bhrise go garbh. Is mór an sciligeóir thu = duine ná tugan ach
5087breac-mheilt dá chainnt, is scaoilean amach í garbh gáirseálta
5088gan aire cheart a thabhairt di, ná do cad a bhíon á rá aige
5089— fíor nó bréag. Sciligeóir éithigh.


5090
5091

SCILIGIM — Tugtar scilige don gcoirce in sa muilean =
5092meilt gharbh-i n-inead é mhín-mheilt. Ná bí ag scilige
5093cainnte mar sin = as tabhairt amach go tiubh — mín agus garbh,
5094an fíor is an bhréag. Ag scilige éithigh a bhíon tu = á stealla
5095amach as muilean na cainnte. Ní bhíon ins na páipéirí ach
5096scilige éithigh tímpal mórán cúrsaí. Tá an coirce sciligthe.
5097Ná bí ag scilige = ag stealla na cainnte amach gan aire.


5098
5099

SCILIMIS — Scannra, sceimhle.


5100
5101

SCÍMÍN — Rud chun bainne a scimeáil, chun an uachtair a
5102bhaint de.


5103
5104

SCIOBAILE — Sciobaile feóla = blúire beag a bhéadh ag
5105sile anuas as phíosa mór. É níos lúgha ná an sciolpa agus
5106bíon gan mór-mhaith.


5107
5108

SCIOBAIM — Thug sí scioba fém gcaipín is árduigh léi =
5109snap.
5110


L. 125


5111

SCÍOBAS — Blogam (bolgam) beag: blaise beag de
5112rud éigint fliuch: an méid a thógfá isteach le barra do
5113theangan. Ní dh'ólfá ach scíobas beag den uisce fliuchaigh.
5114Slugóg = lán do bhéil go maith.


5115
5116

SCIOBTHAIGH — Sciobaig a deirtear. Bhíos ar sciobaig
5117chun dul ar an aonach = lán de dhúil, ag preabarnaigh. Ar
5118sciobaig chun na Gaoluinne dh'fhoghluim, chun na bróga nua a
5119dh'fheiscint = sceitimíní dúlach ar an nduine.


5120
5121

SCIOLLA — Sciolla cloiche = cloch bheag thanuídhe. Trom
5122sciolla aráin = píosa tanuídhe. Siad na sciollaí beaga is
5123tábhachtaighe (táchtaí) sa gcainnt = na spallaí.


5124
5125

SCIOLPA — Thug sé sciolpa aráin dom = blúire, cannta.
5126Sciolpa tobac. Thugas cead sciolpa dhó = cead bheith ag
5127gearra roimis: cead dul ar aghaidh.


5128
5129

SCIOLPÓG — Bhaineas sciolpóg as an gcíste, as éinní =
5130blúire cuíbhsach maith. bhain an dochtúir sciolpóg dem béir
5131(mhéir), dem órdóig. Trom sciolpóg den úbhal san.


5132
5133

SCIOMAIM — Bainne do sciomáil, nó scimeáil.


5134
5135

SCIORLACH — Tá an tig tógtha, ach tá sciorlach mhaith cloch
5136ann fós = clocha caite thall is i bhfus gan aon eagar. Dá
5137dtuitfeadh tig bhéadh sé 'na sciorlach: nó, dá dtuitfeadh
5138blúire den bhfaill nó den bhfalla thabharfá sciorlach ar an
5139mbrúscar.


5140
5141

SCIORTA — Tá sciorta maith den nGaoluinn agat =
5142paiste maith, cuid mhaith. Sciorta mo bheist, mo chasóige, an
5143éadaigh = imeall. Sciorta talún = paiste caol.


5144
5145

SCIOTHA — Tá sciotha siúil fút pé ball go bhfuilean tu
5146ag dul = do cheann rómhat amach le bárr reatha nó siúil: nó,
5147le reacht reatha nó siúil. Bíon sciotha siúil fén gcapall
5148ráis, fén árthach. I lár an sciotha do thuiteas. Tá an long
5149díreach as a tosach is sciotha ar a deire = í scúmhaite fúithi
5150as a deire: cabha isteach fúithi.
5151


L. 126


5152

SCIOTA — Chloisfá sciota beag gáirí ó gach cúinne den
5153tseómra = brise beag gáirí-aon bhrise amháin.


5154
5155

SCIOTUÍOL — Bhí na gearrachailí ag sciotuíol gháirí = gáirí
5156beaga tiubha gan éifeacht á ndéanamh aca. Ní h-aon scarta
5157amháin aníos ón gcroidhe an sciotuíol, ach bíon sé leanúnach is
5158ní bhíon oscailte amach.


5159
5160

SCIÚCH — Mo ghrá do sciúch! = do scórnach, do ghuth — le
5161duine a bhéadh ag gabháilt amhráin. Tá sciúch mhaith láidir
5162agat agus cloisfí i bhfad ó bhaile thu = pé áit go dtagan an
5163chainnt as. Tá an sciúch sínte léi laistiar den bpíopán mór
5164garbh, is is tríthi a ghabhan an bia is an deoch siar 'on gcorp.
5165Thabharfainn amhrán dá mbéadh an sciúch agam chuige. Lár
5166na sciúiche = an chanáil atá ag dul go dtí an ngoile.


5167
5168

SCIÚCHUIGHIM — Táid ag sciúcháil a chéile = ag tachta: ag
5169cur na sciúiche ar mí-ghléas.


5170
5171

SCIÚIRSE — Tá sciúirse den tseana-Ghaoluinn agam =
5172stráice, paiste. Thug sé sciúirse isteach chúghainn = sciúrd,
5173gan puínn moille a dhéanamh. Sciúirse fir, mná, buachalla,
5174gearrachaile = duine árd is lom go leór. Ach bíon an
5175balcaire téagartha. Tá sciúirse fút = dian-imeacht, ana-
5176shiúl. Is maith an sciúirse gearrachaile (greachaile a deir-
5177tear) í. Bíon an slataire gan críochnú.


5178
5179

SCLÁTA — Scláta iarain nó adhmaid = píosa ar nós píosa
5180slinne: píosa tanuí fada.


5181
5182

SCLÉIPIÚIL — Duine scléipiúil = aerach, geal-chroidheach,
5183meidhreach, meidhréiseach.


5184
5185

SCLOGAIM — Ba dhóbair dom é scloga = é thachta.


5186
5187

SCODALACH — Nó scodal. Sin leite thanuí. Níl sa
5188bhó san ach scodalach gránna gan mhaitheas = í bheith lom, neamh-
5189chórach. Ceann d'iascana na fairrge seadh an scodal
5190(scudal a deirtear) ná fuil aon chnámha (ná maitheas) ann,
5191agus ithean na h-éisc eile é. Scudal fir, capaill = árd
5192neamh-chórach lom. Tugan an mháthair scudal ar an mbunóic


L. 127


5193

nuair a bhíon sé nochtuithe. Scudalach fir = fear lom,
5194cnámhach, gan slacht.


5195
5196

SCOIL — Bhíos déanach don scoil, ó scoil. Táid stadtha
5197(stataithe) ón scoil indiubh, nó ar fad. Bhíomair ar aon
5198scoil amháin = ag dul ar —. Tá Séamuisín istig (ó scoil)
5199indiubh = gan bheith ar scoil. "Anso" nó "istig" a deir-
5200tear nuair a ghlaodhan an máistir na h-ainmneacha amach.


5201
5202

SCOILTIM — Scoilt na prátaí ar an mbó — le h-í at amach.
5203Scoilt Seán ar an mbó-le h-úirlis, le h-í pholla = oscail
5204sé ar an mbó, dhein sé roll a chur ínti.


5205
5206

SCOITHIM — Táim chó caithteach san go scoithfinn foirtiún
5207amach = go raghainn tríd. Scoitheas púnt ar an aonach;
5208scoitheas órán airgid ag ceannach gach aon tsaghas ní =
5209chaitheas. Scoitheas £100 amach lem thrus go Bleá Cliath
5210= chaitheas gan pinghin de.


5211
5212

SCOL — Bhí ana-scol éisc ann aréir = ana-ráth.


5213
5214

SCOLB — Scolb fir = fear cruaidh. Cúpla lá sar a
5215dtagan an sicín d 'aon tsaghas amach as an ubh bíon scolb
5216ar an bplaosc = brise — bíon sé cnagtha (cnacaithe).


5217
5218

SCOLPÁN — Dún amach na scolpáin = cómhlana na fin-
5219neóige.


5220
5221

SCONNA — Tá sconna cainnte agat = cainnt a labhartar
5222amach go rábach tiubh. Tá sconna buinníghe ar an laogh =
5223ana-thaom den scaoilteacht. Gheóbhair deoch 'en uisce amuigh
5224ansan ag an sconna. Sconna báistí. Dhein sé sconna ag an
5225scaoilteacht.


5226
5227

SCÓP — Thugas scóp dó chun rínce a dhéanamh = seans, slí,
5228caoi, cothrom. Tá scóp chun gnótha, chun reatha, chun éinní
5229orm = fonn: gan me bheith crapaithe isteach ionnam héinig.
5230Deinfidh Seán obair mhaith don nGaoluinn ach scóp a thabhairt
5231dó = slí. Bhíos dubh go leór indé ach tá scóp go maith orm
5232indiubh = eirighe croidhe, eirighe ó thalamh, áthas croidhe, is
5233fuinneamh is faor dá réir. Tá scóp fút = réim, faor, gluais-


L. 128


5234

eacht. Sé an scóp atá fé póca maith airgid a dhéanamh =
5235fuadar. An té ná bíon an scóp fé bíon sé crapaithe isteach
5236le chéilig 'na mheabhair nó 'na ghéaga: ní bhíon sé scópúil.
5237bhí scóp is fonn orm chun an rínce.


5238
5239

SCÓR — Ní raghainn (nó ní chuirfinn me héinig) ar aon
5240scór amháin leat = ar aon leibhéal (ar aon imeacht) amháin
5241leat.


5242
5243

SCORN — Bhfuil aon scorn ná náire ort roimis na daoine?
5244= náire, támáilteacht.


5245
5246

SCÓRNACH — Poll na scórnaighe = an poll a bhíon ag bun
5247na scórnaighe: lag isteach sa muineál seadh é. Ubhal na
5248scórnaighe.


5249
5250

SCOTH — Scoth feamanaighe í sin = feamanach bhreá thofa.
5251Scoth na bhfear = togha. Fuaireas scoth na bprátaí dom
5252dhínnéar = an chuid do b'fhearr díobh. Scoth an bhídh. Tá
5253scoth ghruaige ort = gruaig bhreá fhada. Bíon an scoth gharbh
5254de sna mionnaí aige sna daoine garbha = an chuid is gairbhe
5255(gairí) de sna mionnaí. Scoth, leis = rinn amach sa bhfairrge
5256a nochttar nuair a bhíon an rabharta ann. Deire na scotha.
5257Tá muilte ann a thugan an scoth cheart amach, ach tá cuid eile
5258díobh ná deinean ach scilige = (obair gharbh).


5259
5260

SCOTH-BHRISTE AGUS MAR SIN — Tá an tsláinte scoth-
5261bhriste agam = cuíbhsach briste, briste go leór gan bheith go
5262h-olc. Mar sin scoth-fhliuch, scoth-láidir, scoth-aosta, scoth-
5263reamhar, scoth-mhaith, scoth-mhór. Tá an bóthar scoth-fhada go
5264leór. Tá scoth-eólas agam ar chainnt na Gaoluinne. Tá
5265mo scoth-dhóthin ite agam = cosúil le (cómhngarach do, isteach
5266is amach le) mo dhóthin. Níl ar na prátaí ach scoth-phraghas =
5267airgead cuíbhsach. Scoth-ghaoth = briota gaoithe, gaoth bheag:
5268scoth-ghéar: scoth-fhiain: scoth-fhuar: scoth-bhia: scoth-
5269chuíbhsach: scoth-Ghaoluinn: scoth-úntas. Bhí scoth-úntas mór
5270orm. Tá Gaoluinn scoth-chuíbhsach agat.


5271
5272

SCOTHÁN — Scothán aitin = slapaire. Scothán raithnighe =
5273aon tslapaire amháin — bé go mbéadh 12 scothán i dtor
5274raithnighe.
5275


L. 129


5276

SCOTHÓG — Ní rudaí beaga a bhíon ar fhabra seáil nó
5277cuilte: saghas eirbaill a bhíon amach asta. Thabharfá ar
5278eirball an éisc, leis.


5279
5280

SCOULAERACHT — Nó scobhlaeracht. Mhairbh sí me leis
5281an scoulaeracht = le n-a teangain, le scalla na teangan.
5282Níor fhág sí thíos ná thuas orm é = níor fhág sí faic orm:
5283bhain díom gach blúire den gclú.


5284
5285

SCRABHA — Dhein sé scrabha maith báistí aréir = cuid
5286mhaith. Dheineas scrabha maith oibre = ádhbhar maith. Tá
5287scrabha maith aimsire ann ó chonac thu cheana = tamall maith.
5288ól scrabha den mbainne sin = deoch mhaith. Nuair a bhíon
5289duine ar bog-mheisce bíon scrabha maith ólta aige. Tá
5290scrabha mait siúlta agam, scrabha maith den nGaoluinn
5291foghlumtha. Bain an camán scrabha den gcroicean díom =
5292paiste. Bhaineas scrabha den éadach díom héinig chun
5293iománuíochta.


5294
5295

SCRÁBACH — Spriúnlaithe suarach, cruínn cruaidh tímpal
5296airgid. Tá mórán scrabhaite ag imeacht indiubh = ceathana
5297neamuana.


5298
5299

SCRABHAIGHIM — Nó scrabhaim. Scrabhaigh sé me. Bhí
5300sé am scrabha. Táim scrabhaite agat = na h-ingine curtha
5301ag obair agat orm.


5302
5303

SCRABHAITEACH — Tá an lá scrabhaiteach ó mhaidin = scrabh-
5304ana ag imeacht. Aimsir ana-scrabhaiteach.


5305
5306

SCRABAL — Bhíomair ag cur scrabail ar an bhfeamanaigh
5307= scaob thall is scaob i bhfus chun í choimeád ar na leapacha.


5308
5309

SCRÁBÁN — Droch-éadach tanuídhe. Níl agat ach scrábán
5310éadaigh go mbéadh na h-uillin is na glúna amach tríd i gceann
5311seachtaine.


5312
5313

SCRABHTÁLAIM — Tá scrabhtáil mhaith bháistí ann ó
5314mhaidin = scrabhana ag imeacht: tagan sánas air anois is
5315aríst, agus ansan líonan sé isteach aríst. Tá sé ag scrabh-
5316táil ar feadh an lae.
5317


L. 130


5318

SCRAISTE — Níl ionnat ach scraiste díomhaoín = duine
5319leisciúil: duine beag-mhaitheach ar mhuíng nó ar mhachaire.
5320is suarach na scraistí iad.


5321
5322

SCRAITH — Clúdach geal a bhíon ar an dtaobh amuigh den
5323mblonaig. Is maith an scraith í sin ar an gcaoire. Scraith
5324gheire. Scraith bhlonaige sa mhuic = brat blonaige: nó an
5325brat beag a bhíon ar an mblonaig.


5326
5327

SCRAITEAL — Níl scraiteal fé dhíon an tíghe agam =
5328níl faic: tá an tig folamh ós gach aon ní. Feic screabal.


5329
5330

SCREABAL — Níl screabal den éadach orm de cheal an
5331táilliúra = níl aon faic. Níor fhág na dubhchrónaigh screabal
5332agam, ná an ghaoth aon screabal de dhíon an tíghe ann = aon
5333bhlúire, aon phioc.


5334
5335

SCREACHAIL — Cnapán a thagan ar dhuine nó ar bheithíoch
5336idir an gcroicean is an fheóil: nó aon tsaghas cnapáin.


5337
5338

SCREAMH — Níl agam den nGaoluinn ach an screamh = an
5339beagán: an chuid a bhíon ar an dtaobh amuigh is ná téighean
5340ró-dhoimhin isteach tar an gcroicean. Dá mbéadh aon
5341screamh ar an lá raghainn amach = aon fhásca, aon triomach.
5342Ní leigean an bháisteach dhó aon screamh do theacht air = aon
5343chruadhas. Níl aon screamh ar an móin = fásca, cruadhas,
5344crústa. Tá an screamh ana-chruaidh ar an gcíste: tá sé
5345na chrústa le cruadhacht. Bhí screamh ar mo theangain ar
5346maidin toisc gan an goile bheith ar fóghnamh. Níl aon screamh
5347ort mar labhran tu amach gach uile shaghas = níl aon chruas ort
5348ar an dtaobh amuigh chun pé ní a bhíon istig a choimeád istig:
5349ní choimeádan tu greim ort héinig. Tá screamh maith
5350uachtair ar an mbainne. Níl aon screamh ag teacht ar an
5351bhfear breóite = cruachtdh, crotha, fásca: níl sé mar a bhéadh
5352rud a bhéadh trim cruaid fáiscithe fuinniúil. Nách fada atá
5353aon screamh ag teacht ar an saol? = aon fhásca: an saol a
5354bheith suaite neamh-shocair.


5355
5356

SCRÍBÍN — Tá scríbín ar siúl againn = sinne a bheith ag
5357imirt ar scríbín — nuair a roinnfí amach na cártaí, an té,
5358cig., go mbéadh an cárta do b'fhearr aige (nó aon tsaghas


L. 131


5359

go mbéadh socruithe air) tabharfaí pé airgead a bhéadh ar
5360an mbórd dó.


5361
5362

SCRÍOB — Bhuail scríob láidir fhiain sinn amuigh ar an
5363bhfairrge indiubh = siolla cruaidh a thagan go h-oban. Tá
5364scríob ar an oíche = cuma go dtiocfaidh stoirm. Tá cuma
5365na scríbe ort = cuma na gaoithe géire, cuma an fhuachta —
5366fiú amháin dá mbéadh duine leathta anuas ar an dteine.
5367Thugas an trus ó inis go Luimneach d'aon scríb amháin =
5368d 'aon iarracht amháin: gan sos a thógaint. Leigeadh na
5369príosúnaigh amach d'aon scríb amháin = iad go léir i dteannta
5370a chéile. B'uathbhásach an scríob ghaoithe a rug (riug) orainn
5371indé = séide cruaidh. Thugas an scríob siar amach liom chun
5372na fairrge = imeacht cruaidh. Tá scríob ghránna mhalluithe
5373ag imeacht (nó ag rith) imeasc na dúthaighe ag Rialtas Shasana
5374= sciúrd fola is báis. Thógas an cúrsa d'aon scríb amháin.
5375Chríochnuíos an ceacht amach d'aon scríb amháin = d'aon bhobhta
5376díreach amháin gan stad a dhéanamh. Thugas cúig déag liom
5377sa scríb sin = bobhta i n'imirt chártaí. Bíon an trus agam ó
5378inis go dtí an Scairbh d'aon scríb amháin gan teacht anuas
5379den rothar.


5380
5381

SCRÍOBAIM — Níl déanamh an chíste sa mála is é scríoba
5382= fiú amháin dá ndeinimíst é scríoba = na h-ingine a chur ag
5383obair ar an mála. Muna féidir leat scríoba dhuit féinig
5384anois, ní scríobfaidh tu go deó = muna féidir leat bia is
5385beatha a bhaint amach — ar nós na circe. Táim scríobtha
5386(scríopa) aige sna dubh-chrónaigh, ag éinní = gan faic fágtha
5387agam. Scríobtha aige sna cártaí.


5388
5389

SCRÍOBÁLAIM — Tá an chearc ag scríobáil ar feadh
5390an lae do sna sicíní = ag scríoba. Bhíos ag scríobáil an
5391phláta, an chorcáin. Chuas amach ag scríobáil dom héinig
5392indiubh = ag bailiú (go cruaidh). Níor fhágas im dhiaidh ar
5393an bpáirc ach scríobáil féir = fuighleach beag: oiread san
5394nár mhór duit dul ag scríobáil chun é bhailiú. Níor fhágas
5395i ndiaidh mo dhínnéir ach scríobáil bheag.


5396
5397

SCRIOSAIM — Tá an croicean scriosta dem láimh ag an
5398uisce beirithe. Scriosamair an mhuc = na guairí agus barra
5399an chroicin a bhaint di: dheineamair í scrios.
5400


L. 132


5401

SCRIOSÚNACH — Scriosúnach fir = fear árd fada: na
5402cnámha go maith aige: fear maith mór.


5403
5404

SCROBHAIM — Feic scrabhaim. Thug sí scrobha fúm agus
5405ghearraigh go maith me. Scrobhaigh sí me = scríob. Thug sí
5406fém scrobha = fém scríoba. Tugadh scrobha maith den
5407dteangain dom = scoulaeracht mhaith. Thug sé scrobha fén
5408muic leis an sciain chun í mharú = iarracht. Chuiris do scrobha
5409ionnam = scrobhaís me: táim scrobhaite agat. Tagan an
5410scrobha báistí cruaidh go maith agus le fuinneamh.


5411
5412

SCRUGAL — Áit chaol idir dhá áit leathana: slí chaol,
5413cig., idir dhá shliabh nó slí chaol isteach i gcuas. Níl ionnat
5414ach an scrugal is an t-iogán ó bheith ag obair = gan puínn
5415díot bheith fágtha.


5416
5417

SCRUGUÍL — Bhíos ag scruguíl síos ó bharra na faille =
5418me ag féachaint thar fiacail na h-aille síos is an muineál
5419sínte amach agam. Bhíomair ag scruguíl ar an gcluiche =
5420síne bainte as an scrugal againn leis an bhféachaint. Bhí sé
5421ag scruguíl isteach tríd an bhfinneóig: ag scruguíl de
5422dhruim an fhalla. Cad é an scruguíl seo oraibh ag an ndoras?
5423Bídh amuigh nó istig.


5424
5425

SCRUIG — Áit chaol i snáth toisc é bheith rithte amach leis
5426an iomarca den gcasa. Tá an snáithín lán de scruigeacha.
5427Scruig áirneáin = nuadhuíocht éigint bídh (nó bia de shaghas
5428éigint) siar amach san óiche do dhaoine a bhíon ag áirneán.


5429
5430

SCRUPAL — Bhéadh scrupal orm na prátaí breátha so a
5431thabhairt do sna muca = áithmhéala (áiféala).


5432
5433

SCRUPALACH — Fear scrupalach = go luighfeadh aon droch-
5434ní a dheinfeadh sé ar a choinsias.


5435
5436

SCRUTHÚIL — Fear (nó capall) scruthúil = maith mór:
5437go mbéadh toirt mhaith ann. Nílim ró-scruthúil im póca,
5438im shláinte: nílim ró-scruthúil i gcóir na bliana = gan
5439bheith acfuinneach láidir: bheith gan seift.


5440
5441

SCRUTHUÍOCHT — Níl aon scruthuíocht ionam = toirt, ac-
5442fuinn: me bheith lag im chorp nó im póca.
5443


L. 133


5444

SCUABACH — Lá scuabach = lá go mbéadh anam na gaoithe
5445ann go maith. Bíon a leithéid i gceist tímpal na Márta go
5446maith. Tá an fhairrge scuabach = suaite, corruithe: séidhte:
5447ag imeacht le fuinneamh is faor.


5448
5449

SCUABAIM — Tá an tír scuabtha (scuapa) amach ó
5450dhaoine = na daoine bailithe amach aisti glan.


5451
5452

SCUAIBÍN — Úirlis a bhíon aca ins na siopaithe ag tómhas
5453an phlúir nó an tsiúicre.


5454
5455

SCUAN — Tháinig an scuan isteach go lán-deithiniseach
5456(deabhfarach) = traen.


5457
5458

SCÚBHACHÁN — Bainean an plána scúbhacháin anuas den
5459adhmad = blúirí adhmaid a bhíon ana-ana-thanuídhe ar fad.
5460Ní slisní bágúin a fuaireas dom breicfeasta ach scúbhacháin
5461go n-íosfainn leath-acra díobh. Scúbhacháin phrátaí = an
5462sceannach: na rudaí a faghtar leis na prátaí a scúbha.
5463Thabharfá scúbhacháin ar na blúirí beaga a bhainean an tuagh
5464anuas ach iad a bheith ana-thanuí. Deinean an t-inneal
5465scúbhacháin de sna turnaipí. Scúbhacháin iongan = scúbha
5466iongan. Tá scúbhacháin ar m'ingine.


5467
5468

SCÚBHAIM — Bhí sé ag scúbha prátaí = ag baint an chroicin
5469díobh. Bhíos ag scúbha na bhfiacal chuige = á nochta. Scúbhaigh
5470amach na cártaí = dein amach iad go tiubh tapaidh. Tán tu
5471scúbhaite anuas de sna cnámha chun na Gaoluinne = gach
5472blúire den bhfeóil imithe dhíot chúichi, le dúil ínti. Táim
5473scúbhaite chun oibre = dian, scannruithe. Tá sí scúbhaite
5474anuas de sna cnámha ag an bhfoghluim, ag éinní. Tháinig
5475scúbha fairrge fén naomhóig agus thóg chun siúil í; léim sí
5476le bár srutha = tonn a phreaban isteach go h-oban is a ghlanan
5477gach ní chun bóthair. Ní h-aon mhaith dhuit bheith ag scúbha
5478t'fhiacla chun Gaoluinne mar ná tógfá (ná foghlumófá) go
5479deó í — sé sin, le dúil ínti. Tháinig scúbha aníos orm a
5480fhliuch mo bhróga. Táim ag scúbha an airgid, nó éinní, liom =
5481ag baint an chroicin de, ag imeacht tríd, á chur díom. Ná
5482bí ag scúbha t'fhiacla chun an chíste mar ní bhfuighir aon phioc de.
5483Tá pláitín scúbhaite air = cloigean maol. Tá scúbha orm
5484chun na Gaoluinne = me bheith ana-dhúlmhar, ana-dhúlmharach,


L. 134


5485

ínti. Ná bí ag scúbha geaitirí duit héinig = gnó bog díomh-
5486aoín sa tsiúl agat: ag tógaint an tsaoil go breá bog.
5487Tá sé scúbhaite i ndiaidh an tobac. Ní bhfuaireas ach tae
5488scúbhaite = lom: tae gan faic eile: nó tae is arán tur —
5489dréir an méid scúbha a deinfí. Bhí sí ag scúbha a cuid
5490gruaige siar = á chur siar, á scaoile, á chíora siar. Táimíd
5491ag scúbha go tiubh ár gcúil bhreá phrátaí = ag ithe, ag ídeach.
5492Cuirean an bh ana-shrónú i bhfeidhm ar an ú.


5493
5494

SCUDAL — Feic leat scodal. Nách gránna an scudal
5495fir é! = fear caol sliastach, fear mór lom nea'-chórach.


5496
5497

SCUN-SCAN — Tá sé marbh scun scan, nó scun scan amach
5498= marbh amach is amach, chó marbh is is féidir leis a bheith.
5499Tá an lá againn oraibh scun scan = go fairsing. Chríochnuíos
5500an ceacht scun scan (amach) laistig den am = gach blúire de.
5501Tá an tae imithe scun scan ort, nó uait — do phléasc an
5502cupán. Thóg £100 an tig scun scan = gach órlach den dtig.
5503Thóg an tig an £100 scun scan = gach pingin de. Táim scun
5504scan gan aon éisteacht = gan aon phioc den éisteacht agam.
5505Tá mo bhróga imithe scun scan = imithe ar fad: i slí nách
5506féidir iad a dheisiú ná faic.


5507
5508

SCUR — Ní bheidh aon scur ceart orainn go mbeidh an
5509scrúdú dinn = aon tsaoire cheart ón obair. Níl aon scur
5510ar an snaidhm = níl aon scaoile, aon réiteach. Níl aon scur
5511ar an dtuisle sin ach é scaoile amach den adhmad leis an
5512gcasúr ladhaire.


5513
5514

SEABHAIR — Níl aon tseabhair agam sa nGaoluinn, i
5515dtobac = dúil.


5516
5517

SEABHRACH — Tá an sean-fhear go seabhrach = go h-anamúil,
5518meidhreach, cruaidh, breá, fuinniúil. Deirtear é le h-éinne a
5519bhéadh cruaidh tapaidh éascaidh. Bhí an leanbh breóite indé ach
5520tá sé go seabhrach indiubh. Tán tu ag féachaint go breá
5521seabhrach indiubh = go maith, anamúil: go deigh-chroicin is go
5522galánta is go glan deighéadaigh. Tá an sicín óg go seabhrach
5523tréis teacht amach as an ubh, nó as corcán uisce.


5524
5525

SEACHNUIGHIM — Seachain sa cheann me = ná buail sa
5526cheann me; nó ná buail i slí a ghortóch me.
5527


L. 135


5528

SEACHRÁN — Tá Tomás sa tseachrán, ar an seachrán,
5529imithe ar an seachrán, imithe chun seachráin = amú, as an slí
5530cheart-ag an ól, cig. Tá an post (na litreacha) imithe chun
5531seachráin anois: níl sé ag rith i n-aochor.


5532
5533

SEACHT — Tá pian im cheann agus an goile bun ós cionn
5534agam agus seacht máchailí eile = mórán eile de sna gearánta.
5535Ba dhóigh leat go raibh seacht máchailí an tslé, seacht gcúraimí
5536an tslé, air = mórán máchailí nó cúraimí. Tá na seacht
5537dteangcacha aige-siúd = mórán teangcacha (teanngcacha).
5538Ní deirimíd an focal san ach uair má seacht: ní théighim amach
5539ach uair má seacht = uair fhánach.


5540
5541

SEADÁLAIM — Tá an chos ag seadáil braoin gach aon lá
5542is gan aon chneasú ag teacht (ag dul) uirthi = í ag séide, ag
5543scaoilte, an bhraoin amach aisti. Tá an fhairrge ag seadáil
5544sáile i n-airde pa spéir. Tá seadáil mhaith ghaoithe ann
5545anois = séide maith, siolla maith láidir.


5546
5547

SEALBHUIGHIM — Tá an bás ag sealbhú ionnat = ag fáilt
5548greama ort. Ní shealbhuíon tu an focal i gceart fós = níl sé
5549sealbhuithe i gceart agat: níl an greim ceart agat air ná
5550an tuiscint cheart ann. Níl an talamh sealbhuithe go ceart
5551agam = níl seilbh cheart agam air.


5552
5553

SEALGAIRE — Duine a bhíon sa tseilg; bíon mear
5554fuinniúil fuadrach: agus sealgaire seadh gach éinne a chuirean
5555crúca i rud éigint chun é thabhairt abhaile leis.


5556
5557

SÉALUIGHIM — Tá an lá séaluithe leis = imithe, caite,
5558tugtha. Tá an samhra ag séalú uainn (nó tharainn) is an
5559fóghmhar ag teacht. Tá an tseana-bhean ag séalú léi = ag
5560imeacht, ag fáil bháis. Tá sí séaluithe léi, beanacht Dé le
5561n-a h-anam = an dé imithe aisti.


5562
5563

SEAMA — Cuir uait na seamana cainnte sin. Feic leat
5564rithe-seama, nó ruithe-seama. Seama seadh é seo — níl an
5565coirce bainte againn fós, a chroidhe, agus bheidh an bháisteach
5566ann feasta, agus lobhfaidh sé is n'fheadar cad a dheinfimíd.
5567Bíon an ruithe-seama ana-thapaidh. Seamana magaidh =
5568cainnt den tsaghas so thuas ach í magúil.
5569


L. 136


5570

SEAMALASC — Tá an tae, an bainne, na prátaí, 'na
5571seamalasc = fuar, nó suas le bheith fuar, an teas imithe
5572asta tréis bheith te nó beirithe.


5573
5574

SEAMRÓG — Tá seamróg na gceithre gcluas agat = an
5575t-ádh a bheith ort, nó agat.


5576
5577

SEÁN — Lá tSin Seáin "an lá is sia sa mbliain."


5578
5579

SEANA-BHEIRITHE — Tá na prátaí seana-bheirithe = ró-
5580bheirithe, beirithe le fada. Tá seana-thaithí agam ar mo
5581chéird = le fada. Tá an obair seana-dhéanta agam, agus
5582mar sin díobh. Éist do sheana-phus — cuirean "seata"
5583breis tarcuisne leis an bhfocal "pus."


5584
5585

SEANA-BHLAS — Bhí seana-bhlas orm liom héinig i dtaobh é
5586rá = mí-bhaochas. Ní bhfuaireas an blas ceart orm héinig dá
5587bharra. Tá seana-bhlas agam ort = gan me bheith sásta ná
5588baoch díot.


5589
5590

SEANA-BHRÓG — Ná téir chun seana-bhróg ar an scéal =
5591dul ró-fhada air: ná bí á dhéanamh ró-fhada: nó, ná bí ag
5592cur síos air i gcómhnuí i slí go mbéadh sé caithte amach ar
5593nós seana-bhróige. Téir isteach go dtí Séamas ag lorg
5594casúir uaidh. Ach! ní maith liom dul chun seana-bhróg air:
5595fuaireas é seo is é sin is é siúd uaidh le déanaighe, agus ní
5596maith liom dul ró-fhada (dul chun seana-bhróg) ar an gcúrsa,
5597nó leis an gcúrsa.


5598
5599

SEANA-CHRÍONA — Bíon duine óg seana-chríona nuair
5600a bhíon sé ró-ghasta ró-ghlic dá aois.


5601
5602

SÉANAIM — Caithfar an siúicre a shéana anois mar tá
5603sé ró-dhaor = fanacht amach uaidh: druim lámha a thabhairt
5604dó. Nuair a casadh orm sa tsráid é do shéan sé me = níor
5605leig sé air gur aithin sé me ná go raibh aithne aige orm.


5606
5607

SEANA-LÁMH — Seana-lámh ar (nó ins) an obair sin seadh
5608mise = ana-thaithí agam uirthi: me bheith i bhfad ínti, agus ag
5609gabháilt di. Táim im sheana-láimh ar an bpeann d'oibriú.
5610


L. 137


5611

SEANAPHUÍDHEACH — Nó seanafuíach. Feic bó.


5612
5613

SÉANAS — Tá séanas it' fhiacla = iad a bheith scagaithe:
5614slí mhór idir na fiacla tosaigh. Tá séanas 'na bhéal = mannt
5615nó poll a bheith ins na beóla: iad a bheith scagtha thuas is
5616thíos: nó, thuas nó thíos.


5617
5618

SEANDRAOI — Seanndraoi a deirtear. Conus tá an
5619duine óg? Tá sé (nó sí) 'na sheanndraoi ('na seanndraoi) =
5620bheith níos géire ná a aois (a h-aois), bheith gasta glic is aighneas
5621géarchúiseach sa tsiúl roim aois.


5622
5623

SEAN-DUINE — Bíon duine 'na shean-duine nuair a bhíon
5624sé críona go maith, nó nuair a bhíon sé (má tá sé óg) ró-
5625ghéar dá aois. Sé is sine is is críne. Tá "duine aosta"
5626níos buige.


5627
5628

SEANMÓINÍ — Is breá an seanmóiní an t-ath. Seán.


5629
5630

SEANNDA — Tá an fear, an t-adhmad, an t-éadach, an
5631t-ím, seannda críona. Tá an naomhóg aosta nó seannda nó
5632críona. Feic friseáilte.


5633
5634

SEANNRACHT — Bhí an focal san ag imeacht sa tseannracht,
5635insa tseannracht = sa tsean-aimsir, i n-allód, fadó fadó.


5636
5637

SEANNTÁN — Seanntán féir = tig stáin chun féir. Thóga-
5638mair seanntán adhmaid chun iasc a leasú.


5639
5640

SEANS — N'fheadar an dtiocfaidh liom na muca a dhíol
5641ar an aonach ach raghad sa tseans leótha = féachfadh cad é an
5642tseans a bheidh agam. Ní bhíon aon tseans liom, nó orm = ádh:
5643an ainise a bhíon orm. Bhí ana-sheans liom mar fuaireas
5644púnt caillte. Beidh airgead agam ag teacht abhaile dréir
5645an tseans a bheidh liom ar an aonach. Níl aon tseans agam
5646ar an obair sin a sheasamh = níl aon chosúlacht go dtiocfaidh
5647liom é sheasamh. Is maith an seans a bhí againn agus an lá
5648breá do bhuala linn ar an mbóthar. Chuas isteach sa tig sa
5649tseans go bhfuighinn deoch. Níor bhuail aon tseans liom
5650indiubh = ádh. Fuaireas ana-sheans nár bádhadh me = bhí an
5651t-ádh liom go maith nár deineadh: ní raibh ann ach gur threabhas


L. 138


5652

(gur thánag as). Chuas san arm ar mo sheans = gan fhios
5653agam conus eireóch liom. Ní chuirfeadh Éire i dtreó
5654aon tseansa me = sa mball go mbuailfeadh aon tseans
5655liom. Níor theicheas nuair a bhí an tóir dian, ach
5656d'fhanas (chuas) sa tseans leótha = thógas mo sheans leótha.
5657Dá dtabharfaí an seans dom do dheinfinn raic ort = an
5658cothrom. Níl aon tseans air go dtógfad an scrúdú mar
5659táim ró-lag. Níl agat ach lag-sheans teacht as an mbreói-
5660teacht. Nuair a gheóbhair an seans tóg é.


5661
5662

SÉANS — Dheineamair ana-shéans den gcéad ghluaisteán a
5663tháinig an treó = naith: thógamair ana-cheann do.


5664
5665

SÉANTACH — Má dheinis rud as an slí héin nílean tu
5666séantach ann = nílean tu á rá nár dheinis é; tán tu admhálach
5667ann. Is minic a gheall Seán Buidhe rud d'Éirin agus gur
5668chuaidh sé séantach ann = nár choimeád sé a gheall. Thug a
5669airgead do B is chuaidh B séantach ann = dúbhairt nár tugadh
5670dhó é. Cuireadh an cúrsa im leith (orm) ach chuas séantach ann
5671= dúbhart ná rabhas cionntach ann. Ná bí ag dul séantach
5672ins na fallaí a leaga mar bhíos ag féachaint ort.


5673
5674

SEARBH — Tae shearbh = gan siúicre. Chó searbh leis an
5675searbhán guirt — plannda searbh é sin.


5676
5677

SEARRAIM — Chaitheas searra a bhaint as mo shúile chun
5678an cló mion a léigheamh = iad d'oscailt breis. Bhain an
5679radharc searra as na súile againn le h-úntas.


5680
5681

SEARÚS — Tá searús agam ort = leamhas, seana-bhlas: ní
5682thaithníon tu liom. Fuair an máistir searús orm bíodh nár
5683thugas a chúis dó = tháinig seana-bhlas aige orm: míothaith-
5684neamh. Ní bhfuaireas uatha ach an searús = chainnt shearbh.
5685Ní gá dhuit dul chun searúis ar an gcainnt, ar an scéal =
5686eiríghe chun searúis, chun bheith searbh. Chuaidh an t-aighneas chun
5687searúis eadrain.


5688
5689

SEASUIGHIM — Táimíd ag seasamh ort = ag braith ort:
5690tá ár seasamh ort. Bhí sí ag seasamh suas as Phádraig á
5691rá go raibh sé go tréan chun Gaoluinne = ag seasamh suas 'na
5692pháirt. Sheasuíos m'fhocal = sheasuíos lem fhocal: choimeádas


L. 139


5693

m'fhocal: choimeádas lem fhocal: choinníos (choinnigheas)
5694m 'fhocal, nó lem fhocal. An seasóidh an lá? = an bhfanfaidh
5695breá, cig.? Níl aon airgead agam i láthair na h-uaire ach
5696seasód duit ar a ball nuair a bheidh agam = tabharfad duit.
5697Thugas ana-sheasamh uaim sa gcomórtas = ana-chaitheamh.
5698Thug na bróga so ana-sheasamh uatha = ana-thriail: ana-
5699thabhairt: caitheamh maith. Seasóidh an fheirg orm go h-oíche
5700= fanfaidh. Sheasóch gach focal leat = gach focal a déarfá
5701dh fhéadfaí é bhreaca síos ar pháipéar: bhéadh sé cruinn ceart
5702is níor ghá é athrú. Bhíomair ag obair faid a sheasaimh an
5703solus. Ba cheart seasamh suas dom is me chosaint. Ná
5704bac éinne ná fuil seasamh a chirt ann = ná fuil ann a cheart a
5705sheasamh, a éileamh. Sheasaimh Liam deoch dhom = thug. Fear
5706deigh-sheasaimh = a choimeádan é héinig díreach. Bhí seasamh
5707na radharc nuair a bhuail sé isteach tréis an taidhbhse (taidhse)
5708a dh fheiscint = iad ar leatha is cló an úntais nó na h-alltachta
5709ionnta. Sheasaimh an lá amach = d'fhan go maith go deire
5710thiar.


5711
5712

SEASUITHEACH — Aimsir sheasuitheach = aimsir a sheasuíon
5713mar a bhíon sí-ach is leis an aimsir bhreá is mó a deirtear é.


5714
5715

SÉIDEÁN — Tá gainimh shéideáin is fairrge cháiteach ag
5716imeacht = gainimh shéidhte: gainimh a bhíon sa tsiúl san aer.
5717Feic séidim.


5718
5719

SÉIDEÁNACH — Tá an lá ana-shéideánach = lá go mbéadh
5720scoth-ghaoth mhaith, gála maith gaoithe, séide maith gaoithe, ag
5721imeacht.


5722
5723

SÉIDEÓG — Tabhair séideóg don dteine = séide maith
5724den anáil. Tá séideóg bheag ghaoithe ag imeacht = séide
5725beag, puth beag. Thabharfá séideóg ar an bpléasc a dhein-
5726feadh fraoch nó rud mar sin sa teine.


5727
5728

SÉIDFUÍL — Séidean an rón amach as a shróin nuair a
5729thagan sé aníos. Sin séidfuíl = séide anuas nó amach tríd
5730an sróin. Bhí an t-iasc ag séidfuíl = glór a dheinid nuair a
5731mhúchaid. Bíon an capall ag séidfuíl, leis, anuas trí n-a
5732shróin. Chrom an máistir ar shéidfuíl mar níor thaithn mo
5733chainnt leis.
5734


L. 140


5735

SÉIDIM — Tá an chneadh ag séide braoin = ag seadáil.
5736Bhíomair ag séide púdair fén dtig = ag cur an phúdair ag
5737obair ar an dtig. Ubh séidhte = ubh go mbéadh an bia séite
5738amach as. Séideán = fearras chun an bia a shéide amach as.
5739Shéid sé a shrón = dhein í ghlana leis an salachar a shéide anuas
5740tríthi. Ní féidir liom boga ná séide a bhaint as an gceacht,
5741as éinní = sá, corruighe. Dá mbeifá ag séide go dtí go
5742mbéadh an t-anam séite asat ní dh'fhéadfá an teine a lasa.
5743Séidfidh (séiti) sé anocht = beidh gaoth ann. Séidfidh an oíche.
5744Shéid an oíche aréir ar ghála is ar bháistigh = tháinig gála is
5745báisteach as an séide. Táim séite leis an ocras = gan aon
5746anam ná fuinneamh fágtha ionnam: tuitithe, tráighte. Tá an
5747leath-scéal san séite amach fadó riamh = caite, pé cómhacht a
5748bhí ann séite amach as. Tá na gais ag séide aníos (tríd an
5749gcré) go tiubh = ag borra. Táim ana-shéite suas ó bheith ag
5750rith, ag an slaghdán = easba anála orm, nó cuma atuithe orm.
5751bhíos ag séide na teine. Tá an fear san ana-shéite = bolg
5752mór air (nó aige), cig., nó cló atuithe air ar aon tsaghas slí.
5753Tá sé séite sa cheann, ins na cneatha (cinneacha).


5754
5755

SEIFT — Níl aon tseift agam chun na Gaoluinne a dh'fhogh-
5756luim mar bím ró-ghnóthach = cothrom, seans. Níor chuas ann
5757cheal seifte = cheal slí, cheal caoi. Sin é an ceal seifte a
5758bhí orm ceal pinn (chun litir a scríobh). D'imreas seift ar
5759an ndochtúir = cleas, slí. Is maith an tseift stoc ar aonach
5760chun airgead a dhéanamh = slí. Má tá aon tseift id chroidhe
5761chun púnt a sholáthar dom múscail dom í. Níl aon tseif-
5762teana againn = slite, bóithre, pleanana, cleasa: nó slite
5763chun airgead a dhéanamh: rudaí a dheinfeadh airgead.


5764
5765

SEIFTÍGHIM — Bhíomair ag seiftiú suas do sna stróin-
5766séirithe = ag socrú, ag ullmhú suas fé n-a mbrághaid: ag
5767cur rudaí i dtreó dhóibh. Táimíd ag seiftiú (suas) roimis
5768an sagart; fé bhráid, nó i gcóir, an tsagairt; nó don
5769sagart.


5770
5771

SEILBH — An tseilbh an teideal is treise. Tá an fear
5772bocht ar sheilbh an bháis = crúcaí an bháis greamaithe ann.
5773Táim-se i seilbh na cainnte is ná bí ag teacht treasa orm
5774= agam-sa atá an chainnt á dhéanamh. Seilbh shlán = iomlán.
5775


L. 141


5776

SEILE — Bhíodar ag caitheamh seilí ar a chéile. Caith do
5777sheile thairis sin-thairis a láimh = cainnt a déarfadh duine a
5778bhéadh ag spreaga beirt bhuachailí chun bruighne.


5779
5780

SEILG — Dheineamair seilg mhaith indé = mharuíomair
5781mórán éisc, nó mórán d'éinní. Nó déarfadh bacach an mhála
5782a leithéid dá mbéadh cuid mhaith soláthruithe aige, nó daoine
5783a raghadh amach ag bailiú airgid. Cáil an tseilg tréis an
5784lae? Níl a dhath ann = níl aon faic againn.


5785
5786

SÉILTHEÁN — Tá séiltheán maith gearrtha isteach sa talamh
5787ag uisce an tslé = riasta, slí. Bhíon séiltheáin bheaga ar an
5788mbóthar ag an mbáistigh = slite beaga. Tá séiltheán uisce
5789ag imeacht siar an bóthar = sruth. Níl aon tobar uisce ná
5790go bhfuil séiltheán uisce ag imeacht uaidh = stríoca caol
5791uisce, nó an riasta caol fada go raibh uisce ann, nó go
5792bhféadfadh uisce bheith ann.


5793
5794

SÉILTHEÁNACH — Nách é an séiltheánach é! = duine caol
5795fada gan puínn feóla air.


5796
5797

SÉIMH — Bé an coga séimh díbh é = coga deas cneasta, coga
5798a thug airgead is compórd díbh.


5799
5800

SEIRBHÍS — Tóg an peann agus bé go ndeinfidh sí seirbhís
5801duit = maitheas, áis.


5802
5803

SÉIRSE — Bhíodar ag obair ar séirse, nó ar a séirsín
5804díchil = ar a ndícheal, ar a míle dícheal. Bhíos ar séirse ag
5805teacht suas libh bhí an siúl chó géar san agaibh = ar mo dhícheal.


5806
5807

SEISREACH — Raghainn leat dá mbéadh an tseisreach ar an
5808bhfód agam = dheinfinn iad do scur ón dtreabha: raghainn
5809leat pé cur-isteach a dheinfeadh sé orm.


5810
5811

SEITHE — Níl úmpar na seithe ann = tá sé ana-lag.


5812
5813

SEÓ — Is úntach an fear thu chun seóig = chun spóirt is
5814magaidh. Dubhart an focal leath 'na sheó ('na shó a deirtear)
5815is leath dáríribh = leath 'na mhaga. Bhí seó an domhain againn
5816ar Éamon. Tá seó cainnte agat = ana-chuid, uathbhás. Tá
5817seó ólta agam ó mhaidin. Bhain an dochtúir seó fola asam.
5818


L. 142


5819

SEÓID — Baineadh ana-leaga asam ach níl seóid a bharra
5820orm = níl faic. Bhfuil aon Ghaoluinn agat? Seóid a bharra.
5821Níl seóid a bharra sa tig seo ach an folamhas (folúas).


5822
5823

SEÓINÍNTEACHT — Cuir uait an tseóinínteacht agus bí
5824it 'fhear = bheith id sheóinín (i teóinín a deirtear).


5825
5826

SEÓINSEÁLACH — Siúinseálach a deirtear. Tá an aimsir
5827ana-shiúinseálach = bheith ana-athruitheach. Tá an lá ag siúin-
5828seáil, nó ag siúnseáil. Nó siúnseálach.


5829
5830

SEÓLAIM — Níor thuigeas uaidh ach seóla an scéil = bunús:
5831luighe an scéil. Sheólamair chuin siúil chun an aonaigh =
5832siúd linn sa tsiúl.


5833
5834

SEÓRAÍ — Bíon seóraí móra ar siúl agat i gcómhnuí =
5835cainnteana móra ar bheagán gnímh. Is minic a bhí fear i
5836mbruighin agus mórán seóraí aige ar bheagán maitheasa — á
5837rá go maróch sé a raibh ann, agus cainnteana mar sin;
5838cainnteana maithe móra baotha.


5839
5840

SEÓRDÁN — Tá seórdán orm = saghas ceócháin a bhíon
5841san ucht nó sa scórnaigh: píopaí: fuaim sa scórnaigh,
5842nuair ná féadfadh duine an anál do tharac ciúin socair.
5843Tá seórdán ag an bpíp, sá phíp = glór á dhéanamh aici — rud
5844a bhéadh dá mbéadh sí leath-stopaithe nó uisce ínti: feaduíl
5845inti. Tá seórdán gaoithe ag teacht isteach tríd an bhfinneóig
5846= siolla gaoithe, feaduíl ghaoithe: tá feaduíl ghaoithe isteach
5847tríd an bhfinneóig. Tá seórdán orm de dheascaibh na
5848treatha = fuaim na gaoithe im píopaí nó im scórnaigh nó
5849aníos óm ucht. Tá píopaí (nó píopaí seórdáin) orm, nó
5850ionnam. Tá seórdán agam, tá seórdán im scórnaigh (ó
5851shlaghdán, cig.). Níl ann ach seórdán báistí = báisteach
5852bheag mhion.


5853
5854

SEÓRDÁNACH — Tán tu seórdánach go maith. Tá an lá
5855seórdánach = rud beag fliuch.


5856
5857

SGIORLACH — Ghaibheas treasna tré lár na screallaighe =
5858áit go mbíon uisce caol i n-abhain nó ag bun faille: bíon
5859gainimh nó clocha nó gairbhéal ann). Sgiorlach na h-abhan, na
5860faille.
5861


L. 143


5862

SGLUGÓG — Bhaineas sclugóg as an gcopán = bolgam.


5863
5864

SIAMSA — Nó simsa. Bhí simsa is spórt is seó againn
5865aréir = spórt, caitheamh aimsire.


5866
5867

SIANS — Nó séans. Is maith liom glór na ngadhar is
5868sians na seilge = ceól, binneas. Dheineas ana-shéans de
5869Sheán a dh'fheiscint ar an árdán = ana-úntas, ana-naith:
5870thógas ana-cheann do.


5871
5872

SIAR — An raghair go Bleá Cliath amáireach? Ó! bean-
5873nuím uaim siar é = go deimhin ní raghad. Tá an focal san
5874ana-fhada siar im cheann, agus ana-mhúchta ann. Nuair a
5875fuaireas an buille cuireadh bannda (stráice, fáisceán)
5876treasna siar ar m'éadan. Bhí sé siar go maith san oíche
5877nuair a bhriseamair suas (nuair a chuireamair na cártaí
5878uainn) = fada amach go maith. Nó siar amach san oíche.
5879Bheannuíos uaim siar an leabhar a bhí sé á thairiscint dom =
5880chuireas uaim é. Chaitheas an copán, an buidéal, siar orm
5881héinig = dhiúgas é siar isteach im scórnaigh. Beannuím
5882uaim siar sibh (nó soir nó aon treó eile) = mo bheanacht
5883chúghaibh sa treó san — pé ball 'na bhfuil sibh. Bhíodar ag
5884leanúint siar amach ar an áiteamh = ana-fhada: i bhfad. Bé
5885an cuímhneamh ba shia siar im cheann é. Tá an focal siar go
5886léir im cheann, chó fada siar nách féidir liom é thabhairt
5887aniar. Ag dul i bhfeabhas siar (nó síor?) atán tu = i
5888gcómhnuí. Ag dul i bhfeabhas siar sibh = atán sibh. Leanas
5889siar amach ar an mbóthar = siar go dtí n-a dheire, nó ana-
5890fhada siar. Táim anso caite siar sa leabaidh is gan aon
5891mhaith ionnam. Bhí Máire ag míogarnaigh ar an gcathaoir
5892agus ar deire thuit a ceann siar léi = siar ar dhruím, nó de
5893dhruím, na cathaoireach. Tá a cheann siar síos leis is é na
5894chola. Bhí an bhanaltra ag cur na purgóide siar orm = ag
5895cur orm í thógaint. Tá an fear bocht san siar as an saol =
5896iarsma den tsean-aimsir seadh é: níl sé ar chómh-imeacht
5897leis an saol atá anois ann. Tá sé chó maith dhúinn gan bheith
5898siar ná aniar leis an scéal (leis an ngnó, leis an gcúrsa, le
5899h-éinní) ach gnó glan a dhéanamh de = gan bheith ag gíotáil air
5900ach é chríochnú amach. Ní fearra dhom bheith siar is aniar leis
5901an gceacht ach é chríochnú amach d'aon scríb amháin. Ní bhead
5902siar ná aniar leis ach -. Táim ag dul siar im ghoile = mo


L. 144


5903

ghoile ag imeacht uaim. Tá an bhó ag dul siar 'na cuid
5904bainne. Má thagan tu isteach anso nuair a bhead san obair
5905cuirfidh tu siar ar mo ghnó me, nó im ghnó. Táim siar go
5906maith (im shláinte, im ghnó, ar aon tsaghas slí) ag an mbreói-
5907teacht. Cheangluíos an t-aprún siar fém chom. Ní fearra
5908bheith siar is aniar go deó leis an droch-scéal san = ag tarac
5909chúghat i gcómhnuí ar an ndroch-scéal céadna san. Bhí sí ag
5910imeacht is ribíní siar léi (ag an ngaoith). Tá an abairt sin
5911siar agat = spalla éigint aisti: gan bheith chó fada is ba
5912cheart di a bheith. Cur-siar ar na prátaí seadh gan a ndóthin
5913gas bheith ortha: ar an iascaire seadh gan a cheart fearrais
5914aige: ana-chur-siar ar éinne sead ceal misnigh = rud a
5915choimeádfadh siar é: a choimeádfadh (siar) é ón bhfeabhas
5916ceart, ón bhfeabhas a bhéadh i gceist muna mbéadh an chúis sin.
5917Cur-siar orm agus ar mo ghnó seadh gan me bheith ar fóghnamh.
5918Tairig do chosa siar ón dteine. An té a bhíon 'na roilleán
5919bíon sé siar as éifeacht, i n-éifeacht = gearra, gan a cheart
5920di aige. Tá an bhó siar 'na cuid bainne indiu pé rud atá
5921uirthi. Táim siar sa tsaol = bocht: gan eiríghe an tsaoil
5922liom. An focal atá ráite is deacair é tharac aniar = é
5923chasa: é chur ar neamh-ní. Táid ana-shiar as an saol = an
5924saol bheith ag dul 'na gcoinnibh go mór (nó feic an abairt
5925den tsaghas céadna thuas).


5926
5927

SIC-BHEIRITHE — Tá tá prátaí, an fheóil, sic-bheirithe agat
5928= seana-bheirithe, ró-bheirithe, beirithe an iomarca: beirithe
5929amach is amach.


5930
5931

SICIDIÚIR — Tá mo bhean 'na sicidiúir sa chúinne (in sa
5932gcúinne) agam = suarach, gan mhaith, gan sláinte. Tugtar
5933ar gach saghas ainmhí é, agus is féidir leis bheith 'na shicidiúir
5934ach é bheith gan mhaith, gan fuinneamh, agus é bheith beó. Tá na
5935bláthana a chuireas 'na sicidiúirí = gan neart ionnta ná fás
5936ná borra fútha.


5937
5938

SÍFIREÓIR — Is éachtach an sífireóir, an sífireóir duine,
5939thu = mion-chúntaisí agat ar mhórán rudaí, nó cúntaisí agat
5940ar a lán mion-rudaí, agus gan aon ana-éifeacht le mórán
5941den eólas. Tá sífireóir ar an mbaile seo go bhfuil cuímhne
5942riamh aige = seana-chúntaisí, seana-scéala, seana-chuímhne
5943aige ar mhórán nithe: bhéadh fhios aige an gaol a bhéadh idir


L. 145


5944

na daoine: cathain a thárlaigh so súd is súd is so agus gach
5945aon ní mar sin: abróch leat gach ar thuit amach leath-bhliain ó
5946shoin, nó fiche bliain.


5947
5948

SÍFIREÓIREACHT — Ní gá dhuit dul chun sífireóireachta
5949ar fad ar an scéal = bheith ag dul isteach ró-mhion ann. Tán
5950tu ag déanamh an iomarca sífireóireachta ar an gcúrsa =
5951ag tabhairt an iomarca de sna mion-rudaí ar barra.
5952Bhíomair i bhfad ag sífireóireacht ar conus a bhí cúrsaí an
5953airgid eadrainn = ag tabhairt na gcúntaisí chun cinn: á
5954phlé cathain a díoladh é seo is é sin, cad a fuaireas uaidh, cad
5955a fuair seisean uaim, agus mar sin tríd síos go mion
5956cruínn. Ag sífireóireacht tímpal an airgid = ag scrúdú
5957mórán póirsí tímpal air. Is mó uair an chluig a thugas
5958féinig is Tomás ag sífireóireacht ar an nGaoluinn, ar na
5959focla = á shocrú cad ba chiall leis na focla agus conus a
5960chuirfá ag obair iad is á mion-scrúdú. Cuir uait do chuid
5961sífireóireachta a bhainean leis an seana-shaol.


5962
5963

SILIM — Tá an coirce silte cheal é bhaint = na gráinniacha
5964tuitithe ar an dtalamh. Shileadar a gcuid uisce le sceimhle is
5965scannra. Tá an coirce ag sile: tá sé ana-shilte; tá
5966mór-chuid de silte. Mar an gcéadna, tá sé ana-luighte
5967(ag an mbáistigh, cig.). Tá an gráinne silte as. Táim
5968silte ag an ocras = tuitithe, imithe, an fuinneamh imithe
5969asam. Nuair a thána isteach ón mbáistigh bhíos as an sile
5970maol-bháite (nó bhíos maol-bháite) = me bheith ana-fhliuch:
5971bhíos sa tsile. Tá mo lámh ar sile síos liom le seachtain
5972toisc í bheith gortuithe. Tá sile ag teacht as mo shróin le
5973slaghdán, de dheascaibh slaghdáin = tá sí ag sile. Bhí an sile
5974as mo chuid éadaigh, as mo shróin = an t-uisce ag sile asta
5975(síos). Bhíos ag sile alluis = á chur go tiubh: an t-allus
5976bheith liom. Tá a ceann ar sile anuas — gé a bhí ar crocha.


5977
5978

SILÍN — Táid 'na silíní searbha agam = rudaí go bhfuil ana-
5979dhúil agam ionnta ach nách féidir liom teacht ortha. Sé
5980dálta an mhada rua is na silíní agat é = an rud nách féidir
5981teacht tímpal air a cháine. "Silíní searbha," arsan mada
5982rua.


5983
5984

SÍN — Níl aon tsín is measa ná an sioc (= droch-aimsir),


L. 146


5985

ach buadhan an tsíor-bháisteach air. Is éachtach an tsín báistí í
5986= báisteach throm, nó báisteach is gaoth. Is eaglach an tsín í
5987= sín a chuirfeadh eagla ort. Dún an fhinneóg: tá sí ag
5988tarac na síne isteach ón spéir = gaoth is báisteach: sneachta.
5989Níl aon tsín is fuaire ná an sioc. Má tá droch-fhalla i
5990dtig bíon sé ag tarac na síne isteach, leis.


5991
5992

SINE — Sine seáin = an rud beag a bhíon le feiscint thiar
5993i scórnaigh duine: bíon ar sile anuas ón gcarabhat (carbal).
5994Tá an tsine seáin atuithe anuas ar an dteagain agam thiar
5995i mbéal mo scórnaighe.


5996
5997

SÍNEÁIL — Díon seómra: nó, falla adhmaid idir dhá
5998sheómra.


5999
6000

SÍNIM — Níl síne ná seáine á dhéanamh agam an aimsir
6001seo = níl faic. Táim sínte is seáinte mo dhóthin = strus mo
6002dhóithínt oibre orm, is é am thraocha go maith. Shíneas an bata
6003go teann te leis an asal nuair a tháinig an stailc ann = an
6004bata a chur na luighe go dóite air. Ba bheag nár shíneas an
6005bata le cliatháin na bó. Sín an bata leis an ndial agus
6006pleannc an droch-mhúine as.


6007
6008

SÍNSEARACHT — Tá an Ghaoluinn fé dhroch-mheas le sín-
6009searacht = le fada fada: le fada bhlianta, tamal fada
6010bhlianta (de bhlianta). Níl aon ana-shínsearacht ag baint lem
6011chine = nílid , ann ana-fhada. Gustal gan sínsearacht ní
6012fuirist é dh'úmpar.


6013
6014

SÍOB — Thug sé síob 'on mbaile dhom = marcuíocht. An
6015mbeidh síob agat?


6016
6017

SIOBHÁN — Siobháinín an chlúimh = Seáinín an chlúimh: péist
6018a bhíon ag imeacht is clúmh dubh air. Siobháinín buídhe = éan
6019go mbíon a bhurlach (brollach) buidhe.


6020
6021

SIOC — Dhein sé sioc aréir. Tá ana-shioc déanta aige.
6022aimsir sheacúil í seo.


6023
6024

SÍOCHÁIN — Thánadar chun síochána le chéilig is bhí triúr
6025ón dtaobh ar láthair na síochána. Nuair a bhí a shíocháin


L. 147


6026

déanta le Dia aige fuair sé bás. Ní mór dom dul 'on
6027tséipéal (sáipéal a deirtear) chun m'anam a dhéanamh is
6028síocháin le Dia = mo chúntaisí a shocrú le Dia is maitheamh-
6029nachas a dh'fháil im peacaí (mathúnachas).


6030
6031

SIODAR — Siodar-ghaoth = gaoth cuíbhsach láidir. Is mór
6032an tsiodar-ghaoth atá ann ó mhaidin = é ag séide ceart go
6033leór. Ag eiriú chun siodar-ghaoithe atá sé.


6034
6035

SIOLG — Bím ag siolg go minic = ceal a bheith orm.


6036
6037

SIOLGAIR — Táid siolgair go maith = ana-olc as.


6038
6039

SIOLGAIRE — Duine a bhíon siolgair: go mbíon ganntar
6040air. Siolgaire bocht annróach ocrach = go mbíon easba air.
6041Siolgaire, leis = duine stuamdha seasamhach ríghin, agus
6042bíthear á phlé cioca is fearr é nó an sealgaire.


6043
6044

SIOLGAIREACHT — Feic siolgaire. Táim ag siolgaireacht
6045le seachtain 'e cheal aon bhlúire tobac, nó éinní — tae nó faic
6046= ag imeacht fé ghanntar. Nuair a bhíon duine ar dhroch-
6047bhia bíon sé ag siolgaireacht — é sin nó an bia bheith gann.


6048
6049

SIOLLA — Tá ana-shiolla aighnis fút = ana-chuid: ana-
6050imeacht: ana-fhlúirse. Siolla, leis = scríb cheóil. Tá
6051siolla maith fútha ó mhaidin = géar-imeacht — cainnte nó
6052oibre: táid ag imeacht nó ag obair nó ag cainnt go tiubh:
6053ba dhóigh leat ortha go rabhadar cruadhógach. Is éachtach an
6054tsiollaireacht chainnte atá aca = cainnt thiubh, nó cainnt
6055mhear gan aon stad. Bhí ana-shiolla cainnte fén mbacach =
6056ana-ruith.


6057
6058

SIOLLAIREACHT — Nílean tu ach ag siollaireacht gan
6059éifeacht = ag stealla amach na cainnte go tiubh te gan aon
6060stad ná laga do theacht ort. Bíon siolla cainnte fé n-a
6061leithéid is is siollaire é héinig. Feic siolla.


6062
6063

SIOLLÁN — Chuirfeadh sé an siolán fúm dá bhfuigheadh sé
6064an cothrom chuige = an córda a chrochan na daoine: chrochfadh
6065sé me: shocróch sé liom.
6066


L. 148


6067

SÍOLMHACH — Nára maith a raghaidh do shíolmhach = go dtéighidh
6068do shíolmhach go h-olc — sé sin do shliocht, do chlann, na daoine
6069a thiocfaidh id dhiaidh.


6070
6071

SÍOLRUIGHIM — Níl aon mhaith ionnam chun prátaí ná éinní
6072a shíolrú = a chur ag fás: a chur ag dul i líonmhaireacht.
6073Tá na préacháin ag síolrú go tiubh toisc gan na gunnaí bheith
6074ann = ag dul i líonmhaireacht.


6075
6076

SÍOLUIGHIM — Níl Éire ag síolú chuige (= i n-aochor) an
6077aimsir seo, ach tá síol na h-Éirean ag síolú i n-áiteana
6078eile. Tá na coiníní ag síolú go tiubh ar a shon go mbítear á
6079marú. Feic síolruighim. Tá an Fhrainnc ag síolú 'e bhreis
6080ar Shasana = ag dul i líonmhaireacht. Bhíon gach iasc ag
6081síolú gach bliain = breis do theacht ortha.


6082
6083

SÍOMÁDUIDHE — Duine neamh-anamúil chun gnótha, nó
6084chun éinní: duine mall: ní thuitfeadh aon obair leis. Ní
6085bheidh éinní scríobhtha agat go deó, a shíomáduí.


6086
6087

SÍOMÁDUÍOCHT — Ní ag obair a bhíon tu ach ag síomáduíocht
6088= ag obair go neamh-anamúil, go mall dúr. Bhíos ag síomá-
6089duíocht liom ar scoil = ag gluaiseacht go mall ríghin. Ag
6090síomáduíocht ó scoil = ag éaló, agus gan sa tsiúl ach marbh-
6091ghnó (mara-ghnó) de shaghas éigint — bheith caite cois claidhe nó
6092cúrsa éigint eile gan anam.


6093
6094

SÍON — Thána ó thaobh na síne go taobh na fothana = an
6095taobh go mbíon an bháisteach is an ghaoth is an sneachta.


6096
6097

SIOPA — Nuair a bhíos ag cur Eibhlín go dtí an gclochar
6098thugas isteach 'on mbaile mór í is thairigíos tríd an siopa í =
6099fuaireas sa tsiopa gach ball éadaigh di is gach ní a theastuigh
6100uaithi: gach ní a dh'fháilt nua di. Níor mhaith liom duine a
6101tharac tríd an siopa anois mar tá na h-earraí ró-dhaor. Tá
6102sé de chuma ort gur tairigíodh tríd an siopa thu indé tán
6103tu chó galánta san.


6104
6105

SÍOR — Ag dul i bhfeabhas síor me, ag dul i bhfeabhas síor
6106atáim = i gcómhnuí. Feic siar.
6107


L. 149


6108

SÍORUÍOCHT — Is anamh a thagan éinne thar n-ais ón síor-
6109uíocht = ón saol eile. Táim ag treabha (liom) ar an síoruíocht
6110= ar an mbás, ag déanamh ar an mbás. Tá Dia ann an
6111uile shíoruíocht roimis an uile shaol = chó fada is atá fada
6112ann: níos fuide ná mar a dh'fhéadfá a thuiscint.


6113
6114

SÍOS — Fuair na prátaí ana-bhrise síos aréir ón ngaoith =
6115deineadh iad do bhrise síos go mór. Tógan sé rógaire chun
6116rógaire eile a chur síos = a shárú, greim a dh'fháilt air, an
6117lá a dh'fháilt air. Táimíd ag dul síos san imirt is caith-
6118fimíd tabhairt suas = tá ag dul ró-dhian orainn, tá an lá á
6119dh'fháilt orainn: sinne bheith ag cailliúint. Níor chuaidh an
6120chainnt (nó éinní) síos ró-mhaith liom = níor thaithn go ró-
6121mhaith liom. Níor chuaidh an fheóil síos go maith liom, ná na
6122milseáin, mar d'itheas an iomarca díobh = ghoill an fheóil is na
6123misleáin orm. Bhíos á mhola go bínn is chuaidh san síos go
6124h-éachtach leis. Bhís a d'iarraidh me chur síos = me ísliú,
6125mo chreidiúint a bhrise, a dhúbhachtaint. Tá an mála plúir
6126ana-fhada síos is gan é againn ach seachtain = mór-chuid de
6127ídithe. Tá sé síos go dtí n-a bhun, beag nách. Tá sé thíos
6128ar fad, agus sin é an críochnú a théighean ar gach mála =
6129gan aon faic fágtha ann, é croithte amach. Dá mbéinn
6130déanach don dtraen ní raghadh sé síos liom i n-aochor. Tá
6131mo mhisneach síos go maith i ndiubh = íseal, briste. Is minic
6132síos droch-bhean tíghe — síos ón dteine is ar fuaid na cistine
6133= deinean sí mórán imeachta ar fuaid na cistine: tógan sí
6134trí truis chun gnó an t-aon trus amháin ag an ndeigh-bhean
6135tíghe a dhéanamh. Tá an taobh síos suas den bhfear bocht =
6136tá sé iompuithe taobh síos suas, bun-ós-cionn-dá ndeinfí
6137díobháil mhór dhó, a bhean do dh'fháilt bháis, nó aon droch-ní mór.
6138Táim tríd an dtalamh síos le náire = ana-náire bheith orm:
6139oiread san go raghainn síos tríd an dtalamh chun me héinig
6140a chur i bhfolach. Cuir síos do pheacaí = inis iad: tabhair
6141amach iad — sagart ag éisteacht faoisdine a déarfadh.
6142Chuaidh mo mhisneach síos nuair a chuala an droch-scéal. Thug na
6143saighdiúirí an taobh síos suas dom sheómra = gach ní a chur
6144bun-ós-cionn ann: é réaba. Tá an taobh síos suas dem
6145sheómra aca. Tá síos suas orm le seachtain = gan an goile
6146bheith socair agam: an bia a théighean síos tagan sé aníos
6147aríst: nó cur-amach is buinneach bheith ann i dteannta a
6148chéile. Tá an dorn prátaí luatha a bhí agam síos go dtí


L. 150


6149

an gcré ag an sioc, ag an asal = dóighte síos, nó ite síos.
6150Thugas an taobh síos suas do Shéamas le h-aon bhuille amháin =
6151leagas é. Scríobh an ceacht go tapaidh is ná bíodh aon tsíos
6152suas agat leis = gíotáil: bheith suas is anuas leis: gan
6153bheith ag spreóitseáil air. Ní raibh aon tsíos suas agam leis
6154an ngnó ach chríochnuíos amach é d'aon scríb amháin. Ní bheidh
6155aon tsíos suas agam leis an bhfear san = deighleáil, nó
6156deighleáil ar feadh tamal aimsire.


6157
6158

SIOSMAIREACHT — Cuirídh uaibh an tsiosmaireacht ansan =
6159cogarnach: cainnt íseal le chéile nuair a bhíon an anál ag
6160feaduíl amach as an mbéal.


6161
6162

SIOSMAIRT — Bhí ana-shiosmairt cainnte aca = daoine bheith
6163ag siosmaireacht: scata páistí, cig., ag meabhrú rud
6164éigint, nó gasra daoine is gach éinne ag cur a scéil héinig
6165i n-úil sa tslí seo thuas. Cliosmairt agus gliosmairt dhá
6166fhocal eile air.


6167
6168

SIOT — Bhí siot fuaim fothram ar fuaid an tseómra =
6169ana-fhothrom. Leanaid na focla san i dtriúr a chéile.


6170
6171

SIOTA — Sin peata, nó an téad bheag a choimeádan an
6172seól i mbád: ceangluíon sí eirball an tseóil thíos.


6173
6174

SIOTALACH — Balcaire tútach de dhuine: duine maith
6175garbh reamhar: alpachán de gharsún (nó de ghearrachaile) go
6176mbíon an fheóil go maith air.


6177
6178

SISÉAL — Ceann d'úirlisí an tsiúinéara.


6179
6180

SISIÚRTHA — Tán tu sisiúrtha = géar sa teangain: gearra
6181is faor in sa gcainnt agat: gan an t-aighneas sa bhfraoch ort
6182nuair a theastuíon sé.


6183
6184

SIÚBHAL — Ar chualaís aon scéal nua ar do shiúlta, id
6185shiúlta, trís do shiúlta? = nuair a bhís san imeacht mar seo
6186is mar siúd: it 'imeachtaí. Nuair a bhíon scéal (nó éinní)
6187ag imeacht ar siúl ba mhaith liom greim a dh'fháilt air = san
6188imeacht, sa tsiúl. Bí siúl maith fén ngluaisteán, fén
6189árthach = gluaiseacht. Scaoileas litir sa tsiúl chúghat indé


L. 151


6190

= chuin siúil. Ní gá dhóibh ach méar a leaga ar a chéile agus
6191siúd an bhruighin sa tsiúl eatorra = ar bun, ag imeacht. Tá
6192ana-shiúl cainnte fút = gluaiseacht. Feic siúbhlóid.


6193
6194

SIÚBHLÓID — Bím ag siúlóid oíche = ag siúl san oíche, ag
6195siúl oíche. Cuir uait an tsiúlóid oíche. De shiúlóid oíche a
6196thánag ón Scairbh go h-inis.


6197
6198

SIÚD — Dubhart leis so nó súd de rud a dhéanamh = é seo
6199nó é siúd: saghas éigint. Táim níosa fearr ná thu mar seo
6200is mar siúd = ar an slí seo is ar an slí siúd: ar gach uile
6201shaghas slí. Is mó é mo sheómra ná do sheómra-sa mar seo
6202is mar siúd. Conus é siúd a bhí an scéal agat? = cad é an
6203tslí siúd a dúbhraís a bhí an scéal agat — ag tagairt d'ínsint
6204éigint a tugadh cheana ar an gcúrsa nó ar an scéal?


6205
6206

SIÚICRE — Níl blas an tsiúicre ar an dtae. Tá an
6207iomarca siúicre ar an dtae. Siúicre rua = an siúicre
6208a bhíon saghas buídhe i n' fhéachaint. An siúicre coitianta =
6209siúicre bán a bhíon 'na ghráinniacha beaga. Siúicre bán.
6210Siúicre na sagart = an saghas a bhíon 'na chnapánaibh. Cuir
6211siúicre go leór ar do chuid tae.


6212
6213

SIULPAIM — Tá an gamhain ag siulpa na bó, an t-uan na
6214caorach, an coileán an mhadra = ag deól nuair a bhíon an
6215bainne gann ag an máthair. Shiulp sé í. Tá an bhó siul-
6216paithe. Shniug an cailín an bhó is ansan shiulp an gamhain
6217í = dheól pé deór (diúr) a bhí fágtha. Ní bhfuaireas dom
6218breicfeasta ach siulpa beag bainne = braon beag. Dheineas
6219an bhó a shiulpa tréis í chrú.


6220
6221

SIÚRÁIL — Táim i n'amhras láidir gur tusa dhein é ach
6222níl aon tsiúráil cheart agam air = deimhniú. Dá mbéadh
6223aon tsiúráil cheart agam id choinnibh gheófá uaim é. Tá
6224sórt siúrála agam air ach ní leór é.


6225
6226

SIÚRÁLTA — Chó siúrálta is atá an ghrian an an spéir:
6227chó siúrálta leis na réilthíní, le bás = le h-aon rud riamh.


6228
6229

SLADUÍOCHT — Eirigh as an sladuíocht = robáil, bithún-
6230tuíocht, an saghas is tofa den ngoid.
6231


L. 152


6232

SLAGHDÁN — Is minic a fuair duine fuacht is nár tháinig
6233sé chun slaghdáin dó.


6234
6235

SLAIMICE — Slaimice Feóla nó cabáiste = blúire a
6236bhíon bog liobarnach. Ní tugtar slaimice air go mbíon sé bog
6237beirithe, ach bhéadh sé amhlaidh, leis, sar a mbeireófaí i n-aochor é.
6238Tá an cabáiste 'na shlaimice. Maitheas an tslaimice. Fág
6239an áit, a shlaimice = gamal liobarnach bog baoth, gan bheith
6240fáiscithe. Tá slaimicí éadaigh orm = éadaighe gioblacha
6241boga. Bearraigh na slaimicí sin dem chasóig = giobail.


6242
6243

SLAIMICEÁIL — Bhí sé ag slaimiceáil an bhídh ar a dhícheal
6244= á alpa is á shluga is á chur siar go tapaidh gan slacht, gan
6245ghearra go mion deas. Bhíos ag slaimiceáil liom ar mo
6246dhícheal. Slaimiceáil chúghat é sin is brostuigh = caith isteach
6247chúghat héinig gan bheith ró-airitheach. Tá an méid sin slaimi-
6248ceálta agam.


6249
6250

SLAIMICEÁLTA — Tá an fheóil slaimiceálta (nó an
6251t-éadach, nó duine) = bheith briste giobalach stracaithe. Tá
6252an aimsir gránna priosalálta slaimiceálta = fliuch salach
6253bog. Tá an lá slaimiceálta salach.


6254
6255

SLÁINTE — Is milis an rud an tsláinte. Nílim baoch
6256dom shláinte mar níl sí ar fóghnamh. Ní thiocfair chun do
6257shláinte aríst mar tán tu ró-imithe = ní dheinfidh tu teacht
6258suas ceart ná teacht chun cinn. Sláinte gan slaghdán chúghat.
6259Sláinte na bhfear is go mairidh na mná go deó = sláinte a
6260óltar uaireanta. Fé thuairim do shláinte, a mhic ó. Nó
6261"do shláinte": nó "sláinte mhaith." Sláinte 's saol
6262chúghat is tréithe maithe; is tréis do shaoil duit bás gan
6263pheaca. D'ólamair sláinte na sár-fhear, sláinte Mháire.
6264Tar id shláinte. Dá ndeineadh duine sraoth is é breóite
6265deirtear gur brise ar an mbreóiteacht é is deirtear "tar
6266id shláinte" (i tsláinte). Deirtear é le h-éinní a bhéadh
6267gabhtha thairis an anachain nó tréis triail nó cruachás nó
6268galar a chur de. Déarfaí le duine a bhéadh tréis rás a
6269chríochnú, nó trus fada a thabhairt nó éinní mar sin. Níl aon
6270phioc den tsláinte fágtha agam.


6271
6272

SLAMÁS — Tá slamás gas ar na prátaí = gais shaibhre
6273bhoga. Níl ins na gais sin ach slamás. Tá na prátaí 'na


L. 153


6274

slamás. Tá an iomarca slamáis ar an ngort = saibhreas
6275barra. Tá na prátaí 'na slamás fuar-bheirithe — prátaí a
6276bhéadh beirithe fuar le fada = i n-aon bhrat trom saibhir
6277amháin. Níl na prátaí ró-thrim agaibh? Níl: prátaí
6278slamáis seadh iad = bhí an iomarca de sna gais ortha. Gas
6279slamáis = gas (árd) bog lán d'uisce. Ní gá dhuit dul chun
6280slamáis ar an bhfeóil, ar aon tsaghas bídh = an iomarca de
6281a chaitheamh. Ná téir chun slamáis ar an móin = gan an
6282iomarca di a chur síos. Ar an airgead = gan é (nó an
6283iomarca de) a chaitheamh go bog. Is féidir an focal slamás
6284do chur ag obair ar aon tsaghas tora (coirce, cig.) a bhéadh
6285ró-shaibhir. Bíon tor slamáis ar gach aon tsaghas díobh. Tá
6286slamás breá gruaige agat.


6287
6288

SLÁN — Slán an bhó: nó, slán máthair an bhainne = gura
6289slán — deirtear nuair óltar deoch bhainne. Fuaireas seilbh
6290shlán sa talamh = seilbh cheart iomlán nár bhaol dom í chailliú-
6291int. Fuair an fear bocht bás gránna, slán mo chómhartha
6292(nó, slán ár gcómhartha) = cainnt a deirtear nuair a bítear
6293ag trácht thar duine a fuair bás nó gur thárluigh droch-ní
6294éigint dó. Tá cos thinn ag Pádraig go bhfuil mannta maith
6295aisti, slán mo chómhartha. Tugaim mo shlán fút, bheirim mo
6296shlán fút = dein do dhícheal (is do mhíle dícheal): níl aon
6297bheann agam ort ná ar do dhícheal: mise is beag beann ort:
6298is beag mo bheann ort. Tógfad an lampa as do sheómra.
6299a shlán fút: nó a shlán fút é dhéanamh, é thógaint = tugaim
6300(nó bheirim) a shlán fút é thógaint as mo sheómra.


6301
6302

SLÁNUIGHIM — Táthar ag déanamh cleamhnais ach níl sé
6303slánuithe fós = críochnuithe amach. Slánóchad (slánód) céad
6304má bhíon an tsláinte ar fóghnamh agam = mairfead leis an
6305méid sin aoise. Níor shlánuíos uair a' chluig sa tig = níor
6306chríochnuíos, níor thugas amach.


6307
6308

SLAOD — Bhíos im shlaod colata = cnap colata, trom-
6309shuan a bheith orm. Táim i n-aon tslaod amháin = gan bheith
6310anamúil; marbh ag cola nó slaghdán nó breóiteacht, nó
6311inní: bhéadh duine amhlaidh dá mbéadh sé lasta suas is cuma
6312bhreóite air. Tá a cuid gruaige ag imeacht i n-aon tslaod
6313amháin le gaoith = i n-aon bhrat amháin.
6314


L. 154


6315

SLAT — Tá an naomhóg lán go slait = lán go barra, lán
6316suas. Tá an leabhar nótaí lán go slait = líonta lán amach.
6317Mar an gcéadna bhéadh mála, mo cheann, béal, bolg, lán go
6318slait. Cad tá ar an slait do (de) san? = an mór a chosnóch
6319slat de (d'éadach, cig.)? Cheannuíos an capall ar shlat-
6320mharga = ar ana-mharga: saor go maith. Slat na croiche
6321= an tslat a bhíon ag imeacht treasna agus go mbíon an
6322raca (raca na teine) air.


6323
6324

SLEABHAC — Tá ana-shleabhac san áit, sa bhóthar, ar an
6325gcnoc = ísleán, fánaidh. Chuireas sleabhac maith orm héinig
6326= leath-cheann, leath-taobh: me héin nó mo cheann a chaitheamh
6327amach nó cliathánach ag cainnt nó ag éisteacht. Tá sleabhac
6328ort chun aighnis. Bhí faid mo bhaise de shleabhac uirthi = a
6329ceann sáite amach an fhaid sin aici, nó a ceann ar a bais
6330is é sáite amach an fhaid sin.


6331
6332

SLEABHACAIRE — Duine go mbéadh aghaidh chaol air:
6333bhéadh a bhéal is a smig ag caolú amach — nuair a bhéadh sé ag
6334cainnt, ach go h-áirithe.


6335
6336

SLEAMHAIN — Íosfadh cat sleamhain féin páideóg = ithean
6337cat ciúin féin ím: cuma mhacánta bheith air. Tá an buachaill
6338úd slím sleamhain = glic: agus cuma shéimh dheas mhacánta
6339ar an dtaobh amuigh aige. An taobh sleamhain amach is an
6340taobh cam isteach = imeacht an rógaire, an té a bhíon glic.
6341Coimeádan sé an droch-mhianach gan teasbáint.


6342
6343

SLEAMHNUIGHIM — Ná sleamhnuigheadh aon fhocal uait =
6344ná ritheadh ort, ná scéitheadh. Bhí an pháirc sleamhain is
6345baineadh sleamhnú asam = shleamhnuíos. Bhí an fhairrge garbh
6346ach tá sí ag sleamhnú aríst = ag eiriú sleamhain. Tá an lá
6347ag sleamhnú tharainn, nó uaim = ag imeacht (i gan fhios). Tá
6348an lá sleamhnuithe uaim = imithe, caite, i gan fhios dom.
6349Tabhair aire dot' shláinte mar ní bhraithfá ag sleamhnú uait
6350í. Baineadh sleamhnú aisti — as mo theangain = d'imigh
6351cainnt ná raibh oiriúnach orm: scéidh cainnt orm.


6352
6353

SLEANNDAR — Tá sleanndar sróna ort = cainncín fada
6354caol.
6355


L. 155


6356

SLÍ — Seachain tu héinig air sin: tá an dá shlí aige =
6357an dá thaobh: tugan sé an dá thaobh leis. Bhí fios slí an
6358tsagairt againn roim ré = bhí fhios againn cad é an saghas
6359slí a bhí aige, cad é an saghas meóin is béasa is mar sin.
6360Dhíolas púnt as na bróga is ní raibh san as an slí = gan bheith
6361ró-dhaor ná ró-shaor. Ní fearr slí a dh'fhéadfá tharac
6362chúghat (nó ort) chun tu héinig a neartú ná siúl fada a
6363dhéanamh gach lá = seift, imeacht. Níl na cosa as an slí
6364agat = bheith bun-ós-cionn: nílid, cig, ró-mhór. An tslí
6365dhíreach is fearr = an tslí mhacánta. Tán tu go mór as an
6366slí sa bhfreagra = amú. Ní ceart duit tu héin a chur as
6367do shlí ar mhaithe liom = as an slí a bhéadh réidh díreach rómhat:
6368breall do chur ort héinig. Cuir slí ar an dtreasc = an
6369faor do chur uirthi i gceart: í shocrú chun oibre. Raghad
6370abhaile amáireach ar aon tslí = ach go h-áirithe, pér domhan é:
6371ar chú nó ar chleas. An tslí a bhím ar maidin bím tráthnóna
6372= bím tráthnóna fé mar a bhím ar maidin. Ní mór dom
6373slí a chur ar an dtreasc mar tá sí ró-dhocht chun dul tríd an
6374adhmad. Táim sásta liom héinig i n-aon tslí ná béinn i
6375bhfiacha = ach gan fiacha bheith orm. Tá daoine ann a thabharfadh
6376na seacht slite isteach chun rud a rá nó a dhéanamh = bhéadh
6377an oiread san slite aca chun —. Ní féidir liom camán a
6378dhéanamh toisc gan an tslí agam chuige = na h-úirlisí, na
6379fearaistí. Níl slí agam ar rud = cóir, neart, cothrom,
6380nílim ábalta air. Níl an tslí agam chun féar a tharac ná
6381cleamhnas a dhéanamh = níl capall agam ná airgead. Níor
6382chuala an focal ar aon tslí go gcuímhníghim air = chó fada is is
6383féidir liom é thabhairt chun mo chuímhnte ar aon tsaghas slí.
6384Dheinfinn mo shlí leis an mBéarla = mo ghnó. Bhíos sa tslí is
6385go mb'fhearr liom bheith marbh = i slí go -. Nílim leath-
6386shlí tríd an gceacht fós. Tá slí bhreá bhog agat, is slí chráite
6387channcarach agam. Bhíos leath-shlí chun bheith ar meisce. Sé
6388do shlí-se bheith ag imeacht le h-aer an tsaoil i gcómhnuí.
6389imigh ar do rogha slí: dein an obair ar do rogha slí = mar
6390is maith leat, dréir do thoile féinig.


6391
6392

SLIBIRÍN — Bhíomair 'nár slibiríní maol-bháite = fliuchaithe
6393go maith. Tá sé 'na shlibirín maol-bháite, is é cúnlaithe
6394isteach is tairricthe caol ag an bhfliucha. Táim im shlibirín
6395fliuch fuar, fáiscithe isteach ar a chéile. Slibín nó slipín,
6396leis.
6397


L. 156


6398

SLIGIRÍN — Dá mbéadh sligiríní ar sile leat, nó ag
6399tuitim asat, ní phósfainn thu = na h-órnáidí a bhíon ar sile
6400síos as slabhra uaireadóra, as fáinní cluas, agus mar sin.


6401
6402

SLÍM — Is slím sleamhain an bórd é = leibhéalta, mín, gan
6403bheith garbh: nó tanuí.


6404
6405

SLIMIDE — Seilmide. Nách tu an slimide! = nách mall
6406dúr an duine thu-le duine a bhéadh ag teacht nó ag obair
6407go mall.


6408
6409

SLIMIDEÁIL — Nílimíd ach ag slimideáil linn indiubh
6410= ag gluaiseacht, ag obair, go mall. Cuir uait an tslimi-
6411deáil = imeacht an tslimide.


6412
6413

SLINNEÁN — Tá slinneán na bó ar lár = imithe síos as
6414ionad i slí is go mbéadh cos léi níosa sia ná na trí cosa eile.


6415
6416

SLIOS — Tá slios uirthi chun cainnte = sleabhac: leath-
6417cheann: leath-taobh: gob. Ní rabhas riamh sa tslios san ó
6418dheas = dúthaigh, ceanntar.


6419
6420

SLIS — Blúire adhmaid chun éadach a níghe.


6421
6422

SLOINNE — N'fheadair éinne cad é an tsloinne gur díobh
6423thu = cine, muíntir. Níl fhios agam cad é an tsloinne a bhí
6424uirthi = cad é an tarna cuid dá h-ainm, ciaca Dálach í nó
6425Ceallachánach, cig. Níl do shloinne ar an mbaile seo = duine
6426den tsloinne chéadna. Daoine d'aon chine, d'aon mhuíntir
6427amháin = d'aon tsloinne amháin.


6428
6429

SLUGAIM — Ag sluga bainne = á leigint siar go tiubh,
6430agus 'na thaoscáin mhóra. Bhí sé ansan ag sluga na cainnte
6431= á tógaint isteach — gach focal de. Tán tu ag sluga na
6432h-imeartha anocht = á thabhairt isteach chúghat héinig go tiubh:
6433á bhuachtaint go léir. Bhí ana-shluga ar iasc thall i Sasana
6434nuair a bhí an coga mór sa tsiúl = ana-éileamh, ana-thógaint.
6435Nách éachtach an sluga atá aca — le daoine amplúla i n-ithe
6436nó i n-ól = an tslí atá aca chun rudaí a leigint síar. Bíon
6437góilín mór fairsing de scórnaigh aige n-a leithéidí.
6438


L. 157


6439

SLUGÓG — Bain slugóg as an gcupán, as an mbainne =
6440casa díghe, deoch ná béadh ró-mhór, an deoch a thógfá d'aon
6441iarracht amháin.


6442
6443

SLUID — Agat-sa a fuarathas an tsluid = cuid dhuine
6444eile: rud a bhéadh goidthe (goitithe).


6445
6446

SLUPAR-SLAPAR — Tá slupar-slapar aige sa phluda;
6447nó, gach aon slupar-slapar = nuair a bhéadh na cosa ag teacht
6448anuas go trom sa phluda, nó san uisce. Ní ag snámh atán tu
6449ach ag slupar-slapar leat.


6450
6451

SMACHTÍN — Smuta reamhar tútach adhmaid, lámh chaol air
6452is tacuíocht. Smachtín tobac = blúire maith reamhar.
6453Smachtín fir, tairbh, róin = ailp mhaith, ceann aca so a bhéadh
6454téagartha go maith.


6455
6456

SMÁILC — Níl smáilc ná smáil ort = níl maisle ná
6457máchail: locht.


6458
6459

SMEÁDAR — Bhí gach aon smeádar aige orm = buille
6460trom marathach.


6461
6462

SMEÁDARÁLAIM — Thugas smeádaráil mhaith dhó = buala
6463tréan dian.


6464
6465

SMÉAR — Tá an oíche chó dubh le sméir = leis na sméara
6466dubha, le pic. Sméara ciaráin = sméara dúbha mílse, is
6467súile beaga (liathróidíní) ionnta.


6468
6469

SMEARA — Chuireas smeara fém bróga, fén gcairt.
6470Smeara cairte.


6471
6472

SMÉIDIM — Shméid sé orm = bhagair orm, dhein cómhartha
6473dhom.


6474
6475

SMIGÍN — Tá aith-smigín agam, nó fúm = an tarna ceann
6476díobh.


6477
6478

SMIOG — Níor labhair sé aon smiog cainnte = aon fhocal.
6479Ní raibh aon smiog aige faid a bhíos i láthair = cainnt, foca


L. 158


6480

cainnte. Níor fhan aon smiog agam nuair a chuala an droch-
6481scéal.


6482
6483

SMIOLLÓG — An buille a dheinfá leis an órdóg is an
6484mhéar fhada, nó le méar na h-órdóige is an mhéar fhada anuas
6485ar a chéile.


6486
6487

SMIOTAIM — Smiot sé a chúl ar an bhfalla: smiotas mo
6488chos ar an gcloich is tá sciolpóg mhór di: smiotas mo cheann
6489ar an bhfárdoras mar bhíos ró-árd = bhuaileas. Smiotas mo
6490leabhar leis an sisiúr = na cúinní a bhaint de. Smiotfá na
6491cúinní de leis an sisiúr nó le sciain nuair a bhéadh sé ag
6492dul chun aoise. Bím ag smiota mo phínn luadha leis an
6493sciain gach aon lá is ní fada go mbeidh sí smiotaithe ar fad
6494agam = caite go bun leis an bhfaor.


6495
6496

SMÍSTE — Blúire maith reamhar de rud éigint. Tá
6497smíste maith aráin agam = blúire téagartha reamhar tútach.
6498Níl ionnat ach smíste amadáin = sail amadáin. Is maith an
6499smíste fir thu = fear téagartha, bulcánta: balcaire trom
6500fir. Tá sé féinig ansan thuas 'na smíste is ní dheinfidh sé
6501faic dhom = cnapán tútach trom leisciúil. Smíste d'aon
6502tsaghas ruda.


6503
6504

SMÓLACH — Thuiteas ar mo smólaigh (smórlaigh, smúr-
6505laigh) = anuas ar mo shróin, ar mo bhéal is m'aghaidh. Sí an
6506tsrón a dhíolan as an dtuitim, ach go h-áirithe. Thuit sé
6507ar a smúrlaigh amach an doras mar bhuail sé a chos ar an
6508dtáirsigh.


6509
6510

SMUGA — Bhí na smugaí síos ar an leabhar aige, an rud
6511salach. Bhainfeadh an ghaoth an smuga díot tá sí chó fuar
6512láidir san.


6513
6514

SMUILC — Tá smuilc ort = cainncín is béal amach ort.
6515Ní bhainean sé le greann.


6516
6517

SMUILCEACHÁN — Duine go mbíon smuilc air. Ceann
6518firean de sna smuilceacháin = ceann tofa aca.


6519
6520

SMUIRT — Cuir smuirt ionnat héinig = anam. Duine


L. 159


6521

gan smuirt é sin = neamh-anamúil, gan lúth 'na lámha ná 'na
6522chosa.


6523
6524

SMÚIT — An salachar beag a bhíon ag imeacht 'na cheó is a
6525chífá san aer idir tu héin is an teine lá gréine. Tá smúit á
6526bhaint as na bóithre ag an ngaoith = ceó bóthair. Bhaineamair
6527smúit as an naomhóig, as éinní, le bárr siúil = dúiseacht,
6528rammsach. Baineas smúit as an gcapal nuair a fuaireas
6529me héinig sa diallait = ceól. Fuaireas dínnéar breá is
6530bhaineas smúit mhaith as = rammsach: dheineas ithe maith air.
6531i lár na smúite (an rammsaigh) do stadas.


6532
6533

SMÚITEÁN — Níl ach smúiteán gail ag casa amach ón
6534dteine = gal beag, deatach beag. Smúiteán gail atá as mo
6535phíp 'e cheal tobac = marbh-ghal (mara-ghal a deirtear).


6536
6537

SMÚITIÚNTA — Tá an spéir ana-smúitiúnta = sórt
6538ceóigh ag imeacht gan ghrian. Lá smúitiúnta = ceóch, salach.
6539Tig smúitiúnta = smúit ag imeacht ann is gan é bheith geal.


6540
6541

SMÚSACH — Bhaineas smúsach as Sheán = rammsach, ceól,
6542dúiseacht: thugas greada maith dhó. Thuiteas amach ar mo
6543smúsaigh = ar mo bhéal is m'fhiacla.


6544
6545

SMÚSAÍL — Ní deas é an nós bheith ag smúsaíl = duine
6546bheith ag súgha suas chuige. Na daoine go mbíon slaghdán
6547cinn ortha bíd ag smúsaíl = ag séide na sróna chúcha is uatha,
6548agus is smúsacháin iad féinig.


6549
6550

SNÁCÁIL — Tán tu ag snácáil leat leis an ngnó, le
6551h-éinní = ag imeacht go h-ana-mhall, ar nós an tslimide.
6552Snácáluí seadh an té a bhíon amhlaidh. Cad é an tsnácáil
6553atá ort?


6554
6555

SNAIDHM — Bain an tsnaidhm den mála = scaoil é.
6556scaoil an tsnaidhm ded bhróig. Snaidhm shingil = ná bíon
6557ínti ach aon tsnaidhm amháin. Glas-shnaidhm = nuair a bhíon
6558dhá cheann díobh anuas ar a chéile is an tarna ceann cruaidh
6559(gan bheith 'na shnaidhm ruthaig). Snaidhm an ghaid = snaidhm
6560ana-dhaingean. Tá snaidhm ar do bhéal agat an tráthnóna so
6561= gan tu bheith ag cainnt: nó tu bheith cúramach id chainnt: nó
6562na beóla fáiscithe ar a chéile agat. Chuir sé snaidhm ar a


L. 160


6563

bhéal chun an focal a thabhairt amach i gceart = shocruigh é i
6564slí neamh-choitianta, d'fháisc é. Nuair a thóg sé an phurgóid
6565chuir sé seacht snaidhmeana déag ar (a) aghaidh = mórán
6566cumaí mí-shástachta: dhein an aghaidh do chrapa isteach ar a
6567chéile. Snaidhm traenach = áit 'na stadan traenacha: ball
6568teachta is imeachta dhóibh, agus go gcaithfá buala amach as
6569ceann aca is buala isteach i gceann eile.


6570
6571

SNAIDHMIM — Bhriseas mo chos ach tá an cnámh ag snaidhme
6572(snuíme nó snuime) aríst = ag dul 'na chéile. Tá an cnámh
6573snaidhmthe ar fad (snuimthe) = ceangailte, dulta 'na chéilig.


6574
6575

SNÁITHÍN — Bhainfeadh snáithín an ceann di-bean go raibh
6576muineál ana-chaol aici. Snáithín crochta = an snáithín a
6577cheangluíon an líon den dtéid. Snáithín deisiúcháin = an
6578saghas a úsáidtear dá mbéadh poll tagtha sa líon.


6579
6580

SNÁMH — Táim ar snámh, ar snámh d'allus, agat = brat
6581alluis orm agat. Bhíodar ag múine snámh géilín dá chéile =
6582ag múine snámha leis an lámh a choimeád fén smigín. D'imíos
6583ar snámh dom héinig = ag snámh. Tá sé ag snámh ana-fhada
6584amach. Bhfuilean tu ag teacht abhaile ón snámh? = ó bheith ar
6585snámh, ag snámh. Beidh tu tagtha (tacaithe) ón snámh sar a
6586mbeidh an dínnéar ullamh. Ní fada a dh'fhanfad sa tsnámh.
6587Táim ag dul 'on tsnámh = ar snámh. Thánag isteach ón áit
6588sin amuigh de shnámh (do shnámh a deirtear).


6589
6590

SNÁMHAIM — Ní fada go mbeidh an tarbh snámhaite isteach
6591chúghainn = snámh déanta aige isteach chúghainn. Snámhas
6592an fhaid sin cheana.


6593
6594

SNÁMHÁN — Níl sé ach ag snámhán = gluaiseacht na péiste
6595aige: ag imeacht go mall ríghin: ag snácáil. Ní leanan
6596mór-fhuadar aon cheann aca.


6597
6598

SNAOIDHIM — Snaoidhean an eitin duine amach = caithean
6599amach: bainean an fheóil anuas de sna cnámha. Táim
6600snaoidhte (snuite) anuas de sna cnámha ag an obair = gan
6601faic den bhfeóil fágtha orm. Tán tu snaoidhte (isteach) go
6602dtí sna cnámha = gan faic fágtha ar na cnámha agat. Bím
6603am shnaoidhe is am chaitheamh amach le buairt. Táim ag snaoidhe
6604is ag caitheamh = ag dul as, ag loma.
6605


L. 161


6606

SNAOIS — Tá an léine (nó éinní) 'na snaois = chó trim
6607(tirim) le snaois: ana-thrim.


6608
6609

SNAP — Bíon sé ag tabhairt snapana i gcómhnuí le n-a
6610theangain = ag breith greamana: ag rá cainnteana géara
6611tapúla. Thug sé snap orm is gan aon chúis aige orm.
6612Dheineas snap colata = tamall beag, dreas, colata. Tá
6613ana-shnap aige Seán = é bheith go maith chun greim a bhreith ar
6614rudaí, ar liathróid, cig., a scaoilfí i n-áirde, nó rud ar
6615chlibirt. Thug an gadhar snap orm ach ní bhfuair sé greim.


6616
6617

SNAPAIM — Má deirim focal beag bun-ós-cionn ní gá
6618dhuit me shnapa suas mar sin = an focal a thógaint láithreach
6619i slí mhíchéatach ghránna.


6620
6621

SNAS — Tá ana-shnas ar do chuid Gaoluinne = í bheith ana-
6622dheas. Níl snó ná snas ort indiubh = níl aon deárthamh, aon
6623chló: tu bheith ag féachaint go dona. Níl aon tsnas ar an
6624gcapall = croicean maith. Ní mór do dhuine cúpla céad
6625púnt chun aon tsnas a bheith air = cuma chóir: saibhreas.
6626Snas liath = fás a thagan ar sheana-bhróga, leabhartha, is mar
6627sin, nuair a bhíd i n-áit thais.


6628
6629

SNÁTHAID — Ba dhóigh leat gur amach as an snáthaid a
6630tháinig sé — le rud a bhéadh ana-chaol. Tá cluth nua ag Seán
6631amach as an snáthaid = chó nua is is féidir a bheith: an chluth a
6632bheith i n-áirde aige don gcéad lá, don gcéad trus.


6633
6634

SNIGH — Snig a deirtear. Tá do cheann lán de shneágha =
6635uibhe beaga go dtagan péistíní beaga asta. Bás na snige.


6636
6637

SNÓDH — Tán tu i snó mhaith. Tá snó an bhídh ort = cuma.
6638Tá snó an duine ag teacht ort aríst tréis na breóiteachta =
6639cuma, gné, an duine. Tá snó na h-aimsire ann anois =
6640an chuma ba cheart a bheith ar an aimsir. Tá an snó aige
6641anois — ag an aimsir = tá sé go maith: mar ba cheart.


6642
6643

SNÓDHACH — Tán tu deagh-shnódhach go maith = snó maith
6644ort: croicean maith, rian do choda ort.


6645
6646

SO — Bhí so súd is súd is so á rá aige = gach aon tsaghas ní:


L. 162


6647

mórán nithe. Bhíos sásta an leabhar nó an peann a thabhairt
6648dó, ach theastuigh so súd (so is súd) uaidh = an dá cheann.
6649Theastuigh uaithi so is súd a dhéanamh amach = gach ní. An
6650fíor é sin? So is súd orm gurab eadh = m'anam, am
6651briathar, gur fíor. So is súd orm go bhfuil gluaisteán
6652ag teacht = th'anam 'on riach, má mhairim beó: fágaim le
6653h-uacht.


6654
6655

SOBUL — Cuir sobul fút féinig, nó chúghat héinig, agus
6656bogfaidh sé an fhéasóg. Bhí sobul cúmhráin lem béal = mór-
6657chuid cúmhráin. Sobul báistí = báisteach bhuan throm a dhein-
6658feadh sobul ar an dtalamh. Bíon sobul lastuas díobh aige
6659sna báid-fó-thuínn: cuirid sobul lasináirde díobh héinig =
6660cúmhrán. Tá sobul tearraic (tarraic) ann = cúmhrán á
6661dhéanamh ag an dtarrac (tearrac a deirtear nó teaireach);
6662an fhairrge ag eiriú i n-áirde sa spéir go bog (nó go fear-
6663gúil, leis). Cuir sobul féd smigín. Mar an gcéadna,
6664cuir smeara féd mhéir, féd bhróig.


6665
6666

SOC — Tá soc uirthi chun aighnis = an smig caoluithe amach ar
6667nós soc an chéachta: nó, dá mbéadh a smigín ar a bais aici
6668agus an smig is an béal is an ceann sáite amach.


6669
6670

SOCAIR — Tóg socair é: tóg socair an saol, nó éinní =
6671bog: breá, bog. Tá an cúrsa socair eatora = socruithe.
6672Tá an scéal san socair agam = gan bheith bun-ós-cionn ar aon
6673tsaghas slí: socrú tugtha air. Labhair níos socara = níos
6674maille. Bhíomair idir dhá aigne tímpal an chúrsa ach nuair
6675a labhair Pádraig linn dhein san scéal socair de = scéal
6676socruithe: dhein sé é shocrú. Bhí an fear bocht leóinte go
6677h-olc ach chuireas piléar isteach tríd is dhein san scéal
6678socair de = chríochnuigh amach é. Tán tu socair suas go breá
6679chun an rínce = déanta suas, socruithe (slachtuithe, ullamh)
6680suas: i n-ana-ghotha. Dhein sé socair é héinig gan aon
6681spalla de Sheán Buídhe a thabhairt isteach 'na chainnt =
6682shocruigh sé, bheartuigh sé. Má thógamair araon an gluais-
6683teán ar an dtrus so ní mór domh-sa díol as a leath. Ná
6684bac leis sin: tá an scéal san socair = ní gá aon réiteach
6685breise a thabhairt air, tá sé réitithe agam. Tá na daoine
6686socair anuas ó neamh = sé Dia a choimeádan, a dheinean,
6687socair iad.
6688


L. 163


6689

SOCAIRE — Duine a bhíon socair.


6690
6691

SOCARÁNTA — Tán tu socair socaránta = breá bog:
6692tógan tu foighneach nach ní: faid-tsaolach: duine thu nách
6693fuiriste feirg do chur air: duine nách fuirist é thógaint
6694ná é chur suas.


6695
6696

SOCHAS — Seachas is mó a scríobhtar. Ba dheic scillinge im
6697póca fanacht aige baile (ag baile) sochas dul ar an aonach =
6698spárálas an méid sin le fanacht sa bhaile. B'fhearra liom
6699bheith ag léigheamh istig sochas bheith ag ráistéireacht ar fuaid
6700an bhaile = ná. Táim bocht anso sochas dá mbéinn i bpost
6701maith = rud ná béadh i gceist dá —.


6702
6703

SOCHMA — Fear sochma faid-tsaolach foighneach = breá bog:
6704nár bh'fhuiriste é thógaint ná é chur suas chun feirge ná éinní.


6705
6706

SOCHRAID — An rabhais sa tsochraid? An raibh an sagart
6707sa tsochraid, nó leis an sochraid?


6708
6709

SOCRUIGHIM — Dá bhfuighinn greim ar do scrogal ní fada
6710a bhéinn ag socrú leat = ag socrú an scéil, ag socrú cúntaisí,
6711leat: ad mharú: ad dhíol: ag déanamh réitigh leat. Is
6712fuiriste socrú liom tímpal airgid = réiteach a dhéanamh
6713liom. Dá mbéadh gunna agam níorbh aon mhoill orm tu
6714shocrú = tu mharú, tu dhéanamh socair. Tá an saol (an
6715aimsir, éinní) suaite, ach socróidh sé fós = tiocfaidh socair,
6716eireóidh socair, tiocfaidh isteach mar ba cheart. Tá mo
6717shúil cam, ach socróidh sí ar ball = díreóidh. Ní féidir liom
6718socrú síos chun oibre. Shocruíos me héinig suas chun dul ar
6719an aonach = ullmhuíos.


6720
6721

SÓGHAIL — Bia sóghail = deigh-bhlasta, cúmhartha, gan bheith
6722géar ná searbh. Thug an dochtúir purgóid shóghail dom =
6723deigh-bhlasta, bog, gan bheith nímhneach. Deoch shóghail.


6724
6725

SOILÉIR — Tá an cló so soiléir go maith le léigheamh. Níl
6726an scéal ró-shoiléir i n-aochor aige sna daoine a chuaidh amach
6727agus an fhairrge bolgtha ortha anois = ró-shímplí.


6728
6729

SOILÉIREACHT — Tán tu ag tuitim a chola le soiléireacht
6730an scéil is gan an scéal críochnuithe = á mheas ná fuil aon


L. 164


6731

deacaracht ag baint leis. Ná téir a chola ar shoiléireacht an
6732chúrsa = ná meáigh go bhfuil sé réidh rómhat: ná téir a chola
6733ar an gcluais sin. Níl aon mhaith ionnat chun soiléireacht a
6734dhéanamh ar scéal = chun é dhéanamh soiléir: chun é shocrú is é
6735réiteach. Níor dheineas aon tsoiléireacht den scéal mar
6736ná raibh cuma na fírine air ná deimhniú fachta agam air =
6737níor thógas 'na scéal soiléir é, níor mheághas go raibh sé gan
6738chonnstaicí (cúnstaicí). Ní ceart an ráfla a thógaint i
6739n áirithe ná soiléireacht a dhéanamh air go mbeidh a thuille
6740feasa againn.


6741
6742

SOIMISIÚNTA — Táim soimisiúnta ar an leabhar so do
6743chur i gcló = ceapaithe, beartuithe. Táim soimisiúnta glan
6744ar dhul abhaile (nó chun dul abhaile) = meághaite beartuithe
6745amach is amach.


6746
6747

SOIR — N'fheadaraís soir sochas siar i n-aimsir cheóigh nó
6748oíche dhorcha = ní bhéadh fhios agat cad é an treó a bheifá ag
6749gabháilt. Nuair a fuaireas me héinig istig i lár na ceiste
6750n fheidir me soir sochas siar = ní raibh fhios agam ó thalamh
6751an domhain cá rabhas ná conus a thabharfainn réiteach ar an
6752bhfaidhb.


6753
6754

SOITHEACH — Sathach an fhuaim. Sathach éisc = baraille díobh.
6755iasc nó muc a chur sa tsathach, nó 'on sathach = iad a chur isteach
6756ann fé leasú, á leasú. Sathach an ghamhna = an áit go mbíon
6757an gamhain istig sa mbó. Saimí an tsoithigh = fear an
6758tsoithigh (lá aonaigh, cig.).


6759
6760

SOLÁTHRUIGHIM — Raghad amach sa tsoláthar indiubh = ag
6761lorg rudaí. Teastuíon lampa de sheana-dhéanamh uaim is
6762táim go dian sa tsoláthar á lorg. Imeód ag déanamh
6763soláthair mo bheatha dom héinig = ag soláthar mo bheatha.


6764
6765

SOLUS — Tán tu im sholus = sa tsolus orm. An ngabhan
6766an solus tríot, a Mháire? = ná glanfá amach as an solus?
6767Níl aon tsolus sa tsúil sin = radharc. Tá sé a deich a chlog
6768ar sholus an lae = le solus an lae, dréir —. Solus sídhe
6769na bportaithe = Seán sídhe na bportaithe: solus a bhíon ag
6770imeacht ins na portaithe istoíche. Táimíd i solus an chuain =
6771na radharc, i n-áit go bhféadaimíd é dh'fheiscint. Is fada


L. 165


6772

go mbeir i solus an Choláiste sa bhóthar abhaile dhuit. Ba
6773mhaith liom an cainnteóir a dh'fheiscint is chuas 'na sholus =
6774'na radharc: i n-áit go bhfeicfinn é. Táim i solus mo
6775ghnótha = radharc agam air: é ar m'aghaidh amach agus eólas
6776agam air. Táim i solus an Ghaoluinn a léigheamh = ábalta
6777ar í léigheamh. Nílim i solus é sin a dhéanamh, a thógaint, a
6778bhrise, a éinní.


6779
6780

SOMPLA — Sceinn madra treasna an bhóthair agus ansan
6781d'fhág sé ár radharc. Sompla do b'eadh é sin = cómhartha:
6782rud éigint ós cionn nádúrtha (as cionn).


6783
6784

SÓRT — Leabhar maith dá shórt seadh é = dá shaghas: agus
6785an saghas d'áireamh.


6786
6787

SOS — Ba cheart duit sos a thógaint = tamall scuir,
6788suaineas. Tabhair sos duit féinig. Ní bhead, ní raghad, i
6789mbun mo shois go ceann tamaill = ní bheidh aon tsaoire agam.


6790
6791

SPADALACH — Spadalach fir = fear mór cnámhach garbh
6792gan puínn cóiríochta ann, ná an mianach ann dréir a thoirte.
6793Spadalach aimsire = aimsir ná fuil go maith ná buan ar aon
6794tsaghas slí: gan an mianach ceart ínti. Spadalach coirce =
6795ní bhíon sé le mola: bíon mór garbh ach uí bhíon an tora air
6796dréir a thaidhse (taidhbhse). Spadalach aráin — nuair a bhíon
6797sé beirithe ró-fhada is an blas ceart ag imeacht de. Spadalach
6798móna = móin gan mhaith: spairt.


6799
6800

SPAGA — Sparán.


6801
6802

SPAILPÍNTEACHT — Bhíos ag spailpínteacht = ag tuilleamh
6803mo pháigh le prátaí is arúr (arbhar) a bhaint.


6804
6805

SPALLA — Conus tá gach aon spalla dhíot? = blúire.
6806Tá spalla éigint amú san abairt sin = blúire éigint di.
6807Tugtar spallaí ar na mion-chlocha a cuirtear isteach sa
6808bhfalla nuair a bítear á thógaint. Is féidir a thuille spallaí
6809a chur isteach san abairt más maith leat é. Tá spalla éigint
6810amuigh as an scéal i slí nách féidir liom é leanúint.


6811
6812

SPALLAIM — Tá spalla an bháis orm = íota, ana-thart.
6813Níl aon spalla san aimsir seo = triomach. Spall an droch-


L. 166


6814

thuairisc suas me = thriomuigh suas me: thriomuigh mo bhéal
6815is mo scórnach i slí nár fhéadas labhairt. Táim spallta
6816ag an dtart = múchta, tachtuithe. Spall sé le náire me
6817nuair a dúbhairt sé an chainnt sin = thriomuigh me: thóg
6818an chainnt uaim. Tá spalla triomuigh ann = ana-thriomach:
6819an lá bheith ana-bhrothalach. Tá spalla triomuigh orm =
6820spalla tarta: ana-thriomach tarta. Is treise íota ná
6821spalla is is treise spalla ná tart (tort a deirtear).


6822
6823

SPALPAIRE — Thugais spalpaire leabhair, spalpaire
6824éithigh = leabhar (éithigh) mór groidhe; éitheach mór groidhe.
6825Spalpaire fir — fear breá mór groidhe, is fuinneamh ann.


6826
6827

SPANNLA — Spannla gé, circe, lachan = ceathrú, cos.
6828Tá spannlaí fada fút = cosa caola fada.


6829
6830

SPANNLAOR — Cainnt an spannlaora = duine go mbéadh
6831na cosa fada aige: iad ró-fhada is ró-chaol don gcorp.


6832
6833

SPÁRÁLACH — Tán tu ana-spárálach ar an móin = ana-
6834spáráil á dhéanamh agat uirthi.


6835
6836

SPÁRÁLAIM — Seo dhuit mo sparán is ná dein aon
6837spáráilt air = bain ceól is rammsach is dúiseacht as.


6838
6839

SPARRA — Sparra gealúnaighe, iarainn, tobac, adhmaid,
6840cloiche = stráice fada caol. Sparra fir = fear fada caol.


6841
6842

SPEABHRAOIDÍ — Tá na speabhraoidí mar chéird agat =
6843agat coitianta. An té go mbíon na speabhraoidí air measan
6844sé go bhfeicean sé is go gcloisean sé nithe ná bíon i gceist i
6845n-aochor. Speabhraoidí óil, meisce, colata, éinne. Thiocfadh
6846colata ar (air a deirtear) dhuine dá mbéadh sé i bhfad gan
6847chola.


6848
6849

SPEACH — Tugadh speach ghearráin dom = buille ar an
6850gcluais leis an méir fhada tréis í chur i bhfeac ar an órdóig.


6851
6852

SPÉACHÁLAIM — Tá sé ag spéacháil (ag spréacháil, ag
6853spréachuíl, ag spréachaláil) bháistí = braonacha fánacha ag
6854tuitim — le fuinneamh: braonacha thall is i bhfus.
6855


L. 167


6856

SPEAL — Crann na speile: an lann: an clár: an
6857chloch. Corráinín = rud a bhainean ón speil nuair a bhíon sí
6858ró-imithe don gclár. Speal choise = cos a bhíon fada sa
6859troigh. Speala cos = cosa go mbíon an galar san ortha.


6860
6861

SPEALADÓIR — Tá sé ag spealadóireacht = ag baint
6862le speil. Spealaire = duine go mbíon na cosa fada aige.
6863bhíos ag speala (ó spealaim) aitin = á bhaint, á ghearra, le
6864speil.


6865
6866

SPEILP — Tá cuid mhaith de speilp an tsaoil agam =
6867saibhreas. Níl aon speilp sa tsaol ort = níl aon rath ort
6868(níl faic agat) i n-aochor.


6869
6870

SPEIR — An chos ó bhun na sáile go dtí an t-alt. An
6871dtéighean an speir suas go dtí uachtar na bróige? Is
6872fada liom suas é = ní dóigh liom go dtéighean sí chó fada san.
6873as san (ón alt) suas go dtí an gcolpa = caol na coise. An
6874colpa ó chaol na coise go dtí an nglúin. An cheathrú ansan
6875go dtí an gcromán. Níor cheapas go raibh aon speir sa
6876dúthaigh 'na raibh an Ghaoluinn ach anso = paiste.


6877
6878

SPÉIR — Tá an spéir ag árdú = ag geala ag bun an
6879fhioghair. Tá finneóga ag teacht sa spéir = áiteana geala.
6880Ní siúrálta an ghrian ar an spéir ná go bhfuilim fíor, go
6881bhfuil an fhírine agam. Ná téir amach fé spéir na h-oíche,
6882fé spéir na gealaighe = fén oíche. Tháinig sé abhaile ón
6883aonach is a cheann sa spéir aige = go ceannasach, go mórálach.


6884
6885

SPÉIRGHEALACH — Tá an oíche anocht spéirghealaighe = an
6886ghealach ar an spéir ach gan í le feiscint. Tá spéirghealach
6887ann = na scamaill 'dir tu is í.


6888
6889

SPÉIRIÚIL — Nách spéiriúil atán tu is an bhruid oibre
6890atá rómhainn = aerach: cuma anamúil a bheith ar dhuine is
6891gur maith leis ráiseana is spórt is gach uile shaghas. Tá
6892cuma spéiriúil uirthi = aerach: a ceann san aer aici.


6893
6894

SPÉIRLINT — Nó spiairlint. Breac éisc fada caol
6895a bhíon sa bhfairge ar nós na h-eascún san abhain. Spéirlint
6896mná = bean fhada chaol.
6897


L. 168


6898

SPIAIREACHT — Deineadh spiaireacht orm = ínsint: gnó
6899an spiaire. Bí sí ag spiaireacht orm.


6900
6901

SPINABHAIT — Tóg amach do spinabhaití (spinauití) cos =
6902cosa caola: sparraí caola.


6903
6904

SPIODA — Níl spioda fiatha ort = tu bheith lom caite
6905snaoidhte (mar a bhéadh breóiteachán go minic): an croicean
6906buailte anuas ar na cnámha agat. Níl spioda fiatha i
6907n-áirde ort = faic: aon fheóil.


6908
6909

SPIOR — Dhein an breitheamh spior spear (nó spir spear)
6910den gcúis = dhein sé í leighe: dhein neamh-ní di, is chuir deire
6911léi. Deineadh spior spear dem chainnt = tairigíodh gach ní
6912na choinnibh is níor fágadh aon mhaitheas ínti.


6913
6914

SPLANNC — Ba mhór an oíche splanncacha is uisce an oíche
6915aréir = na lasracha is an bháisteach ag imeacht go tiubh. Níor
6916dheineas splannc colata aréir = néal.


6917
6918

SPLEÁCHAS — Nílim i spleáchas éinne = nílim ag braith
6919ar éinne. Táim neamh-spleádhach leat = gan bheith id spleá.
6920chas: níl aon bheann agam ort.


6921
6922

SPLINC — Níl splinc agat = níl ciall ná meabhair agat
6923(ná aon éifeacht leat).


6924
6925

SPOCHAIREACHT — Tá Seán is Máire pósta. Seadh!
6926is fada a bhíodar ag spochaireacht le n-a chéilig = seó beag
6927eatora: á dhéanamh suas i dtreó a chéile. Ní raibh ead-
6928rainn ach spochaireacht seóig = mion-bhuala mar mhaga, agus
6929imeachtaí mar sin. Tá Éire is Sasana ag spochaireacht ar a
6930chéilig = ag pleannca. Cuirean an pósa deire leis an
6931spochaireacht seóig. Bhí an bheirt ag bruighin. Ní h-aon
6932úntas é: is fada ag spochaireacht ar a chéile iad = ag
6933déanamh cur-suas ar a chéile is ag braith a chéile. Bhí an
6934dá choileach ag spochaireacht ar a chéile 10 nóimintí sar ar
6935phleanncadar a chéilig = iad gob le gob, is ag cur suas
6936feirge. Bhéadh beirt a bhéadh ag caitheamh pluda ar a chéile
6937mar sheó ag spochaireacht (ar a chéile, le chéile, chun a chéile).
6938


L. 169


6939

Bhíodar ag spochaireacht ar a chéile sa tseómra = ag tabhairt
6940na bhfocal dá chéile (sar a dtosnóidíst ar bhruighin na ndóirne).


6941
6942

SPOTHÁNACH — Tá an spothánach go dial chun an citeal a
6943chur aníos (do bheiriú) = craobh (fraoch) fheóidhte bhán: nó
6944fraoch nuair a bhéadh an duilliúr bainte de ar an sliabh.


6945
6946

SPRÉACH — Níl aon spréach meabhrach aige (nó, 'na cheann) =
6947léas. Lár na spréiche.


6948
6949

SPRÉACHARNACH — Bíon fíon ag spréacharnaigh =
6950spréacha ag teacht as. Bíon an fhairrge ag spréacharnaigh fé
6951thaithneamh na gréine.


6952
6953

SPRÉACHUÍL — Tá sé ag spréachuíl bháistí = breac-bhraon
6954sa tsiúl. Níl ann fós ach spréachuíl bháistí-sin é mar a
6955bhíon nuair a bhíon braonacha an cheatha ag teacht ar dtúis.


6956
6957

SPREALLAIRE — Spreallaire spealadóra = a bhíon neamh-
6958shlachtmhar. Fágan an spreallaire spailpín na prátaí ana-
6959dhiomáisteach 'na dhiaidh — sa talamh, is geárrtha. Spreal-
6960laire scríobhnóra. S. de bhean tíghe = ná béadh aon rud fé
6961shlacht aici.


6962
6963

SPREANNG — D'eirigh sé amach as an leabaidh le spreanng
6964= de léim. Tá spreanng díth céille ort = níl do cheart
6965céille agat: tán tu siar beagán in sa gcéill. Lár an
6966spreanga. Spreangaí.


6967
6968

SPREILL — Níl ínti ach spreill mhná = bean gan chúram,
6969gan mhaith, gan mhór-chrí. Spreallaire seadh í: gan slacht ná
6970cnúisciún (crí) ínti. Ní bhíon cnúisciún ná crí uirthi (inti).


6971
6972

SPREÓITSEÁLAIM — Ná bí ag spreóitseáil ar an
6973bpáipéar san: níl sé léighte fós agam = ag baint blúire
6974dho is blúire dho. Nó, ag spreóitseáil an pháipéir. Spreóit-
6975seáil seadh bheith ag baint spreótaí anuas den dtaobh amuigh
6976de bhloc adhmaid. Aon rud a bhainfá anuas de rud eile
6977spreóta seadh é. Spreóta aráin, cig., agus spreótáil seadh
6978roinnt mhaith de sna sciolpaí. Spreótáil = spreóitseáil,
6979leis. Bailighidh (bailíg) chúghaibh an spreótáil aráin sin.
6980


L. 170


6981

Bhíos ag spreóitseáil ar adhmad, ar chloich, ar leabhar, ar
6982inní = ag déanamh píosaí díobh, ag baint píosaí díobh.
6983Dheineadar spreóitseáil mhaith ar a chéile sa troid = bhain-
6984eadar spreótaí dá chéile: dheineadar fuil is gearra ar a
6985chéile. Bhí sé ag spreóitseáil ar an bpeann luadha
6986leis an sciain = ag baint sciolpóga di: ag cur
6987bearra uirthi is á gearra. Ní raibh na dochtúirí
6988ach ag spreóitseáil rómpa féachaint cá raibh an mháchail
6989orm. Bhí an cruinniú ró-fhada is bhíomair ag spreóit-
6990seáil ar deire = ag corruighe na gcos, cig., ó bheith cortha ag
6991an seasamh. Nílean tu ach ag spreóitseáil ar an nGaoluinn
6992fós = ag casa le h-í labhairt: sciolpóga di sa tsiúl agat.
6993bhí an cailín ag spreóitseáil chun rud éigint a dh'iarraidh
6994orm = ag teacht tímpal ar an gcúrsa. Bhíodar ag spreóit-
6995seáil chun labhairt liom = ag réiteach an bhóthair. Ná bí ag
6996spreóitseáil ach abair amach lom díreach a bhfuil le rá agat
6997= ag baint boghsíní. Ní ag obair atán tu ach ag spreóit-
6998seáil = ag gíotáil. Ag spreóitseáil ar ghluaisteán do
6999chur i ngléas = ag tabhairt fé: ag cur chuige i slí ná béadh
7000ró-chruínn.


7001
7002

SPREÓTA — Blúire beag adhmaid: an blúire a bhainfá
7003anuas de bhloc le tuagh, cig., nó le sciain. Blúire maith
7004fada giúise nó daraighe. Níl i Séamas ach spreóta d'fhear
7005éadtrom caol lom = é bheith caol fada fíneálta ar nós an
7006spreóta giúise: agus fairis sin dh'fhéadfadh sé bheith leisciúil
7007nea'-anamúil ar chuma an spreóta.


7008
7009

SPRID — Níor fhéadas mo sprid, nó mo spridí, do
7010choimeád suas = mo chroidhe, mo mhisneach.


7011
7012

SPRIOC — Nó spriuc. Sin cloch fhada chaol a bhíon sáite
7013sa talamh: golán. Nó, an chloch a cuirtear síos ar an
7014dtalamh nuair a bítear ag imirt airgid nó cnaipí. Bhíomair
7015ag sprioc-imirt = ag imirt airgid nó cnaipí ar spric.
7016bhuaileas an phingin anuas ar lár na sprice. Sprioc na
7017bpinginí = an sprioc go mbítear ag caitheamh airgid air.
7018Tán tu ag imeacht anois abhaile, is cathain a bhainfidh tu ceann
7019sprice amach? = deire t'aistir: an rud a bhíon le sroisint,
7020le baint amach Tá tosnuithe agam ar an gceacht ach tógfaidh
7021sé tamall ceann sprice a bhaint amach = é chríochnú: an


L. 171


7022

ball atá beartuithe agam a shroisint. Trí seachtaine ó
7023indiubh an sprioc-lá atá agam chun an leabhar a chríochnú =
7024an lá atá beartuithe, spriocaithe, spriocálta, leagtha amach.
7025sprioc-am, agus sprioc-áit. Ní raibh sí sa sprioc-áit ar
7026an sprioc-am = ní raibh san áit a socruíodh ar an am a
7027socruíodh. Fút-sa atá láthair an rínce a cheapa mar tusa an
7028ceann sprice = an máistir, an t-uachtarán, an fear cinn, an
7029maor, an captaon, an fear go gcaithtear scéal a chur fé
7030n-a bhráid.


7031
7032

SPRIOCAIM — Sin é an t-am a bhí spriocaithe againn,
7033nó spriocálta = ceapaithe, socruithe. Tá spriocaithe, nó
7034spriocálta, agam ar an lá amáireacht chun fágaint. Nár
7035spriocálaís lá (nó ar lá) chun dul abhaile? Dheineas áit
7036a spriocáilt, nó a spriocáilt amach. Nó spriocuighim.


7037
7038

SPRIOGUIGHIM — Ní ceart duit bheith am spriogú = ag
7039meargú fúm, ag séide fúm, am chur suas — chun maith nó
7040olc.


7041
7042

SPRIÚNLAITHE — Tá ainm ana-spriúnlaithe ort = é bheith
7043de cháil ort tu bheith amhlaidh.


7044
7045

SPÚIRSEACH — Spúirseach bó = bó mhór lom: cosa fada
7046is cnámha móra. Spúirseach mná.


7047
7048

SPUR — Tá an bheirt (nó pé méid daoine is maith leat)
7049ag caitheamh na spur le chéile = ag imeacht i dtreó a chéile:
7050suas is anuas le chéile: mór le chéile. Tá an dá mhuíntir
7051ag caitheamh na spur le chéile. Spur talún ag imeacht
7052isteach sa bhfairrge = rinn, cuiripe. Spur slé (sléibhe).


7053
7054

SRAICE — Is mór an tsraice oibre a dheinis ó shoin =
7055paiste, dreas. Bhaineas sraice colata amach. Sraice
7056adhmaid = blúire fada caol. Sraiceana.


7057
7058

SRAITH — Tá an coirce ar sraith agam fén mbáistigh =
7059leathta amach fé mar a bhíon tréis é bhaint. Tá na h-éadaighe
7060ar sraith = ar leatha, ar tuar. An mhóin ar sraith = leathta
7061amach tréis í bhaint.
7062


L. 172


7063

SRAITHIRTÍN — Tán tu caite ansan cois claidhe id shraithi-
7064rtín = id liaghairne díomhaoín: ar chuma an fhóid mhóna.
7065Táim im shraithirtín anso sa leabaidh gan mhaith gan chrí = sínte
7066gan fuinneamh gan chorruighe.


7067
7068

SRAMH — Tá sramh tae thiar agam = braon beag. Nó
7069sreamh.


7070
7071

SRATHAR — Níor chuiris an tsrathar ar an gcapall cóir
7072(nó ceart) = níor chuiris an milleán ar an nduine ceart.
7073ólfadh sé an sop as an srathar = ólfadh an phingin dhéanach a
7074bhéadh aige. Chuireas an tsrathar ar an gcapall cóir dóibh.


7075
7076

SREANGÁN — Tá sreangán maith fliuch ann amuigh =
7077ceó fliuch a bhíon go tiubh.


7078
7079

SREANNG — Sreanng ón áirseóir a phrioc me (chun rud
7080éigint a dhéanamh) = prioca.


7081
7082

SRIAN — Bhí capall ar shriain agam = an tsrian agam air
7083agus greim agam ar an sriain. Cuir srian led theangain
7084= cosc.


7085
7086

SRIMILEÁLUÍDHE — Nó srimideáluí. Duine a dheinean
7087a chuid oibre go nea'-shlachtmhar: gan eólas aige ar a ghnó.
7088S. scríobhnóra = scríobhnóir a bhíon ag snácáil leis (toisc
7089gan na méireana bheith éascaigh) nó a bhíon nea'-
7090shlachtmhar.


7091
7092

SROITH-GHREAN — Grean is gainimh trí n-a chéile ach gur
7093mó den ngrean a bhéadh ann. Níor mhór é chriathairt dá
7094mbeifá ag tógaint tíghe.


7095
7096

SROMA — Sroma an tslimide = an rian a dh'fhágan sé.
7097Tá sroma ar an iasc = can sleamhain a cheanglóch ded lámha:
7098cosúil le glóthaigh.


7099
7100

SRÓN — Tá mo shrón stopaithe. Lean do shrón = ar aghaidh
7101díreach. Tabhair cead a shróna dhó = cead a chos. Bhí a shrón
7102ar an dtalamh ag an madra ag blathuíl.
7103


L. 173


7104

SRUMARTUÍL — Tá srumartuíl cholata ag teacht orm =
7105sórt sranntarnaighe is cola: séide trom tríd an gcainncín
7106sa tsiúl agam san am gcéadna.


7107
7108

SRUTH — Tá sruth eólais agat ar an nGaoluinn = mórán.
7109Tá sruth cainnte aige = cainnt phras thiubh. Aon tsruthán
7110amháin atá chun an dá fhocal san = aon tslí (aon bhóthar)
7111amháin chun dul go dtí iad, chun iad a chur ag obair. Sruth a
7112tugtar ar thaidhse: srut bheag.


7113
7114

SRUTH-EÓLAS — Bhí sruth-eólas agam ar an nGaoluinn
7115bliain ó shoin = eólas cuíbhsach, ceart go leór. Níl agam ach
7116sruth-mheabhair ar mo cheacht = é bheith tógtha agam go cuíbhsach
7117is gan ann ach san.


7118
7119

STADAIM — Tá an scoil 'na stad = dúnta, stopaithe.
7120Tá an bainne 'na stad thar oíche, stadtha (stataithe) thar oíche
7121= gan suatha, ag déanamh uachtair. Stad an dochtúir an
7122fhuil. Bhfuil aon stad déanta ag an mbreóiteacht ort? =
7123gan í bheith ag dul níosa measa ort. Táim stataithe den
7124gcainnt = gan í á dhéanamh agam i láthair na h-uaire.
7125Stataithe d'aon ní, den scoil (ón scoil). Cá bhfuilean tu
7126ag stad? = ag cur fút. Nó, id stad. Stadaim sa tig
7127seo i gcómhnuí = fanaim, cuirim fúm.


7128
7129

STÁDAR — Ní ag caitheamh na laetheanta saoire in sa
7130gcathaoir atán tu ná ag stádar = ag siúl go breá bog
7131socair fuinte ar nós na bpóilíní síos suas. Ní fada ó
7132bhaile a théighean an té a bhíon ag stádar ach suas síos i mbéal
7133a dhoiris héinig.


7134
7135

STAIC — Níor fhéadas corruighe ach oiread leis an staic a
7136bhíon sa bhfalla = blúire adhmaid a bhíon sáite isteach sa
7137bhfalla (nó isteach in sa dtalamh). Tá an bhó 'na staic ansan
7138thiar ag an bhfuacht = mar a bhéadh blúire adhmaid, gan anam,
7139gan chorruighe. Tá sí ar staic = ceangailte den staic.
7140Bíon na potaí is na líonta ar staic amuigh in sa bhfairrge =
7141ceangailte de (do) chlocha thíos. Staic fir, mná, buachala,
7142inní = duine íseal téagartha: duine daingean gur deacair
7143inní a dh'fháilt uaidh, ná corruighe a bhaint as. Dhein aon
7144staic amháin díom nuair a chuala go mbrisfí amach as an


L. 174


7145

bpost me = d'imigh an t-anam as gach blúire díom. Dheineas
7146staic den máistir le h-amadán a thabhairt air = bhaineas an
7147chainnt de is chuireas náire air. Dúbhart leis an máistir
7148nách mise a bhris an fhinneóg ach dhein Seán aon staic amháin
7149díom le teacht suas is a rá go bhfeacaidh sé me á dhéanamh.
7150Tá an coiléar crochta ar an staic.


7151
7152

STAIDÉAR — Níl aon staidéar ag baint liom = socaracht:
7153fuaimint, éifeacht: me bheith saghas éaganta. Níl aon
7154staidéar ar an bhfear a bhíon ag gabháilt tímpal is a thugan
7155oíche anso is oíche ansúd. Cá bhfuil staidéar ar an ath.
7156Séamas (ar éinne a bhéadh socruithe síos i bpost)? = cáil sé
7157ag fanacht, ag déanamh gnótha: cad é an paróiste 'na bhfuil
7158sé?


7159
7160

STAIDÉARTHA — Duine staidéartha ciallmhar bun-ós-
7161cionn leis an ruathaire éaganta a bhíon ag imeacht soir siar
7162gan aon staidéar air, ná ciall aige.


7163
7164

STAIL — Níor choinnibh an láir an stail. Stail amadáin,
7165nó sail amadáin = amadán mór groidhe: nó amadán nea'-
7166anamúil.


7167
7168

STAILC — Tán tu id stailc agam = id thost: tán tu
7169stopaithe agam: bhaineas an chainnt díot. An capal a
7170bhíon 'na stailc ní théighean sé a thuille. Tá stailc in sa
7171gcapal = é bheith tuaisceartach, ceanndána, dolúbtha: stop-
7172fadh sé suas nuair a bhuailfeadh an smaoineamh é, is ní bhog-
7173fadh: ní thairiceóch an chairt. Dheineas stailc díot =
7174chuireas iachal ort stad suas: gan a thuille corruighe a
7175dhéanamh.


7176
7177

STAINNCÍN — Tá stainncín éigint ort, ní foláir, mar
7178nílean tu ag cainnt = míshásamh. Bhíodar ag casa asucháin
7179liom is tháinig stainncín orm = fearg is míchéata is mí-
7180shástacht. Má chuirean tu bréag ar dhuine tiocfaidh stainn-
7181cín air chúghat. Dá mbéadh rud á roinnt is ná fuigheadh
7182duine aon faic thiocfadh stainncín air. Táim geal go maith
7183anois ach is fuiriste an stainncín a chasa orm = me chasa ón
7184seó go dtí an míoshásamh. Bhéadh míoshásamh ar an té go
7185bhfuigheadh duine muínteartha leis bás, ach ní h-aon stainncín
7186sin nó saghas feirge is míchéata. Má bhíon cúpla scoláire


L. 175


7187

déanach cuirfidh sé stainncín ar an máistir = casfaidh ón
7188meón ceart sásta é. Stainncín duit seadh labhairt na
7189Gaoluinne. Bhéadh stainncín mo dhóthin orm dá mbéadh ceal
7190tobac orm: ní bhéadh aon ana-shult ionnam. Níl do cheart
7191suilt agat: tá stainncín éigint ort. Bhéadh stainncín ar
7192bhuachail dá n-abrófaí leis ná raibh a cheacht foghlumtha aige
7193agus go raibh: dá mbuadhfadh buachail eile air i rás = olc
7194beag. Stainncín buachala = buachail gur fuiriste é chur chun
7195uilc: é chur suas: é chur chun seímtha, chun feirge. B'fhuir-
7196iste bagairt air. Stainncín a dhéanamh ar dhuine = é atharú
7197ar an slí seo thuas ó bheith 'na shult.


7198
7199

STÁIR — Léigh stáir den leabhar = paiste, tamal. Tá
7200stáir mhaith den oíche caite. Níor stadas den stáir sin gur
7201bhaineas an baile mór amach = imeacht mear, scríob. Ba
7202mhaith liom stáir a scríobh = smut. Tá stáir mhaith den
7203nGaoluinn agat = blúire. Lár na stáire.


7204
7205

STAIRFHIACAIL — Fiacail fhada gharbh i dtosach an bhéil
7206aníos nó anuas.


7207
7208

STALCA — Nó stailc. Dhein stalca dhíom = níor fhan
7209ar mo chumas corruighe a dhéanamh ná cainnt a rá. Deineadh
7210stalca dhíom i measc na ndaoine = triomuíodh me. Tá an
7211císte 'na stalca = gan bheith beirithe i gceart: ana-cheangailte
7212dá chéilig fé mar a bhéadh an taos. Tá mo dhínnéar i n-aon
7213stalca amháin ar mo chroidhe.


7214
7215

STALCAIRE — Duine nó éinní (capall, cig.) gur fuirist
7216stalca a dhéanamh de: é chur chun tormais i slí ná tabharfadh
7217sé aon fhocal cainnte dhuit. Bíon sé ceanndána is ní
7218dheinfeadh ach a thoil héinig. Stalcaire capaill, fir = capal
7219nó fear ná bíon macánta, ach a bhíon ag stalcuíocht. Nó
7220stailcire. Ana-stailcire sead thu = an stailc bheith ionnat
7221is gur deacair réiteach leat.


7222
7223

STALCUÍOCHT — Bhí sé ag stalcuíocht chainnte = ag cainnt
7224tamalacha is tamalacha 'na thost. Ná bí ag stalcuíocht =
7225ag teacht chun tormuis, chun stalca: ar nós an chapail a
7226dheinfeadh tamal oibre is ansan a stopfadh suas. Tá Seán
7227ag stalcuíocht is tá a rian ar a chainnt.
7228


L. 176


7229

STÁLUIGHIM — Ba cheart go bhféadfadh an capal ceól
7230a bhaint as an mbóthar mar tá sé stáluithe ó bheith sa stábla
7231= cruaidhte. Tá an pórtar ró-fhada ins na buidéil is tá sé
7232stáluithe = géaruithe: an blas úr imithe dhe. Bíon arán
7233stáluithe nuair a bhíon sé ró-fhada bácálta.


7234
7235

STAMPA — Tá an leabhar 'na stampa ó bheith fé luighe,
7236fé theas, na gréine = feóite casta ar a chéilig. Tá an
7237píosa feóla stampálta ag an dteas, ó bheith i n-aice na
7238teine = tá mar a bhéadh stampa a bhéadh san áit gcéadna.
7239Tá an t-iasc stampálta amuigh ansan — iasc a cuireadh
7240amach ag triomú.


7241
7242

STAMPÁLAIM — Táim stampálta (nó mo mhéireana
7243nó mo ladhracha) ag an bhfuacht = im stampa, gan corruighe
7244ionnam. Tá an t-éadach stampálta ag an sioc = cruaidhte:
7245fé mar a bhéadh sé séaluithe, buailte i gcló. Stampáil an
7246fuacht me. Tá mo chos stampálta ó bheith ag sile anuas is
7247me in sa gcairt = cola ínti: i slí ná deinfeadh sí rud orm.


7248
7249

STÁN — Táim im stán ó bheith ag ithe is ag ól = lán suas:
7250teann go maith. Ní dheinfead stán dem cheann leat = ní
7251bhead ag bodhra mo chinn leat. Bíodh deoch agat. Ní bheidh:
7252táim am stán aige cheana = lán suas.


7253
7254

STÁNÁLAIM — Táim stánálta (suas) le pórtar.
7255Stánálta ag rud ar bith. Eirigh as an mbia: ní gá dhuit tu
7256héinig a stánáil suas leis.


7257
7258

STANNCAIREACHT — B'fhearra liom bheith ag stann-
7259caireacht ná bheith ag éisteacht libh = ag déanamh gnó gan bhrí.
7260Tá sí ag stanncaireacht di féinig = ag imeacht sall is anall.


7261
7262

STANNCUIGHIM — Táim stanncuithe ag an bhfuacht =
7263stalcaithe, im stalca. Tá an mhóin stanncuithe = trim,
7264fáiscithe, cruaidh isteach ar fad.


7265
7266

STANNG — Péirse cearnach.


7267
7268

STANNGAIRE — Fear ag imeacht gan chrí: fear siúil
7269a bhíon ag fulag teasa is fuachta.
7270


L. 177


7271

STAONAIM — Níl staona báistí déanta le cheithre lá =
7272níl staona ar bháistigh: níl stad ná stop. Má thagan an
7273bháisteach caithfidh sibh staona = an obair a chaitheamh uaibh.


7274
7275

STÁRTHA — Bhíodar ar na stártha ag teacht abhaile ón
7276aonach = ar meisce go maith: ar buile ag an meisce. Bhí
7277sé ag gabháilt stártha orm = am buala go trom is go tréan:
7278ag gabháilt stealla. Feic steall.


7279
7280

STEAIG — Níl agam ar an bpláta ach steaig feóla =
7281feóil gan súghlach, gan mhéithreas, gan mhaith, gan substainnt.


7282
7283

STEALL — Bhíos ag gabháilt stealla don nGaoluinn go
7284raibh sí agam ar fóghnamh = ar mo dhícheal (dítheal): go dian.
7285bhí m'athair ag gabháilt stealla orm mar gheall ar an marga
7286a dheineas = ag tabhairt leasú na teangan dom: ag gabháilt
7287dom go tréan ar aon tsaghas slí.


7288
7289

STEALLAIM — Bhí sé ag stealla éitheach amach as a bholg
7290= á scaoile amach go tiubh. Bhíos ag stealla na ngrást =
7291caoch ar meisce: nó, ag scaoile grásta Dé tharam go rábach
7292ar aon tsaghas slí.


7293
7294

STEANGA — Tá steanga maith triomaigh ann = triomach
7295maith cruaidh: caithean gaoth bheith ann, nó anam na gaoithe.
7296Raghaidh an steanga so go maith don gcoirce. Tá an t-arán
7297na steanga = cruaidh: cruaite. Tá steanga maith sa lá
7298indiubh = an lá bhéith trim láidir gaothmhar (gaofar).


7299
7300

STEANNCAIM — Tá an fheóil steanncaithe ansan i n-áirde
7301= casta ar a chéile, cruaidh, ó bheith i bhfad ann. Táim
7302steanncaithe ag an ngaoith is ag an bhfuacht = cruaidhte.


7303
7304

STIALL — Bhuail sé stiall (dá bhais) orm = buille maith
7305láidir: nó buille mhaide, buille d'fhuip, den raínn, den
7306tsluasaid: stiall le h-éinní, le dorn. Bíon tarac maith
7307ag baint leis: é sin nó go luighean an buille go maith ar an
7308rud a buailtear. Stiall aráin, ime = blúire maith fada.


7309
7310

STIALLAIM — Stiallas an crú ón gcapal = stracas
7311anuas: dheineas é tharac uaithi go tapaidh. Stiall an scríob


L. 178


7312

an anairt anuas den mbád = strac go h-oban. Stiallas
7313mo bhróga díom is léimeas isteach san abhainn = bhaineas
7314go tapaidh. Stiallas an feac as an ráinn, an sáfach as an
7315sluasaid, an speal as an gcrann. Stialladh na bróga dem
7316chosa nuair a thuiteas.


7317
7318

STIPÉAR — Táim tamal maith im stipéar: táimíd 'nár
7319stipéir = im sheasamh ('nár seasamh) gan chorruíghe.


7320
7321

STIÚRUIGHIM — Stiúruigh isteach anso é = seól: teasbáin
7322an tslí dhó. Stiúruigh Tomás me ar cad a dheinfinn = thug
7323eólas dom.


7324
7325

STOC — Aonach stuic is aonach muc.


7326
7327

STOCÁN — Dá ngeárrfá buachalán buidhe nó feóchadán
7328nó éinní mar sin thabharfá stocán ar an stúmpa a bhéadh
7329fágtha thíos. Bhí sé 'na shuidhe i n-áirde ar stocán cloiche =
7330cloch ghéar ar muir nó ar talamh: cloch a bhéadh ag sá i
7331n-áirde is í géar 'na barra.


7332
7333

STÓINSITHE — Bád muiníneach stóinsithe = ná béadh ag
7334tarac an uisce: teann. Fear stóinsithe daingean = gur
7335deacair aon chorruighe a bhaint as: fear diongabhálta: nár
7336bh'fhuiriste fios a shlí a dhéanamh amach: ná nochtóch a aigne:
7337fuinte go maith ar a chéile.


7338
7339

STOIRM — Ní bhíon stoirm samhraidh buan ná calm
7340geimhridh.


7341
7342

STOLC — Tá an t-arán 'na stolc ar mo ghoile = stalca:
7343i n-aon ualach amháin.


7344
7345

STOLLAIM — Go mairir is go gcaithir iad is go stollair
7346is go stracair iad — bróga (nó éadaighe) nua.


7347
7348

STOLLAIRE — Ní thairiceóch an stollaire capaill sin
7349faic = capal éadtrom gan mhaith: stracaire. Stollaire
7350fir = leis, fear acfuinneach.


7351
7352

STOP — Tá an clog 'na stop = 'na stad: stopuithe.
7353


L. 179


7354

Níor chuir na saighdiúirí aon stop ar an mbia chúgham = níor
7355stopadar é theacht chúgham.


7356
7357

STRÁCÁIL — Nílim ach ag strácáil liom = ag straca liom
7358i gcómhnuí: ag cur díom go mall. Tá an aimsir go h-olc
7359is caithfimíd bheith ag strácáil léi = ag straca, ag plé, a
7360d'iarraidh earruíocht a bhaint aisti.


7361
7362

STRACAIM — Fuair sé bás is bhí straca aige n-a dhaoine
7363muínteartha ar a chuid airgid = clibirt.


7364
7365

STRACAIRE — Tá an aimsir 'na stracaire = stracaithe:
7366gan bheith glantha suas.


7367
7368

STRAC-EÓLAS — Muna mbéadh an dearúd san déar-
7369fainn go raibh strac-eólas ceart go leór aige ar an nGaol-
7370uinn = eólas cuíbhsach go leór. Chuir t'imeacht strac-
7371uaigneas orm = gan bheith ró-mhór ná ró-bheag.


7372
7373

STRADHNÁLAIM — Nuair a labhras leis do stradhnáil sé
7374chúgham = éadtromuigh sé 'na mheabhair: tháinig buile feirge
7375air. Feic straidhn.


7376
7377

STRAE — Bhíos ar strae, ag dul ar strae = amú: as
7378eólas.


7379
7380

STRAETHIRE — Straethire fir = fear fuar díomhaoín gan
7381fásca. Straethire tíghe = tig mór gan slacht: straethire
7382cruaiche = fada mór gan chrí: gan aon fhásca ínti.


7383
7384

STRÁICE — Stráice fir, mná, éadaigh, aráin = píosa fada
7385caol: duine árd caol. Níl againn ach stráice beag prátaí
7386= paiste caol. Cas stráice ar mo láimh mar tá sí geárrtha
7387= bannda fada caol. D'imigh mo bhróga 'na stráicí as a
7388chéile. Tá stráice breá bóthair as so go dtí an scairbh =
7389paiste.


7390
7391

STRAIDHN — Bhí straidhn is buile orm = me bheith curtha
7392suas (chun feirge) go maith: me ar buile le feirg. Ní
7393dheinfeadh sé amhlaidh muna mbéadh go raibh straidhn éigint
7394air = éadtromacht, buile. Straidhn bhuile.
7395


L. 180


7396

STRÁILLE — Stráille fir, mná, cailín, buachala = duine
7397árd caol faid-chosach: cuma leisciúil ar a shiúl is a imeacht
7398(bíodh is ná béadh sé ag gluaiseacht go mall, béidir). Nó
7399duine fuar a mheilean an lá ar bheagán maitheasa a dhéanamh.


7400
7401

STRAIMÉAD — Tabharfad straiméad (den maide, de
7402dhorn, den bhfuip) duit = buille trom, agus luighe maith ann.


7403
7404

STRAIN-FHIACAIL — Fiacail fhada. Feic stranna.


7405
7406

STRAMPÁLAIM — Nách ort atá an strampáil! Ná
7407fanfá socair? Brisfidh tu an chathaoir led chuid strampála
7408= únthairt, ag caitheamh na ngéag soir siar. Tá srampáil
7409éigint ar an gcapall indiubh = únthairt: é ag caitheamh na
7410gcos: nó ag buala na talún: nó ag luighe is ag eiríghe.
7411Tá sí ag imeacht: tá strampáil an bháis aici, uirthi. Bhí an
7412fear meisce ag strampáil le n-a chosa = á gcaitheamh amach
7413uaidh mar seo is mar siúd mar a bhéadh duine a bhéadh gabhtha ag
7414teinneas dian. Tá an capall ag strampáil = ag caitheamh
7415na ngéag: ag ceartú suas síos. Tá strampáil im bolg =
7416glór á dhéanamh aige sna putóga: nó gaoth sa mbolg is í ag
7417corruighe. Tá strampáil éigint i n-áirde an staighre
7418aca = prammsáil. Fear strampálta = ná féadfadh fanacht
7419socair (nó ná fanfadh).


7420
7421

STRANNA — Tá an stranna fiacaile seo ar boga agam,
7422bhí stranna mór i dtosach mo bhéil. Trí cinn de strannaí
7423(nó strainní) atá fanta agam = fiacla fada garbha (gan
7424bheith dlúth, coitianta: is deighilt eatora).


7425
7426

STRAOILLEÓG — Duine liobarnach, neamh-chruínn. Nó
7427sleamhnú. Fuaireas straoilleóg ó chianaibh = sleamhnú.
7428Baineadh straoilleóg asam a leag me (nó i ngiorracht dó).
7429i lár na straoilleóige fuaireas mo ghreim.


7430
7431

STRAOILLIM — Straoill mo chos uaim = shleamhnuigh —
7432amach nó siar.


7433
7434

STRAPAIRE — Strapaire fir = fear árd caol (dréir
7435mar ba chóir), cruaidh.
7436


L. 181


7437

STREALL — Dá gcaithfá uisce isteach i mbuicéad (bucaod)
7438léimfeadh streall aníos, béidir. Nó nuair a bhainfá an
7439corc as buidéal léimfeadh streall phórtair isteach ins na
7440súile ort. Chaith sí streall uisce an doras amach = uisce
7441sa tsiúl mar sin: nó dá mbéadh sé á shéide amach as séideán,
7442cig.; streannc, i lár na streabhaille. Dhein sé streall
7443mhagaidh fúm = paiste, beagán. Nách leór dhuit streall
7444mhagaidh a dhéanamh fúm is gan bheith ag maga go deó fúm?


7445
7446

STREALLAIRE — Fear grinn is fonómhaide.


7447
7448

STREALLUÍL — Tháinig an tsáile isteach oraibh? Níor
7449tháinig ach strealluíl = streall bheag anois is aríst. Bíon
7450sé ag strealluíi mhagaidh fúm.


7451
7452

STREANNCÁN — Bhuail streanncán den uisce me =
7453streall. Streanncán uisce, sáile, bainne. Bhaineas
7454streanncán ceóil as an bheidhlín = ádhbhar maith ceóil, siolla
7455maith ceóil. Caitheadh streanncán uisce anuas orm =
7456streall i leath-chrúiscín nó mar sin. Is minic a thagan
7457streanncán den tsáile aníos an fhaill anso.


7458
7459

STRÍOPACH — Bean (nó fear) choitean dhrúisiúil.


7460
7461

STRÓ — Cad é an stró atá ag breith ort ansan thuas? —
7462le duine a bhí i n-áirde an staighre = moill. Ní choimeádfad
7463mórán stró ar an leabhar uait = moill: ní choimeádfad i
7464bhfad uaith é — leabhar a tabharfaí le léigheamh. Níl aon stró
7465beirthe orm = dul amú, ar stró = dulta amú. Thánag
7466ag lorg speile. Ní bheidh aon stró ort: gheóir láithreach í.


7467
7468

STRÓC — Tá Tomás ag teacht isteach chúghainn ar bog-
7469stróc, nó ar a bhog-stróc = go breá bog mall: á thógaint go
7470foighneach. Táim chó maith (chó h-éinní) leat gach aon stróc =
7471gach aon bhlúire: gach aon phioc. Tháinig ana-stróc ar an
7472gcapal aréir = pian géar: greim. Cuirfidh an bainne
7473fuar san stróc ort tréis alluis = greim géar id bholg.


7474
7475

STRÓINSÉAR — Ní dheinfinn stróinséar díot anois =
7476ní bheifá id stróinséar agam: ní bhfuighfá déanamh an
7477stróinséir uaim. Stróinséirí.
7478


L. 182


7479

STRÓINSÉARTHA — Tá bád stróinséartha chúghainn isteach
7480= bád ná bainean leis an áit seo: iasachta: isteach ó
7481thaobh eile. Tá mórán daoine stróinséartha tagtha chúghainn.


7482
7483

STROPA — Stropa na bróige = an tarracthóir (tair-
7484riceóir a deirtear) thiar.


7485
7486

STRUITHILE — Bhí sé 'na struithile fir = fear fuar
7487díomhaoín: stráille.


7488
7489

STRUPÁLAIM — Táim strupálta chuin oibre = cuid den
7490éadach bainte dhíom. Ach, táim nochtaithe chuin snámha.


7491
7492

STRUS — Riug ana-strus orm ag teacht abhaile i gcoinnibh
7493na gaoithe = duadh mór ó obair throm. Nuair a bhíon duine
7494sa rith is ar na cosa a bhíon, a thagan, an strus. Níl aon
7495strus ins an obair sin = obair shaoráideach seadh í: obair
7496gan strus. Tá an iomarca struis oibre ag teacht orm'
7497Is déine, is treise, strus ná duadh.


7498
7499

STUACACH — Tá an fhairge ana-stuacach indiubh = ana-
7500gharbh. Aimsir stuacach = gránna, feargúil: gaoth láidir
7501ag imeacht. Tá an lá ag dul chun stuacuíochta: nó ag teacht
7502chun — = ag eiriú stuacach.


7503
7504

STUACAIM — Tá an fhairge stuacaithe go leór = stua-
7505cach: curtha chun stuacuíochta.


7506
7507

STUAIC — Níl aon deagh-stuaic ar an lá indiubh = deagh-
7508chuma, cló. Tá ana-dhro'-stuaic ar Phádraig = ana-dhroch-
7509chuma: ana-dhroch-ruibe. Tá stuaic ort = mothalach gruaige
7510i dtosach do chinn ag sile anuas nó 'na sheasamh i n-áirde,
7511Tá droch-stuaic ar an bhfairrge indiubh = cuma mhalluithe
7512fheargach — nuair a bhéadh na coilithíní ag imeacht is na borrai
7513bolgtha i n-áirde. Tá stuaic bhuartha ort = deárthamh.


7514
7515

STUAICEACH — Bíon duine amhlaidh nuair a bhíon stuaic
7516ghruaige air.


7517
7518

STUAICÍN — Saghas móna a bhíon ag imeacht: is gan


L. 183


7519

ann ach scraithíní. Ar bharra slé nó ar uachtar portaigh a
7520gheibhtear.


7521
7522

STUIF — Táthar ag leatha stuife amach ar na prátaí =
7523an chloch ghorm. Beifar ag cur stuife amach ar na bóithre =
7524clocha: mianach bóthair.


7525
7526

STÚMPA — Dúbhras stúmpa mór bréige.


7527
7528

STUNAIRE — Stunaire fir = fear beag suarach gan
7529acfuinn. Stunaire mná a chuirfinn síos im póca. Stun-
7530aire capaill ná tabharfadh (túrfadh) paca plúir abhaile.
7531Nó, stunaire = fear árd garbh gan feóil: go bhfuil na
7532cnámha go maith aige. Stunaire capaill = a leithéid céadna.


7533
7534

SÚ — Tá an sú sa tsimné. Mála súig.


7535
7536

SUADHAIM — Suaidh (suaig) an moirtéal. Tá sé suaite.
7537Táim á shuatha. Tá an focal san tugtha agam mar sin, ach
7538má suaidhtear é ní oirean sé = má cuirtear malairt cló air.


7539
7540

SUAINEAS — Bhí an leanbh ag gol is mise a d'iarraidh é
7541chur chun suainis = é chur i n'éisteacht. Bhfuil aon tsuaineas
7542ag dul ar an nduine breóite? = sánas ar an mbreóiteacht:
7543aon bhoga ag teacht ar an mbreóiteacht. Cuir t'aigne chun
7544suainis tímpal na ceiste sin. Tabharfad cuid den mbata dhuit
7545mara mbeidh do shuaineas agat = mara bhfanair socair ciúin.
7546Tóg do shuaineas = tóg bog é (an saol). Rith an traen léi
7547ach tháinig sí chun suainis i gceann tamaill = chun staid:
7548stad sí. Ní bheidh suaineas lae ná oíche orm go mbeidh an
7549clausúr air seo agam. Tá an saol go dian ort anois ach
7550nuair a raghair chun suainis raghair i bhfeóil. Táimíd ag
7551tuitim chun suainis ar fad tímpal na Gaoluinne = á tógaint
7552ró-bhog. Thuit an duine breóite 'na shuaineas = 'na chola.
7553Ceap do shuaineas = fan socair: tóg bog é. Bíodh do
7554shuaineas agat = iompair (úmpair) tu héinig — le buachail
7555crosta. Tóg do shuaineas. Tóg do shuaineas nuair a
7556gheóbhair é = tóg bog an saol nuair a gheóbhair an seans.
7557Tháinig an liathróid chun a suainis. Tháinig suaineas ar an
7558leanbh a bhí ag gol. Bhí an saol ana-bhuartha aimsir an chogaidh


L. 184


7559

ach tá sé ag teacht chuin suainis (tá suaineas ag teacht air)
7560anois = ag socrú síos.


7561
7562

SUAINSEÁN — An chainnt a thabharfadh duine ó thig cómhar-
7563san go tig cómharsan ag cur síos ar cad a bhí ar siúl istig
7564sa chéad tig nó cad a bhí á rá. Bíon suainseán aige sna
7565mná nuair a bhíd i dtreó a chéile. Bíon dro'-bhrí ag dul
7566leis an bhfocal, coitianta. Suainseánach = tugtha don
7567suainseán: agus suainseánuí = an té a chleachtan é.


7568
7569

SUAITH — Feic suath.


7570
7571

SUAITHINSEACH — Focal suaithinseach = neamh-choitianta.
7572Biadh suaithinseach seadh na prátaí nua nuair a thagaid an
7573treó. Chuala scéal suaithinseach = úntach: nua. An ní
7574a bhíon suaithinseach bíon sé stróinséartha. Tá brat suaithin-
7575seach gas ar na prátaí.


7576
7577

SUAN — Chuir an chainnt is an gleó suan is síocháin na
7578h-oíche amú orm = cola: suaineas.


7579
7580

SUARACH — Tá sí suarach fé Ghaoluinn = gan mórán di
7581aici.


7582
7583

SUARACHÁN — Duine (nó rud) gan éifeacht: gan mhaith 'na
7584chiall ná 'na ghnó: spriúnlaithe.


7585
7586

SUAS — Tá na prátaí ag cur na ngas suas ag an mbáistigh
7587= fás a bheith fé sna gais tréis iad a theacht ar barra. Ach,
7588tá na prátaí ag teacht aníos go maith = ag brise aníos tríd
7589an gcré. Tá an ghrian, an ghealach, suas = na suidhe. D'fhanas
7590suas aréir go dtí n-a dódhéag = gan dul 'on leabaidh.
7591N 'fheadar cad tá suas aca anois = cad tá fútha: cad tá
7592ar bun aca: cad táid meáite ar a dhéanamh: cad é an
7593fuadar atá fútha. Tháinig sí isteach suas leis an am =
7594ar an am: ar an sprioc-am. Bhíos istig don Aifrean
7595(suas leis an am) suas leis an nóimeat = díreach i n-am.
7596Dúbhan na prátaí suas = dúbhaid. Tá na billeóga (bleóga
7597a deirtear) ag buidhiú suas. Tá an lá ag breáthú suas, ag
7598geala suas, agus mar sin. Tá an t-am suas = tugtha, caite.
7599Ba mhaith liom bheith ag déanamh suas le daoine uaisle, le


L. 185


7600

daoine go bhfuil deagh-Ghaoluinn aca, le h-éinne = bheith i
7601dtreó leótha: ag dul 'na gcoidreamh: ag tuitim chun
7602muíntearthais leótha: a d'iarraidh bheith ceanúil leótha is
7603tuitim isteach leótha. Bhí Pádraig am chur suas = am chur
7604chuin feirge. Bhíodar ár gcur suas chuin an falla a leaga =
7605ár spreaga, ag séide fúinn. Tá ana-chur suas ionnat = é
7606bheith de mhianach ionnat daoine a chur suas. Dhein an seirbh-
7607íseach na seómraí suas = chóirigh iad, shlachtuigh iad. Bhí ad
7608dhéanamh féinig suas chun an aonaigh = at ullmhú héinig.
7609capall a dhéanamh suas don aonach = a dh'ullmhú, é chothú go
7610maith. Táim ullamh suas im shagart = im shagart críochnuithe.
7611Táim ullamh suas chun bheith im shagart, chun dul amach ag
7612treabha, chun éinní = ullamh amach: ní theastuíon uaim a
7613thuille den ullmhú. Ba mhaith liom me héinig a dhéanamh suas
7614leat = tuitim chun muíntearthais, chun caradais, leat — nó
7615tabhairt fé sin ach go h-áirithe. Nuair a bhí m'am suas leis an
7616máistir d'fhilleas abhaile = istig, tugtha — buachail aimsire a
7617bhí i gceist. Leath-scéal a dhéanamh suas = a chuma. Go
7618bhfágaidh Dia suas thu = beó, id shaol (i taol) is id shláinte
7619(i tláinte). D'ullmhuigh (ulluigh) sé suas me chun bheith im
7620chléireach bainnc. Fuair mo bhean bás ach níorbh fhada gur
7621chaitheas an bhuairt is an brón suas liom héinig = gur chaitheas
7622uaim iad: gur eirígheas as aon tsuím a chur ionnta. Nuair
7623a bhí gach ní ag dul im choinne chaitheas an saol suas liom héinig
7624= níor chuireas suath ná suím ann feasta. Chaitheas suas
7625an tobac mar ná raibh sé ag réiteach liom = d'eirígheas as:
7626chuireas uaim é. Tá an t-am (a h-am) suas ag an mbó
7627chuin beirtha, is caithfimíd bheith ag faire an lae amáirigh
7628uirthi = súil a bheith uirthi ar feadh an lae amáirigh. Tá an
7629post caite suas agam = caite uaim (bhuaim a deirtear).
7630Chaith an sean-fhear an talamh suas ar a mhac = thug dhó é, is
7631d'eirigh se héinig as bheith 'na chúram. Aithníghim ort go
7632bhfuilean tu suas chun rud éigint a dhéanamh = ag faire ar
7633(ag cuímhneamh ar, beartuithe meághaite ar, bainte ar)
7634rud éigint: bainte chun —. Coimeád suas í (an naomhóg) =
7635i gcoinnibh na gaoithe nó i gcoinnibh na taoide. Sin é gnó
7636an aidhnleóra an bád a choimeád suas i gcoinnibh pé ní a
7637bhéadh á corruighe. Coimeád suas do mhisneach is tiocfaidh
7638leat = gan leigint dó tuitim (titim a deirtear) síos.
7639Tairig do stocaí suas ort héinig. Tairig suas do chosa
7640chúghat — le duine go mbéadh na cosa ar sile síos aige.
7641


L. 186


7642

Thairig an Frínseach suas as thír na hÉirean ó bheith i n'Fhear
7643Inid = d 'imigh amach as an dtír is d'fhág ansan í: eirigh amach
7644aisti. Thairigíos suas as an cártaí ar fad = d'eirígheas asta.
7645Tairig as an gcúrsa is fág ansan é. Bhí áthas orm a dhéanta
7646suas (nó chó déanta suas) is a bhís = tu bheith slachtuithe suas
7647chó maith. Chuirfinn suas de labhairt an bhéarla, d'aon ní
7648= eireóin as: ní bhéadh aon bhaint agam leis. Chuireas suas
7649den obair a bhí á chur orm = chuireas 'na choinnibh, ní ghlacfainn
7650leis. Tá an fuisce sin go diail chun meisce a chur suas.
7651Bhíos ag cur faoir suas leis an gcláirín. Ag cur meisce
7652suas = ag tuitim chun meisce. Ní deas an ní bheith ag cur
7653feirge suas = ag dul chun feirge: nó ag cur duine eile chun
7654feirge. Aduigheadh suas teine nuair a thána isteach. Táimíd
7655ag déanamh suas le chéilig = ag déanamh (ag tuitim chun, ag
7656teacht chun) muíntearthais le chéilig. Ach, d'eirigh difir
7657bheag eadrainn agus bhíomair amuigh le chéile, ach táimíd á
7658dhéanamh suas anois (le chéilig) = ag slánú an charadais:
7659an tuitim amach á thabhairt suas againn. Bhíos á dhéanamh
7660suas conus a ghoidfinn na caoira = á shocrú, á bheartú, á
7661cheapa-nó conus a dheinfinn aon ní.


7662
7663

SUATH — Chuireas ana-shuath ins an leabhar san = ana-shuím,
7664thógas ana-cheann do. An raghair ar an rínce? Ach! níl
7665aon tsuath agam ann = is cuma liom faic, is cuma liom éinní,
7666mar gheall air: níl aon spéis agam ann. Ní chuirim aon
7667tsuath i milseáin.


7668
7669

SUATHAIM — Faghaim ana-shuatha ón obair seo = traocha,
7670tnátha. Muna mbéadh an coga agus suatha na h-aimsire ní
7671bheimíst go h-olc as = an aimsir bheith suaite, nó an suatha a
7672thugan an aimsir dúinn. Táim am shuatha go maith ó mhaidin ag
7673baint na móna = am oibriú, gan suaineas agam aige. Bíon
7674suatha ar an gceann ag an bhfear go mbíon obair throm
7675inithine aige á dhéanamh = ní bhíon an ceann 'na shuaineas aige.
7676Ceist a shuatha = a phlé: corruighe maith a thabhairt di.


7677
7678

SUBH — Tá subh sa bhfairrge = súgha: í bheith láidir garbh
7679bolgtha, is tarac ínti. Bíon subh sa bhfairrge lá na stoir-
7680meach; í eirithe i n-áirde is breis taraic (teairic) ar na
7681clocha: breis siúil aici.
7682


L. 187


7683

SUBHÁILCEACH — Tá na bróga subháilceach = breá bog
7684oiriúnach. Tá an lá, an fhairrge, an obair, an biadh, amhlaidh =
7685taithneamhach; gan bheith docht ná crosta ná goirgeach, ná
7686canncarach.


7687
7688

SUBSTAINNT — Níl aon tsubstainnt san arán san, sa
7689bhfear san = acfuinn, neart. Níl aon ana-shubstainnt in
7690sa mbainne sin mar tá sé ró-uiscealach, ná sa mbórd mar
7691tá sé ró-lag. Níl aon tsubstainnt agam = saibhreas: aon
7692rud go mbéadh tabhairt mhaith ann agus caitheamh. Tá aon
7693tsubstainnt amháin leis an dá fhocal san = aon bhun amháin, aon
7694bhrí bunaig amháin. Ní thuigim cad é an tsubstainnt atá
7695leis an bhfocal san. Sé an t-ím substainnt na cuigine, an
7696bhainne. Tuigim an focal san sa tsubstainnt ach ní thuigim
7697amach is amach é = tuigim an bun-bhrí, gan é thuiscint go
7698cruínn ná go baileach. Ní féidir liom greim a dh'fháilt ach
7699ar shubstainnt do chainnte.


7700
7701

SUC — Suc, suc = an chainnt a déarfá le gamhain ag glaoch
7702air.


7703
7704

SÚD — Bhí so-'s-súd is súd-is-so ar siúl aca = gach ní:
7705gach aon tsaghas.


7706
7707

SÚDAMÁN — Duine breá bog socair réidh. Aon ní a
7708bhéadh aindeis (ainis a deirtear) trom, pé aca bó, capal,
7709bean, asal, fear, nó buachail é.


7710
7711

SUDÓG — Císte a bheireófá fén ngríosaigh. Tá lár na
7712sudóige dóighte.


7713
7714

SÚGACH — Táim go breá súgach = gan bhuairt, geal. Bíon
7715duine amhlaidh gan aon mheisce má bhíon sé sásta go maith.


7716
7717

SÚGHAIM — Tá an léine ag súgha na h-anama asam. Ní
7718deas an béas bheith ag súgha suas = ag smúsuíl. Páipéar
7719súighte = chun an dubh, cig., a shúgha den bpáipéar. Tá ana-
7720shúgha sa lá, nó súgha mór = triomach. Tá súgha maith in sa
7721bhfairge indiubh = súrac, sumh, tarrac (bíon san i gceist
7722nuair a bhíon breis siúil fúithi). B'fhearra liom bheith ag
7723súgha shúig im béal ná bheith ag éisteacht leat — le duine go


L. 188


7724

mbeifá bodhar aige = b'fhearra liom éinní (mar ní blasta an
7725earra an súgh). Tá ana-shúgha san áit sin den abhainn =
7726sciobfadh sí chun siúil (nó síos) thu ansan.


7727
7728

SÚGÁN — Leig chúgham an súgán — an té a bhéadh ag casa a
7729déarfadh. Cas uaim é: táim-se á leigint. Thabharfadh
7730súgán sneachtaidh go dtí an mbaile mór thu = an cúram is
7731lúgha: an tarrac is lúgha neart.


7732
7733

SÚGHLACH — Fuaireamair dínnéar maith is mise á rá leat
7734gur bhaineamair súlach as = dúiseacht, rammsach. Bhain an
7735bheirt súlach as a chéile = ceól maith. Nuair a fuaireamair
7736an lá saoire bhaineamair súlach as = ana-spórt. Muna
7737dtugan tu an peann thar n-ais dom bainfead súlach as do
7738chnámha, as do shúile, as t'aghaidh, as do phus.


7739
7740

SÚGHRAICÍGHIM — Bhíos ag súrac mo bhéil (m'fhiacal,
7741milseán). Tá an gamhain ag súrac (na bó), ag súrac seana-
7742bhróige. Tá na gamhna ag súrac a chéile. Shúraiceóch sé
7743seana-liobar.


7744
7745

SÚGUÍOCHT — Feic súgach. An té a bhíon súgach coitianta
7746bíon súguíocht ag baint leis = é bheith de nádúir ann bheith
7747súgach. Tá mianach na súguíochta ann = an tslí sin a bheith
7748aige: an déanamh san a bheith air.


7749
7750

SUÍDHEACHÁN — Leaba shuídheacháin = seiteal.


7751
7752

SUIDHIM — Chuir an dochtúir suite ar an gcathaoir me =
7753chuir me im shuídhe. Táim suite ar an mbórd = im shuídhe.
7754Ní dheinim aon tsuidhe ó mhaidin go h-oíche = ní shuidhim síos.


7755
7756

SUÍDHTE — Táim suídhte (nó suíte) meághaite lán-deimh-
7757nitheach go bhfuil an ceart agam = nílim i n-aon amhras 'na
7758thaobh.


7759
7760

SÚIL — Cheapas go dtiocfadh Máire indiubh ach tá mo
7761shúil curtha agam di anois mar tá sé ró-dhéanach = nílim ag
7762súil (a thuille) le h-í theacht. Níor tháinig an leabhar chúgham
7763go dtí so ach tá mo shúil leis fós = táim ag súil leis, tá
7764coinne agam leis. Bhí sé im shúil £20 a dh'fháilt ar an mbó =


L. 189


7765

mo shúil ar an méid sin, me ag súil leis. Nuair a tháinig
7766an lá stoirmiúil bhí a súil díom (bhí mo shúil díobh) = ní
7767rabhadar ag súil liom. Bhí súil abhaile leat aréir = bhítheas
7768ag súil leat abhaile. Fuaireas £30 ar an mbó agus b'in é
7769an tsúil nár sílígheadh (nó nár síleadh) = an tsúil, an ní, nár
7770measadh go dtiocfadh sé chun cinn, go bhfíorfaí é.


7771
7772

SÚIL — Bé go bhfágfainn súil dhubh agat anois, féach. Tá
7773súil chirce thíos fém bonn = boghsín beag tímpalach go mbíon
7774rudín beag istig ann is ana-thochas ag baint leis. Tá obair
7775(ag dul) go súile orm = me bheith múchta leis an obair.
7776Súil ribe = gléas chun beirthe ar choiníní: lúb reatha seadh í.
7777Táim dall as súil liom = gan aon radharc i gceann dem dhá
7778shúil. Luigh sé a shúil orm á chur i n-úil go raibh sé ag maga.
7779Cheapas go bhfeaca fear chúgham ach ní raibh éinní ann: ar mo
7780shúile a bhí sé = ní raibh an fear ach ar mo shúile, ar mo radharc.
7781Cuireadh ar mo shúile go raibh fear 'na sheasamh ós (as) mo
7782chóir amach = i slí gur mheasas go raibh sé ann. Bhí súil i
7783n-áirde agam le mórán scéala uait = me bheith ag braith
7784(ag breath a deirtear) ar mórán —: ana-shúil agam le —.
7785bhí mála milseán aige ach ní thabharfadh sé oiread dom is a
7786chaochfadh mo shúil (nó barra mo shúile) = ní thabharfadh aon
7787phioc. Chaitheadar sa tsúil orm é go rabhas ar meisce
7788aréir = chasadar liom é. Tá an ghrian ag dul im shúile.
7789Tá súile dearga agat (ag an ngol). Tá cáithnín, tá rud
7790éigint, fém shúil. I dtosach mo shúile = i n-aice na sróna.
7791Deire na súile = an taobh eile. Tá bracha ar do shúil, ar
7792do shúile = an salachar bán a thagan i dtosach na súl, uair-
7793eanta. Bhí ceó go súile ann aréir = ceó trom trom — rud
7794ná fuil le mola ar an bhfairge (rud nách maith). Bíon an
7795tsúil (nó an tsúilín) chirce istig i lár an dógha talún.


7796
7797

SUÍM — Ní chuirfinn puínn suím é dhéanamh = thiocfadh sé
7798breá bog orm: ní chuirfinn aon tsuath ann.


7799
7800

SÚISTE — An crann: an buailteán: an burlach (brollach)
7801= an rud a cheangcluíon iad: an iall = an gad a cheangluíon
7802iad.


7803
7804

SÚISTEÁIL — Fuaireas súisteáil mhaith óm athair = buala
7805breá te. Tugan an súiste súisteáil don gcoirce.
7806


L. 190


7807

SULT — Tán tu ag cailliúint an tsuilt = gan bheith chó geal
7808is ba ghnáthach leat.


7809
7810

SÚMAIRE — Nó súmadóir. Sin ainmhí ar nós an tslimide
7811chun droch-fhuil a shúgha amach. Níl ionnat ach súmaire gan
7812anam. Maran tusa an súmadóir caite istig sa leabaidh
7813ansan is é a deich a chlog = duine marbh gan anam. Fanan sí
7814'na súmaire díomhaoín cois na teine.


7815
7816

SÚNCÁLAIM — Shúncáil an t-árthach = chuaidh síos go tóin
7817an phuill. Shúncálas me héinig in sa mbannc = chuas síos
7818go doimhin: chuas isteach ar bhior mo chinn in sa mbannc.
7819Cárr súncálta = cárr a bhíon láidir trom 'na dhéanamh.


7820
7821

SÚSÁN — An féar trim a bhíon ar an stuaicín.


7822
7823

SUTHA — Duine a théighean thar fóir ar bhia is ar dheoch:
7824duine uathbhásach chun bia is deoch a chaitheamh. Sutha fir:
7825sutha amadáin: sutha bó: sutha cránach. Is diail an sutha
7826thu.


7827
7828

T


7829
7830

TÁ — Cad tá ansan amuigh? Ó! táthars ann, a mhic ó! =
7831tá rud éigint ann-á chur i n-úil nách aon rud coitianta é.
7832Deir tu go ndubhart-sa an chainnt sin. Go rabhad aige Dia
7833má dúbhart = go bhfuighead bás. Táid chúghainn isteach. Ná
7834rabhaid = fastuím, a dhuine: ní chreidim focal de. Ba
7835cheart go bhfuil an mála san 20 cloch meáchaint, mar mheághas
7836tamal ó shoin é. Tá an blúire tobac so dhá únsa, leath-
7837phúnt. Tá an chluth éadaigh seo £5 ón siopa agus £6 ón
7838dtáilliúir (nó púnt eile ón dtáilliúir). Nílean tu an t-aos
7839fós chuin ciall a bheith agat, chun éinní. Níl sé an t-am (chuin
7840dul isteach go dtí an t-Aifrean). Bhí an méid sin púnt im
7841póca = an oiread san.


7842
7843

TÁBHACHT — Níorbh aon tácht (á srónuithe) liom púnt a
7844chailliúint = níorbh aon ní: ba chuma liom. Ní h-aon tácht an
7845buille beag san = ní fiú trácht air: ní fiú éinní é.
7846


L. 191


7847

TÁBHACHTACH — Feirmeóir tábhachtach = go maith as: láidir:
7848gur fiú cuid mhaith a thuairim.


7849
7850

TABHAIRT-AMACH — Feic tugaim. Níl aon tabhairt-amach
7851ionnat = aon rabairneacht: níl aon mhaith ionnat chun rud a
7852chur chun cinn — rínce, cig., nó obair nó éinní; níl caitheamh ná
7853teacht aniar ionnat. Tá tabhairt-amach maith, nó tabhairt
7854maith, in sa gcapal ráis = teacht abhaile, seasamh. Ní raibh
7855aon tabhairt-amach, aon tabhairt abhaile ínti = fuinneamh ná
7856neart ná croidhe ná eiríghe ó thalamh ná ceól. Bhí ana-thabhairt-
7857amach ag an gcruinniú = óráid mhaith, nó óráideana maithe:
7858rudaí sa tsiúl.


7859
7860

TABHARTHAS — Is mór an tabharthas ó Dhia an lá breá =
7861bronntanas: rud a bronntar. Is fairsing é tabharthas Dé
7862= tugan Sé mórán neithe maithe uaidh — déarfaí, cig., dá
7863dtiocfadh bia chun daoine is iad 'na ghátar go géar. Tá
7864tabharthas aighnis agat = buadh aighnis: cainnt bhreá. Ba
7865dheacair Máire a chur i dtabharthas ó n-a máthair = í aithniúint
7866thar a máthair — toisc iad a bheith ana-dheárthatach le chéile.
7867Ba dheacair an chainnt atá agaibh a chur i dtabharthas (nó i
7868dtobhras) ó ghibiris na ngéana.


7869
7870

TACA — Siad na scoileana taca is seasamh na teangan
7871agus is olc an taca iad = rud a bhíon ag coimeád rud éigint
7872eile suas (ó thuitim). Níor mhaith an taca thu fiche bliain ó
7873shoin = ní raibh mórán maitheasa ionnat.


7874
7875

TACUÍOCHT — Níl taca ná tacuíocht ionnam = fuinneamh,
7876cómhacht mhaith, neartú. Táid ag díol is ag ceannach na bó ach
7877níl aon tacuíocht eatora fós = socrú, greamú, daingeanú.
7878Dhein Seán tacuíocht liom i mbaint na móna = chabhruigh liom.
7879Fuaireas tacuíocht leis an mbó go mbéarfadh sí fé n-a
7880leithéid seo de lá = urrús, daingeanú. Chuaidh sí níosa shia
7881ná an tacuíocht = thóg sí níos mó aimsire ná an tacuíocht:
7882chuaidh sí thar an dtacuíocht, thar an urrús, thar an am a bhí
7883geallta. Dhein an máistir tacuíocht leis an mbuachail
7884aimsire a chuir sé chúgham = chuaidh sé fé go raibh an oiread
7885so maitheasa ann, go bhféadfadh sé a leithéid seo d'obair a
7886dhéanamh, agus mar sin. Ní raibh an buachail chó maith leis an
7887dtacuíocht, le n-a thacuíocht.
7888


L. 192


7889

TADHALL — Tadhall snátha = scáinne — chun fuaghála, nó
7890chun stocaí a dheisiú.


7891
7892

TAGAIM — Tagan an focal san isteach i mórán slite —
7893isteach in sa gcainnt = úsáidtear é. Coimeádfad an iall
7894mar tiocfaidh sí isteach úsáideach uair éigint = beidh sí,
7895tárlóidh sí. Úsáidfinn an focal san dréir mar a thiocfadh an
7896chainnt isteach = dréir mar a déarfaí an chainnt is a tabharfaí
7897slí don bhfocal. Nuair a deineadh níghe ar an éadach tháinig as
7898= chuaidh sé i bhfaid. Ní féidir liom teacht suas leat, lem
7899chuid gnótha, le díol as an gcapall = me héinig a chur ar aon
7900scór amháin le —. Níl ach deór (diúr) beag ag an mbó
7901anois, ach tiocfaidh sí chun bainne mhaith nuair a gheóbhaidh sí an
7902deagh-chothú = beidh bainne maith aici. Má bhíon bó imithe i
7903ndísc is deocair (deacair) í thabhairt chuin bainne. Bhí an
7904fear bocht chó h-olc san ná raibh ann ach "tar" nó "imigh" =
7905bhí sé idir dhá cheann na meágha, ní bhéadh fhios agat cioca a
7906gheóbhadh sé bás nó ná fuigheadh. Bíodh "tar" nó "imigh "
7907agat = fan nó ná fan, dein nó ná dein: tóg taobh éigint:
7908bíodh taobh éigint agat: dein teacht nó imeacht. Bíon an
7909focal san ag teacht go tiubh orainn = úsáidimíd go fuigheach é.
7910Phrioc deilgín mo mhéar is tháinig sí ana-theinn = d'eirigh sí
7911amhlaidh. Tá tagtha fé sna sléibhte (sléite) tar éis an
7912triomaigh mhóir = táid fliuch go maith: an t-uisce ag brise
7913amach tríotha. Tá ag teacht fém chuid éadaigh sa tseómra =
7914taisiriú beag, drúchtíní ag teacht ortha cheal gaoithe is teasa.
7915Bíon ag teacht fés gach aon ní mar sin. Táimíd héinig ag
7916teacht isteach le chéile gach aon lá = ag tuitim chuin caradais.
7917Táim ag teacht isteach ar an nGaoluinn, ar do chainnt, ar
7918do shlí, ar éinní = ag dul i dtaithí na Gaoluinne is mar sin
7919díobh. Abair é uair nó dhó, is muna dtagaid leat tar leó
7920= muna dtuitid isteach leat tuit-se isteach leótha. Nílim
7921sásta leis an slí go bhfuil an saol ag teacht orm = ag eiríghe
7922liom: ag teacht mo shlí. Sin é díreach atá ag teacht liom =
7923nách féidir liom a thuiscint, a réiteach: atá am shárú.
7924Bhéinn go maith chun iománuíochta muna mbéadh an anáil:
7925sin é atá ag teacht liom = ag teacht im choinnibh. Tá droch-
7926ghalar ag teacht le Seán = air, ag cur isteach air. An rud a
7927bhíon ag teacht leat mar sin ní féidir leat é dh'fhágaint
7928id dhiaidh. Bíon an galar san ag teacht liom i gcómhnuí =
7929ag casa chúgham is uaim i gcómhnuí. Tagan an hata dhuit = an


L. 193


7930

dath ceart is an déanamh ceart a bheith air. Feic oiriúnuighim.
7931Tiocfad suas leat, a chladhaire = ní ag dul uait atá sé
7932(buala, nó díoghaltas). Tá ag teacht ionnat gach aon lá =
7933tu bheith ag dul i méid, i bhfeabhas. Tá ag teacht id chuid
7934Gaoluinne = í bheith ag fás agat. Is uafásach an duine é:
7935ní bhainfeadh a dtiocfaidh ná a dtáinig riamh aon chothrom do
7936(de). Tagaim leat sa méid sin = aontuighim: táim ar
7937aon aigne amháin. Ní féidir liom an Ghaoluinn a thabhairt
7938amach indiubh: níl sí, níl an chainnt, níl an teanga, níl na
7939focla, ag teacht liom = nílid ag eiríghe liom, chúgham.
7940Tá teacht fén dtalamh, fén dtig = uisce ag brise aníos.
7941Tá ag teacht féd mhuilean tar éis an tost go léir = tá an
7942chainnt ag teacht chúghat. Sin é an focal ba thúisce (a tháinig)
7943chun mo bhéil = bé ba thúisce chúgham. Níor fhéadas tu thuis-
7944cint, ach táim ag teacht ort anois = ar tu thuiscint, táim ag
7945teacht isteach ort. Tá Séamas so 'gainne i mbéal a theacht
7946'amach = i mbéal a thugtha amach, i mbéal a thabhartha amach:
7947ullamh chun teacht amach as héinig agus déanamh dó héinig:
7948ullamh chun pósta, chun post a thógaint, chun dul i mbun a
7949shlí bheatha héinig a thuilleamh. Ní ag teacht rómhat air sin é,
7950ach ní dóigh liom go bhfuil an ceart á rá agat, á dhéanamh agat
7951= ní h-amhlaidh is áil liom teacht treasna ort, cur isteach
7952ort. Cainnt leath-scéalach é sin a deirean duine nuair
7953a bhíon sé ag brise isteach ar chainnt nó ar ghnó dhuine eile.
7954Níl tagtha agam ar an leabhar san fós = níl sé aimsithe
7955agam: níl mo mhéar buailte air.


7956
7957

TAGRAIM — Táim fé smacht an iomarca is caithfidh é
7958sin a thagairt lem báistir (lem mháistir) = ní mór dom é sin
7959a chur i n-úil dó: focal a rá leis 'na thaobh. Má theastuíon
7960uait cóir a bhaint amach ní mór duit gach aon scéal mar sin
7961a thagairt = a chur i n-úil: cuímhneamh a tharac ortha. Níl
7962fhios agam cad dó (cé dhó, cé dhóibh) go raibh sé ag tagairt
7963na cainnte.


7964
7965

TAICID — Bead i Luimneach fén dtaicid seo amáireach.
7966bhíos breóite an taicid seo anuiridh, indé = am, tráth.


7967
7968

TAIDHRÍGHIM — Níl aon ní á thaidhreamh dom do ló ná


L. 194


7969

d'oíche ach an Ghaoluinn = ní thagan cuímhneamh ar éinní eile
7970isteach im cheann.


7971
7972

TAIDHSEAMH — Dheineas taidhseamh a thabhairt don éadach
7973= cleanndar (deinean sé láidir é): cuma mhaith.


7974
7975

TAIDHSÍGHIM — Taidhsítear dhom go bhfuil Gaoluinn bhín
7976agat = chítear: measaim: tá sé á shoillsiú isteach orm.
7977Taidhsíodh dhom go rabhas ceart bíodh ná féadfainn é dheimhniú
7978= bhí rud éigint á rá, á theasbáint dom. Taidhbhsíghim.
7979Taidhsíon tu ana-dheas indiubh = sámhluíon tu. Taidhsíon sé
7980ana-dheas agam, nó dhom = tá sé amhlaidh im shúile. Ní
7981thaidhsíon tu reamhar = ní fhéachan tu bheith amhlaidh. Taidh-
7982sítear dhom ná fuil aon mhaith in sa mbó = samhluítear.
7983Taidhsíon an t-am ana-fhada nuair a bhíon ocras ar dhuine.
7984Tá ceist na h-Éirean ag taidhseamh go maith = ag féachaint
7985go maith. Tán tu ag taidhseamh go breá láidir = féachan tu
7986mar sin im shúile. Chuireas taidhseamh ar an éadach = iarnáil
7987a thabhairt dó is cleanndar a chur ann: cló maith.


7988
7989

TAIGHDÍGHIM — Bhí an madra ag taighde (nó ag taighle) na
7990gainímhe = ag déanamh puíll isteach ann. Cuireadh an bhó, ach
7991dhein na madraí taighde uirthi = rómhar síos chun í bhaint amach.
7992Chuaidh an coinín isteach i bpoll is chaitheamair taighde a
7993dhéanamh chun teacht air. Taighde a dhéanamh ar cheist =
7994scrúdú, cuardach. Tán tu ag taighde chun tosaigh i gcómhnuí
7995= ag dul chun cinn le taighde. Dheineas ana-thaighde ar
7996litríocht na Gaoluinne.


7997
7998

TAIMHILT — Níl aon taimhilt mheabhrach ná radhairc agat =
7999léas. Níl aon taimhilt agam chuin Gaoluinne = me bheith
8000fiain, as mo mheabhair, chúichi: scúmhaite chúichi. Tá taimhilt
8001bheag den gcéird, den nGaoluinn, agam = rud beag, blúirín.


8002
8003

TÁIR — Tá an táir-anuas sa tig seo = an bháisteach anuas,
8004an braon anuas.


8005
8006

TAIRBHE — Conus tá an duine breóite? Níl tairbhe ná
8007maitheas air = níl aon fheabhas. Níl tairbhe ná maitheas
8008ionnat chun éinní. Níl tairbhe ná maitheas ag teacht orm


L. 195


8009

fós chun na Gaoluinne, is ní gairid dom é. Go bhfuighir a
8010thairbhe, tairbhe éinní. Nár fhuighir a thairbhe. Nó tairfe.


8011
8012

TAIRBHÍGHIM — Fuaireas oideas ón ndochtúir ach níor
8013thairbhigh sé dhom = níor dhein tairbhe dhom, ná maitheas: níor
8014fhóghnuigh. Ní thairbheóidh an obair seo dod shláinte. Bhíomair
8015ag obair go díchealach ach níor thairbhíomair faic dá bhárr =
8016níorbh aon tairbhe dhúinn é.


8017
8018

TÁIR-FHLIUCH — Tá an lá (an mhaidin, an tráthnóna) táir-
8019fhliuch go maith = báisteach mhaith ann. Tá sé táir-fhliuch
8020amuigh.


8021
8022

TAIRIGIGHIM — Tarraingim. Bhíos ag taireac (tarrac)
8023mo phípe = ag baint gail aisti: ag taireac ar mo phíp.
8024Beidh an méid seo tairicthe agam anocht = críochnuithe. Bhí
8025Seán ag taireac feirge, uilc, muíntearthais, caradais,
8026cainnte, éinní, eatora = ag cur ar bun: ag tabhairt anuas.
8027Thairig an chainnt sin easaontas (easádhantas) idir me is í.
8028Tá sé a h-aondhéag nó ag taireac ar a dódhéag = ag déanamh.
8029Ní bhfuaireas tora an scrúdú fós ach tá sé ag taireac ar an
8030am chuige anois = ag déanamh isteach ar —. Bhí sé ag taireac
8031ar an am fhios bheith againn cad deinfí. Ná tairig chúgham
8032an lá san = ná tabhair anuas, ná dein é luadha. Ná tairig
8033chúgham an fear san = ná tosnuigh ar chainnt a dhéanamh chúgham
8034tímpal air. Ní bhfuighean éinne post gan é thaireac — muna
8035mbíon ana-lé leis = gan é thuilleamh: gan obair dhian a
8036dhéanamh chuige. N'fheadar cad a thairig ar a chéile iad =
8037cad a chuir an troid nó an t-olc ar bun eatora. Níor mhaith
8038liom Seán (nó fearg Sheáin) a thaireac orm = a thabhairt
8039anuas orm. Tán tu curtha chuin costais ana-mhóir ag an
8040bhfeirm sin, is ní thairiceóir as go deó = ní thiocfaidh tu as:
8041ní thabharfaidh tu tu héinig as go bráth. Tairigíodh £25 dom
8042ar an mbó. Thairig Séamas dom = thairig sé troid dom:
8043d fhógair sé na dóirne orm. Ní maith liom bruighin ná
8044crosa ná searús a thaireac. Ní bhfuaireas an bhó ar mo
8045thairiscint = ar an méid a thairigíos uirthi. Thairigíos do
8046Mháire go ndíolfainn as an ngluaisteán (nó díol as an
8047ngluaisteán) ach ní thoileóch sí chuige. Is deacair cion (nó
8048aigne) na ndaoine a thaireac ar an nGaoluinn. Tá taireac
8049tríd sa tsráid seo = brú is obair is achran is trangaláil:


L. 196


8050

ní mór do dhuine brú roimis chuin teacht tríd an sráid.
8051Cunathaobh go bhfuil an focal san tairicthe gorm agat? =
8052line gorm tairicthe tríd nó fé n-a bhun. Dheineas an leatha-
8053nach san do thaireac gorm mar go raibh mianach fóghanta ann.
8054Tan tu ana-thairicthe id chóntanós, id chom = fáiscithe, caol,
8055seanng. Tá aghaidh thairicthe ort is tu héinig tairicthe. Tá
8056sé tairicthe agat = tá tairicthe tríd agat: tá críochnuithe
8057agat, tán tu tagtha abhaile. Is maith an taireac tríd agat
8058é — ceacht cruaidh a deineadh go maith. Bhíos ag taireac
8059siar abhaile = ag treabha liom. Thairigíos an tráigh, an
8060baile mór, an tig, leathanach éigint i leabhar = shroiseas,
8061bhaineas amach. Thairigíos an Scairbh soir ar a dó a chlog.
8062Tán tu ag taireac leat = ag imeacht leat ag treabha go
8063dian. Mo ghrá do thaireac aniar! = do theacht aniar, do
8064theacht thar n-ais, do chríochnú amach. Níor ínseas scéal riamh
8065ná níor thairigíos orm héinig a leithéid a dhéanamh. Thairi-
8066gíos do Sheán dul leis = é chómhrac — nó dul 'na theannta
8067chun éinní. Tá deire an fhocail seo tairicthe agam anois.
8068Tá an dá choláiste tairicthe ar a chéile = i gcoinnibh a chéile
8069(i gcomórtas báire, abair).


8070
8071

TAIRINGE — Tairingí seaca = iad so a cuirtear fé
8072chapal lá seaca. Bróg thairngí: bróga tairngí. Tairnge
8073ceártan = é seo a bhíon i gcrú an chapaill.


8074
8075

TAIRNGIREACHT — Bhí sé sa tairngireacht go raibh a
8076leithéid seo le tuitim amach.


8077
8078

TAIRSING — Thána go faor na tairsinge = na táirsíghe.
8079Tairsingí.


8080
8081

TAIRT — Tá an mhóin 'na tairt = na spairt; móin fhliuch
8082go mbéadh an tsubstainnt is an súghlach imithe aisti. Tairt-
8083fheóil = feóil gan íle, feóil thur.


8084
8085

TAISIRIÚ — Tá taisiriú alluis orm = allus beag éadtrom.
8086Tá taisiriú ar an bhfalla ag an aimsir fhliuch = fliucha beag.
8087Bíon taisiriú ar an móin nuair a bhíon sí eirithe bog ó bheith
8088cruaidh.


8089
8090

TAISTEAL — Máille ar a gcíortaí an líon. Bhíos ag
8091taisteal (an bhóthair) liom.
8092


L. 197


8093

TAISTHLÁTH — Tá sí taisthláth = gan bheith malluithe; caoin
8094cneasta.


8095
8096

TAITHÍGHEACH — Aithneófá ortha gur daoine oilte eól-
8097gaiseacha taithígheacha ar a ngnó iad = taithí a bheith aca. Táim
8098taithígheach ar an bpeann.


8099
8100

TAITHIGEACH — Leabhar (bean, buachail, capal) taithigeach =
8101mór go maith; reamhar leathan láidir.


8102
8103

TAITHÍGHIM — Níor thaithíos an Ghaoluinn riamh = níor
8104chleachtuíos, ní raibh taithí ná cuidreamh agam uirthi.


8105
8106

TAITHNEAMH — Thug mo chroidhe taithneamh don ngarsún
8107bocht, do n-a chainnt, d'éinní = thuit i ngreann le -. Tá
8108rudaí ann 'e bhreis ar a chéile go dtabharfá taithneamh dhóibh =
8109a thaithneóch leat.


8110
8111

TAITHNEASC — Níl puínn taithnisc ins na prátaí = toirt.
8112Tá taithneasc maith ins na bróga so.


8113
8114

TÁL — Bhí an chráin ag tál ar na banbhaí = ag tabhairt an
8115bhainne dhóibh.


8116
8117

TALAMH — Ní dheinfeadh an grán aon talamh ar róin =
8118ní raghadh sé i bhfód air, nó ann: ní dheinfeadh sé aon lámh
8119air: ní ghorthóch sé puínn é. Ní féidir liom aon talamh a
8120dhéanamh ar na h-eascainithe = ní féidir liom iad a thabhairt
8121suas (eiríghe asta). Luach do shaothair go raibh agat ar
8122neamh agus ar talamh. tá an talamh déanta go luath ag
8123Tomás indiubh = tá sé tagtha, tá a ghnó déanta aige, go
8124luath. Chuas ann do thalamh. D'fhairge an tslí eile. Tá an
8125talamh déanta agam rómhat = táim anso rómhat, tá an gnó
8126críochnuithe agam rómhat. Tá ana-eiríghe-ó-thalamh ort
8127indiubh = ana-thógaint croidhe: ana-scléip is misneach. Tá
8128an ceól ag imeacht fé thalamh = díomhaoín, gan bheith ag imeacht
8129fé chosa éinne: gan éinne bheith ag rínce. Bhí an chráin, an
8130fear buile, ag ithe na talún = á thóch is a thaighde is ag ithe na
8131cré. Chuireas an t-airgead síos i bpoll talún síos go dtí an
8132guidhean. Chuir an scéal ag crith ó thalamh me = gach blúire
8133díom. Buail sé ó thalamh me = thug ana-bhuala dhom: dhein


L. 198


8134

gach blúire dhíom a bhuala. Tógadh ó thalamh me le h-aon
8135dorn amháin = ós cionn na talún: baineadh na buínn uaim.
8136Gaedhal ó thalamh seadh thu = togha Gaedhil: gach spalla díot
8137ós na buínn suas go dtí mullach do chinn. Tá Gaoluinn ó
8138thalamh agat = togha is rogha di: mar a bhéadh tig a bhéadh
8139tógtha go maith gach ruainne de ón nguidhean suas go frathacha.
8140Talamh na curadóireachta = an chuid uachtarach den dtalamh
8141go bhfuil an tabhairt ann. Fé n-a bhun sin bíon an guidhean,
8142agus thíos fé sin aríst an grinneal. Tá talamh maith á
8143dhéanamh agat ar an gceacht = tu á chur díot go tiubh. Ní
8144bheidh an talamh déanta i n'iomláine ar an leabhar so go
8145mbeidh sé críochnuithe amach. Scaoileadh na h-úbhla fé thalamh
8146orm = síos ar an dtalamh, fan na talún, i dtreó na talún.
8147Dhíolas ó thalamh as an marga = go breá, go dóite. Ní
8148féidir liom aon talamh a dhéanamh ar an bhfocal san = aon
8149éifeacht a bhaint as, an lá do dh'fháilt air. Talamh a dhéanamh
8150ar bhloc adhmaid = é bhrise. Nuair a bhíon an talamh déanta
8151agat ar rud bíon an fear maith déanta agat air agus an
8152clausúr agat air.


8153
8154

TALAMHUIDHE — Tán tu ana-thalamhuí = daingean, dion-
8155gabhálta, ceangailte ar an dtalamh. Táim talamhuí im
8156dhéanamh is talamhuí im aigne. Is minic a chaith balcaire
8157d'fhear teann talamhuí an cleithire fáiscithe fuinte = is
8158minic a leag.


8159
8160

TÁMÁILTE — Duine támáilte = go mbéadh a cheart náire
8161ag baint leis is ná béadh ró-dhána. Nách neamh-thámáilte an
8162gnó dhuit teacht anso gan chead?


8163
8164

TÁMÁILTEACHT — Tháinig támáilteacht uirthi nuair a
8165chonnaic sí an sagart = mhaoluigh sí anuas: tháinig náire
8166uirthi.


8167
8168

TAMALL — Bím tamal ag obair is dhá thamal díomhaoín.
8169Tamalacha bím breóite go maith.


8170
8171

TÁNAISTE — Táim tánaiste do bheith chó maith leat =
8172gairid do. Sí Bríd is deise, agus tá Peig i dtánaiste di =
8173Peig is gorra di tímpal áilneachta. Nílim ach tánaiste
8174chuin Gaoluinne = cuíbhsach: gan bheith olc ná maith. Dá


L. 199


8175

mbéinn i dtanáiste dhuit tímpal Gaoluinne ní bhéinn go
8176h-olc = cómhngarach duit. Ar an té is fearr tugtar an
8177cíonáth. Níor thógas an duais ach chuas i dtánaiste (nó i
8178ndánaiste) dhó = i ngiorracht. Chuaidh sé i dtánaiste (a)
8179anam a chailliúint i bpoll portaigh. Bhí an bháisteach i dtán-
8180aiste (do bheith) chó trom is a chonac riamh = beag nách.


8181
8182

TANN — Tá tann maith dem aois caite agam, tagtha agam
8183= cuid mhaith. Tá tann maith den nGaoluinn agat, tann
8184maith páipéirí ins an mbosca; tá tann maith prátaí againn.
8185Nó tonn.


8186
8187

TANUIDHE — Fan istig san uisce tanuí ón uair ná fuil
8188snámh agat = caol, gan bheith doimhin.


8189
8190

TANUIGHIM — Ní mór duit an tae a thanú: tá sí ró-
8191láidir = í lagú, uisce a chur ínti. Bhíos ag tanú turnapaí
8192amuigh in sa ngort. Tá a chuid gruaige ag tanú.


8193
8194

TAOBH — Cunathaobh gur dheinis é sin? Níl aon taobh =
8195níl aon chúis, níl faic. Nó, gach aon taobh = gach aon chúis.
8196Labhras ar do thaobh = id leith. Bhí ochtar ón dtaobh againn ag
8197imirt. Ciaca Gaoluinn nó Béarla atá agat? An dá
8198thaobh = an dá cheann. Tá an bhó (nó éinní) amuigh ansan i
8199dtaobh éigint = i mball éigint. Chonac an focal i dtaobh
8200éigint. Tháinig an námhaid ón dá thaobh ar an ndaingean ó
8201mhuir is ó thalamh. Thug sé an t-aighneas dom ó
8202thaobh taobh. B'fhearra liom mo thaobh féinig a bheith
8203agam ná aon ní ar an saol = mo thoil héinig. Ní
8204ceart bheith ag tromuíocht orm taobh thiar díom =
8205gan me bheith ag éisteacht ná i láthair. Fuair sé
8206buala uaim ar an dá thaobh is ar an mbolg = buala tréan ó
8207gach uile phoinnte. Ní mór do dhuine dhá thaobh an scéil a bheith
8208aige sar a dtugan sé breith. Sé an díomhaointeas an taobh
8209eile tímpal den obair.


8210
8211

TAOBHÁN — Bhí sé ag gabháilt den dtaobhán ort = bata
8212breá téagartha. Taobhán teann tarraing as = bíodh do
8213tharac agat as rud nuair a gheibhean tu an tseans-cómhairle
8214go mbainean an rógaire úsáid mhaith as.
8215


L. 200


8216

TAOIBHÍN — Muna bhfuil do dhóthin agat ansan cuir taoibhín
8217leis = breis bheag: taidhgín.


8218
8219

TAOIDE — Tá sé (nó sí) ag líona = tá sé (sí) ag teacht
8220isteach: tá an t-uisce ag teacht, ag eiríghe. Tagan an
8221taoide isteach mar sin go dtí go mbíon sé 'na bharra taoide.
8222Nuair a bhíon sé 'na bharra taoide (nuair a bhíon sí 'na barra
8223taoide, agus mar sin i ngach uile chás eile) bíon deire leis
8224an líona. Tá sé 'na rabharta nuair a líonan sé ana-fhada
8225isteach, agus nuair a thrághan sé ana-fhada amach. Scúbhan an
8226cladach ana-fhaid síos amach an uair sin, agus fuinneamh
8227buile fén uisce isteach is amach. Chómh-chómhacht atá aici ag
8228teacht is ag dul (ag imeacht). Tá an taoide casta, casta ó
8229bheith ag líona nó ag trágha. Tá sé ag trágha = ag tuitim, ag
8230imeacht, ag dul síos, ag dul amach. Bíon an t-uisce mar
8231sin go dtí go mbíon 'na lac-trágha (lag trágha), nó 'na lac-
8232trágha mara. Bíon 'na stad ansan gan aon taoide ann is
8233ní thrághan amach a thuille. Bíon sé (nó sí) 'na thráigh, 'na
8234lac-trágha, nuair a bhíon sé imithe chó mor is imeóidh sé is ag
8235faire ar chasa. Imeall (umall) lac-trágha = teóra na
8236fairge nuair a bhíon sí tráite amach. Imeall an bharra
8237taoide = an teóra nuair a bhíon líonta lán isteach. Íochtar
8238trágha = bun trágha: lac-trágha — pé faid a raghaidh sé amach.
8239Dá fhaid amach a raghaidh an t-uisce indiubh 'e bhreis ar an lá
8240indé tiocfaidh sé isteach an fhaid chéadna. Chómh-fhaid aimsire
8241a thógfaidh sé ag teacht is ag imeacht dó. Tugtar rabharta
8242ar an dtaoide nuair a bhíon breis siúil is fuinnimh fúithi.
8243Tá sé na bharra taoide rabharta = barra taoide nuair a
8244bhíon an rabharta ann (barra a bhíon ana-fhada isteach). Má bhíon
8245tarac, nó teaireac, láidir ann glanfaidh sé an dá theórain
8246aníos is síos. Nuair a bhíon an gnáth-fhuinneamh fén dtaoide
8247tugtar malabhair (mall-mhuir) uirthi. Beidh an mhalabhair
8248ann sara fada. Barra taoide malabhrach. Lac-trágha
8249malabhrach. Tá sé 'na bharra taoide malabhrach. Tá an
8250rabharta ar bun = ag teacht, tosnuithe. Tá sé 'na thaoide
8251thuille' tá taoide thuille ann = tá sé ag líona. Tá sé
8252ag taoid atha, 'na thaoid' atha = ag trágha. Tá sé (sí) ag
8253tuille = ag líona, ag teacht isteach. Tá sí (sé) 'na lac-
8254trágha: 'na barra taoide: 'na malabhair, 'na rabharta.
8255D'fhanas thuas ag barra taoide = ag an áit is sia isteach
8256go dtagan an taoide (dréir mar a bhíon rabharta nó malabh-


L. 201


8257

air ann). Tháinig an barra taoide ana-thamal aníos. Tá
8258sé ag taoid' atha, 'na thaoid' atha. Tá sé i n'aoirde lán
8259= chó fada isteach is a thiocfaidh. Tá aoirde lán na taoide
8260ann. Nuair a thosnuíon an trágha caithfidh sí an ainm sin
8261(aoirde lán) a shéana. Tá lag-thaoide ann = taoide lag.
8262Dá mbéadh carraig in sa bhfairrge agus an taoide ag gabháilt
8263andeas bhéadh taoide chas ar an dtaobh thuaidh den gcarraig =
8264taoide ná béadh ar aon imeacht amháin, a bhéadh ag brise
8265isteach i gcoinnibh a chéile, nó i gcoinnibh éinní a chasfadh í ó
8266bheith ar aon rian amháin. Fairge chas = fairge bhriste gan
8267ghaoth — fairrge a bhíon ag brise i gcoinnibh a chéile, rud a
8268bhíon i gceist nuair ná bíon an ghaoth is an fhairge i n-aon treó
8269amháin. Is olc a raghaidh an rabharta ar an malabhair duit =
8270is olc a raghaidh an saol breá (a bhí agat) ar an ndroch-shaol
8271(a bheidh agat feasta) = is olc a thiocfaidh an saol maith
8272isteach ar an ndroch-shaol, is olc a raghaidh an t-athrú dhuit.


8273
8274

TAOINNTE — An méid snátha a cuirtear sa tsnáthaid.
8275Chaitheas an taoinnte déanach den bpeann luadha = an blúire
8276deireanach. Níl taoinnte maitheasa ionnat.


8277
8278

TAOMANACH — Cur ana-thaomanach seadh na prátaí =
8279tagan mórán galar ortha. Tá an bhliain seo ana-thaomanach
8280ar na beithígh = tugan mórán taomana léi.


8281
8282

TAOS — Tá an iomarca taois in sa gcíste agam = adhbhar
8283císte a dhéanamh nuair a bhíon sé fuinte ar a chéile. Tá an
8284císte 'na thaos fós. Tá an taos leis an oighean againn =
8285an císte deireanach thíos againn: sinne bheith gátarach go
8286maith: gan aon taos (ná adhbhar taois) againn ach a bhfuil
8287ins an oighean.


8288
8289

TAOSCAIM — Bhíos ag taosca an bhainne isteach ionnam
8290héinig = á ól isteach: á dhiúga.


8291
8292

TAOSCÁN- — Chailleas an taoscán a bhí agam = an t-árus
8293chuin bád a thaosca amach. Tá taoscán mór eólais agam =
8294cuid mhaith. Dheineas taoscán maith colata = dreas maith.


8295
8296

THAP — Thuit an t-uaireadóir uaim ar an dtalamh is
8297tháinig mí-thap orm mar gheall air = geit, droch-léim croidhe.
8298


L. 202


8299

Baineadh mí-thap asam nuair a chonac na dubhchrónaigh chúgham
8300= léim mo chroidhe le scannra. Cár ghá dhuit an thap san a
8301bhaint asam? = geit, sceit, a bhaint asam. Bím ag baint
8302thapana as gach éinne. Feic hap.


8303
8304

TAPA — Ní rabhas ar mo thapa chun breith ar an dtraen =
8305ullamh, i n-am, ar bior. Ní rabhas ar mo thapa i n-am chun na
8306leitreacha a leigint leat go dtí an mbaile mór = ar bior,
8307ar tinneal. Ní rabhamair ar ár dtapa chun an coinín a
8308lámhach = ní rabhamair tapaidh go leór. Tá ana-thapa ionnat
8309= ana-anam.


8310
8311

TAPAIDH — Tháinig an focal tapaidh orm is ní h-aon
8312mhascaine é = d'éalaigh orm. Tá Tomás ana-thapaidh = ana-
8313e ear, ana-chrosta; léimfeadh sé chun feirge go grod: ní
8314thógfadh sé puínn uait. Is maith tapaidh atá an obair
8315déanta agat = go breá tapaidh, ana-thapaidh: is maith a
8316luatha. Ar an imeacht gcéadna is maith breá atá an obair
8317déanta agat = is ana-bhreá: breá go maith.


8318
8319

THAR — Duine thar daoine seadh thu = ní duine den tsaghas
8320a bhíon ag imeacht coitianta: ní h-é gach éinne a dh'fhéadfadh
8321seasamh id bhróga: duine éagsamhail. D'imigh an chainnt
8322sin thar mo chluasa = níor chuala é: níor chuaidh sé isteach im
8323chluasa. Scaoileas an focal thar mo chluasa = níor thógas aon
8324chluas do: leigeas tharam é gan suím a chur ann. Tán tu
8325tórsa go léir in sa scrúdú, i n-éinní = níos fearr ná iad go
8326léir. Tá an t-árthach thar do radharc soir = níosa shia soir
8327ná mar is féidir leat feiscint. Nách é an dial é go gcaithfá
8328bheith ar meisce an lá so thar laetheanta an domhain? = an lá
8329so thar ('e bhreis ar) aon lá eile. Dheineas thar mo thoil é =
8330i gcoinnibh mo thoile. Ní dóigh liom go bhfuil sé éinní thar a
83319 a chlog = níos mó ná —. Bhítheas a d'iarraidh orm scéal a
8332rá, ach bhíos ag gabháilt thairis á rá go rabhas ró-mhanntach = á
8333chur (chuir a deirtear) díom. Cuirfidh an t-ól thar do
8334shláinte, thar do mhaitheas, thu = fágfaidh sa tslí thu ná beidh
8335aon mhaith ná sláinte ionnat. Cuirfidh an obair thar do
8336chlainn thu = i slí ná beidh a thuille clainne agat. Chuirfeadh
8337inní éinní thar éinní eile. Má tá púnt agam ní mór
8338thairis = de bhreis air, níos mó. Tá Bríd ana-lag is níl dul
8339thar an oíche anocht aici = ní raghaidh sí thar an oíche anocht:


L. 203


8340

gheóbhaidh sí bás anocht. Bhíos as baile ach deineadh an obair
8341thar mo cheann dom = im inead. Ghaibh sé thar Aifrean =
8342ghaibh thairis is an tAifrean á rá. Is minic a théighean leas-
8343ainm tharat = is minic ná beirean sé greim ort, ná tugtar
8344ort é, ná béadh sé oiriúnach duit. Chuas thar mo dhícheal =
8345dheineas níos mó ná é. Ná téir thar do dhóthin ar an bhfeóil =
8346ná h-ith an iomarca di. Ní féidir dul tharat le nímhneacht =
8347tu shárú. Chuala gur tusa a bhris an lampa is ní chuirfinn
8348tharat é = ní déarfainn ná deinfá é: ní raghainn ag lorg
8349inne eile chun an brise a ghreamú anuas air. Tóg na
8350prátaí seo: ní dh'fhéadfá dul thórsa = iad a shárú: a sárú
8351a dh fháilt. Cuir do lámh tharam aniar. Níor mhaith liom aon
8352rud a rá a bhéadh thar ceart = a bhéadh lasmuigh den gceart,
8353den bhfírine. Tá an t-uisce sin istig thar oíche = tugadh
8354isteach aréir é is tá sé istig ar feadh na h-oíche. Níor mhaith
8355liom fanacht oiread is nóimeat thairis an gceart = níos
8356mó ná an ceart. Ní rabhas riamh thar an Scairbh soir = níos
8357mó soir ná an Scairbh. Táim im throsca is é thar am dom.
8358Tá sé ag cur thairis sa tsiopa san = ag cárthnán (cárnán)
8359airgid: nó, ag cárthnán nó ag cur le chéile go tiubh is ag
8360spáráilt éinní. Tá an tig ceannuithe agam thar a bharra,
8361nó thar n-a bharra = amach is amach. Chuaidh sé thar mo neart
8362dhéanamh = níor leór é mo neart chun é dhéanamh. Dh'fhéadfá
8363inní do chur tharat chó maith leis an airgead. Scéal thairis
8364sin agus caith uait é = scéal ná bainean leis an gcúrsa
8365atá á phlé: scéal a tairigítear anuas chun scéal eile a
8366chur i leath-taoibh. Bíodh an gníomh san 'na scéal thairis
8367anois = scéal ná deinfar trácht air, scéal ná beidh 'na chúrsa
8368cainnte. Chuireas an téadán tharam héinig siar = anuas ar
8369an mbolg a bhuaileas é ar dtúis. Táim thar abhainn = an
8370abha tharam agam: an abha gabhtha agam. Nuair a bhíos sa
8371leabaidh thairigíos na h-éadaighe aníos thar mo cheann le
8372h-eagla na bpúcaí. Beidh cruinniú i n-inis indiubh ach glac
8373bog tharat é = ná bac leis: ná bíodh aon bhaint agat leis:
8374scaoil tharat é gan é dhéanamh aon tinnis duit.


8375
8376

TÁR — Mheallfadh (nó mhealltfadh) an cailín sin a thár ón
8377siongán (seangán) = an máilín beag bán a bhíon á úmpar
8378aige: mhealltfadh sí aon ní uait.


8379
8380

TARASBÁR — Nó tearasbár. Nuair a bheidh do dhóthin


L. 204


8381

ithte agat cuir an tearasbár in sa gcurpad. Cuir tearasbár
8382an bhlúire tobac isteach id phíp = fuighlach, an rud a bhíon
8383spártha. Níl mórán tearasbáir, nó earaspáir, againn.
8384Bhfuil aon tearasbár agat? — i gceist uimhríochta.


8385
8386

TÁRLUIGHIM — Thárluíomair le chéile indiubh ag barra
8387an chnuic = bhuaileamair le chéile. Táimíd tárluithe le
8388chéile. Ní maith liom droch-rudaí mar sin bheith ag tárlach-
8389taint = ag tuitim amach. Bhuaileamair le chéile san áit
8390thárluithe = i n-áit na coinne.


8391
8392

TARRAC — Nó teaireac. Tá corruighe maith teairic ann
8393indiubh = fairge mhaith láidir is siúl is fuinneamh ínti. Bhí
8394an dá chapall ar chómh-theaireac = aon teaireac amháin á
8395dhéanamh aca: tarac cothrom. Mar an gcéadna, nílimíd
8396ar chómh-thuairim: ní chómh-chúram atá orainn. Tá ana-
8397shobul tarraic ann = cúbhrán maith aige ar na clocha. Bhí an
8398dá naomhóig ar chómh-tharac in sa rás = ar aon rian amháin:
8399aon imeacht amháin.


8400
8401

TARRAINGIM NÓ TAIRIGIGHIM — Na gearrachailí a
8402thairig chun na cainnte, chun na feirge, chun éinní, me = a thug.
8403Tá an fhinneóg ag tarac na gaoithe = ag tabhairt, ag leigint,
8404na gaoithe isteach. Tán tu ag tarac droch-aigne, feirge,
8405baochais, na ndaoine ort héinig = á bhailiú anuas ort héinig.
8406Ní maith liom aghaidh na ndaoine a thabhairt orm héinig = a
8407tharac orm héinig. Tá an duais tairricthe buaidhte agam =
8408tógtha. Ní maith liom an focal san do tharac chúgham = úsáid
8409a dhéanamh de. Thairigíomair do bhuachaillí an pharóiste
8410sin iad d'imirt. Tá an trínse sin ag tarac mórán uisce
8411leis = ag tabhairt. Tá sé (ualach féir) ró-láidir ansan:
8412tairig isteach chúghat é. Tairig chúghat — cainnt a deirean an
8413fear a bhíon thuas ar an ualach féir leis an té a bhíon thíos
8414á fhásca. Tá cuid mhaith den nGaoluinn tairicthe ón Laidin =
8415tógtha: na préamhacha bheith sa Laidin. Bhíos ag tarac mo
8416phípe = ag tarac ar mo phíp = ag baint gail aisti. Thairi-
8417gíomair na líonta = thógamair isteach sa naomhóig iad tréis
8418iad a bheith in sa bhfairrge. Labhran na sean-daoine an
8419Ghaoluinn eatora féinig, ach ní mór dóibh teanga eile do
8420tharac go dtí sna leanbhaí (leanaí). Níl tarac na gcos, mo
8421chos, ionnam = me bheith ana-thugtha. Tá tarac suas orm


L. 205


8422

= seórdán: an anál a bheith briste. Táim ag tarac (liom)
8423chun na gnáthóige, chun an tíghe = ag teacht i gcómhngar, ag
8424déanamh ar. Níor dheineas ach ceann na circe do tharac as a
8425píopán = do straca — gan é bhaint di. Thairig sé an ceann
8426as an muineál aici. Ní mór do dhuine a ainm do tharac
8427= do thuilleamh. Níl aon tarac chúgham agam = airgead,
8428cig., go bhféadfainn mo lámh a bhuala air dá mba mhian liom é.
8429Tá tarac chúghat agat tímpal na Gaoluinne = mórán di agat.
8430Thug se tarac den mbata anuas sa phlaosc dom = thairig
8431sé buille den mbata. Tá leath-tharac ort = gan tu bheith ag
8432imeacht cothromach: breis taraic ar thaobh éigint díot.
8433Cearc a mharú is a cuid fola do tharac = do thaosca amach
8434aisti. I phrioca is na putóga a tharac aisti = a bhaint
8435aisti. Ba mhaith liom do bhaochas a tharac = a thuilleamh, a
8436dh fháilt i slí éigint. Tá tarac agam ar sparán maith airgid
8437= é ar mo chumas é tharac chúgham, earruíocht a bhaint as.
8438Tán tu ag féachaint tairicthe go maith = caol, seanng. As
8439an bpeann a thairigím mo shlí bheatha = a bhainim. B'fhearra
8440dhuit bheith níosa thairicthe = níosa chaoile. Tá na caoire
8441oiriúnach anois chun pingin mhaith airgid a tharac = a dhéanamh,
8442a thabhairt isteach. Má thógais an duais héinig is as an
8443dteine a thairigís í = bé do dhícheal é dhéanamh; ní raibh puínn
8444spártha agat. Bhí na capaill ana-chothrom agus is as an
8445dteine a thairig an capall tosaigh an rás. Ní mór an plúr a
8446tharac caol anois = é spáráilt: gan flúirse de bheith ag
8447imeacht. Nuair a bheidh an leabhar so críochnuithe tairiceód
8448an obair caol go ceann cúpla seachtain = tógfad bog é.
8449ar a tharac (tarac éinní) a bheidh a spáráil nó a chaitheamh =
8450dréir mar a deinfar tarac caol nó tarac rabairneach air.


8451
8452

TÁSC — Sé lorg an ghadhair is gan tásc a dhatha agat é =
8453tuairisc. Gnó gan deárthamh é sin.


8454
8455

TÁSTÁIL — Ní féidir liom croma síos go dtí an dtalamh
8456gan na cosa a lúba: is minic tástálta agam é = is minic
8457a thugas fé. Sar a gceannód peann deinfead í thástáil =
8458triail a bhaint aisti.


8459
8460

THATH — Thah, nó hah. Thah amach = cainnt a deirtear le
8461capall nó asal á rá leis gluaiseacht amach.
8462


L. 206


8463

TÁTH — Ba chóir duit an táth a tharac thar a chéile = an
8464ceangal a bhíon ag duine ag ceangal choirce.


8465
8466

TATHAG — Tá tathag san éadach san = neart is caitheamh.
8467Ní bhíon aon tathag sa rud a bhíon bog plubartha. An rud
8468go mbíon an tathag ann bíon sé láidir tútach reamhar ríghin.


8469
8470

TÁTHAIRE — Níl ionnat ach táthaire beag = duine beag
8471suarach gan mhaith is é leisciúil ciotianta. Táthaire cinn
8472tealaigh (ceann tealaigh = fear an tíghe).


8473
8474

TÁTHUIGHIM — Níl aon táthú ar an gcíste = níl aon screamh
8475cruaidh, clúdach cruaidh, air. bhfuil aon táthú tagtha ar an
8476mbainne fós? = téigheamh; bhfuil sé te (ag an dteine)?
8477bhfuil na prátaí beirithe? Nílid ach ag táthú, nílid ach
8478táthuithe, níl ach an táthú aca = boga bheith ag teacht ortha
8479(ó bheith ag beiriú), iad a bheith bogtha (bocaithe). Níl aon
8480táthú ar an nGaoluinn sin = í bheith ar nós an chíste a bhí 'na
8481thaos: gan bheith cruaidhte: ach bog plubartha.


8482
8483

TEACHT — Tá sé ag teacht ana-dhian orm an gnó so
8484a dhéanamh. Ní ag teacht rómhat air sin é = gabhaim párdún
8485agat me bheith ag cur isteach ort. Tá mo pheann basctha is
8486gan aon teacht suas agam le h-í leigheas thar n-ais = gan aon
8487tseans go bhféadfainn í —. Tá ana-theacht aniar i Seán:
8488pé gnó a thabharfá dhó le déanamh dheinfeadh sé é = tá ana-
8489thabhairt ann: is féidir leis gnóthaí a thabhairt chuin cinn.
8490bhí ana-theacht-abhaile ins na h-oileánaigh chun dlithe ann-
8491chearta do chur ar gcúl = bhí ana-mhianach ionnta, ana-sheasamh
8492ionnta, chun —: eirígheadh go breá leótha.


8493
8494

TEACHTAIREACHT — Tá sí imithe ar theachtaireacht, ag
8495déanamh teachtaireachta, dhom.


8496
8497

TÉACHTUIGHIM — Tá an braon ag téachtú im béir = ag
8498reamhrú, ag dul 'na chéile. Tá an leite, an rís, an ghlothóg,
8499téachtuithe = reamhruithe. Bíon bainne téachtuithe nuair a
8500bhrisean sé is dheinean meidhg is gruth de. Tá an sneachta
8501téachtuithe ar an dtalamh = é greamaithe isteach 'na chéilig is
8502aon bhrat amháin déanta de. Déarfá téachtuithe le gráinne


L. 207


8503

reamhar sneachtaidh. Tháinig an sneachta anuas ana-théachtuithe
8504= na gráinníacha bheith reamhar téagartha ag teacht anuas.


8505
8506

TÉAD — Bhí bó ar théid agam = téad ceangailte di is
8507greim agam ar an dtéid. Téad ualaigh = an téad, an
8508téadán, a bhíon ag ceangal an fhéir nuair a bhíon sé sa gcairt.
8509bhí fhios agam go raibh an droch-úmpar in sa mbuachail is
8510scaoileas leis faid a théide go bhfuaireas greim air =
8511thugas cead a thoile dhó: thugas téad a dhóthin dó — gur chroch
8512sé é héinig. Tabhair faid a dtéide dhóibh = oiread téide is
8513a theastuíon uatha.


8514
8515

TÉAGAR — Tán tu caol ach bé go dtiocfaidh tu i dtéagar
8516fós = chuin téagair: go n-eireóidh tu téagartha. Níl aon
8517ana-théagar sa leabhar san = é bheith tanuí.


8518
8519

TÉAGRAIM — Nuair a chuala an t-uathbhás do théagair mo
8520theanga = chuaidh i dtéagar, d'at suas i slí ná féadfainn í
8521d'oibriú chuin cainnte: deineadh stalca díom is dem
8522theangain.


8523
8524

TEALLAIRE — Níl ionnat ach teallaire beag = duine beag
8525gan mhaith go mbíon an iomarca den mion-chainnt aige:
8526bíon an teanga sa tsiúl go maith aige is gan aon éifeacht:
8527duine beag crabanta.


8528
8529

TEALLAIREACHT — Cuir uaim do chuid teallaireachta =
8530cainnt chrabanta: an iomad den ngearr-aighneas: aighneas
8531beag néamh-úntach.


8532
8533

TEAMHAIR — Níor bh'aon teamhair (nó tseamhair?) liom
8534siúl go Luimneach = níorbh aon ní, aon dua, liom é: ní chuir-
8535finn aon tsuím, aon naith, ann. Bhíos im báistir ar an ngnó
8536is níor chuireas aon teamhair ann: tháinig sé bog orm.


8537
8538

TEAMPAL — Obair theampail = obair leadaránach mhall.
8539Tá an ceacht i n'obair theampail agat: brostuigh = é i bhfad
8540sa tsiúl agat.


8541
8542

TÉALMHUIDHE — Nó téabhuídhe. Tán tu ag féachaint
8543téamhuidhe = scáil bheag bhuidhe bheith tríd an mbán agat: gan


L. 208


8544

bheith buídhe ná geal bán: rud beag den mbuidhe bheith
8545ionnat.


8546
8547

TEANACHAR — Tlú an ghabha. Tagan béim an ghutha ar an
8548"ach" is bíon an "ea" ana-ghairid. Truime an teanachair.


8549
8550

TÉANAM — Téanam liom: téanam leat = seo leat.


8551
8552

TEANGA — Teanga liom leat = teanga a bhíon liom (ar
8553an dtaobh so) is leat (ar an dtaobh súd): teanga plámáis
8554a thógan an dá thaobh: a thugan an dá thaobh léi. Ghluais
8555ceathrar againn chun cainnt a dhéanamh leis an máistir is
8556bé Séamas an teanga labhartha a bhí orainn, a bhí againn =
8557an fear labhartha, an fear a dheinfeadh pé cainnt a bhéadh le
8558déanamh. Teanga labhartha = leis, an duine a bhíon ann (i
8559dtig cúirte, cig.) chun aistriú a dhéanamh ó theangain go
8560teangain más gá é. Tá an fear san ana-léigheanta: tá na
8561seacht dteangcacha (teanngcacha a deirtear) aige = mórán
8562teangcacha — pé seacht iad. Is mó rud a deirean an teanga
8563ná bíon sa chroidhe. Tán tu go breá bladartha milis ar do
8564theangain = chó fada is a théighean do chainnt. Bhí sé ag cur
8565a theangan amach chúgham (= fúm). Ní féidir liom mo
8566theanga a thabhairt di tá sí chó malluithe san = labhairt léi.


8567
8568

TEANGMHUIGHIM — Teanguighim a deirtear. Ná tean-
8569gaigh lem chois mar tá sí gortuithe = ná bain. Má bhíon aon
8570teangáil (nó teangáilt) agat lem leabhartha brisfead do
8571phus = aon bhaint, aon ní le déanamh agat leótha. Ná deinídh
8572(diníg a deirtear) aon teangáilt leis an dteine go mbeidh
8573beirthe aici ar a greamana. Tá tinneas fiacal ag teangáilt
8574liom = ag tosnú liom, orm: im threó. Is ana-dheacair
8575teangáilt leat = aon chainnt a rá leat, aon bhaint a bheith aige
8576duine leat gan snap a dh'fháilt. Táid teangálta le chéile
8577anois — i n-aighneas, i mbruighin, i n-éinní = gabhtha le chéile,
8578i dtreó a chéilig. Má théighean tu amach ag imirt chnaipí
8579teangóidh (nó teangóidh sé) díot (nó duit) = gheóir é: gheóir
8580droch-ní as: díolfair as. Teangóidh (sé) díbh amáireach
8581muna mbeidh na ceachtana agaibh = gheóidh sibh ón máistir ét
8582Theangaigh dhom dul amach ar an dtír mar tháinig breóiteacht
8583fhairrge orm = dhíolas as. Teangóidh díot an fuisce sin a


L. 209


8584

dh'ól mar sé an dial dearg le nímhneacht é = bainfidh droch-
8585ní dhuit.


8586
8587

TEANN — Tán tu chó teann le lomhnán = an bolg bheith
8588lán go maith agat: nó tu bheith cruaidh cruinn spriúnlaithe,
8589agus nách baol go dtrághfaidh do chuid airgid. Bhí a bholg
8590teann le bainne. Is cuma liom gluaisteán a cheannach mar
8591tá teann ar mo chúlaibh agam = tá neart laistiar díom:
8592táim go maith as. Ní raghad leat sa troid: tá's agam go
8593bhfuil teann ar do chúlaibh agat, rud ná fuil agam-sa =
8594cabhair laistiar díot: rud gur féidir leat tarac air tráth
8595an chruatain. Feirmeóir teann = láidir go maith. Tá
8596teann ar mo chúlaibh agam chun pé ní is mian liom a dhéanamh
8597= neart, airgead, cabhair. Feic teannaim.


8598
8599

TEANNAIM — Bhítheas ag teanna díghe liom ar an dtóramh
8600= á chur siar orm dom ainneóin. Ag teanna bídh. Bhí
8601an máistir ag teanna léighin liom le bata = á chur isteach, á
8602ropa isteach, im cheann leis an mbata. Ach, dar ndó, ní
8603d'ainneóin an duine i gcómhnuí é. Níl teanna ar a cúlaibh
8604aici = teann. Teann an téad = dein teann: tairig chun í
8605dhéanamh tairicthe go maith. Teann an fhinneóg ansan: tá
8606sí ag cnagarnaigh = dein díngthe: cuir í ó bheith ar boga.
8607bhíomair ag teanna na téide ó chéile gur bhriseamair í.


8608
8609

TEANNAS — Teastuíon a thuille teannais ón mála
8610coirce: tá sé ró-bhog = teastuíon í bheith níosa díngthe,
8611níosa teinne (ó theann).


8612
8613

TEANNTA — Nuair a bhíon duine ag strapadóireacht
8614(drapadóireacht) ní mór dó teannta bheith aige = greim
8615coise: áit 'na gcuirfeadh sé a chos. Bhíos ag siúl amach san
8616uisce gur chailleas teannta = go dtí nár bhéidir liom mo
8617bhuínn a bhuala ar an dtalamh thíos. Bhfuil teannta agat
8618fós? = greim ar an dtalamh, ar éinní, le do chosa (nó
8619le do lámha más ar do lámha a bheifá ag brath chun tu héinig a
8620choimeád suas). Trom teannta (a déarfadh an strapa-
8621dóir) = teanntuigh liom: teanntuigh liom aníos: torm sá
8622aníos. Bainimíd ana-theannta as an líon chun maireach-
8623taint = ana-chabhair, ana-chongnamh. An bfuairís teannta
8624fós? — le duine a bhéadh ag snámh. Tá an Béarla agam i


L. 210


8625

dteannta na Gaoluinne = le, i bhfochair. Níor tugadh aon
8626teannta dhom chun dul i n-áirde ar an gcapal. Táim i
8627dteannta anso idir an mbórd is an bhfalla = i n-áit nách
8628féidir liom me héinig a réiteach amach as: táim teann-
8629tuithe. Chuir an cheist i dteannta me = i gcruadh-chás: i
8630bpúnc. Tá mo chos lag is ní mór dom maide mar theannta
8631chun siúil = cabhair.


8632
8633

TEANNTÓIR — Bíon an maide agam mar theanntóir =
8634chun teannta a thabhairt dom: rud a thugan teannta, nó a
8635dheinean teanntú. Is éachtach an teanntóir caorach an
8636madra san.


8637
8638

TEANNTUIGHIM — Bhíomair ag teanntú caorach chun iad
8639a bhearra = á gcur i dteannta, i gcúinne, i n-áit ná féad-
8640faidís teacht as; á dtabhairt isteach le chéilig. Táim
8641teanntuithe agat, ag an gceist = i bpúnc. Dhein na saigh-
8642diúirí na daoine a theanntú tréis an Aifrin = teacht tímpal
8643ortha is iad a thabhairt le chéile i n-aon scata amháin. Tean-
8644tuigh liom, a deirean an strapadóir leis an nduine a bhíon
8645thíos fé n-a bhun = trom sá aníos: teanntuigh liom aníos,
8646trom teannta. An dteastuíon aon teannta uait?


8647
8648

TEARC — Tá na prátaí tearc. Ní h-aon ghalar tearc é =
8649gann. Feic tirceacht.


8650
8651

TÉARMA — Ní féidir liom fanacht thar a cúig a chlog
8652mar sin é an téarma atá liom = teóra. Chuireas téarma
8653liom héinig tímpal bídh = bheartuíos ná h-íosfainn a leithéid
8654seo, nó ná h-íosfainn ach an oiread so. Tá téarma curtha
8655agam liom héinig leis an méid seo coirce bheith bainte
8656agam fén oíche (oíthe) = an méid sin leagtha amach: ní bhéadh
8657an teóra sroiste agam go dtí go mbéadh an méid sin ar
8658lár. Chaitheas téarma maith den lá ag léigheamh = tamal.
8659Tá téarma curtha agam leis na cártaí anocht = teóra de
8660shaghas éigint: ná h-imreóin thar a 10, cig.: nó ná caillfinn
8661níos mó ná 5s. Nó, chuireas téarma éigint orm héinig.
8662Tá an oiread so oibre le déanamh agam i n'oiread so
8663téarma = an oiread so aimsire. Is minic a chuir duine
8664téarma leis héinig, air héinig, roimis héinig amach, is gur
8665dhícheal dó é thabhairt amach = é chríochnú amach, é dhéanamh.
8666


L. 211


8667

Nuair a bhím díomhaoín bíon téarmaí móra agam is braidhnsí
8668= me bheith ag cuímhneamh ar nua-rudaí móra: cuímhntí
8669nua, seifteana (pleanana) nua á mbeartú agam. Ba
8670mhaith an téarma móin a cheanach anois agus í chó saor =
8671machtnamh. Tá téarmaí (nó braidhnsí) nua ag an sagart
8672chun na Gaoluinne a bhreaca síos = atharú slí, slí nó slite
8673nua. Bíon téarmaí nua aige sna Sinnféinithe chun na
8674póilíní a stop is a dhalla, is is maith na téarmaí iad; ach
8675fuair na dubhchrónaigh téarmaí nua chun cur-isteach a dhéanamh
8676ortha san = slite.


8677
8678

TÉARNAMH — Ó théarnaim. Bhíos ag téarnamh chuin baile
8679= ag teacht, ag fille, ag teacht i ngiorracht: ag déanamh
8680ar an mbaile. Táimíd ag téarnamh amach ar dheire na
8681h-oibre = ag druidim le —.


8682
8683

TEAS — Tá teas maith fén gcíste — ón dteine. Feic
8684teasuíocht.


8685
8686

TEASARGAN — Teasaragan a deirtear. Bhí beirt ag
8687troid is nách mór an t-úntas nár tháinig éinne a dheinfeadh
8688teasaragan ortha = a chosnóch, a scarfadh, a chuirfeadh ó n-a
8689chéile iad. Cosantóir seadh fear an teasaragain. Fuair
8690sé bás i mbruighin gan teasaragan = gan éinne do theacht á
8691shaora: bás gan chosaint. Is minic nár chuaidh fear an
8692teasaragain as = is minic a fuair sé héinig pleannca:
8693is minic a greamuíodh é. Tá teasaragan 'dir Éire is
8694Sasana anois = suaineas: cosaint i mbruighin. Ní raibh aon
8695teasaragan agam ar an dtarbh ach léime i n-áirde ar an
8696bhfalla. Is minic a shaor teasaragan duine = teacht isteach
8697idir é is an té a bhéadh chuige.


8698
8699

TEASBACH — Tá an bhó ag rith le teasbach = í bheith te ínti
8700féinig (ag an mbrothal, cig., nó ag an gcothú). Bhí teasbach
8701maith ar thír na h-Éirean nuair a bhí coga na Frainnce sa
8702tsiúl.


8703
8704

TEASBÁNAIM — Tá sé teasbánta agat go bhfuilean
8705tu it 'fhear maith. Thugas púnt dó ach níl aon teasbána
8706agam leis = admháil: rud a theasbánfadh gur thugas. Tá an
8707cheárd san agam; táim im shagart ach níl aon teasbána


L. 212


8708

agam eis ach mo phortus. Is gnáth linn teasbána beag a
8709dhéanamh do stróinséar nuair a thagan sé an treó = rud
8710éigint suaithinseach a thabhairt dó, rudaí a dhéanamh dó is
8711a thabhairt dó ná deinfimíst dúinn héinig.


8712
8713

TEASBÚIL — Tán tu ana-theasbúil indiubh = teasbach a
8714bheith ort (ní h-aon droch-fhocal é). Ní rabhas ró-theasbúil
8715nuair a chuala go raibh na traenacha stopaithe is ná tiocfadh
8716aon bhia chúghainn. Bím níosa theasbúla nuair a bhíon braon
8717thiar agam ná roimis sin.


8718
8719

TEASTUIGHIM — Tabhair aire don leabhar san: bé go
8720dteastóidh sé fós = go mbeidh sé ag teastáil.


8721
8722

TEASUÍOCHT — Táim préachta ag an bhfuacht is teastuíon
8723teasuíocht uaim = éadaighe teó is deocha teó is rudaí teó a
8724chur liom. Tá an mhaidin fuar ach beidh teasuíocht ann ar ball.
8725Ní bhíon an teasuíocht trom; ní bhíon chó trom leis an dteas.
8726Ní bhead ag tarac móna indiubh ag an dteas — rud atá trom.
8727Tá an lá fuar go leór fós, ach raghaidh sé chuin teasuíochta
8728fé n-a 2. Thugas púnt uaim (dheineas éinní) as an dteas-
8729uíocht = nuair a bhíos te: sar ar leigeas dom héinig fuara,
8730nó ár cuímhneamh ar cad a bhí á dhéanamh agam. Bhuailfinn
8731duine as an dteasuíocht (as mo theasuíocht), is ansan bhéadh
8732cathú orm. Tá sé chó maith dhúinn tabhairt fén obair fé n-ár
8733dteasuíocht = as ár dteasuíocht: sa teasuíocht dúinn:
8734gan leigint dúinn féinig dul chun fuaire chun na h-oibre.


8735
8736

TEICHIM — Sé teiche ón dteas go dtí an bhfuacht agat é =
8737ó thig an diail go tig an deamhain: deirtear nuair a
8738dh imeóch duine ó áit chruaidh go h-áit chruaidh eile: ó áit de
8739shaghas éigint go dtí an taobh eile tímpal a bhéadh chó h-olc
8740céadna, béidir. Táid teite (teichte) as an áit.


8741
8742

TEIDEAL — Níl aon teideal agat teacht (nó chun teacht)
8743isteach anso gan chead = ceart. Bhíos i dteideal (chun) an
8744fheirm a dh 'fháilt, ach ní bhfuaireas = bhí tarac agam ar í
8745dh'fháilt; bhí ceart agam chuige. Táim i dteideal teacht
8746isteach anso pé uair is maith liom é agus gan spleáchas leat.
8747is as an áit sin a thógan an tiarna san a theideal. Go
8748mairir do theideal nua — le duine a gheóbhadh teideal nua.
8749


L. 213


8750

Ní bhfuairís aon teideal uaim-se mo chamán a thógaint amach
8751leat.


8752
8753

TEIDEALACH — Fear teidealach = go bhfuil teideal nó
8754teidil aige: fear a bhéadh i n-inead uasal, nó go mbéadh
8755céimeana móra léighin aige. Nách teidealach atán tu ná
8756h-éisteófá do bhéal? = corráistiúil, máistiriúil.


8757
8758

TÉIDHIM — Deinim te. Tá an féar ag téidheamh (téamh a
8759deirtear) san iothlain = ag eiriú te. Ba cheart go mbeifá
8760téite go maith ag an dteine anois = déanta te: te: tagtha
8761te.


8762
8763

TÉIGHIM — Cá raghair anois? = cá bhfuilean tu ag dul?
8764Suas amach a gheóbhair? = a raghair: atá do thriall. Níl
8765aon dul amach agam ar an gceist sin = níl aon eólas agam
8766air: ní féidir liom í réiteach: táim dall aici. Níl aon
8767fhocal Gaoluinne le dul díot ach focal fánach = a theipfeadh
8768ort: a imeóch díot. Ní théighean mo chuid fola le Seán
8769Buidhe = ní théighean mo chroidhe leis; ní maith liom é: ní
8770ghealan mo chroidhe dhó. Is mór mar atán tu ag dul as,
8771mar a chuais as = mar a chaillis an fheóil, mar atán tu ag
8772loma; ag dul i luimeacht, i dtanuíocht. Níor mhaith liom
8773dul gan siúicre = déanamh gan é. Dá raghadh ar an dtae
8774cad a dheinfimíst? = dá rithfeadh sí gairid. Tá an lá
8775ag dul ort = ag dul id choinnibh: an fear maith á dh'fháilt
8776ort. D'imigh an comóras orainn, nó éinní. Níl an áit
8777seo (an bia, éinní) ag dul dom = ag dul chuin tairbhe dhom:
8778ag déanamh maitheasa dhom. Fliuchán is measa a théighean
8779dom = is measa a réitíon liom: is mó a dheinean díobháil
8780dom. Tá an dínnéar dulta ar an ngort = imithe amach go
8781dtí sna fearaibh. Chuaidh san éadach = chrap sé suas. Tá
8782na prátaí ag dul ana-dhéanach i mbliana = go mbeidh sé ana-
8783dhéanach sar a mbeidh ag teacht isteach, aibidh. Dúirt (dúbh-
8784airt) sé liom na caoire a chur isteach i n-áit ná raibh aon dul
8785go deó air = ná féadfaí a shroisint. Glaoidh abhaile ar
8786Sheán go raghaidh sé ar scoil. Chuaidh an gluaisteán cean-
8787gailte in sa gcairt = cheangail sé. Tá an slaghdán dulta
8788ceangailte isteach im scamhóga = tá sé ceangailte istig
8789ionnta anois. Chuaidh na mná ceangailte na chéilig: chuas
8790ceangailte in sa nGaoluinn, i n-éinní. Chuas ort chó fada


L. 214


8791

is a dh'fhéadas in sa gcainnt = chuas chó dian ort is —. An
8792raghaidh tu liom? = an ndeinfidh tu me chómhrac? An mór
8793a raghadh isteach sa mbosca san? = a choimeádfadh sé. Cáil
8794do dhul? = cá raghair? Is deacair dul amach ar íntin
8795Sheáin = is deacair greim a dh'fháilt uirthi, í thuiscint. Táim
8796id threó le seachtain is ní ró-mhaith atáim dulta amach ort
8797fós = imithe i dtaithí ort: ní ró-mhaith a thuigim thu, nó do
8798shlí. Cheapas go raibh an dochtúir Pádraig ana-íogair gur
8799chuas amach ar a shlí = gur bhraitheas is chleachtuíos is fuaireas
8800amach fios a shlí. Ar chuaidh an t-ím mórán indiubh? = ar
8801chosain? Ní raghaidh an bhó an méid sin airgid ar an aonach
8802amáireach = ní dheinfidh: ní thabharfaidh isteach. Bhí an bheirt
8803bhuachaillí ag faire ar dhul le chéile = ag cuímhneamh ar (ar
8804bharaoidí) cómhrac a thosnú. An fad' ó bhaile a raghair
8805anois? An raghfá le Séamas? = an dtroidfá é? Níor
8806mhaith liom dul leis = tabhairt fé. Tá na daoine imithe ana-
8807ghallda = eirithe. Táim ag dul isteach ar bheith im búinteóir:
8808ag dul isteach ar phost. Tá an ghrian dulta fé = imithe síos
8809fé bhun an íoghair. Ní dh'fhéadfainn dul a thuille (ar bhia, ar
8810cheacht, ar obair, ar éinní) = a thuille de a dhéanamh, a chur
8811díom, a sheasamh. Chuaidh an mháthair ana-mhór chun bróin
8812nuair a fuair an mac bás. Ná h-íosfá a thuille? Ní
8813dh'fhéadfainn dul a thuille = a thuille a dh'ithe. Ní h-aon dul
8814suas ó dhúchas dhuit an chladhaireacht a bheith ag baint leat =
8815tá sí ionnat dréir do dhúchais: anuas ó t'athair nó ód
8816mháthair a tháinig san, a thugais san leat: anuas chúghat a
8817tháinig dúchas na cladhaireachta. Théightá = théighthá. Mar sin
8818thagtá = thagthá.


8819
8820

TEIGHLACH — Teaghlach in sa bhfoclóir. Teighlach (nó teigh-
8821leach) an rí; teighleach an tíghe: an rí-theighleach. Ach tealach
8822an ghabha. Tá airgead ag an ngabha.


8823
8824

TEILGEAN — Níl aon teilgean in sa mbean san = spár-
8825áilt, coigilt. Tá sé ag teilgean chuin báistí = ag ullmhú
8826(ullú), ag cuirneáilt chúichi. Níl aon teilgean ins na
8827prátaí i mbliana = níl aon fhaid le dul ionnta: níl an
8828tsubstainnt cheart ionnta. Ní mór an teilgean púnt an
8829aimsir seo = ní sheasóch sé i bhfad: ní h-aon ana-mhaith é.
8830an té ná bíon an teilgean ann bíon sé ró-rabairneach:
8831nó ní bhíon sé cruínn: leigean sé rudaí trí n-a ladharacha.
8832


L. 215


8833

Níl aon mhaith ionnam chun teilgean a dhéanamh = ní féidir
8834liom rud a chur i bhfaid. Bain teilgean as an arán mar níl
8835a thuille plúir againn = dein spáráilt air. Ba cheart
8836breis teilgin a bhaint as na bróga. Tá an buachail ag teil-
8837gean go cruínn dó héinig chun na mbróg = ag bailiú na
8838bpinginí.


8839
8840

TEIMHEAL — Deinean an mh srónú. Thána as an gcúrsa
8841gan teimheal = gan smáilc ná smól, díth dochar ná basca.
8842Níl aon teimheal ar an obair, ar an bpáipéar, ar do chuid
8843Gaoluinne = locht, smáil, smáilc.


8844
8845

TEIMHEALUIGHIM — Tá do chasóg teimhealuithe = teimheal
8846curtha uirthi: smeara nó rud éigint mar sin. Tá do cháil
8847is do chlú teimhealuithe go maith anois = gan bheith glan: bheith
8848sailithe: salachar ortha.


8849
8850

TEINE — Tá an teine as againn, nó orainn = múchta.
8851Cuir síos fód eile: tá sí ag faire ar mhúcha = ag cuímhneamh
8852ar mhúcha. Bhíos idir dhá theine = idir dhá amhras: idir dhá
8853chómhairle, dhá eagla: idir dhá chúrsa nár mhaith liom aon lámh
8854a bheith agam i n-aon taobh aca; i slí ná béadh suaineasach.
8855Chaithfá an teine dhearg do chaitheamh ortha chun iad a chur
8856amach (cuirean an teine dhearg duine ag preabarnaigh chuin
8857siúil). Bhíos idir dhá theine Lae Bealtaine = i gcruadh-chás:
8858i gcruadh-chás idir dhá chúrsa dhiana. Chuireas teine leis an
8859gcarn páipéirí = thugas teine dhó. Tá an tig, éinní, fé
8860theine = an teine ag oibriú air, á dhógha: tá sé tré theine.
8861Teine dhia = an galar fáinneach, an screamh fáinneach a thagan
8862ar bheithíoch nó ar cheann an duine. Trí teinteacha (tínteacha a
8863deirtear).


8864
8865

TEINEACHAIR — Tlú an ghabha. Tineachair a deirtear.


8866
8867

TEINN — Táim teinn breóite = ana-bhreóite: ana-olc.
8868Duine neamh-theinn seadh me = ní chuirean an saol aon teinneas
8869orm.


8870
8871

TEINNE — Nó teine. Ba dhóigh leat gur i Sasana a
8872cuireadh in sa gcliabhán í le teine a cuid Béarla = blas,
8873fuaim. Tá teine ar do chainnt = fuaim a dheinean do-


L. 216


8874

thuisceanta í. Conac "tuin" mar litriú ar an bhfocal
8875so.


8876
8877

TEINNEAS — Nó tinneas. Sé atá ag cur tinnis orm, ag
8878déanamh tinnis dom, nách féidir liom dul ar an aonach, ná
8879fuil na prátaí go maith agam, go bhfuilim gann fé airgead;
8880nó éinní = atá ag déanamh buartha dhom, ag cur buartha orm.
8881Ní rabhas i mbun an obair a dhéanamh ná puínn dá thinneas
8882orm = ní rabhas ag cuímhneamh mórán air: ní raibh sé am chrá:
8883ní raibh aon bhuairt orm aige. Níor thógas an scrúdú, ach
8884má seadh nílim 'na thinneas mórán = níl aon ana-bhuairt
8885orm tímpal air. Táim i bhfiacha go maith ach ní chuirean san
8886aon tinneas orm. Sé an tinneas atá orm go bhfuil droch-
8887theine agam.


8888
8889

TEIPIM — Tagan daoine anso ná bíon aon teip eile
8890ortha ach fuaim na Gaoluinne = tagan gach aon ní eile leótha
8891ach amháin —.


8892
8893

TEIST — Tá sé de theist uirthi go bhfuil sí gan mhaith = ainm.
8894Tá ana-theist ort = ana-dheigh-cháil. Thug Tomás droch-theist
8895orm = droch-ainm, droch-chlú: dúbhairt sé droch-rud éigint
8896im thaobh. Tá teist mhaith ar do chuid Gaoluinne.


8897
8898

TEÓRA — Ní mór dom bheith ag imeacht amáireach mar tá
8899san mar theórain agam = marc, téarma. Tá na daoine
8900san lasmuich de theórain na gréine = i n-áit ná fuil an ghrian
8901ag taithneamh: nó ná bíon an ghrian ag taithneamh. Tán
8902tu ag imeacht thar teórain amach leis an salachar cainnte
8903sin = thar an gceart: thar cailc. Tá an dá pháirc, an
8904dá éinní, i dteórain le n-a chéilig = sínte suas le chéilig.
8905Tá £40 ar bhó thar teórain ar fad an aimsir seo = ró-árd:
8906an iomarca. Tá an dá chnámh i dteórain le n-a chéilig ansan
8907= ag teacht isteach, ag teangáilt, le chéile ansan. Tá mo
8908lámh gortuithe i dteórain an dá chnámh = san áit go mbíon
8909an dá chnámh ceann le ceann.


8910
8911

TÍACHTUIGHIM — Feic téachtuighim. Tá an braon, an
8912bainne, an leite, tíachtuithe = eirithe (eighrithe a deirtear)
8913reamhar.
8914


L. 217


8915

THIAR — Chuas amach ag tógaint an aeir dom héinig tráth-
8916nóna thiar = thiar sa tráthnóna: i n-eirball an lae thiar.
8917Beidh sé siar sa tráthnóna nuair a bheidh an clausúr ar an
8918obair agam = déanach go leór — ach gan a bheith thiar. Tá
8919cúpla focal suaithinseach thiar i ndeire an leabhair = thiar
8920'na dheire. Aon rud a dúbhart id choinnibh ní taobh thiar
8921díot a dúbhart ach suas le t'aghaidh. Thógas an bhliain go
8922breá bog leisciúil agus tá thiar orm anois = gan me bheith
8923chun cinn: me bheith chun deire: gan an gnó críochnuithe agam
8924nó breall éigint sa scéal. Tá an méid sin thiar agam =
8925thiar im bolg: curtha siar síos. Beidh thiar orm ag an
8926ndroch-aimsir muna sínean Dia a lámh amach chúghainn go
8927tapaidh. Is baol liom go bhfuil thiar orm sa scrúdú = ná
8928fuil eirithe liom. Thiar sa deire do gheallas an t-airgead
8929do = sa deire ar fad.


8930
8931

TIARGÁLAIM — Bhíos ag tiargáil chuin dul ar an aonach =
8932ag ullmhú: ag bórdáil, am chur héinig i bhfearras. Táimíd
8933ag tiargáil linn = ag obair.


8934
8935

TIARNA — A Thiarna na trócaire.


8936
8937

TIARNÚIL — Nách tiarnúil atán tu! = mar a bhéadh tiarna:
8938údarás is néamh-úntas ag baint leat. Mhuise, gan tu
8939mhór-leigint dom muna tiarnúil atán tu = clóchaiseach, borb,
8940údarásach: ádhbhar néamh-úntais ag imeacht leat.


8941
8942

TIG — Dein (din a deirtear) do thig féinig den dtig
8943seo = bí istig leat héinig anso.


8944
8945

TIGHEASACH — Is maith an tigheasach é, nó í = is maith an
8946fear tíghe é, an bhean tíghe í. Is maith na tígheasaigh iad
8947araon. Ní maith an tígheasach é siúd 'na thig féinig ná
8948fágfadh an duine bocht istig thar oíche. Deagh-thígheasach
8949seadh an té a bhíon go maith is go rabairneach fial istig 'na
8950thig féinig: bhéadh sé go maith dhuit dá raghfá chuige 'na thig
8951féinig. Is féidir do dhuine bheith 'na thigheasach maith amuigh
8952is na dhroch-thigheasach aige baile.


8953
8954

TÍMPAL — Tán tu tímpal aois do phósta. Tímpal libh,
8955a bhuachailí, i mboghsín — a déarfadh máistir scoile. Tá an


L. 218


8956

bacach san ag cimilt tímpal orm i rith an lae: nó ag cimilt
8957im thímpal = ag fanacht im fhochair: ag buala suas liom go
8958minic. Bhíos ag cimilt tímpal ar an easbog is ag lútáil
8959air mar gur theastuigh uaim bheith mór leis. Bhí sé suas
8960roimis Naomh Pádraig nó tímpal air, am éigint = tímpal
8961aimsir Naomh Pádraig. Bíon an ghrian ag tabhairt an
8962tímpal léi i gcómhnuí = ag imeacht tímpal i mboghsín. Tá
8963an dá fhocal san tímpal is mar a chéile = suas is anuas le
8964bheith mar a chéile. Táid ana-dhian tímpal airgid, tímpal
8965na Gaoluinne = ana-scannruithe i dtaobh, mar gheall ar —.
8966is ana-dheacair mo mháthair a thabhairt tímpal chun me leigint
8967go dtí an rínce = í mhealla: í atharú ó bheith mí-thoiltheanach
8968tímpal go dtí bheith toiltheanach. Beidh an bhó ag teacht
8969tímpal ar ball. Tá Tomás imithe siar an cnoc tímpal
8970na gcaorach = mar gheall ar na caoire, i dtaobh na gcaorach.
8971Bi daoine ag cimilt tímpal orm ag braith ar dheoch uaim.
8972Tá ana-thímpal agat = tu bheith ana-théagartha. Bíon tímpal
8973an domhain tabhartha isteach ag an ngréin ins (nó ar) na cheithre
8974h-uaire fichid. Bhíos ag cainnt tímpal ar an gcúrsa san,
8975nó tímpal an chúrsa san. Níl aon tímpal agam ach tímpal
8976beag = nílim tímpalach téagartha im chorp. Nó tíompal.


8977
8978

TINNEAL — Tá an guna ar tinneal = i slí gur féidir
8979urchar a scaoile uaidh: an casúr i n-áirde. Cuir an guna,
8980an t-inneal, aon tsaghas gléis, ar tinneal = i slí go mbéadh
8981sé ullamh chuin preab a thabhairt. Bhíos ar tinneal chuin
8982aighnis = sa tslí nár theastuigh ach an rud ba lúgha chuin me
8983chur chuin aighnis: i riochtaibh aighnis. Bhíos ar tinneal chun
8984léime anuas ort dá ndéarfá focal.


8985
8986

TINNEÁLAIGHE — Thuiteas i dtinneálaí gáirí fé Sheán = i
8987slí nár fhéadas m'anáil a tharac: an anáil á bhaint díom ag
8988an ngáirí. Tá sé ag tinneálaí gáirí = á thachta féinig suas
8989le gáirí, le fáscaí gáirí: obair aige an anáil a tharac.
8990Bhíomair ag tinneálaí gáirí.


8991
8992

TIOMÁNAIM — Bhí tiomáint mhór ar bha ar an aonach
8993indiubh = glaoch mór. Bíon ana-thiomáint agat ar na
8994bóithre chun na Gaoluinne d'oibriú = ana-éileamh: bíon tu
8995ana-dhian tímpal ortha. Táid imithe an bóthar siar is


L. 219


8996

tiomáint mhaith fútha = gluaiseacht. Tá tiomáint gáirí
8997oraibh = pléasca gáirí. Tá tiomáint fén gciteal = teine
8998maith: an teas ag teacht ann go tiubh. Tógaidh bog é: tá
8999ana-thiomáint agaibh = imeacht géar. Bhí ana-thiomáint ar
9000an iasc nuair a bhí an coga mór ar siúl = ana-thógaint.
9001Bhuaileamair isteach i dtig na scoile is níorbh fhada go raibh
9002an tiomáint ar siúl = tuargain ag an rínce: buala nó
9003gluaiseacht tréan. Bhí tiomáint mhaith againn ar an gcúrsa
9004= dheineamair é chíora go maith. Nách ort atá an tiomáint
9005leis an obair? = deabha.


9006
9007

TIOMNUIGHIM — Dhearbhuíos is thiomnuíos ná deinfinn go
9008deó aríst é = thugas an leabhar.


9009
9010

TIONNLACAIM — Thionnlaic sé me. Táim ag dul á
9011thionnlacan abhaile (tiúnlacan). Thionnlaicíos abhaile í.
9012Tiúnlacaim a deirtear.


9013
9014

TÍORAIDHEACHAS — Bhí an garsún garbh mí-shíbhíalta ach tá
9015sé ag teacht chun tíoruíochais = ón bhfásach go dtí an áit 'na
9016gcómhnuíon daoine daona: chun mánlachta: ó dhroch-bhéasa
9017go dtí deigh-bhéasa nó go dtí bóthar a leasa. Tá an bhean
9018(an pháirc, éinní) tugtha chun tíoruíochais aige = déanta
9019min séimh. Níl ag an mbuachail sin ach garbh-eólas is beidh
9020sé deacair go maith é thabhairt chun tíoruíochais i slí go
9021bhfuigheadh sé post = é shocrú suas: eólas is múine ceart a
9022thabhairt dó.


9023
9024

TÍORGÁLAIM — Feic tíargálaim. Tá sé i n'am dom
9025bheith ag tíorgáil chun dul abhaile: chun féir a chur isteach
9026= ag socrú suas: ag déanamh socrú suas: ag déanamh ullmhú.


9027
9028

THÍOS — Pé duine a dhein é tusa a bheidh thíos leis = a chaillfidh
9029(a bheidh caillte) leis: a bheidh máchailleach aige: ort-sa a
9030cuirfar, a buailfar, é (= id leith-se a cuirfar é).


9031
9032

TÍR — Chuas (amach) ar an dtír — ó oileán. Tháinig an
9033t-árthach i dtír anso = chuir sí i dtír.


9034
9035

TIRIM — Trim a deirtear. Bhíos trim ag an dtarbh
9036muna mbéadh gur tháinig fear suas = gan chainnt, marbh.
9037


L. 220


9038

Fear ana-fhliuch ar aonach seadh me = a chuirean siar mórán
9039díghe. Fear trim = an taobh eile tímpal.


9040
9041

TIUBH — Tá sé seo ana-thiubh ag tuitim amach = ana-chomónta.
9042Tá na fiacla (nó éinní) ana-thiubh ar a chéile agat = ana-
9043dhlúth; gan mórán slí eatorra.


9044
9045

TIUC — Tiuc, tiuc, a deirtear ag glaoch ar na cearca.
9046Fianach, fianach, ar na lachain.


9047
9048

TIUL — Bhí sé ag brise na mbuidéal chó tiubh le tiul = ana-
9049thiubh: ana-thapaidh — le rudaí a bhíon ag tuitim amach i
9050ndiaidh a chéile. Nuair a bhíon an piléar imithe as an nguna
9051deirean an fear a bhíon i láthair "tiul, tiul" (nuair a
9052chloisean sé an fhuaim). Dh'fhéadfadh sé "pléasc, pléasc"
9053a rá ar an imeacht gcéadna. Bhí tiul tiul aige sna gunaí is
9054thuit na coiníní marbh. Bíon bior dearg ag buachail is
9055sádhan sé fé bhuachail eile ag rá — "tiul tiul" — chó maith is
9056dá mbéadh sé á lámhach le guna.


9057
9058

TLÁTH — Nuair a tháinig sé anso ar dtúis bhí sé ana-thláth =
9059ana-mín, ana-shéimh. Táimíd ana-thláth le chéile = ana-mhór:
9060síbhíalta deas: gan bheith gránna garbh. Tá Seán is Bríd
9061ag teacht ana-thláth le chéilig = ana-mhór: ana-cheanúil.
9062ach! nárab eadh = nílid?! an fíor san?!


9063
9064

TLÁTHUIGHIM — Bhíodar ag tláithínteacht liom tímpal an
9065phuist = iad a d'iarraidh bheith mór liom: iad ag cainnt
9066liom go mín sleamhain deas a d'iarraidh mé bhogha chuin an
9067post a thabhairt dóibh. Bhíos ag tláithínteacht a d'iarraidh
9068airgead a mhealla uatha = ag cainnt go deas ceanúil, ach bhí
9069an lorg ar an dtaobh thiar den gcainnt. Tá an buachail is
9070an cailín ag déanamh tláithínteachta le n-a chéilig.


9071
9072

TNACHTAIM — Tá sé tnachta = buailte, buailte amach,
9073sínte siar leis an dtuirse, an puth deireanach as. Táim
9074tnachta ag an gcola = cortha traochta buailte amach. Thnacht
9075an cola, an obair, é = bhuail, choir. Táim tnachta ó mhaidin
9076ó bheith ag baint coirce. Táim tnachta tnáithe ag an gcola
9077is an tuirse.
9078


L. 221


9079

TNÁTHAIM — Tá ana-thnátha ag baint leis an obair =
9080choirfeadh sé thu. Tá ana-thnáth ag baint le Seán, le n-a
9081chainnt, le n'easba cainnte, le fear maith i gcomórtas:
9082le fear ná béadh go maith in sa gcomórtas ach a thuirseóch thu
9083go maith. Tá tnátha maith san obair sin = traocha, marú.
9084is tnáite an scéal dom bheith ag obair istig anso = cortha,
9085tuirsiúil.


9086
9087

TNÚITHÍNTEACHT — Tá sé anso ag tnúithínteacht le digh
9088is gan aon chúram eile air = ag tnúth le, ag braith ar —.
9089Táim ag tnúithínteacht tímpal anso ag braith le marcuíocht
9090= ag súil go dian le —.


9091
9092

TNÚTHAIDHEACHT — Cad é an tnúthuíocht atá anois ort?
9093= tu bheith ag tnúth coitianta nó ar feadh i bhfad. Ní h-aon
9094bhean í chun puínn tnúthuíochta a dhéanamh léi = chun bheith ag
9095súil le mórán uaithi. Thánag anso ag tnúthuíocht le tobac =
9096ag tnúthán le, ag tnúth le, ag tnúithínteacht le, ag súil go
9097dian le.


9098
9099

TNÚTHAIRE — Nó tnútháluidhe. Níl ionnat ach tnúthaire
9100beag = fear beag suarach gan mhaith.


9101
9102

TNÚTHAIRTHÍN — Nó tnúthairín. Sin fear beag beag ná
9103béadh lán do dhuirn ann.


9104
9105

TOBÁN — Beiste na muc. Drabhlach an bhainne. Scar-
9106taire an nígheachain. Sathach an leasuithe. Sin é an baraille
9107agat ó sháil rinn.


9108
9109

TÓCHAIM — Tá an mhuc ag tóch (túmhach a deirtear).


9110
9111

TOCHAS — Ba cheart duit tochas bheith id shróin mar bhíomair
9112go léir ag cainnt ort.


9113
9114

TOCHRAISTE — Ceirtlín tochraiste seadh thu = duine cruaidh
9115fáiscithe fuinte. Fear tochraiste leathan = ar chuma an
9116cheirtlín snátha a bhíon tochraiste anuas ar a chéile.


9117
9118

TOCHT — Bhí tocht guil orm = uabhar guil: me bheith tachtuithe
9119gan chainnt ag an ngol a bhéadh ag buirbeáil ionnam bíodh ná


L. 222


9120

béadh briste amach aige. Tocht áthais, uaignis, agus mar
9121sin de. Ach oibríd go léir ar an gcuma gcéadna.


9122
9123

TOCHTUÍL — Bhíos ag tochtuíl ghuil = tocht trom guil ag
9124brise amach orm anois is aríst.


9125
9126

TOFÓG — Dheinis tofóg, nó leigis tofóg = breidhm gan
9127fuaim: breidhm ná bíon aon fhuaim léi: an ghaoth a chuirean
9128duine nó ainmhí as gan ghlór. An té a bhíon ag leigint
9129tofóg bíon sé tofógach.


9130
9131

TOGHA — Phós sé togha a shúl de chailín = cailín ba rí-bhreá
9132deárthamh. Chuireas togha an deabhaidh ón dtig ortha = an
9133chuid do b'fhearr den ndeabha: ana-dheabha. Amadán
9134tofa = críochnuithe: stail-amadán: sail amadáin (=
9135amadán mór). Tán tu ar na daoine is tofa anso chun
9136Gaoluinne = is fearr. Bhí clagarnach thofa ann aréir =
9137clagarnach bhreá throm.


9138
9139

TÓGAIM — Thóg an capall cíoch, gairbhéal = cloch nó
9140gairbhéal do dhul isteach ceangailte 'na bhonn. Thógas an
9141rás = bhuadhas. Níor thog sí an scrúdú = níor ruith sí an
9142scrúdú: níor eirigh léi sa scrúdú. Níl aon mhaith ionnam
9143chun rud a thógaint, a thógaint isteach de ghlan-mheabhair = do
9144mheabhrú. Tán tu ag féachaint ana-thógtha = ana-chorruithe —
9145fearg mhór, iminí mór, áthas mór, eagla mór, nó éinní mar
9146sin, ort. Thógas leis an mbithúnach le h-aon bhuille dhorn
9147amháin = do leagas é tréis é thógaint den dtalamh. Ní
9148bínn liom an áit seo ach ar an scéal a thógaint le chéile
9149b'fhearr liom bheith anso ná ansúd = le gach blúire den
9150gcúrsa a mheágha le chéile. Is féidir leis an dá chapall an
9151t-ualach do tharac le h-iad a thógaint le chéile = a chur le
9152chéilig. Fuair an Ghaoluinn ana-thógaint cinn le déanaí =
9153fuair sí árdú i slí nár ghá di aon náire bheith uirthi ach a ceann
9154bheith san aer. Tá an gearrachaile tógtha suas go deas =
9155tabhartha suas. Tógadh liom go h-oban = leagadh me tréis me
9156thógaint den dtalamh, tréis me bhaint dem buínn. Feic
9157teideal. Tán tu tógtha (tócaithe) go maith = curtha chuin
9158feirge nó aon tsaghas mothú. Ná tóg an obair sin ort
9159héinig mar nílean tu ábalta dhó. Ní gá dhuit me thógaint
9160suas chó capaidh san = mo chainnt a thógaint suas: ceann


L. 223


9161

a thógaint di, is bheith tógtha aici: mo chainnt a thógaint
9162chúghat héinig. Nuair a bristear cnámh tógan sé an oiread
9163so lá chuin snaidhmthe. Thógas ana-cheann don bhfocal san =
9164chuireas ana-shuím ann: dheineas ana-naith de (dho a deirtear).
9165Tá ceann tógtha ag an bpóilín díom-sa = táim tugtha fé
9166ndeara aige ('e bhreis ar dhaoine eile). Nuair a tógtar
9167le duine bíon rith nó gluaiseacht nó boga den dtalamh ag
9168imeacht leis an leaga. Shleamhnuíos is tógadh liom (den
9169dtalamh). Tá an bhó ar tógáilt ag an ocras = ana-lag: gan
9170ar a cumas seasamh ná eiríghe 'na seasamh. Is féidir
9171liom duine (nó aon tsaghas cúrsa) a thógaint isteach go
9172tapaidh = a thuiscint; dul amach air; a dhéanamh amach cad
9173an saghas meóin a bhéadh aige. Thógas an cluiche (clutha
9174a deirtear). Níor thóg sé a lámh chun cabhrú liom = níor
9175dhein faic. Tógfad gach cómhngar sa tslí abhaile = gheóbhad.
9176Ná tóg an leabhar dréir a chlúdaigh. Ní féidir liom seómra
9177a sholáthar duit mar tá an tig go léir tógtha cheana = gabhtha:
9178tógtha suas: gan bheith díomhaoín. Thógamair mórán éisc
9179aréir = mharuíomair: riugamair ar —. Raghad amach
9180nuair a bheith mo dhínnéar tógtha agam = ithte, caite. Tóg
9181deoch eile. Chuala gur thógais do cheacht aréir ó Éamon =
9182go bhfuairis greim ar a leabhar ceachta is gur scríobhais
9183sios an ceacht fé mar a bhí sé sa leabhar san. Chuir na
9184póilíní tógaint orm = thógadar me; ghabhadar (nó ghaibhea-
9185dar) me. Níor thóg na bróga an smeara = níor shúghadar
9186isteach é: níor imigh sé tríotha isteach. Bé gur chuala an
9187focal, ach má seadh níos thógas (isteach) im cheann. Ar arán
9188is bainne (nó, le h-arán is bainne) a tógadh an leanbh san =
9189sin é an cothú a fuair sé. Thógas glan ón dtalamh é. Tóg-
9190aimíd an focal trom (= tabhair dhom) ana-ghairid ar chuma
9191éigint = tugaimíd amach gairid go maith é. Táim rud
9192beag mall chun scéal a thógaint síos = a chur síos dréir mar
9193a chloisfinn é, nó tréis é chlos. Bhíos breóite lag, is chaitheas
9194an leaba thógaint = dul ag triall ar an leabaidh is isteach
9195ínti. Thógas an buachail i n-áirde ón dtalamh leis an dá
9196chluais. Nuair a chuala an glór bhíos ag tógaint mo chluaise
9197= ag cur cluas le h-éistcacht orm héinig. Tógadh liom
9198is buaileadh ar bhior mo chinn me = bainead dem bonn (dem
9199buínn, dem chosa) me. Dia linn: táimíd tógtha ó thalamh
9200na h-Éirean anois nó riamh = scriosta, marbh, ídithe (cainnt
9201a dúbhairt duine nuair a conacthas na dubh-chrónaigh ag


L. 224


9202

teacht). Táim tógtha ó thalamh na h-Éirean aige sna fiacha
9203go léir = briste ceart. Ní tógfar an chainnt sin uait
9204gan é rá níosa cruinne = ní glacfar le -. Ní rabhas sásta
9205sin a thógaint i n'fhírine gan é fhiarthú thar n-ais an tarna
9206h-uair. Ní tógth' ort (= tógtha ort) bheith ag mola do
9207chonndae féinig = ní ceart milleán a chur ort mar gheall ar
9208tu bheith —. Thógfainn léighean go tapaidh = d'fhoghlumóin.
9209Thóg an scéal maith suas me = chuir áthas croidhe orm. Bíon
9210tógaint-suas croidhe ag baint le scéal geal. Thógfadh
9211droch-scéal duine = chorróch: chuirfeadh ar staid mhí-shuain-
9212easach. Ní thógfá an ainm sin "balcaire" i n-aochor mar
9213tán tu ró-fhada = ní oiriúnóch sé dhuit. Bíon tu a d'iarraidh
9214me thógaint i gcómhnuí = me chur suas. Thógas Tomás chun
9215cabhruithe liom = thóghas: thugas liom. Ní ceart duit an
9216chainnt sin a thógaint chúghat héinig mar ní chúghat-sa a bhíos
9217= a mheas gur duit-se a bhíos á thagairt. Thóg Pádraig an
9218focal san = níor thaithin an focal leis: thóg sé suas é. Níl aon
9219tógáilt ar phrátaí anois = éileamh, glaoch, tógaint, ruith. Is
9220ana-sho-thógtha an duine thu = gur fuirist tu thógaint, tu chothú.
9221Bíon daoine go tréan chun foghluim a thógaint is daoine
9222eile mall. Tá an bhó ag tógáilt = ar tógáilt. Tá an bád
9223ag tógaint an uisce (= á thógaint isteach thar a faor) is á
9224tharac (á tharac aníos). Ná tóg orm teacht treasna ort:
9225ná tóg orm gan bheith i láthair, éinní = ná buail a mhilleán
9226orm. Tógfaidh sé leath-uair a' chluig uaim an ceacht a scríobh.
9227Thógfá Máire ar mhná ciallmhara an domhain = mheasfá gur
9228duine díobh í. Tóg an focal san ana-fhada. Tá súil agam
9229ná tógfaidh Dia orm fanacht istig ón Aifrean = ná leanfaidh.
9230Dá dtógfá do lámh chúgham bhrisfinn do phus. Táim ag
9231tógaint an lae go breá bog. Má bhris sí an copán féin
9232ní tógtha uirthi = ní ceart é thógaint uirthi.


9233
9234

TÓGÁLACH — Tá aicíd thógálach orm = aicíd gur fuirist
9235í thógaint. Nách tógálach an duine thu! = duine nách fuirist
9236labhairt leis ná baint leis mar go bpreabfadh sé chúghat:
9237duine gur fuirist é thógaint, é chur suas, é chur chuin feirge.


9238
9239

TOGHDUITHE — Tán tu chó toghduithe, chó tuathalach, le sean-
9240asal. Bíon duine toghduithe nuair a mheasfá go mbéadh
9241mar a bhéadh ualach trom ar a dhrom: bhéadh sé ag imeacht
9242trom, marbh.
9243


L. 225


9244

TOGHDUITHEACHT — D'fhág an obair toghduitheacht is tinn-
9245easaí i ngach aon tsnaidhm dem chorp. Snaidhm anso = alt:
9246an áit go dtagan na cnámha isteach le n-a chéile.


9247
9248

TOGRAIM — Ní de rogha a thogair sé dul ann ach gur
9249chaith sé é = a thoibh sé.


9250
9251

TOIL — Tá an seanduine ag fáil bháis, ach caithfimíd an
9252scéal a dh'fhágaint fé thoil Dé. Bím ag eascainí ach ní
9253bhíon mo thoil ach le cuid aca = bíon an chuid eile lasmuigh
9254dem thoil. Bhí an máistir ar buile mar gur fhágas an scoil
9255gan a thoil = gan chead uaidh: gan a thoil do lorg. Tá
9256Gaoluinn ar do thoil agat = gur féidir leat í chur ag obair
9257fé mar is mian leat. Tá an saol ar mo thoil agam anois =
9258go breá breá: chó breá is ba thoil liom. Bhí fhios agam nár
9259cheart é dhéanamh, ach bhuaidh an toil ar an dtuiscint agam.


9260
9261

TÓIN — Tá tóin an hata briste = an méid tímpal a bhíon
9262thuas is ós cionn mullach an chinn nuair a bhíon an ceann in sa
9263hata. Béal an hata = an oscailt go gcuirtear an ceann
9264isteach ann. Duille an hata = an chuid de a bhíon leibhéalta:
9265a choimeádan taithneamh na gréine amach as an súile. Bhí sé
9266ag imeacht tóin thar ceann — dá mbéadh duine suite ar nós
9267an táilliúra dh fhéadfadh sé a cheann a bhuala anuas ar an
9268dtalamh agus ansan é héinig a chasa chun cinn ar nós na
9269liathróide. Chaitheas an buachail uaim síos den árdán tóin
9270thar ceann = é ag casa sa tuitim síos: ní bhéadh sé ag tuitim
9271síos ceann ar aghaidh, ná cosa ar aghaidh. Bíon an cladhaire
9272sin ag obair fé thóin = fé cheilt, i gan fhios. Tá an scéal
9273tóin thar ceann agat = bun ós-cionn. Bhí na leabhartha
9274caite tóin thar ceann aige = soir siar = trí n-a chéile: gan
9275bheith socair ceart. Bíon na spiairí ag obair fé thóin i
9276gcómhnuí. Tá an tóin bainte as an leath-scéal agam = gan
9277aon mhaith fágtha ann agam: gan aon bhonn bheith fé. Cainnt
9278gan bhun gan bhárr gan tóin gan cheann gan leath-imeal =
9279cainnt ná féadfá aon tuiscint a bhaint as: a bhéadh measctha
9280trí n-a chéile go h-olc. Bhí an teine leis an dtóin agam is
9281chaitheas teithe = bhí an tóir go dian lem shála. Ní dh'fhéad-
9282fadh sí fiche focal cainnte do chur as tóin a chéile = do chur
9283le chéile: i ndiaidh a chéile i gceart. Níl sé de mheabhair
9284ionnam dhá líne filíochta do chur as tóin a chéile. Tá an tóin


L. 226


9285

as an saol, tuitithe as an saol, an aimsir seo = é bheith
9286buartha neamh-shocair go maith. Níl an tóin ró-dhaingean sa
9287tsaol fós. Ní féidir le duine suidhe gan a thóin bheith fé.
9288Tuitfidh an tóin as indiubh (as an spéir, as an lá) = tiocfaidh
9289ana-bháisteach anuas. Ní féidir liom tóin ná ceann a chur
9290ar an scéal = ní féidir liom aon tuiscint a bhaint as, aon
9291éifeacht a dh'fheiscint ann. Buail é sin isteach fé thóin
9292cártaí = fé sna cártaí a geárrtar agus ná bíon san imirt.
9293an cárta a bhíon fé thóin cártaí bíon sé as radharc is fágtar
9294ansan é: ní bhíon sé san imirt. Chuir Seán fé thóin cártaí
9295me sa scrúdú = bhuaidh sé orm. Tá an sagart fé thóin
9296cártaí ag an easbog = caite isteach i gcúinne, i bpóirse
9297éigint: gan aon mheas ag an easbog air. Cuireadh fé thóin
9298cártaí in sa gcomórtas sinn = buadhadh is briseadh orainn:
9299fuarthas an lá orainn. Caith isteach fé thóin cártaí é sin.
9300Tán tu ag titim ar tóin = ag dul siar, ag dul i n-olcas.
9301Duine ag titim ar tóin i rás = ag titim siar. Duine a bhí
9302ag cúla ó chleas a dh'imirt bhí sé ag titim ar tóin.


9303
9304

TÓIR — Tá eagla orm go dtiocfaidh an tóir isteach = an
9305namhaid is fuadar fé. Tá an tóir i nbhúr ndiaidh. Tá an
9306tóir fén dtóin, leis an dtóin, againn = go dlúth 'nár ndiaidh.
9307Nuair a bhraith sé an tóir chuige léim sé an fhinneóg amach.


9308
9309

TOIRMEASC — Bhíodar ag déanamh toirmisc ar an lánúin
9310phósta = á gcur i gcoinnibh a chéile. Gheóbhaidh sé na flaithis
9311gan dua gan toirmeasc. Ná bíodh sé den dtoirmeasc an
9312leabhar san a leigint uait ná é chailliúint. Toirmeasc seadh
9313rud a chailliúint nó aon mhí-ádh mar sin, nó gan é dh'fháilt
9314dá mbeifá á lorg = clampar, cúis trioblóide. Níl aon
9315toirmeasc eadrainn ach toirmeasc na móna = clampar.


9316
9317

TOIRMISCIM — Thoirmisc sé orm é dhéanamh = dúbhairt
9318sé liom (bhagair sé orm, órduigh sé dhom) gan é dhéanamh:
9319chosc sé orm -.


9320
9321

TOIRRCHEAS — Tá toirrcheas ar an mbean = í ag úmpar
9322cloinne.


9323
9324

TÓIRTÉIS — Tá ana-thóirtéis ag baint leat = eiríghe i
9325n-áirde. Tá árd-thóirtéis orm mar gheall ar na bróga


L. 227


9326

nua = me bheith mór ionnam féinig aca. Ní chuirfeadh £20
9327ar bhó aon ana-thóirtéis ar dhuine an aimsir seo ná compórd
9328(cúmpórd a deirtear) = árdú croidhe, tógaint cinn. Tá
9329tóirtéis agam (nó orm) as mo dhuine muínteartha atá ag
9330déanamh na ngníomhartha móra. Bhéadh ana-thóirtéis orm
9331(chuirfeadh sé ana-thóirtéis orm) a chlos go raibh an tsíocháin
9332bunaithe. An raibh aon eagla ort nuair a chonnaicís
9333na dubhchrónaigh chúghat? Ní raibh aon tóirtéis i n-aochor
9334orm = ní raibh aon fhuíghleach den misneach nó den gcroidhe.


9335
9336

TÓIRTÉISEACH — Thóg sé tig mór tóirtéiseach = go raibh tóir-
9337téis ag baint leis. Táim ana-thóirtéiseach as an nduais a
9338bhuadhas = eiríghe i n-áirde, nó mustar, orm mar gheall air.
9339Táim tóirtéiseach as m'athair mar go bhfuil cáil mhór air.


9340
9341

TÓIRTHNEACH — Ní toran go tóirthneach = an tóirthneach an
9342toran is mó. Mheasfá gur thóirthneach bhalbh an fhuaim =
9343tóirthneach a bhéadh i bhfad uait is ná cloisfá go ró-shoiléir.
9344Tá tóirthneacha balbha ag imeacht ó mhaidin.


9345
9346

THÓIS — Thóis amach = gaibh amach — le bó.


9347
9348

TOISC — Is ait é toisc an tsaoil = imeacht an tsaoil:
9349beidh úntaisí ann go deó.


9350
9351

TOISE — Thugas mo thoise don ngréasuí chun feidhre bróg:
9352don dtáilliúir chun cluth éadaigh. Thóg an táilliúir mo
9353thoise. Thógas mo thoise héinig indé is táim sé troithe is
9354órlach ar aoirde. Thógas toise Shéamais le h-aon dorn
9355amháin = leagas (shíneas)ar an dtalamh é — ar (a) fhaid is ar
9356a leithead. Ní ceart duine a thógaint dréir a thoise = dréir
9357a dheárthaimh, dréir a thoirte, dréir mar fhéachan sé. Ní
9358fada a bhíos ag tógaint a toise nuair a tháinig sí chúgham = á
9359meas: á dhéanamh amach cad é an saghas í. Fé mar a thógas
9360do thoise istig im aigne tán tu sé troithe.


9361
9362

TÓITEÁN — Tóiteán teine = teine mhór ghroidhe: bladhma.
9363Bhí tóiteán tobac ar siúl agam = gal mór as an bpíp.


9364
9365

TOLCA — Feic tulca.
9366


L. 228


9367

TÓMHAISIM — Tán tu tómhaiste agam = do thoise tógtha
9368agam. Is féidir liom duine a thómhas go tapaidh. Bhíos
9369am thómhas féinig leat = beirt ag seasamh suas díreach le
9370chéile nó i gcoinnibh a chéile féachaint ciaca do b'aoirde.


9371
9372

TÓMHAISÍN — Thógas tómhaisín beag fuisce = deoch bheag:
9373tómhas beag de. Is maith liom tómhaisín a bhaint as nuair
9374a théighim 'on mbaile mór.


9375
9376

TÓMHAS — Is deacair talamh a chur amach as an dtómhas =
9377nuair a chaithean duine an síol is an leasú a cheannach sa tsiopa.
9378Cuir an mála siúicre isteach sa tómhas féachaint cad é an
9379mheáchaint
atá ann = gléas chun rud a thómhas. Bead ag
9380imeacht anois mar tá tómhas liom = marc, téarma: tá
9381orm rud éigint a dhéanamh, nó é dhéanamh laistig d'am áirithe.
9382Tá cuid dár dtómhas aige Seán cheana = cuid dár dtoise
9383aige, nó tógtha aige. Ná bíodh peaca an tómhais ort — le
9384siopadóir = gan bheith spriúnlaithe ag tómhas amach na
9385n-earraí: leaga an tómhais (na meágha) bheith aige sna
9386h-earraí: piúnta maith pórtair, cig., a líona amach. Cad é
9387an tómhas é sin? = cad é an mheáchaint, an fhaid, atá ann?


9388
9389

TÓMAS — Tá ubh anso i dtómas gach duine = i gcóir: le
9390h-aghaidh: fé chóir. Cuireadh ubh síos i dtómas gach éinne
9391againn. Tá ceist agam anso id thómas = féd bhráid, féd
9392chóir. Cuireadh blúire maith den bhfeóil i leath-taoibh féd
9393thómas (fé tómas a deirtear).


9394
9395

TÓN — Nó tóin. Thuit an tón as an lá = d'iompuigh sé
9396chun báisteach throm, nó chun báistíghe truime.


9397
9398

TÓNACHÁN — Bhí sé ag tónachán leis fan an fhalla a
9399d 'iarraidh éaló amach as an seómra = an tóin á chimilt fan
9400an fhalla aige is é ag imeacht. Bíon duine ag tónachán
9401nuair a bhíon sé ag teacht anuas fan chliatháin cnuic (nuair
9402a bhíon an cnoc ana-ghéar) = ag siúl ar a thóin. D'aistríos
9403liom ag tónachán.


9404
9405

TONN — Tá tonn maith dem aois caite agam: ní fada
9406eile a raghad = cuid mhaith: téarma maith fada. Tá tonn
9407(nó tamhain) maith dá h-aois tagtha.
9408


L. 229


9409

TONN — Chuireas tonn mhór fola aníos, nó amach = mórán
9410de. Tagan an tonn taoscach orm nuair a théighim ar an
9411bhfairrge = úirlicí: taosctar aníos gach ní as mo ghoile.
9412Nó, tonn taoscach = sconna buinníghe.


9413
9414

TOR — Tor raithníghe = nuair a bhéadh roinnt mhaith de sna
9415slapair ag fás isteach ana-ghairid dá chéile. Ní fiú faic
9416thu ach mar sin héinig is fearr thu ná tor aitin. Bhí an lá
9417fén dtor againn = díomhaoín, ar ár dtoil: fé mar a bhéadh
9418ag duine ná béadh ag obair i lár na páirce ach é cúnlaithe
9419isteach fé thor.


9420
9421

TORADH — Ní raibh mórán triomaigh ann le chúig bliana is
9422sé a thora san atá anois ann = an rud atá tagtha as san.
9423is féidir liom an Ghaoluinn a labhairt ceart go leór, ach dá
9424mbéadh cainnteóir maith istig liom ní dh'fhéadfainn aon tora
9425a thabhairt air = ní dh'fhéadfainn cainnt cheart a choimeád
9426ar siúl leis. Dóghadh mo thig ach ní bhfuaireas aon tora as =
9427sásamh Dá gcuirfá leanbh ag triall ar theachtaireacht ní
9428bhfuigheadh sé puínn tora = ní cuirfí aon ana-shuím ann. Ní
9429thugaim aon thora ar mo mháthair = ní dheinim faic uirthi:
9430ní chuirim aon naith i pé ní a deirean sí.


9431
9432

TÓRAMH — Táim tuirseach ó bheith ar an dtóramh aréir.
9433Deineadh an corp do thóramh. Chuir sé tóramh ar a bhean
9434= dhein í thóramh. Feic tóruighim. Bhí tóramh breá uirthi.


9435
9436

TÓRMACH — Tá an bhó ag tosnú thórmaigh = na siní ag at
9437amach ag an mbainne is an ú anuas teann ag líona amach.
9438Tá an bhó ag tórmach. Tá ana-thórmach déanta aici. Tá an
9439fuacht ann anois is tórmach aimsire laistiar de = tórmach
9440chun droch-aimsire laistiar de: é ag buirbeáil chun droch-
9441aimsire. Cheannuíos bó thórmaigh = bó go raibh tórmach á
9442dhéanamh aici. Is mór an tórmach atá ar an mbó. Is
9443éachtach an tórmach a tháinig ar Sheán chúgham = at le feirg:
9444tháinig sé séidhte amach, lasta suas, le feirg. Tórmach
9445mór is gan do theacht as ach mara-laogh, mara-ghamhain = ana-
9446ullmhú, ana-obair, is beagán tora. Tá ana-thórmach ar an
9447oíthe anocht = é ag buirbeáil chuin báistí nó sneachtaidh: an
9448spéir trom is líonta isteach: cló na báistí nó an tsneachtaidh
9449go maith air. Nách éachtach an tórmach atá sa tír an aimsir,


L. 230


9450

seo, tithe á ndógha, saighdiúirí ag marú, agus mar sin de =
9451fearg, at: agus ansan achran is marú. Maruíodh póilín
9452aréir is is dócha go dtiocfaidh tórmach as = at feirge is
9453droch-obair is buirbeáil.


9454
9455

TORMAISTIÚIL — Duine tormaistiúil = gur deacair é
9456shásamh: gur beag leis a bhfuighean sé: go mbíon tormas
9457air.


9458
9459

TORMAS — Tá tormas ar an leanbh, nó tá sé ag tormas =
9460tá sé mí-shásta: tá pus air. Tá tormas orm indiubh cheal
9461tobac = mí-shásamh, mí-shástacht. Dá mbéadh do chuid móna
9462goidithe (goitithe a deirtear) uait bhéadh tormas ort. Bhí
9463tormas orm mar nár leigeadh isteach sa bhfuirin báire me.


9464
9465

TORRACH — Nó tarrach. Ní íosfad a thuille bídh ná ní
9466ólfad a thuille díghe mar táim torrach aca = lán suas.


9467
9468

TORTHACH — Páirc thorthach = saibhir: páirc go mbéadh ana-
9469thabhairt ínti: torthúil (nó torúil).


9470
9471

TÓRUIGHIM — Tóruíodh an corp = deineadh é thóramh.


9472
9473

TOSACH — Bíodh tosach na breithe ag Dia (ar dhuine éigint)
9474= is aige Dia ba cheart an chéad bhreith a bheith: is ba cheart
9475dúinn an chéad bhreith sin a dh'fhágaint Fé. Tá cáithnín fé
9476thosach mo shúile = an chuid di is cómhngaraighe don tsróin.
9477Fé dheire na súile = sa chúinne eile. Ar radharc na súile =
9478istig ar a lár. Táid i dtosach a gcloinne = gan ach tosnuithe
9479ar an gclainn aca. Táim i dtosach mo mhaitheasa = ná raibh
9480aon mhaith ionnam go dtí so. Níor mhaith liom labhairt leat
9481chun tosaigh = an chéad chainnt a bheith agam = tosnú na cainnte
9482a dhéanamh. Tá leabhar á scríobh aige. Tá: sé an tosach
9483aige é = an chéad cheann: an tosnú. Sé Seóirse tosach na
9484cloinne aca = an chéad duine cloinne. Tháinig stróinséirithe
9485isteach is sagart chun tosaigh ortha = ar an gcéad duine aca.
9486Cuir tosach fém bróig = an méid den mbróig a théighean ar
9487an dtalamh is gan an tsál d'áireamh. Tá na tosaighe ar
9488fóghnamh ach tá na sála ar lár agam. Bhí an capal chun
9489tosaigh ar an láir (= roímpi amach) is an t-asal 'na ndiaidh


L. 231


9490

aniar. Téir ar tosach = chun tosaigh leat — a déarfadh an
9491máistir scoile le garsún á chur suas go ceann na buidhne.


9492
9493

TÓSDALACH — An té a bhíon tósdalach bíon sé mórálach
9494(nó mórdálach) ann féinig: cuirean é héinig ós cionn a
9495chumais.


9496
9497

TOSNUIGHIM — Tosnuíon páirc le p is críochnuíon le c.


9498
9499

TOST — Thuit sé dhá thost: thuit sí dhá tost = stop den
9500gcainnt. Ar an imeacht gcéadna thuiteas dom chola, is
9501mar sin.


9502
9503

TRÁCHTAIM — Níl aon aithne agam ar an ndochtúir ach
9504clos trácht (nó tráchta) thairis = gur chuala tagairt bheag dho:
9505cainnt bheag mar gheall air. Bhíomair ag trácht an bhóthair
9506le cois a chéile = ag siúl, ag cur dínn. Ní raibh aca ach
9507trácht thar a chéile = sin a raibh d aithne aca ar a chéile — rud
9508nárbh fhiú é dh'áireamh). Casadh orm Éamon i dtrácht an
9509bhóthair = agus an bóthar á chur díom agam. Bhíomair araon
9510i dtrácht an bhóthair ag cainnt le chéile. Bé go bhfuighidh
9511Éire rud éigint ó Shasana i dtrácht na h-aimsire = leis an
9512aimsir, le h-imeacht na h-aimsire. Tá ana-thrácht ag an
9513bhfear san, ag an siopa san = mórán daoine bheith ag déanamh
9514air: mórán ceannaigh ar siúl ann: ana-ghlaoch ar pé ní a
9515bhéadh ann.


9516
9517

TRÁGHAIM — Cloch thráite = cloch go mbíon an t-uisce
9518imithe anuas di. Tá mo bholg tráite ag an obair = gach ní a
9519bhí ann imithe as: folamh. Tán tu ag féachaint tráite go
9520leór = an fuinneamh is an neart is an dath imithe asat.


9521
9522

TRÁIGH — Ná bí a d'iarraidh an dá thráigh a thabhairt leat =
9523an dá thaobh: dá ní. Bhíos a d'iarraidh an dá thraigh a thabhairt
9524liom, bheith ag scríobh is bheith ag cainnt. Ní dh'fhanan tráigh le
9525h-eadarshuth = pé ní a thárluíon deinean an tráigh, trá na
9526fairrge, a ghnó feinig. Lag trágha. Feic taoide. Is
9527fada amach atá an tráigh indiubh = mórán den dtráigh a
9528bheith nochtuithe. Fágadh ar an dtráigh me = ar an bhfóghraíl
9529ar fóghraíl. Bhris an gluaisteán is ansan bhíos ar an dtráigh
9530go breá = gan aon rud agam: gan aon tseift ná fuascailt


L. 232


9531

agam. Nuair a bheidh na prátaí ídithe againn beimíd ar an
9532dtráigh = follamh: gan bhia.


9533
9534

TRÁIGH-LÍ — Tháinig poll i mála an phlúir sa tslí abhaile
9535is d fhág san Tráighlí ar an mbóthar againn = d'fhág ar
9536fóghruíl. Bhí Tráighlí ar an mbóthar againn nuair a bhris an
9537cárr is gan ionainn é dheisiú = bhíomair fágtha i bpúnc, i
9538dteannta. Thug an seana-thraen Tráighlí ar an mbóthar
9539dúinn nuair a bhí na rálacha tógtha chuin siúil. D'fhág
9540Pádraig Tráighlí ar an mbóthar agam sa rás, sa scrúdú =
9541d'fhág chun deire go mór me: d'fhág ansan me is d'imigh
9542uaim. Nuair a bhíon Tráighlí ar an mbóthar aige duine ní
9543féidir leis a chás a réiteach-go ceann tamaill ach go h-áirithe.


9544
9545

TRÁLAERACHT — Ag trálaeracht a bhíon an t-árthach san
9546= ag iascach le trál.


9547
9548

TRANGALÁIL — Feic trangalam. Bhí téada in sa naomhóig
9549is seólta is trangaláil eile = rudaí eile trí n-a chéile: nó
9550rudaí eile a dheinean trangalam is achran (le bheith sa tslí).
9551Tá ana-thrangaláil ar an mbórd agat = rudaí bun-ós-cionn,
9552nó rudaí de mhórán saghasana. Tá trangaláil mhaith im
9553pócaí. Bhí trangaláil agam ag dul ar mo laetheanta
9554saoire = málaí is giúirléidí: ní dh'fhéadfá é thabhairt ró-
9555mhaith ar aon mhála amháin, ach san am gcéadna pé beag mór
9556ar an dtaobh amuigh díot féinig is trangaláil é mar
9557bainean trangalam leis. Leanan mórán trangalála an
9558tig seo, nó aon tig go mbíon mórán gnóthaí trí n-a chéile
9559ann. Bíon trangaláil mhaith i gcómhnuí ar an gcoirce nuair
9560a bhíon an droch-aimsir ann = trioblóid: á leaga is á thógaint
9561is á thriomú.


9562
9563

TRANGALÁLACH — Is trangalálach an fear thu = tran-
9564galáil a bheith agat i gcómhnuí: nó á dhéanamh agat.


9565
9566

TRANGALÁLTA — Bíon an tig seo ana-thrangalálta
9567lá aonaigh = trangáil mhór is achran is straca is brúgha ann:
9568daoine is cairteacha ag teacht is ag imeacht. Bhí an lá
9569indiubh trangalálta go maith = trangaláil ag baint leis:
9570mórán sa tsiúl tré chéile. Níl aon tslí sa naomhóig dhuit:
9571tá sí ró-thrangalálta achranach = an iomarca trangalálta ínti


L. 233


9572

is earraí. Tá sibh trangalálta go maith indiubh = rudaí á
9573n-aistriú mar seo is mar siúd agaibh gan aon tslí chóir. Tá
9574an bórd trangalálta agam = mórán nithe anuas air is gan
9575iad riaruithe.


9576
9577

TRANGALÁLUIDHE — Duine go mbíon trangaláil ag
9578baint leis: nó a bhíon ag cur trangalála is toirmisc ar
9579bun, is a bhíon ag teacht treasna ar dhaoine.


9580
9581

TRANGALAM — Is minic a tháinig trangalam maith as
9582fhear seóig, as bhean tseóig = bruighin, clampar, crosa. Tá
9583an scéal 'na thrangalam eadraibh = meascaithe, achranach,
9584na bhruighin. Fear mór trangalaim = fear mór cros:
9585a bhíon a d'iarraidh daoine a chur amuigh le n-a chéile. Tá
9586an lá na thrangalam againn = nuair a bhéadh gach gnó soir
9587siar: ná béadh obair an lae ag rith le duine is gan éinní dá
9588bhár aige: bun-ós-cionn. Tá na cómharsain i dtrangalam
9589dlí = i n-achran dlí. Leanan mórán trangalaim gnó feirme.
9590Táim i dtrangalam = i gcás: i gclampar: i mbruighin.
9591bhéadh trangalam ar dhuine dá gcaillfeadh sé a chuid stuic, dá
9592mbéadh sé go h-olc as = ní bhéadh sé réidh. Bhí trangalam
9593eatorra ach tá deire leis = aighneas is bruighin. Dá n-iadhfadh
9594an bannc ar do chuid airgid bhéadh trangalam ort = trioblóid,
9595achran. Bhí trangalam aca mar gheall ar rud éigint. An
9596té a bhíon, i bhfiacha bíon sé i dtrangalam. Bhí trangalam
9597agam a d 'iarraidh an bhó a thabhairt ar an aonach = trioblóid.
9598Nó trangalam orm. Nuair a chuaidh an bád amach riug
9599trangalam uirthi mar níor fhéad sí teacht isteach ag an
9600dtarac = achran, dua. Dhein an bithúnach san ana-thrangalam
9601eadrainn = chuir clampar is droch-aigne ar siúl, is achran.
9602Táim i dtrangalam mór mar gur riugadh orm ag goid
9603caorach. Nuair a bhíos ag imirt cnaipí chuaidh an chráin
9604isteach ins na prátaí; á tiomáint amach dhom gheárras í
9605le sciolpóg cloiche, is ansúd ní trangalam a bhí déanta ach
9606dhá thrangalam. Bhí trangalam mór á dhéanamh i dtír na
9607h-Éirean tamal ó shoin = díobháil is achran. Bhí lá mór
9608trangalaim againn = mórán rudaí le h-aistriú: mórán
9609gnóthaí le déanamh is le réiteach: lá bruigheanta is cros is
9610achraintí. Lá trangalaim seadh lá aonaigh i gcómhnuí.


9611
9612

TRAOCHAIM — Bhíodar ag traocha a chéile amach = ag cur


L. 234


9613

ana-thuirse suas ar a chéile. Ní raghadh aon traocha orm de
9614lá ná d'oithe dá mbéadh an phíp lán agam.


9615
9616

TRÁTH — Is minic a bhíodh an máistir an meisce, ach lá de
9617sna laetheanta is tráth de sna tráthana bhuail an cigire
9618isteach chuige gan choinne.


9619
9620

TRÁTHÁLAIM — Tá an fhairge tráthálta againn ó mhaidin
9621ar bheagán seilge = cuarduithe le trál: trálaeracht déanta
9622uirthi. Thráthalas an t-aonach is ní fhaca oiread is bó a
9623thaithneóch liom. Thráthálas an baile ag lorg airgid is ní
9624bhfuaireas faic.


9625
9626

TRÁTHAR — Tá mo mhéar i bpoll tráthair = i n-áit nách
9627féidir liom í tharac as go ró-mhaith: táim i bpúnc: bruid
9628airgid, cig., a bheith orm.


9629
9630

TRÁTHNÓNA — Tráthnóna meala = glórmhar, aoibhin.
9631Tráthnóintí.


9632
9633

TRÉ — Raghadh an cladhaire sin tríot isteach le dílseacht =
9634leigfeadh sé air go raibh sé ana-cheanúil ort.


9635
9636

TREABHAIM — Má tán tu ag súil le h-airgead uaim
9637beidh gan treabha agat, a mhic ó = beidh an gnó gan déanamh:
9638beidh fuar agat. Tá Séamas slán aríst, ach ní raibh ann ach
9639gur threabhaigh sé = bé a dhícheal é teacht as an mbreóiteacht:
9640ní raibh ann ach gur tháinig sé as. Táim chun treabhtha, nó
9641chun treatha, nó chun treabhaite, arís = chun fiadhaigh: ar
9642fóghnamh, ábalta ar ghnó a dhéanamh. Táim ag treabha liom,
9643ag treabha tríd an gceacht = ag saothar liom go mall réidh.
9644Bhíos ag treabha riamh is choidhche gur bhaineas Bleá Cliath amach
9645de shiúl mo chos = ag baint as: ag cur díom. Táim ag
9646treabha ar dhul abhaile amáireach = ag cuímhneamh, ag faire
9647ar —. Bhíos ag treabha a d'iarraidh é dhéanamh = ar mo
9648dhícheal.


9649
9650

TREAGHDÁN — Treaghdáin = na h-ainmhithe beaga a bhíon
9651i gceann, nó ar cheann, dhuine: míola cinn.


9652
9653

TREALLA PÓIR — Duine a bhíon ag siúl go trom ainis
9654(aindeis).
9655


L. 235


9656

TRÉAN — Tá teine thréan thíos agat = ana-láidir. Táim
9657go tréan = go h-ana-bhreá. Tán tu go tréan chun gaoil
9658do thabhairt isteach (do chómhaireamh) = go diail.


9659
9660

TREASÁILT — Nó triosáilt. Triosáil (ó thriosálaim)
9661suas bun do bhríste ón bpluda = fill suas é. Triosáil i
9662n-áirde an t-éadach ar an mbórd = bailibh, cúnlaigh isteach.
9663Baineadh treasáilt asam = treascairt, leaga. Baineadh
9664treasáilt as mo phágh = íslíodh anuas é. Thriosáil sé an
9665leanbh suas go dtí an tsíneáil = thug caitheamh i n-áirde dhó.


9666
9667

TREASCAIRIM — Treascairíodh me = leagadh; baineadh
9668treascairt asam. Anso a bheidh do threascairt = a leagfar
9669thu: a brisfar thu: a gheóbhair bás. Fuaireas na bróga
9670so ar a leath-threascairt = ana-shaor: ar leath a gcuid
9671airgid: ar leath-luacha (nó leath a luacha). Tá na h-earra
9672ag imeacht ar a leath-threascairt anois = mórán fé bhun an
9673méid is fiú iad. Fan socair ar an gcathaoir nó bé go
9674bhfuighir do threascairt.


9675
9676

TREASNA — Ná tóg orm teacht treasna ort = dul id
9677choinnibh: brise isteach ar do chainnt: gan réiteach ná teacht
9678leat. Tán tu ag fás treasna = i leithead. Scéal treasna
9679= scéal nó cainnt a thagan treasna is a chuirean i leath-
9680taoibh scéal eile: nó a deirtear chun é chur i leath-taoibh.
9681Chuireas dhá mhála ar a bhfaid in sa gcairt is mála eile ar a
9682threasna = chuireas treasna sa chairt é. Bhuail ceist treasna
9683orm aréir nárbh fhéidir liom í réitheach = casadh orm. Chuireas
9684an mála treasna anuas ar an dá cheann eile. Ní ar 'fhaid
9685(a fhaid) ná ar 'aoirde a bhí sé ach ar a threasna. Níl aon
9686treasna ionnat = leithead. Tómhas ar mo threasna me is
9687ar m'aoirde. Chuir sé an tómhas ar mo threasna = treasna
9688orm — táilliúir, cig.


9689
9690

TREASNÁIL — Tá an treasnáil ag baint leat = tu bheith
9691ag teacht treasna ar dhaoine. Deinfimíd go maith muna
9692raghaimíd chun treasnála ar a chéile = chun mion-áitimh. Nó
9693treasnuíl. Bím ag treasnuíl (nó ag treasnáil) ar dhuine
9694éigint i gcómhnuí. Fear mór treasnuíle (nó treasnála)
9695seadh me.
9696


L. 236


9697

TREASNÁLTA — Bíon an treasnáluí treasnálta.


9698
9699

TREASNÁLUÍ — Duine a bhíon ag teacht treasna ar
9700dhuine eile. Nuair a bhíos ag labhairt ón árdán bhí treasnáluí
9701éigint thíos a bhí ag síor-bhrise isteach orm. Cuir amach an
9702treasnáluí.


9703
9704

TREASNÁN — Rud a bhíon ag gabháilt treasna. Treas-
9705náin na cómhlach = na cláracha a bhíon ag gabháilt treasna na
9706cómhlach is iad greamaithe ar na cláracha a ghaibhean suas
9707síos. Treasnán, leis, seadh an maide buaice.


9708
9709

TREASNUÍL — Feic treasnáil. Dá mbéadh aon fhocal
9710ann go mbéadh aon treasnuíl ann bé ná tuigfinn é = deaca-
9711racht: focal a thiocfadh treasna ort. Bímíd ag treasnuíl
9712ar a chéilig. Ní théighean aon laga ar do chuid treasnuíola =
9713áiteamh is aragóint.


9714
9715

TREIDHNA — Nó tradhna. Mhuise, cola an tradhna chúghat,
9716a bhuachail! Cad é an cola s'ort (so ort)? — le buachail
9717a bhéadh na chola nuair ba cheart dó bheith dúistithe. Ceann de
9718sna colatánaigh seadh an tradhna.


9719
9720

TRÉIGIM — Thréig sé (éadach) = d'imigh an dath as: chaill
9721sé an dath (a dhath). Tá mo bhríste tréigithe (tréice a deir-
9722tear) = tréice na dhath. Tá tart gan tréigean orm = gan
9723staona: tart a dh'fhanan, ná fágfadh, ná lagóch.


9724
9725

TRÉINT — Ghluaiseamair linn sa tréint = i n-ana-rás:
9726go h-ana-thapaidh. Siúd an girriadh in sna tréintibh siúil
9727nuair a chualaidh sé chuige na gadhair = ar luas na gaoithe.
9728Ba dhiail an tréinte siúil a dheineamair = gluaiseacht ghéar.
9729Siúd ar a thóir na gadhair sa tréint, nó ar tréint = go tiubh
9730tapaidh. Nuair a bhí na h-úbhla goidthe (goite) againn chuir-
9731eamair in sna tréinte. Nó treidhnt. I lár na tréinte
9732chaitheas stad.


9733
9734

TREIS — Cad a bheidh sa treis agat nuair a dh'fhágfad thu?
9735= ar siúl, ar bun. Nó i dtreis. Cad tá i dtreis agaibh
9736anois? = cad é an gnó, an t-adhbhar cainnte, atá ar bun
9737agaibh? Bí ar t'aire mar tán tu sa treis le duine maith


L. 237


9738

anois = sa treó, i gcoinnibh. Tá fhios agam gur goideadh
9739an gluaisteán (gur deineadh éinní) ach ní rabhas-sa sa treis =
9740ní rabhas sáite isteach ann. Tá rud éigint sa treis ag an
9741naomhóig ná fuil sí tagtha isteach = ar bun, i gceist, amú.
9742Nílim i dtreis, sa treis, san obair sin = níl aon lámh agam
9743ínti. Níor mhaith liom dul 'na threis = dul 'na choinnibh: dul
9744i n'ionntaoibh: dul leis, na threó: tabhairt fé. Táthar sa
9745treis thall i Lúndain tímpal ceist na h-Éirean = ag cómhrá,
9746ag troid, gnó ar bun aca. Ní rabhamair ró-gheal dá chéilig
9747tamal ó shoin, ach níl faic sa treis eadrainn anois = sa
9748difir: i gceist. Tá sé sa treis go bhfuighimíd ár saoirse =
9749sa tairngireacht: ráite: ag imeacht. Bím héin is Tomás
9750sa treis (i dtreis) le chéilig = le chéilig, i dtreó a chéilig, i
9751dteannta a chéilig. Ní raibh éinne sa treis liom nuair a
9752bhriseas mo chos = im theannta. Tá ceist na h-Éirean sa
9753treis aca thall = ar siúl. N'fheadar cé bhí sa treis léi sa
9754droch-ghnó = sáite isteach léi sa droch-ghnó: ag cabhrú léi:
9755lámh aige ínti.


9756
9757

TREISE — Is fearr treise aigne (nó treise tola) ná
9758neart lámh = fuinneamh, neart. Táim níos treise ná thu
9759= níos láidre, níos tréine. Tán tu go treis = go láidir
9760tréan groidhe: go breá. Tá an bhreis agam ort ar aoirde =
9761táim níos aoirde ná thu.


9762
9763

TREISEACHT — Dá threiseacht í an fhiacail seadh is mó an
9764saigheadh (pian géar) a bhíon aisti.


9765
9766

TREÓ — Táim ag dul i dtreó canna uisce = fé dhéin.
9767Tán tu ag fágaint treó na díghe = an áit, an treó, go bhfuil
9768an deoch. Bhíos ag teacht as threó, nó ó threó, na cainnte.
9769Cad é an treó atá á thabhairt ort héinig agat anois? = cáil
9770do dhul? Treó an aonaigh. Chuas i dtreó gloine fuisce =
9771sa treó 'nar cheapas go mbéadh sé, nó ag trial ar dhuine gur
9772dhóigh liom go bhfuighinn uaidh é. Chuas 'on oileán Tiar i
9773dtreó na Gaoluinne. Táimíd i dtreó a chéilig ó mhaidin =
9774i dteannta —. Bhfuil an cheist (an seómra, éinní) i dtreó
9775agat fós? = réitithe, socair suas, ullmhuithe. Chuireas an
9776bhó i dtreó tairbh mhaith. Chuireas an mhaise id threó = ag
9777triall ar an áit go rabhais. Ní ceart scata daoine óga a
9778dh'fhágaint i dtreó a chéile mar sin.
9779


L. 238


9780

TREÓIR — Táim gan chrí gan áird gan treóir = imeacht
9781seólta.


9782
9783

TREÓRUIGHIM — Táim ag treórú chun imeachta, chun
9784inní = am dhéanamh féinig suas chun, ag ullmhú chun -.


9785
9786

TRIAIL — Tá triail agam ort is nílean tu go ró-mhaith =
9787tástáil. Cuir chúgham feidhre bróg ar triail, le triail =
9788le tástáil (is níl geárrtha orm iad do choimeád muna
9789dtugaid triail mhaith uatha). Thug sé ana-thriail uaidh sa
9790gcomórtas, sa scrúdú, i n-aon tsaghas cúrsa = dhein sé go
9791maith: triail leóin. Thug an gluaisteán droch-thriail uaidh
9792is níor choimeádas é. Thug an lá ana-dhroch-thriail uaidh
9793agus a bhreáthacht a bhí sé ar maidin = iompuigh sé amach go
9794h-olc: níor sheasaimh sé go maith.


9795
9796

TRIAILIM — Bím ag triail gach éinní lem cheann is ní
9797féidir liom é leigheas. Níl trialta agam ar an lampa nua
9798fós = ní raibh aon triail agam air: níor bhaineas triail as.


9799
9800

TRIALL — Chuireas mo lámh im póca ag triall ar
9801hainceisiúir.


9802
9803

TRIAN — Tá dhá dtrian an leabhair léighte agam is trian
9804uaim = dhá dtrian den leabhar.


9805
9806

TRIANTÁN — Triantán aráin = píosa maith: nó císte
9807slán ar fad.


9808
9809

TRÍD — Bhíos ag imeacht tríd (nó thríd) an sráid = ag
9810cur na sráide dhíom: fén sráid. Inis an scéal tríd is tríd
9811= ó thosach deire. Bhí gach éinne á rá liom go raibh an tsíoch-
9812áin déanta, ach tríd is tríd níor chreideas an scéal =
9813d'ainneóin na cainnte go léir.


9814
9815

TRÍNSEÁLAIM — Trínseáladh me le buille chamán =
9816cuireadh ar mí-threóir: bíod go mbéadh, béidir, ar mo
9817chumas obair bheag a dhéanamh. Táim trínseálta ag mo ghoile
9818= buailte amach: máchail a bheith orm nách féidir liom me


L. 239


9819

héinig a bhoga as. Muna bhfuaireas ach 20 fén 100 sa
9820scrúdú táim trínseálta.


9821
9822

TRIOBLÓID — Chó leisciúil ná cuirfeadh sí de thrioblóid
9823uirthi héinig an doras a dhúna = dua. Tá trioblóid mhaith ar
9824an bhfear bocht indiubh = é breóite go leór: pianta air.
9825Tá sé trioblóideach a dhóthin indiubh = mhí-shuaineasach: dua
9826na breóiteachta air.


9827
9828

TRIOLLABHAIT — Triollauit a deirtear. Buaileadh i
9829n-aon triollabhait amháin é síos leis an bhfaill ar an dtráigh =
9830tuitim trom marbh: an fhuaim a dheinfeadh an tuitim sin.
9831bhí scata mór bollán ag teacht anuas tríd an sráid i n-aon
9832triollabhait amháin = i n-aon scata amháin is glór trom na
9833gcos aca. Is diail an triollabhait daoine iad = scata mór
9834daoine, cig., a rithfeadh amach as tig a bhéadh tré theine, nó
9835a bhrúghfadh amach tréis an Aifrin. Thuit an falla i n-aon
9836triollabhait amháin. Thuiteas i n-aon triollabhait amháin
9837anuas den mbórd = tuitim i n-aonacht, tuitim díreach gan
9838greim a dh'fháilt ar éinní: tuitim is buille trom. Cuir
9839uait an triollabhait = fuaim throm led chosa.


9840
9841

TRIOMACH — Fuaireamair cúpla lá triomaigh = cúpla lá
9842go raibh triomú ionnta. Tá breis triomaigh ag eiríghe anois.
9843Nuair a bheidh an cith imithe bheidh sé 'na thriomach arís =
9844triomach, triomú, bheith ann.


9845
9846

TRIOMUIGHIM — Thriomaigh an tobar (suas) ar fad =
9847d'imigh an t-uisce as. Tá sé 'na bháistigh anois ach triomóidh
9848sé ar a ball. Nuair a thriomaigh an bád = nuair a tháinig
9849sí i dtalamh is gur imigh an t-uisce uaithi. Thriomóch an
9850bithúnach me muna mbéadh gur saoradh me = chuirfeadh sé
9851ó chainnt, ó aighneas, me: mharóch sé me: bhéinn trim aige.
9852bhí sé ag cainnt go rábach ach nuair a tháinig an máistir
9853isteach do thriomuigh sé, do thriomuigh sé suas = stad sé den
9854gcainnt. Thriomuíos é le h-aon bhuille amháin dem theangain.


9855
9856

TRIOP — Tá triop treap suas síos an staighre agat ó
9857mhaidin = buala suas síos is cnagarnach cos ar siúl agat.


9858
9859

TRIOPAL — Ní deacair triopal an sparáin a thabhairt i


L. 240


9860

n-áirde nuair ná bíon puínn ann = tóin: é dh'fhollamhú. Tá
9861triopal do chasóige (do chóta) fliuch = a h-íochtar thiar. Tá
9862triopal an áruis i n-áirde = tá sé follamh. Bhíomair ag cor
9863le chéilig ach tugadh mo thriopal i n-áirde = leagadh me.
9864Nuair a bhíon an triopal i n-áirde bíon duine ar a bhéal is ar
9865aghaidh le ceart. Bhí triopal treapal aige ag teacht go dtí
9866an dtig = é ag siúl go trom: coiscéim fhada fhánach throm
9867aige.


9868
9869

TRIOPAL — Nuair a dh'fhiarthuíos de an dtiocfadh sé ní
9870raibh aige ach triopal-treapal = neúmhdar neámhdar. Bhí
9871scéal triopal-treapail aca = béidir agus béidir eile agus
9872mar sin. Tá an scáth fearthaine 'na thriopal-treapal agat
9873= gan aon bhonn fé: ag luasca anonn is anall: guagach.
9874Fáisc an t-árdán go maith le chéile is ná bíodh sé 'na thriopal
9875treapal agat = ag faire ar thuitim: guagach.


9876
9877

TRIOPALACH — Tá an t-aprún deas triopalach agat =
9878fáiscithe, gan bheith giobalach. Gúna triopalach = ná béadh
9879ag dul síos go dtí bonnuíocha na gcos: ná béadh liobarnach.


9880
9881

TRITHEAMH — Tháinig tritheamh gáirí orm = brise gáirí
9882gurb é mo dhícheal — nó thairis — é dh'úmpar. Bhíos i dtrith-
9883eamh casachtaighe = taom casachtaighe a leanfadh ar feadh
9884tamail.


9885
9886

TRIUTH — Nó triuch. Ní thabharfainn deich triuth ort = ní
9887thabharfainn faic — le rud gan mhaith. Sé (nó sí) is measa sa
9888phaca é (í). Tá triuch ar ceann. Tá aon triuth agam.
9889Tagan casachtach 'na trithí troma ar dhuine nuair a bhíon an
9890triuth (aicíd é sin) air.


9891
9892

TROID — Scaoilfead troid leat — i n-imirt chártaí =
9893tabharfad fút chun tu choimeád ón gcluiche, nó chun é bhaint
9894amach dom héinig.


9895
9896

TROIG — Ní raghaidh troig díom an aon aonach = faic: ní
9897raghad i n-aochor.


9898
9899

TROM — Bean trom seadh í = tá meáchaint mhór ínti.
9900Nách trom an bhean í? Ach, tá sí 'na bean throm = tá sí ag


L. 241


9901

úmpar linbh. Má bhíon múinteóir istig ó scoil cuireann
9902san leath-trom ar na múinteóirí eile = breis oibre. Tá
9903leath-trom ar an dtaobh so den gcárr = leath-cheann air
9904ag an mbreis mheáchaint.


9905
9906

TROMÁN — Tá tromán im chasóig ag an (nó ón) mbáistigh =
9907í bheith níos truime: rud trom. Táim ag dul i dtromán =
9908i meáchaint. Tugadh tromáinín beag bíd chúgham mar
9909dhínnéar. Sé an tromán a bhíon ag coimeád na feirste sa
9910turan (nó turn).


9911
9912

TROMLUIGHE — Tagan an obair 'na thromluighe i n-aonacht
9913ar na daoine san earrach = i n-aon ualach trom amháin.
9914Cuirtear é i gcomórtas le tromluighe na leapan é nuair
9915a meastar go mbítear ag tuitim le faill nó i bpúnc
9916uathbhásach.


9917
9918

TROMMPALÁN — Ainmhí beag ar nós na ciaróige a
9919bhíon ana-mhall sa tsiúl. Trommpalán duine = duine gan
9920siúl, nó gan bheith go maith chun siúil.


9921
9922

TROSCA — Tá trosca ar fheóil ann indiubh. Táim ag
9923déanamh trosca ar fheóil, ar éinní. Bíon troscaí fada le
9924déanamh agam agus gan orm ach droch-chothú = tamalacha fada
9925gan bhia.


9926
9927

TRUAGHÁN — Duine nó ainmhí go mbéadh truagh agat dó:
9928bhéadh laige éigint cuirp ag baint leis. Truaghán fir, mná,
9929bó, gamhna = suarach, nó beag dá aois.


9930
9931

TRUAGHNAIRT — Duine go mbéadh luige chorportha air:
9932go mbéadh truagh agat dó. Truaghán nó truaghnairtín.


9933
9934

TRUCAIL — Na trucailí fáilte rómhat = mórán díobh —
9935de sna fáiltí.


9936
9937

TRÚIN — Is mó rud mar thrúin bháis ann = cúis bháis; a
9938thugan an bás leótha. Cad é an trúin bháis a bhí aige t'athair?
9939= bun báis: cúis bháis. Cad é an trúin go bhfuil na prátaí
9940caillte i mbliana? Ceal cré? Ní h-eadh. Tá réiteach
9941níosa fearr ná san air.
9942


L. 242


9943

TRUIP — Bhuaileas truip ar an asal = buille chois. Bhíos
9944ag gabháil de thruipeana ar an ndoras = á bhuala lem bróig.
9945Níl aon leigheas ar an scéal de thruip na h-uaire = in san
9946am fé láthair.


9947
9948

TRUIPEÁLAIM — Thruipeáil sé an doras = bhí ag buala
9949truipeana air. Thruipeáil sé mo chaipín tréis é bhaint dem
9950cheann. Ní deas an nós bheith ag truipeáil gach aon chloch a
9951chítear ar an mbóthar.


9952
9953

TRUIST — Baineadh truist as an mbuachail a shuidh síos
9954ar stól a bhí ar tinneal fé = tuitim trom. Bhuaileas mo
9955chos i gcoinnibh cloiche is baineadh truist asam.


9956
9957

TRÚMPA — Ní thabharfainn trúmpa gan teanga ort ná
9958madra alla gan fiacail = faic. Ní mór an luach an lá san
9959thu.


9960
9961

TRUS — Turas. Bhíos ag cainnt leat trus = uair, aon
9962uair amháin. Tá an plúr gann anois is ní bhfuighfá thar cloch
9963de sa trus sa tsiopa = gach uair a raghfá á lorg. Bímíd i
9964mbun na h-oibre ar ár dtrus = mise indiubh, duine eile
9965amáireach, duine eile an lá 'na dhiaidh sin: ansan mise aríst,
9966agus mar sin tímpal. Ní beag liom an cúram san ar mo
9967thrus = nuair a thagan mo thrus. Bíon oíthe shaoire aige sna
9968cailíní ar a dtrus. Ní bhíon na ceachta foghlumtha agat aon
9969trus. Chuas ar na rásana is tá luach mo thruis agam mar
9970thógas cúpla púnt = luach m' aistir: rud a dhíol me as an
9971aistear. Bíon fáilte rómhat gach aon trus a thagan tu.
9972Thugas trus ar an áit sin.


9973
9974

TRUSÁLAIM — Trusáil suas an mhóin = bailigh, cúnlaigh.
9975Trusáil suas do ghúna as an bpluda: do mhuinithirle.
9976Tugadh trúsailt mhaith dhom amuigh ar an bpáirc le h-aon
9977ghuala amháin = baineadh trusáilt asam = tógadh liom is
9978síneadh me. Baineadh trusáilt as mo phágh = íslíodh é: leaga
9979anuas. Fuaireas trusáilt is me ag rith síos, mar shleamh-
9980nuíos is tógadh liom. Bainean boga den dtalamh le
9981trusáilt. Tá na páipéirí trusálta go deas agat ar an
9982mbórd = curtha le chéile go slachtmhar.
9983


L. 243


9984

TRUSÓIREACHT — Bím ag trusóireacht = ag tabhairt truis
9985bheaga anso is ansúd.


9986
9987

TUAIRGÍN — Tuairgín de bhean theann láidir = bean
9988chruaidh théagartha.


9989
9990

TUAIRIM — Tabhair tuairim do (de) cé mhéid airgid
9991atá agam. Nílim ar aon tuairim leat = aigne: ní mar a
9992chéile do thuairim-se is mo thuairim-se. Is dóigh liom gur
9993focal iasachta é sin, ach tá daoine ann ná fuil ar an dtuairim
9994sin = nách é sin an tuairim atá aca. Ní h-aon mhaith dhuit
9995bheith ag caitheamh thuairimí = bheith ag tuairimiú. Ní ceart
9996duit bheith ag cainnt as tuairim = gan ach tuairim nó tuairimí
9997bheith laistiar den gcainnt agat. Sé mo thuairim ar do
9998Ghaoluinn (nó ded Ghaoluinn) go bhfuil sí go maith = sé an
9999tuairim atá agam di, nó uirthi. Tuairim an lae seo anuiridh
10000do buaileadh breóite me = i gcómhaireamh an lae seo, nó
10001tímpal is mar sin. Sé an tuairim a thugadar ar chuma na
10002spéire go raibh aimsir bhreá go deó air = sin é an éifeacht
10003a bhaineadar as chuma na spéire. Fuaireas an scian san
10004áit go raibh mo thuairim = sa mball gur mheasas go bhfuighinn
10005í. Ní fearra bheith ag caitheamh tuairimí ar cad a thuitfidh
10006amach amáireach = ag tuairimíocht ar —. Níl fhios agam
10007cáil do dhul ach tá tuairim agam do = 'na thaobh. Chaitheas
10008tuairim go mbéadh an lá breá = mheághas. Tá mo thuairim
10009le h-í theacht amáireach = sé mo thuairim go dtiocfaidh sí.
10010bhí tuairim agam go rabhais níos óige ná san = bhíos i n-amhras:
10011mheasas. Sé mo mhór-thuairim go — = sé mo thuairim
10012láidir, go macánta. Bhíos ag tabhairt tuairime, tuairimí
10013= ag tuairimiú. Tá tuairim airgid agam ort = tá tuairim
10014agam go bhfuil airgead agat. Tabhair do thuairim fén
10015gceist = abair cad is dóigh leat tímpal na ceiste. Fuaireas
10016post san áit ná raibh puínn tuairime agam do = san áit
10017nár mheasas puínn go bhfuighinn post. Tá saibhreas anso
10018in sna tithe nách tuairim puínn. Ní chuirfinn féd thuairim
10019go ndeinfá a leithéid = ní mheasfainn go —; ní chuirfinn
10020id threó. An dtabharfá tuairim do cad tá im dhorn? =
10021cad is dóigh leat atá —? Dheinis an gníomh uasal is ní
10022chuirfinn a mhalairt fé tuairim (= féd thuairim). Ní
10023cuirfí fém thuairim go deó é = ní bhéadh aon amhras ag éinne
10024go ndeinfinn é: ní measfaí aon ní eile dhom ach go ndeinfinn


L. 244


10025

é Tá sé 'na shagart anois is níor mheasas riamh aon rud
10026eile dho. Tá na tuairimí go léir dulta i gcoinnibh na
10027ndaoine a deireadh go mbrisfí an tsíocháin.


10028
10029

TUAIRIMÍGHIM — Thuairimíos go dtiocfadh an bháisteach =
10030bé mo thuairim. Ní thuairimeófá cad a fuaireas ar an mbó
10031= ní bhuailfá le tuairim. Ní thuairimeóin go deó dho go
10032n-iompóch sé amach 'na spiaire. Níor thuairimíos aon lá
10033riamh go bhféadfá an talamh a thabhairt dom = me leaga.


10034
10035

TUAIRIMÍOCHT — Sé tuairimíocht na ndaoine anso go
10036leanfaidh an tsíocháin = tuairimí a bhíon ag imeacht is á
10037ndéanamh is á gcaitheamh. Bíon tu ag tuairimíocht i gcómhnuí
10038= ag caitheamh tuairimí. Ní théighean aon laga ar an áit seo
10039ach ag síor-thuairimíocht.


10040
10041

TUAIRISC — Tá sí imithe ar thuairisc na gcaorach = á
10042lorg. Bhí an máistir ag cur tuairisce (nó tuairiscí) féachaint
10043cé bhris an fhinneóg = ag fiarthú, ag cur ceisteana, ag lorg
10044eólais. Nuair a chuala go raibh sí breóite chuas ar a tuairisc
10045= féachaint conns a bhí sí: á féachaint. Bhíodar le bheith
10046anso ar a 3 ach níl aon tuairisc ortha fós = níl aon bhlúire
10047díobh le feiscint. Thugas trus ar thuairisc Sheáin.


10048
10049

TUAIRTEÁIL — Thugas tuairteáil mhaith dhó = súisteáil
10050mhaith: tuargaint throm: búrdáil: brúgha: buala tréan
10051trom.


10052
10053

TUAISCEARTACH — Duine tuaisceartach = garbh: mí-
10054shéimh: duine goirgeach gur deacair réiteach leis. Ní
10055ghlacfadh sé aon chainnt uait gan an taobh garbh a theasbáint.
10056Coitianta bíon sé deacair rudaí a chur i dtuiscint do.


10057
10058

TUAR — Is olc an tuar ar an lá an ghaoth bheith ag aistriú =
10059cómhartha. Is maith an tuar ar an lá amáireach an oíthe
10060anocht bheith chó ciúin. Is olc an tuar dúinn an scéal bheith
10061mar sin = droch-chuma ar an gcúrsa seadh an scéal —. Is
10062olc an tuar do dhaoine na gais bheith glas is gan faic fútha =
10063ní dheárthuíon an scéal go maith i n-aochor dóibh. Is olc an
10064tuar chun maireachtaint na prátaí bheith chó mion san. Ní
10065maith an tuar é má buailtear an coga aríst i n-Éirin = maise.
10066


L. 245


10067

Is olc an tuar do sna h-iascairí gan aon cheannach bheith ar an
10068iasc = bail, slí, cómhartha roim ré. Is olc an tuar mná óige
10069thu (deirtear le fear bocht nó fear gan mhaith) = dréir
10070cosúlachta is olc an taca thu chun í chothú, chun í choimeád suas,
10071chun cúram ceart a dhéanamh di.


10072
10073

TUARAIM — Líon a thuara = a gheala le h-é chur amach fén
10074spéir.


10075
10076

TUARGAIM — Tá Máire thíos ag an sruthán ag tuargaint
10077éadaighe.


10078
10079

THUAS — Níl an chrú thuas ag an ngabha fós = fén gcapal.


10080
10081

TUATH — Ar an dtuath a riugadh me.


10082
10083

TUATA — Éist do bhéal, a thuata = duine gan eólas.
10084Ceárduí an taobh eile. Bé go bhfuil an peann agat ach níl
10085ionnat ach tuata tímpal gréasuíochta. Nó tuatach. Níl aon
10086mheas agam ar thuataigh an pharóiste sin = cábóga.


10087
10088

TUATHAL — Tá an gnó déanta ar dtuathal agat = i slí
10089cham, sa tslí cham. Ar deiseal = an tslí cheart. Tá gach
10090rud ar dtuathal anso = taobh síos suas. Thugas casa tuathail
10091= i leith na lámha clé: sa treó neamhcheart. Casa deisil =
10092an taobh eile. Tá sí ró-ghlic chun an taobh tuathail a theas-
10093báint = an taobh cam malluithe: an droch-mhianach atá ínti
10094a theasbáint. Nuair a bhíon an taobh tuathail (de chasóig)
10095amach bíon an taobh deas isteach. Chuir sé air an chasóg
10096taobh tuathail isteach is an taobh deas amach. Tuille an
10097tuathail (tuille den dtuathal) chúghat = tuille an donais, nó
10098den ndonas. Tá an áit 'na chíl-tuathail = 'na réaba roilge:
10099bun-ós-cionn go dona. Roinnt de sna daoine a bhí ar
10100dtuathal (= ag taobhú le Sasana) táid ar deiseal anois
10101(= ar thaobh na h-Éirean, dílis d'Éirin).


10102
10103

TUATHALÁN — Níl ann ach tuathalán fir ná feadair faic =
10104duine gan eólas gan síbhíaltacht: duine tuathalach, go mbíon
10105dearúid á ndéanamh aige is mar sin de.


10106
10107

TUBAIST — Bhí an saol ag dul im choinnibh ach buaileadh


L. 246


10108

buille na tubaiste ar fad orm nuair a dóghadh mo thig = an
10109buille a chuir bárr ar an ndonas: a chríochnuigh amach an mí-
10110ádh: buille a chuaidh ana-olc dom. Chuas 'on mbaile mór,
10111agus ní h-ag áireamh na tubaiste é, thugas fiche púnt ag cean-
10112nach earraí = gan tubaist an scéil d' áireamh i n-aochor:
10113gan an méid a dh'imigh briollach do thabhairt isteach (i n-aochor):
10114lasmuigh de bhreall an chúrsa.


10115
10116

TUGAIM. — Ní féidir linn an obair seo a dhéanamh, is
10117caithfimíd tabhairt suas = eiríghe as, géille. Chaitheas tabhairt
10118suas aige sna cnapáin a bhí ar mo chosa is an rásúr a thabhairt
10119dóibh, nó ortha = chaitheas an siúl a chur uaim nó pé ní a bhí
10120á dhéanamh agam. Ní fada a thug an siopa ann mar chuaidh
10121sé i bhfiacha. Thugas seachtain ag obair = chaitheas. Ní
10122féidir liom an léim sin a thabhairt = a chaitheamh, a dhéanamh.
10123Thug an falla = thuit. Thug iall mo bhróige = bhris. Thug mo
10124bhróga = tháinig brise is máchail ionnta is níor fhéadadar a
10125ngnó a dhéanamh. Tá an teine ag tabhairt = ag múcha. Thug
10126an coiste daor me = dhaoradar me (i pé ní a bhí im choinnibh).
10127Thugas suas an mhúinteóireacht = d'eiríos as: chrochas suas
10128i. Ta sé tugtha suas dó gusab é an duine is fearr chuin
10129Gaoluinne anso = tá sé ráite admhuithe 'na thaobh. An
10130gníomh san a dheineas thug sé mí-chlú orm = thairig. Tá na
10131sicíní go léir tugtha amach (as na b-uibhe) ag an gcearc.
10132Má tán tu chó cruaidh san orm caithfidh me an post a thabhairt
10133suas = a chaitheamh suas, a chaitheamh uaim. Ní féidir liom aon
10134Béarla a thabhairt leis an bhfocal san = do chur air. Ní
10135féidir liom an focal san do thabhairt chun cainnte = é chur ag
10136obair i gcainnt. Níl ag teacht liom an lá san a thabhairt
10137chun mo chuímhnte = greim a dh'fháilt air lem chuímhne. Thuga-
10138mair a h-aghaidh (aghaidh an bháid) san ngaoith = i gcoinnibh na
10139gaoithe. Bhíos ag tabhairt m'aimsire (na h-aimsire) ag
10140foghluim na céirde. Nuair a bheidh an aimsir tugtha agam
10141tosnód ar phágh a tharac. Níor thugais an déanamh ceart ar
10142an gcamán = níor chuiris an cló ceart air. Bhí an ceann
10143á thabhairt chun an tailimh aige is na cosa ag lúbarnaigh fé ag
10144an meisce = ag tuitim i dtreó na talún. Tugaim mo lán-
10145toil duit leis an gcleamhnas a dhéanamh = tá lán-chead agat
10146uaim chun —. Tá an fear bocht tugtha suas ag an sagart
10147is ag an ndochtúir = deirid go bhfuighfidh sé bás: ná tioc-
10148faidh sé as. Tugan an chainnt sin ciall an fhocail amach =


L. 247


10149

nochtan. Ní féidir liom me héinig a thabhairt r scríobh-
10150nóireacht na Gaoluinne = m'íntin is m'aigne do chur ag obair
10151ar an scríobhnóireacht agus gan bac le h-éinní eile. Níl aon
10152tabhairt in sa ngort san = ní féidir leis aon rud a chur ag
10153fás. Níl tabhairt na féasóige ionnat. Thugas na cosa don
10154mbóthar = chuireas sa tsiúl. Ní feidir liom brí a thabhairt
10155leis an bhfocal san duit = ciall a bhaint amach as. Chuirfeadh
10156sé stró ar éinne a thabharfadh cainnt dó = a labharfadh leis.
10157Níl tabhairt an fhéir sa pháirc. As an áit seo a thug mo mhuíntir
10158a n-ainm = a fuaireadar, a thairigíodar. Bhí ana-obair ag an
10159ndlígheadóir na h-oighrí cearta a thabhairt isteach, a thabhairt
10160chun baile = dhéanamh amach. Thugas an litir fém láimh =
10161chuireas m'ainm léi. Thugas suas i lár an ráis = níor
10162dheineas a thuille reatha as san amach. Bhí ana-oíthe 'thabhairt
10163amach againn = ithe is ól is ceól is amhráin is spórt is mar
10164sin: agus cainnt leis. Tán tu ana-thugtha do sna leabhartha
10165= ana-spéis agat ionnta, is tu ag gabháilt dóibh go minic.
10166Ní thabharfainn isteach don ráfla san = ní ghéillfinn, ní
10167chreidfinn é. Chodaluíos go h-olc aréir, ach an méid nár
10168chodaluíos aréir tabharfad suas anocht é = an méid a chailleas
10169aréir codalód anocht é. An t-am a thugas díomhaoín ar
10170maidin ní mór dom é thabhairt suas fén oíthe = cúiteamh a
10171dhéanamh ann: an méid oibre ba cheart dom a dhéanamh ar
10172feadh an ama san a dhéanamh fén oíthe. Aon rud a thabhairt
10173suas mar sin. Thug sé orm gan dul ann = mheall sé me chun
10174gan dul ann. A 6 is a 7 agus sin a 13: cuir síos an 3 agus
10175tabhair leat an 1. Bhí furmhór mo nirt tugtha tréis cas-
10176tuíocha is annró n-a h-oíthe = caite. Ní bheidh sé ar ár gcumas
10177an méid sin oibre a thabhairt amach fé n-a 3 a chlog = a
10178chríochnú. I n-imirt na gcártaí tugan an má mór breis
10179leis i gcómhnuí. Ní féidir liom aon tuiscint a thabhairt
10180liom as an gcainnt = a bhaint amach dom héinig. Ba bheag
10181nár thugas an rás liom = nár thógas, nár bhuadhas. Is maith
10182liom bheith ag iománuíocht ach ná deinim-se tuirseach thu = ná
10183cuirim-se tuirse ort. Tá Cáit i mbéal a tugtha amach = tá
10184sí i n-aois a pósta: ullamh chun déanamh di féinig. Nuair a
10185bhíon duine amhlaidh bíon sé chun reatha má bhíon go deó. Bhí
10186Seán á thabhairt amach agam sa rás = á thraocha.


10187
10188

TUIGIM — Ní féidir liom aon tuiscint a bhaint as an
10189bhfocal = aon chiall. Tá an chainnt sin le tuiscint = is féidir


L. 248


10190

í thuiscint. Tuigim dom héinig go mbeidh an lá breá = tá sé
10191meáite agam, táim á cheapa: táim á thuiscint dom héinig.
10192Sé mo thuiscint amach as an bhfocal san duit go — = sé an
10193tuiscint a bhainim as. Ní thuigim an Ghaoluinn ach tuigim di
10194= táim léi: táim ar a taobh, is ba mhaith liom í dhul chun cinn.
10195Dá mbéadh call-shaoth ar dhuine is truagh agat dó thuigfá dhó.
10196Tuigim dóibh go maith mar tá's agam nách aon dóichín an
10197obair atá rómpa. Tuigean Bríd di féinig ós (as a deir-
10198tear) cionn chách eile = bíon sí gairid di féinig: ní chuirean
10199cúrsaí éinne eile aon tinneas uirthi ach a cúrsaí féinig.
10200Dheineas é sin ar an dtaobh amuigh dem thuiscint = níor
10201thuigeas an cúrsa: níor thuigeas cad a bhí á dhéanamh agam.


10202
10203

TUILE. — Bhailimh na tuiltiacha gach aon phioc ruide amach
10204leótha sa bhfairrge (nó ar an bhfairrge). Tá sí (an fhairrge)
10205'na tuile = ag tuile: 'na taoide thuile: ag líona.


10206
10207

TÚILÍN-TSEABHRACH — Táim ar mo thúilín-tseabhrach = ar
10208mo thoil ceart: ar mo chraedó: ar mo chothrom. Bhíomair
10209ar ár dtúilín tseabhrach = ar ár suaineas: 'nár luighe fén
10210ngréin, ag siúl go breá bog: ag déanamh oibre a thaithn go
10211breá linn: ag imeacht le h-aer an tsaoil i ngluaisteán:
10212suite go seascair cois na teine.


10213
10214

TUILLE — Oibreóinn tuille is dhá thuille dá mba ghá é.


10215
10216

TUILLEAMH — Ní raibh aon tuilleamh agam ar an airgead
10217san = níor thuilleas é ar aon tsaghas slí.


10218
10219

TUÍNCÉIREACHT — Nílean tu ach ag tuíncéireacht ar an
10220lampa a d'iarraidh é dheisiú = ag útamáil, ag srimileáil,
10221ag slimideáil. Bhí sé ag tuíncéireacht ar an nGaoluinn leis
10222an bpeann = a d'iarraidh í scríobh is gan é ar a chumas ach i
10223slí stracaithe thútach.


10224
10225

TÚIRLICÍGHIM — Bé go dtúirliceóch an Spioraid Naomh
10226air is é spreaga chun a bhéal a dhúna = go mbuailfeadh Dia
10227isteach 'na cheann.


10228
10229

TUIRSIÚLACHT — Táim ag dul i dtuirsiúlacht = tuirse


L. 249


10230

bheith ag teacht orm: nó, an tuirse a thagan le h-ainise nó le
10231críneacht is a dh'fhanan.


10232
10233

TÚIS — Léigheas an leabhar ó n-a thúis go dtí n-a dheire.
10234i dtúis an lae scríobhaim paiste beag = tosach.


10235
10236

TÚISCE. — Labhraim amach an focal is túisce chúgham =
10237an chéad fhocal a thagan chun mo bhéil. Cé's túisce chúgham?
10238= cé is túisce a bheidh críochnuithe? — máistir scoile a déar-
10239fadh le buidhin tréis ceist a thabhairt dóibh le réiteach.


10240
10241

TUISCEANACH — Ba cheart duit bheith tuisceanach dom =
10242tuiscnit dom. Ní bhíon gach múinteóir tuisceanach don
10243scoláire.


10244
10245

TUISLE — Brise na tuisle. Tá na tuislí briste.


10246
10247

TUITIM — Sciob an aicíd Seán, agus ba dhóigh leat go
10248gcaithfeadh an cnoc titim (sin é a deirtear) air chun é chur ar
10249mí-threóir = go dtógfadh sé mórán chun é bhuala amach: fear
10250go raibh ana-chuma sláinte air. Cheapas dá dtitfeadh an
10251cnoc air ná maróch sé é. Thit sé orm fanacht istig i bhfeighil
10252an tíghe = bé m'uain é, mo thrus. Thit mór-chuid oibre liom
10253indiubh = dheineas mórán. Beidh na leathanaigh seo ag titim
10254liom 'na gceann is 'na gceann go mbeidh deire leótha = á gcur
10255díom, á scríobh. Táimíd titithe amach le chéile = an caradas
10256briste eadrainn. Ba cheart duit leigint dod bhia titim
10257agat tréis dínnéir = socrú síos id ghoile. Caithfar titim
10258is eiriú leis an saol = gluaiseacht leis an saol, leis an aimsir.
10259Táim titithe san aois is sa gcríneacht = imithe. Bhí sé titithe
10260amach (i n-earaid) liom ach táimíd ag teacht isteach le chéilig
10261(á dhéanamh suas) aríst. Beidh Gaoluinn agam nó titfead
10262léi = caillfar me á foghluim. Tá sé ag titim chun ceóigh,
10263chun báistí. Is fada gur thit liom mórán oibre a dhéanamh.
10264Ní thitean mórán oibre liom na laetheanta so pé cúis atá
10265leis. Fág mise i mbun an ghnótha: is mise is fearr a thitfidh
10266leis = a thabharfaidh aire dhó. Tá an aimsir ag titim chun
10267brothail, chun maruíochta = ag dul: ag teacht. Tán tu ag
10268titim chun feóla, chun builg, chun aoise = an fheóil, bolg mór,
10269an t-aos ag teacht ort. Tá sé ag titim chun ciúinis, seaca,
10270colata, sneachtaidh, agus mar sin de. Ní orm a thit an


L. 250


10271

oighreacht = ní chúgham-se a tháinig: ní mise a fuair. Níl
10272titim focail ort = ní shleamhnuíon aon fhocal thar ceart uait:
10273ní féidir breith amuigh ar do chainnt. Táim ag titim chun
10274laige = an neart bheith am fhágaint. Ach rud eile seadh bheith
10275ag titim i laige. Raghad nó ní raghad dréir mar a thitfidh
10276amach = dréir mar a thitfidh an cúrsa amach, dréir mar a
10277thárlóidh. Ní maith liom aon titim amach do chur idir tu agus
10278= aon titim amach le chéile. Thit ana-shaibhreas orm =
10279thiteas mórán chun saibhris. Cáil Séamas? Tá sé thiar
10280ansan: thit braon díghe air = bhain an braon an bonn uaidh:
10281chuaidh sé ar meisce — is féidir leis an mbraon duine a leaga
10282chó maith le cloich. Tit an cupán uaim = as mo láimh. Tit-
10283fead amach leat muna n-éistir. Is mór mar do thitis le
10284déanaí = mar do chuais chun olcais, siar. Táim ag titim =
10285ag dul chun críneachta, chun laige, agus mar sin. Táim titithe
10286leis an ocras = séite: gan aon neart fágtha ionnam. Tán
10287tu ag titim isteach leis na daoine móra = ag eiriú mór
10288leótha: ag dul 'na n-aithne is 'na gcoidreamh. Tá an fhairge
10289ag titim = ag ciúiniú. Ag eiriú, ag árdú, an taobh eile:
10290nó ag bolga. Thit an fear bocht leis aon ól is thóg an bás é =
10291dhruid sé leis. Táim ag titim chun meádhon-aoise, chun
10292inní. Níl na h-earraí ag titim in sna siopaithe = ag teacht
10293anuas san airgead. Beidh paiste maith déanta againn
10294dréir mar thitfidh = dréir mar thitfidh amach, nó dréir mar
10295thitfidh an obair linn. Táim titithe dubh amach leat = amach
10296is amach.


10297
10298

TULCA — Tá an bháisteach ag titim 'na tulcaí = go trom
10299trom. Bhí an chainnt ag teacht uaidh 'na tulcaí = 'na srutháin
10300mhóra mhaithe. Tá tulca ar an lá indiubh = deárthamh an
10301tulca. Dhein sé tulca trom aréir = tháinig tuile mhór throm
10302anuas. Tulca báistí, sneachtaidh; ghoil sí tulca deór. Tá
10303tulca ceóigh ann = mórán de.


10304
10305

TULCUÍL — Bíon sé ag tulcuíl chainnte = ag cur cainnte
10306as 'na tulcaí. Bhí sí ag tulcuíl ghuil = ag sile na ndeór
10307go tiubh te. Beidh sé ag tulcuíl shneachtaigh ar a ball: nó
10308ag tulcuíl bháistí = á leigint anuas go tiubh trom. Bhí an
10309fear ag tulcuíl le feirg = an oiread san feirge air ná
10310féadfadh sé an chainnt a chur de i gceart ach tulca di anois is
10311tulca di aríst. bhéadh amhlaidh, leis, dá mbéadh tocht mór guil


L. 251


10312

ar dhuine. An té a bhíon ag tulcuíl ghuil bíon an scéal
10313céadna aige, uaireanta: agus chloisfá ag gol é is ach tarac
10314isteach anála.


10315
10316

TULMUS — Níl aon tulmus prátaí ná Gaoluinne agam,
10317ná tulmus d'éinní = cuid mhaith: radhairse (nó raidhirse).
10318Níl puínn tulmuis ag teacht isteach chúgham an aimsir seo.
10319Níl aon ana-thulmus den nGaoluinn agam. Níor bhuail aon
10320tulmus díghe ná éinní eile liom indiubh. Thógamair tulmus
10321mór éisc aréir. Ná bí ag súil le h-aon airgead uaim mar
10322níl aon tulmus agam = saibhreas mór.


10323
10324

TÚMAIM — Thúm sé a cheann san uisce = chuir sé a cheann
10325fé loch, isteach san uisce. Thug sé tuma do féinig = thúm sé é
10326héinig.


10327
10328

TÚMHAS — Thugas túmhas de dhorn dó = buille maith.
10329Damhas i gCo. an Chláir.


10330
10331

TÚN — Tún ar boga, nó tón ar boga = áit bhog sa tsliabh
10332nó i bportach agus dá siúlófá ann raghfá ar lár is bhéadh an
10333talamh tímpal ort ar crith. Tonn in sa bhfoclóir.


10334
10335

TUNUAR — Tá tunuar beag colata titithe air = snap
10336beag, is ní bhíon aon mhotháilt aige féinig air (ní bhraithean
10337sé é).


10338
10339

TUR — Arán tur = gan annlan: gan im, gan feóil, gan
10340ubh, gan tae. Tae thur = gan faic agat ach í is an t-arán.


10341
10342

TURACH — Nó torach. Táim turach ag an gcainnt sin, nó
10343den gcainnt sin = lán suas di: an iomarca di fachta agam.
10344Ag, nó de, éinní eile.


10345
10346

TURMAS — Feic tormas. Tán tu i dturmas indiubh pé
10347ní atá i gceist.


10348
10349

TÚRTAOIBH — Táim i dtúrtaoibh le púnt = ag braith ar
10350phúnt: gan agam ach é: i dtaoibh le (nó i dtiúntaoibh le)
10351púnt.
10352


L. 252


10353

TÚTACH — Bróga tútacha reamhra seadh bróga an ghréasuí =
10354garbh: gan bheith mín deas sleamhain. Níl aon droch-bhrí le
10355tútach reamhar a thabhairt ar dhuine ach amháin ná bíon sé
10356munlaithe go mín. Tá sé ana-thútach ar a chneatha (cinneacha
10357an litriú comónta) = garbh.


10358
10359

TUTANÁLUIDHE — Thabharfainn tutanáluí ar an ndroch-
10360spealadóir. Fág an áit sin, a thutanáluí, uaim. Feic
10361leat potanáluí is útamáluí.


10362
10363

TÚTAR — Tá tútar gail agaibh anso = gal mór: búirthé.
10364Bhéadh tútar ann dá scaoilfí blúire feóla nó éadaigh isteach
10365sa teine a thabharfadh droch-bhlath uaidh.


10366
10367

TUT-BHALBH — Táim tut-bhalbh = beagán bailíochta (bailbh-
10368ídheacht) ag baint liom: gan é ar mo chumas an chainnt a
10369thabhairt amach go breá pras. Bíon duine amhlaidh nuair a
10370bhíon na fiacla caillte aige i dtosach an bhéil.


10371
10372

U.


10373
10374

UABHAR — Tháinig uabhar goil orm nuair a chuala go raibh
10375m'athair caillte = saghas tocht uaignis is bróin. Tagan
10376uabhar ar dhuine nuair a chloisean sé gur dhein duine muín-
10377teartha olc air = luighean sé ar a chroidhe is deinean goine
10378géar air. Beidh uabhar orm nuair a bheir-se imithe = uaig-
10379neas go mbíon troma-chroidhe ag imeacht leis. Bíon
10380uabhar ar na daoine a bhíon i n-áit uaigneach, nó ar na príos-
10381únaigh nuair a bhíd ag cuimhneamh ar a bhfuil caillte aca. Ná
10382tagadh aon uabhar ort — deirean an té a bhíon ag imeacht
10383thar lear leis an té a dh'fhanan is an té a dh'fhanan leis an té
10384a bhíon ag imeacht.


10385
10386

UACHTAR — Ní h-é ár dtoil a bheidh ar uachtar sa scéal = i
10387n-uachtar: a gheóbhaidh an lámh uachtair: ní h-é a cuirfar i
10388bhfeidhm. Uachtar na bróige = an chuid di a bhíon ós cionn an
10389bhuínn is na sáile. Ní h-é ár gcainnt a bhí ar uachtar ag a
10390gcruinniú ach cainnt na muinntire thuaidh. Ba mhaith liom ár
10391nguth bheith i n-uachtar (ar uachtar) ach ní h-é a chuaidh chun
10392uachtair = chun cinn, chun tosaigh.
10393


L. 253


10394

UAIBHREACH — Chuala gol uaibhreach san oíthe = gol uaig-
10395neach. Bí sí ag caoine go h-uaibhreach. Capall uaibhreach =
10396a bhéadh ag rínce ar an mbóthar chun imeachta.


10397
10398

UAIBHREACHT — Ní leigfeadh an uaibhreacht dom labhairt =
10399uaigneas agus brise-croidhe, nó an mothú a bhéadh ag duine
10400dá ndeinfeadh cara leis droch-bheart air (ní bhéadh an mhotháilt
10401chéadna i gceist más duine eile a dheinfeadh).


10402
10403

UAIM — Uaim (nó ughaim) = an dá chléibh le chéile a bhíon
10404ar an asal. Ag brise na h-uaime. Cheithre h-úmacha.


10405
10406

UAIM — Caithim m'uain a thógaint ar fhuireach (nó chun
10407fuireach, fanacht) i mbun an tíghe = mo thrus nuair a thagan sé
10408an treó tímpal. Thógas m'uain ar an dtig (nó chun an
10409tíghe) a choimeád, nó a dh'aodhaireacht. Sé m'uain é chun an
10410tíghe a dh'aodhaireacht = chun fanacht i bhfeighil an tíghe. Fuair
10411Seán uain na ceártan uaim = thugas uain na ceártan dó:
10412leigeas do a ghnó ag an gceártain a dhéanamh rómham bíodh
10413is go rabhas ag an gceártain roimis. Sé t'uain-se anois é
10414(chun) an liathróid a bhuala amach. Uain na taoide ní fhanan
10415le h-éinne = aon imeacht amháin a bhíon fén dtaoide pé
10416rud eile a thárluíon: nuair is mithid di líona nó trágha
10417deinean sí amhlaidh díreach. Is olc an uain í anois = an
10418aimsir atá ann i láthair na h-uaire. Bhí ana-uain againn ar
10419an bhfear bocht, ar an rínce, ar éinní = spórt, seó, greann.
10420Bí ana-uain bháistí ann nuair a bhíos ag teacht isteach = ana-
10421thitim báistí an tráth san. Bhog an uain ar a dó. Bhíos
10422ag fanacht leis an uain chun preaba amach = tamall oiriúnach.
10423Ghlasuigh (ar) an uain. Bhí uain bhreá againn ag dul amach is
10424an droch-uain ag fille thar n-ais. Ba mhór an uain seóig a
10425bhí againn = tamal. Nuair a bhíomair i lár an bhóthair d'eirigh
10426an uain orainn = do neartuigh. Tugtar droch-aimsir ar
10427aimsir a bhíon olc ar feadh tamail: bé ná seasóch an droch-
10428uain ceathrú an chluig. Beidh an uain ag breaca ar ball beag
10429= ag glana, ag triomú. Tá an uain agam ort = tosach
10430aimsire — duine a bhéadh ag an gceártain a déarfadh, nó
10431buachail a thosnóch ar rás roim buachail eile. Ní mór duit
10432fanacht le t'uain mar táimíd go léir anso rómhat. Bhíos ag
10433fanacht, ag fuireach, ag braith, lem uain chun an dochtúir a


L. 254


10434

dh'fheiscint. Tá m'uain suas anois = istig. Bí anso ar
10435an uain cheart = ar an am ceart.


10436
10437

UAINÍOCHT — Bhíomar ag uainíocht ar a chéile san obair =
10438a uain féinig á thógaint aiges gach éinne dréir mar thagadh:
10439gachara tamal againn san obair go dtí go mbíodh uain gach
10440inne istig, agus ansan an scéal céadna tímpal aríst.
10441Bhíodar ag uainíocht ar an rothuíocht = ag rothuíocht dréir mar
10442do thagadh trus gach éinne tímpal san uain cheart. Ní
10443thugaimíd aon uainíocht ar a chéile anso = ní bhíon aon uain-
10444íocht ar siúl anso: an té go mbíon gnó aige bíon sé sa
10445ngnó san gan faoiseamh ó éinne eile.


10446
10447

UAIR — Thabharfadh an madra so fé mhadra a bhéadh trí
10448h-uaire chó mór leis héinig. Bí anso ar an dá uair déag =
10449ar a dódhéag. Ón uair gur tugadh an leabhar dhuit coimeád é
10450= ós rud (é) gur —. Tagan uair na h-aichiní = an uair go
10451mbítear ag guidheachtaint air. Bhíos ag máineáil liom
10452d'uair is de thamal gur bhaineas an baile mór amach =
10453tamal sa tsiúl agam is tamal sa stad.


10454
10455

UAIREADÓIR — Is breá an t-uaireadóir í.


10456
10457

UAITHNE — Tá dath na h-uaithne ort = dath an bháis, na
10458h-iúire.


10459
10460

UALACH — Má tán tu mall tán tu trom-ualaigh = ualach
10461trom a bheith ort. Cainnt é seo a bhainean le h-ualach féir.
10462Tairrig isteach é ón dtaobh san. Fáisc chúgham é — a déarfadh
10463an fear a bhéadh ag ceangal thíos. Ceangail é — leis an bhfear
10464thíos. Gaibh air = faigh greim air leis an dtéad a chasa
10465tímpal an leath-luighe (leachluí a deirtear). Tairig as,
10466tairig é, stath é. Deirtear "bain uaidh" leis an gcoca,
10467leis.


10468
10469

UALACHAS — Chuirfeadh sé ualachas ort a chlos gur daoradh
10470duine san éagcóir: agus chuirfeadh, leis, uaireanta dá
10471mbéadh sé cionntach, ach ní bhéadh sé chó mór = maoineachas,
10472corruighe croidhe. Chuir sé ana-ualachas orm a dh'fheiscint
10473gur cuireadh an fear bocht isteach i bpríosún aríst. Sé
10474an taobh eile den lúcháir (lúthgháir) é.
10475


L. 255


10476

UAN — Tá an chaoira i n-uan = uan ínti; ag úmpar uain.


10477
10478

UATHBHÁS — Uafás a deirtear. Sé an t-uafás saoil an
10479méid Gaoluinne atá agat = úntas: scannra.


10480
10481

UBH — Ní fiú uisce na n-ubh thu (nó deoch d'uisce na n-ubh) =
10482an t-uisce 'nar beiríodh ubh nó uibhe. Chuireas an chearc
10483anuas ('na suidhe) ar na h-uibhe. Ubh guir, uibhe guir = ubh (nó
10484uibhe) go raibh an chearc 'na suidhe ortha. Ubh fiaidh (fiaig a
10485deirtear) = ubh ná béadh aon phlaosc air ach an scannán: bogán.
10486Sé is mó a gheítear iad so nuair a bhíon ruagairt ar na cearca.


10487
10488

UBHAL — Ubhal na scórnaighe = an cnámh a bhíon ag sá amach
10489i lár na scórnaighe.


10490
10491

ÚBHLÚIRD — Bhíos i lár na h-úbhlúirde = páirc nó gort
10492'na mbíon úbhla go tiubh.


10493
10494

ÚGH — Ú a deirtear. Tá úgh bhreá bhainne ag an mbó = an
10495áit thiar 'na mbíon an bainne aici. Lár na h-úgha.


10496
10497

UGHAIM — Feic uaim. Tá mo dhóthin d'uaim orm = de
10498chúram, de strus. Cuirtear an té a bhíon ag obair go
10499cruaidh i gcomórtas le h-uaim an asail. Nó, tá mo dhóthin
10500d'uaim tharraic orm.


10501
10502

UGÁN — Níl ionnat ach an t-ugán is an chreatalach ag an
10503obair = gan puínn díot fágtha. Nó iogán.


10504
10505

ÚGHDAR — Is údar ar an aimsir me = duine me go bhfuil
10506mór-eólas agam tímpal na h-aimsire: gur fiú mórán
10507mo thuairim. Is dóigh liom gur fíor an chainnt sin a deirim
10508mar tá údar maith agam leis = chuala é ó dhuine go mbéadh
10509eólas maith aige 'na thaobh: údarás. Focal údair i mbéal
10510amadáin-seanfhocal.


10511
10512

ÚGHDARÁS — Ba mhór an t-údarás uait (nó duit) mo
10513sheómra a chuardach = dánuíocht. Bheifá údarásach go leór
10514chun píp a chaitheamh i láthair an easbuig = dána: tiarnúil.


10515
10516

ÚGHDARUÍOCHT — Bíon tuiscint na bhfocal so agam


L. 256


10517

coitianta ach bé go raghaidh an údaruíocht díom an trus so =
10518an t-údarás: me bheith im údar: bé go dteipfidh sí orm.


10519
10520

ÚGHMACHA — Feic leat uaim is úghaim. Chuir an cheist sin
10521trím úmacha mc = thug sé mo dhóthin — nó breis — dom í
10522réiteach. Chuir sé trím úmacha an obair a dhéanamh = bhí sé
10523air agam, bé mo dhítheal, é dhéanamh. Cuireadh trím úmacha
10524mc go maith aréir nuair a chonac cló an duine in sa ndorchadas
10525= baineadh triail mhaith asam: scannruíodh me go maith.


10526
10527

UILE — I nGaoluinn uile an Oileáin níl aon abairt is
10528deise ná é sin. Ó bhíos chun faoisdine cheana dheineas é
10529seo is é seo is é seo eile: sin uile = sin a bhfuil: sin a
10530bhfuil le h-ínsint agam.


10531
10532

UIMHIR — Cad é an uimhir a thógan tu i mbróga? Uimhir a
105339. Tá uimhreacha cothroma agus uimhreacha corra ann.
10534Feic leat cruiceach.


10535
10536

ÚIR — Tá dath na h-úire ort = dath báiteach bán baoth
10537buidhe: dath an bháis: dath na cré.


10538
10539

UIRC — Gheall sé na h-uirc is na h-eairc ach níor dhein sé
10540faic = gheall gach éinní. Tá na h-uirc is na h-eairc agat =
10541gach éinní.


10542
10543

UIREASBA — Uirisa a deirtear. Níl easba ná uirisa
10544orm = nílim i ngátar éinní. Ar an dtarna i a thitean béim
10545an ghutha.


10546
10547

UIREASBACH — Táim nea'-uirisach go maith = mo dhóthin
10548go maith agam.


10549
10550

UISCE — Bíon an mháthair 'na h-uisce beirithe mar gheall ar
10551an leanbh nuair a théighean sé amach ar eagla go dtárlóch
10552aon droch-ní dhó = bíon sí neamh-shuaineasach go maith. Táim
10553im uisce beirithe agat ar eagla go scéidhfá orm. Nuair a
10554ghluaisean lán árthaigh de dhaoine sall bíon a muíntir 'na
10555n-uisce beirithe go bhfuighid cúntas uatha. Tá na báid i
10556gcómh-uisce = ar aon rian (ar aon scór) amháin san uisce.
10557An fear a bhíon crosda nó a bhíon ag ól nó amuigh san oíthe


L. 257


10558

bíon a bhean 'na h-uisce beirithe aige. Fear idir dhá uisce =
10559fear a thugan an dá thráigh leis: go mbíon lámh thall aige
10560is lámh i bhfus: go mbíon lámhuíocht aige le gach taobh. Bíon
10561sé ag obair idir dhá uisce. Ná bí ag caitheamh aon uisce
10562shalaigh orm = ag déanamh aon tromuíochta orm. Bíon tu
10563ag imeacht idir dhá uisce = ag tabhairt an dá thaobh leat.
10564Bhí uisce óm fhiacla agam, nó orm, le bár dúlach ins na rudaí
10565a chonac. Bhéadh uisce le t'fhiacla ag óráiste searbh nó
10566úbhal géar = bhainfidís uisce ó t'fhiacla. Nílean tu ach ag
10567caitheamh uisce ar fhranncach báite = obair nea'-thairbheach sa
10568tsiúl agat: nó ag déanamh rud lag níos measa ná mar
10569atá sé. Bíon a thuille de sna gnóthaí i gcómh-mheas leis
10570gan gcúrsa san = gan ach an tairbhe chéadna ionnta. Uisce
10571iarainn = uisce go mbíon dath an iarainn air.


10572
10573

UISCIÚIL — Tá an lá so uisciúil go maith go dtí so =
10574fearthanach, fliuch, báistiúil.


10575
10576

UISE — Nó uisin. Mo dhá uisin = taobhana an chinn siar
10577ós na súile beagán. Tá m'uiseana tinn deóchaileach. Sidí
10578m'uisin chlé. Lár na h-uisine deise.


10579
10580

ULFAIRT — Últhairt a deirtear.


10581
10582

ULLAMH — Táim ullamh suas chun éinní = socair suas.


10583
10584

ULLMHUIGHIM — Ulluím a deirtear. Thugas ullú maith
10585dhó nuair a chuir sé chuige me = socrú, cóiriú, deisiú, buala:
10586cuma-bhrú. Féadtar é sin a rá gan aon droch-bhrí.


10587
10588

ÚLTHAIRT — Ná bí ag últhairt = ag glamuíl, ag glaoch
10589amach, glór mór láidir agat. Thabharfadh sé últhairt agus
10590snap ort gan aon chúis = snap.


10591
10592

ÚLTHARTACH — Tá an madra ag últhartaigh = ag sceamhuíl,
10593ag glóruíl: glór mór á dhéanamh aige. Dh'fhéadfá glaoch
10594orm go séimh is gan bheith ag últhartaigh sa tslí gharbh láidir
10595sin. Nó úalthartach.


10596
10597

UMHAL — Táim úmhal do Phádraig = tá leaga, agam leis is
10598deinim rud air.
10599


L. 258


10600

UMALL — Imeall an litriú in sa bhfoclóir. Chuas i
10601n-umall an dainnséir = i n'aice.


10602
10603

UMÁN — Nó iomán. Tá umán ag scríoba na talún ag
10604an ngné = cnapán blonaige a bhíon fé n-a bolg nuair a bhíon
10605sí reamhar go maith. Tá umán ag an ngné: titithe ag an
10606ngé.


10607
10608

UMAR — Táim i n-umar na h-aimiléise = i lár an donais:
10609i bpoll na h-ainise. Ag imeacht ó lár an donais go h-umar
10610na h-aimiléise = ó thig an diail go tig an deamhain. Ar mo
10611chraedó, ar mo thúilín-tseabhrach, an taobh eile.


10612
10613

UMHLATA — Uisce umhlata nó umhalta = uisce cos: uisce
10614go mbeidís nighte ann.


10615
10616

ÚNÁMH — Tá an bád ag únámh di féinig = ag imeacht go
10617breá socair mall: gan mór-shiúl. Bhuaileas (nó ghaibheas)
10618an bóthar siar ag únámh dom héinig = á thógaint go breá
10619bog. An t-iasc a bhíon ag pileáil bíon se ag únámh. Ní ag
10620obair atáim ach ag únámh = gluaiseacht mall sa tsiúl agam.
10621An té a bhíon tréis eiriú tréis breóiteachta bíon sé ag
10622únámh = cos leis thall is cos leis i bhfus is gan ann siúl ceart
10623a dhéanamh. Ní mór an siúl a dheinim fós ach ag únámh dom
10624héinig.


10625
10626

ÚNÁN — Cúbhrán: an bárr bog bán a bhíon ar bhainne bó
10627(an bainne a bhíon te tréis a chrúite), a bhíon ar phórtar nó
10628ar an bhfairrge: cúbhar.


10629
10630

ÚNCAM — Faighean fear post le scrúdú is fear eile le
10631h-úncam na ndaoine = lé na ndaoine bheith leis.


10632
10633

ÚNDÚIR — Is mór an t-úndúir ar do ghnó thu = duine
10634go bhfuil eólas maith ar a ghnó agus fhios aige conus é dhéanamh.
10635Úndúir ar éinní = údar.


10636
10637

ÚNDÚIREACHT — Is mór an úndúireacht atá ag baint
10638leat = feiste is cnúisciún is cruinneas: duine nár mhaith
10639leis éinní a leigint ar bóiléagar. Tá úndúireacht mhaith
10640ag baint lem chuid oibre = cruinneas. Tá úndúireacht na


L. 259


10641

teangan ag dul chun cinn = cruinneas tímpeal uirthi. Úndúir-
10642eacht = cruinneas is eólas ar ghnóthaí is ar chainnt, agus
10643fé mar a dh'oirean sé don gcruinneas gnótha oirean sé
10644don gcruinneas cainnte i slí an té go mbíon briolláil
10645chainnte aige ná bíon an úndúireacht ann.


10646
10647

ÚNRACHAS — Nó ionrachas. Táim tréis 100 cloch prátaí
10648a dhíol leat is tabharfad 5 clocha breise dhuit mar únrachas
10649duit = gan díol asta: saor i n-aisce. Thugas an méid
10650sin únrachais dó; nó an méid sin mar únrachas. Chuas ann ar
10651únrachas go bhfuighinn prátaí = le súil. Chuas 'on mbaile
10652mór ar únrachas prátaí a dh'fháilt mar thabharthas nó le
10653ceannach = ag súil le. Bhuaileas isteach ar únrachas dínnéir.


10654
10655

ÚNSA — Is fearr únsa aire ná púnt leighis. Níl únsa
10656meabhrach agat = splinc (meabhrach).


10657
10658

ÚNTHAIRTEACH — Fear únthairteach = fear ná fanann socair
10659cúnláisteach, ach a bhíon corrathónach ag imeacht ó ghnó go gnó
10660bíon ag aistriú is ag strampáil.


10661
10662

ÚNTHAIRTEÁLUIDHE — Duine a bíon ag únthairt, ag
10663únthairteáil: duine únthairte.


10664
10665

ÚNTHAIRTÍGHIM — Bhraitheas an bithúnach ag únthairt lem
10666pócaí féachaint an raibh aon airgead ionnta = á mbraith
10667le n-a láimh ón dtaobh amuigh. Fear únthairte = fear a
10668bhíon corrathónach, ag gabháilt do rudaí nua gachara uair.


10669
10670

UNÚMHA — Níl an t-unúmha ag an mbó fós = an t-am
10671ceart chun beirtha. Bhfuil sé i n'unúmha Aifrin fós? =
10672i n'am, i n'aimsir. Is geairid go mbeidh unúmha an choirce a
10673bhaint ann = an t-am ceart chuige (bíodh is ná béadh an coirce
10674féin ullamh chun a bhainte). Níl an t-unúmha ann fós chun dul
10675ar scoil. Ba cheart go mbéadh an dínnéar ullamh mar tá
10676an t-unúmha ann- tá an t-unúmha aige (ag an ndínnéar).
10677Tá a unúmha féinig chun gach aon ní. Tá an cabáiste sin as
10678unúmha anois = an saosúr chun é dh'ithe imithe. Tá sé i
10679n-unúmha fós. Tá sé thar unúmha = a unúmha imithe. Níl an
10680bia san tagtha i n-unúmha. Tá sé roim unúmha. Níor tháinig
10681an t-unúmha fós chun breith ar an mbithúnach = an neómat


L. 260


10682

ceart. Bé go mbeidh an t-unúmha chun dul ag snámh imithe
10683má dheinimíd a thuille moille. Tá sé san unúmha ag an
10684aimsir bheith ag boga anois. Tá unúmha maith ann anois chun
10685snámha. Thánamair díreach i lár an unúmhaig. Tá na
10686h-unúmhaig go léir imithe anois is an geimhre dubh ann =
10687unúmha gach éinní. Is minic a bhíon an t-unúmha caite ag an
10688té a bhíon ag braith ar fhear an neúmhdar-neámhdair. I
10689mbliana beidh unúmha na bprátaí ann is gan na prátaí
10690aibidh. Tá unúmha na h-aimsire ann chun na prátaí a bhaint
10691= an t-am ceart (pé rud eile a bhéadh ceart nó ná béadh).
10692Tá unúmha na móna i leath-taoibh is sé unúmha an choirce an
10693chéad unúmha eile.


10694
10695

UNÚMHACH — Lá unúmhach é seo = lá aoibhin breá pé tráth
10696den mbliain é: oiriúnach. Tá an aimsir seo unúmhach chun
10697laetheanta saoire = oiriúnach. Tá an lá indiubh unúmhach chun
10698pé ní is maith leat.


10699
10700

URA — Téighean an t-ura isteach sa mbannc leat chun an
10701t-airgead a dh'fháilt ar iasacht duit.


10702
10703

URCHAR — Ruchar a deirtear go minic. Ní d'ruchar a
10704dh'fhéadfá é dhéanamh = de gheith. Rith sé isteach d'ruchar =
10705go h-ana-thapaidh. Ghlan sé an claidhe d'aon ruchar amháin.
10706Tá an t-urchar (truchar) cruinn id láimh = is féidir leat rud
10707a dh'aimsiú go cruinn. Dhíol sé an bhó agus bé an truchar
10708deireanach aige é = an tseilft dheireanach: bé deire a nirt
10709is a chómhachta é; deire a chumais. Tá an truchar deireanach
10710caite agam = deire na bpiléar: gan aon tseift eile fágtha
10711agam le tarac chúgham.


10712
10713

ÚRLAICEACH — Tá an bhean bhocht ag úirlicigh ag an mbreóiteacht
10714fhairrge = ag cur amach: ag úirliocan. Táim ag
10715gabháilt d'úirlicí folamha ó mhaidin = ag úirlicigh is gan aon
10716ní ag teacht. Tá úirlicí, úirlicí folúna, orm. Beidh
10717fonn úirlicíghe ort le bárr Gaoluinne = is beag ná beir
10718ag cur amach beidh tu chó lán de Ghaoluinn.


10719
10720

ÚRLÁR — Tán tu ag cainnt (ag rínce, ag éinní) fada go
10721leór anois agus tabhair an t-úrlár do dhuine éigint eile =
10722leigint dó rínce nó cainnt: tabhair seans dó.
10723


L. 261


10724

ÚRLÚR — Tá sí gan chainnt gan úrlúr = urlabhra.


10725
10726

URRÚS — Chuas i n-urrúr ar Phádraig sa mbannc = chuas
10727mar ura, mar thaca, go ndíolfadh sé thar n-ais an t-airgead a
10728thóg sé ar iasacht. Téightear i n-urús ar a chéile sa mbannc
10729go tiubh: nó ar aon tsaghas slí eile.


10730
10731

URTHLACH — Saghas mála a bhíon aige duine nuair a bhíon
10732sé ag sá phrátaí.


10733
10734

ÚSÁID — Tá mo chos (mo lámh, éinní) as úsáid = ní féidir
10735liom í úsáid. Tá an rothar as úsáid ag an gcuma-bhrú a
10736fuair sé i gcoinnibh an fhalla. Tá úsáid mhaith agat ar
10737éadach, ar phrátaí, ar pháipéar scríobhtha = úsáidean tu
10738mórán díobh: ithean tu, caithean tu.


10739
10740

ÚSÁIDIM — Ní dh'fhéadfainn an focal "giobalach"
10741d'úsáid leat = do chaitheamh leat, do thabhairt ort, do rá
10742leat.


10743
10744

USTAS — Nó ostas. Níl puínn ostais in sa dtír i
10745mbliana = cothú, bia. Chaitheas cuid den stoc a dhílol 'cheal
10746an ostais. Ostas seadh féar, cabáiste, turnapaí, arán,
10747is gach ní mar sin. Nó oráiste. Níl puínn oráiste againn
10748istigh ná amuigh = ustas.


10749
10750

ÚTAMÁIL — Nuair ná béadh ach beagán de rud i siopa is
10751mórán á lorg bhéadh útamáil 'na thímpal = brú is straca ar
10752a chéile siar uaidh. An té nách féidir leis gnó a dhéanamh go
10753slachtmhar bíon sé ag útamáil = slí gharbh neamh-eólgaiseach
10754aige. Ní bheidh an lampa i dtreó agat go deó: nílean
10755tu ach ag útamáil air = ag gabháilt do i slí thútach. Níl agam
10756tímpal seómra a chur i gcóir ach útamáil.


10757
10758

ÚTAMÁLUIDHE — Duine a bhíon ag útamáil: duine,
10759cig., ná béadh ag cur ceirte ar lámh theinn i gceart. Más
10760maith leat aon tslacht bheith ar an gcamán ná bíodh aon lámh
10761aige Tomás ann mar níl ann ach útamáluí.
10762


L. 263


10763

FUIGHLEACH BEAG.


10764
10765

Tá an teanga aibidh agat = lúthmhar, pras. Cad é an
10766t-Aifrean a bhí agat indiubh? = ar a rabhais. Chómh siúrálta
10767is atá Pádraig mar ainm orm. Bé an bronntanas ceart
10768i n-aisce do b'fhearr liom. Fágaimíst i n'aon marbh é = ná
10769deinimíst é dh' áireamh mar seo ná mar siúd — rud go mbéadh
10770díospóireacht na thaobh, Níl aon tuiscint aige ach mar an asal.
10771Tá barraliobar ar an lá leis an bhfuacht = é chó fuar san go
10772gcuirfeadh sé barraliobar ort — na méireasta bheith lúbtha
10773isteach ar a chéilig is ná féadfá iad a dhíriú amach. Bhí sé
10774ag cimilt baise dhom (díom) = é bheith bladartha liom. Béal-
10775bach chasta = an bhéalbach go mbíon an t-iaran casta ann,
10776Béalbhach mhór = an ceann go mbíon slabhra ag imeacht léi
10777fé chorrán an chapaill. Tá na leanbhaí imithe beó beathaidheach
10778= nochtaithe. Nuair a bhéinn ag buachtaint i rás bhéadh sé
10779(= an scéal) go bínn agam. Stuacánuidhe de bhodhránuidhe
10780mío-thuisceanach. Beir bog ort héin = tóg bog é. Tá gach
10781aon fhocal chó fada le bogha báistí agat = le h-éinní riamh,
10782Ní maith liom na bóithre atá fút = na cúinsí atá agat:
10783lúbaireacht, is mar sin. Is mó bóthar 'na bholg = cleas is
10784cúinse ar siúl aige. Buacas = an rud a bhíon i lár na
10785coinnle nó ar lasa ins an lampa. Ní bhíon aon bhuancas sa
10786rud ná bíon aon tseasamh ann = tabhairt: seasamh: caitheamh,
10787Is mór an bhúrlóg fir é = fear téagartha: chó téagartha san
10788go dtaidhseóch sé beag dhuit: cloch mhór, chómh-chruinn. Búr-
10789lóg mná, greachaile (gearr-chaile), buachala. Tá bús báistí
10790ann = báisteach ana-throm. Tá ana-bhús ag an ngluaisteán
10791= ana-ghlór, bhéadh bús ag cloich dá gcaithfá le fuinneamh í
10792ag an ngearra a dheinfeadh sí tríd an aer. Cac an tsiopa =
10793dríodar an tsiopa. Tháinig deire an lae 'na chac báistí —
10794is mó a deirtear le tráthnóna nuair ná béadh aon choinne
10795leis an mbáistigh agus an lá féinig go maith. Tháinig sé
10796chúgham díreach fé mar do chacfadh an t-asal é — liathróid,
10797cig,, i gcomórtas báire = rud éigint a thárlóch díreach fé
10798mar ba mhian leat é. Cacamus leabhair = leabhar gan mhaith.


L. 264


10799

Éadach cairte: bróga cairte = iad so a bhíon á ndíol i
10800gcairt lá an aonaigh: is tugtar ar earraí leath-nua bíodh
10801gur i siopa istig a gheófá iad. Tá an chainnt go calma agat
10802= go tréan, go binn. Ná bíodh aon leath-phingin cam agat in
10803sa gcómhaireamh = gan bheith ceart. Tá an focal san cam
10804agat = neamh-cheart. Sháigh sé a cheann in sa gceannraigh
10805agus greamuíodh air. Tugtar biorán ar leath-chearchail =
10806cearchail thanuidhe. Gura buan a bheidh tu ós cionn do ghnótha
10807= i mbun. Bhíos ag cíosú Sheáin = ag tabhairt cíosú dhó:
10808ag tabhairt scalla dhó le cainnt nó le scríobh: nó bheith ag
10809priocaireacht air: nó don mbladhgaire nuair ná tabharfá
10810aon chluas do n-a chainnt. Gheóbhfadh (gheóch) an bháisteach
10811trí chlár daraighe bhí an oiread san fuinnimh fúithi. Gheóch
10812an lá indiubh trí chlár daraighe leis an bhfuacht = trí éinní.
10813Cláir-fhiacail = fiacail leathan i dtosach an bhéil thuas. Dhá
10814cheann díobh an chuid is mó a bhíon ag imeacht. Cleithire =
10815rógaire (bíon brígheana eile ag imeacht leis chó maith),
10816Cleithiúnach = fear téagartha láidir. Chuaidh cloch i mbonn an
10817chapaill = chuaidh greamaithe. Buail do chos ar an scéal
10818san, ar éinní, agus fág mar sin é. Má choimeádan tu leis
10819an ngnó san ní baol duit = má chlaoidhean tu. Bhí coiscéim á
10820bhaint as an mbóthar agam = me á chiorrú. Cuirfí do lámh
10821suas mar gheall ar bheith ag déanamh cómharthaí dod pháirtí i
10822n-imirt chártaí. Th'anam 'on riabhach is do chorp. Tá Seán
10823chó lom san go ngeárrfadh a chorrán tobac dhuit. Tá ana-
10824chorruíocht ag baint libh — le daoine a bhíon corra, ait, crosta:
10825corrathónach. Tá an trus fada, ach deinfidh £10 an costas =
10826díolfaidh. Ní raibh aon chostas mór orm leis an obair.
10827Chuas ar an aonach is thug mo mham costas an lae dhom = pinginí
10828póca i gcóir an lae. Tá mo chóta bán déanta — buachail,
10829cig., go gcasfaí cailín air le pósa go mbéadh mór-chuid airgid
10830aici a déarfadh. Tugtar cráin ar ghé a bhíon tímpal is dhá
10831bhliain d'aois. Tá na crathacha (creathacha) ag teacht amach
10832tríd an mbó = na cnámha: na h-easnuíocha. Níl aon chrí
10833ar Sheán chun cainnt a dhéanamh = níl aon mhaith ann. Bhain-
10834feadh an gála an croicean de chat. Chuirfeadh sé cosa
10835cruinne fé chearca = dheinfeadh sé (d'fhéadfadh sé) éinní.
10836Tá crústach maith agam = urchar, buille. Ní cú atá againn
10837ach coite = níos mó ná aon chú amháin. Chuireadar cona
10838fiana liom = na madraí: oiread buala is léasa a thabhairt
10839dom ná féadfainn gan cuímhne a choimeád air. Ní raibh


L. 265


10840

aon lá dá chuimhne agam cúig bliana ó shoin go mbéinn á
10841scríobh so = níor tháinig aon lá dá chuimhne chúgham: ba bheag
10842a mheasas. Cuasnóg = an áit go mbíon na meacha (beacha)
10843bailithe chun meala a dhéanamh. Cruic = an geóbosca go mbíd
10844ann. Bhfuil cruiceóga agaibh? Ní mór atá, bhíomair
10845i gcuibhrean-cárn = ag ithe is ag ól le chéilig: i dteannta a
10846chéilig, is aon bhia, aon phláta amháin againn. Bhí an bia i
10847gcuibhrean-cárn aca. Ní raibh madra ar cheithre cúinní an
10848pharóiste ná raibh in sa bhfiadhach = bhí gach aon mhadra in sa
10849bparóiste ann. Thugas cheithre cúinní an pharóiste isteach im
10850shiúl = shiúlas mór-thímpal an pharóiste go léir. Bhí cuiripe
10851cloiche ag sá aníos as an dtalamh = cloch ghéar fhada. Is
10852dialta an cúmadóir thu = duine chun scéalta, leath-scéalta,
10853bréaga agus mar sin a chuma, a cheapa. Cúthalach = cúthail,
10854Bhíos ag obair, ag scríobh, ag éinní, ar dalla = go dian
10855dícheallach i slí ná féachainn rómham ná im thímpal. Tá an
10856dial ar a bhfuil de chainnt agat = is díolta an méid cainnte
10857atá agat. Cad é an dial atá ag teacht ort? An dial
10858fhios agam cad ba cheart duit a dhéanamh. Bhéadh ana-
10859dhamaint ag baint leis an té a bhéadh ag priocaireacht ort is
10860a chuirfeadh ag eascainí thu. Dheinfeadh peaca marathach
10861duine a dhamaint. Bhí ana-thrácht ar na bróga nua = ana-
10862éileamh. Níl ach difríocht an fhocail eadrainn. Is measa
10863thu (is daille) ná an t-each meascaithe = each a shíolruíon ó
10864asal is láir — agus ní miúl é. Tá fuairthneamh ar mo
10865mhéireasta = iad ríghin marbh ag an bhfuacht. Féith-ar-
10866boga = tón-ar-boga: áit sa tsliabh go raghfá ar lár ann,
10867Ainm flúirseach é sin. Ó tháinig sí abhaile ón gclochar ní
10868fhliuchfadh sí a méar dom. Tá goile fallsa agat = goile
10869nách cóir, mí-nádúrtha. Raghad ann fé bheith slán dom =
10870má bhím amhlaidh: é sin mar agó. Tá an teanga fuaighte
10871agat den lasca in sa mbróig go dtí an cúigiú poll. Bhfuil
10872teanga fuaighte agat ins na bróga nua? Cuir uaim an
10873ghalúnach = an bladar, an chainnt bhog. Bhéadh aghaidh duine
10874géar nuair ná béadh aon fheóil uirthi. Gaibhim orm gur
10875dheinis ana-chainnt = bíodh orm gur —. Capall geitiúil =
10876sceinneadach; go bhfuil geit ann. Tán tu gigealach thar
10877fóir = gur fuirist gigilis a chur ort thar an gcoitiantacht: go
10878léimfá ,dá mbuailfí lámh ort. Tá an tseana-chairt ag
10879gíoscán ar an mbóthar = ag scréacháil toisc gan aon smeara
10880uirthi. Gline = an gléas, an fráma beag, go gcuirean an


L. 266


10881

t-iascaire an darúgha air: glinne. Níl oiread airgid
10882agam is a dheinfeadh glór ar ghrideal. An té a bhíon 'na
10883ghliogaire (nó glugaire) bíon sé gliuganta. Glúnacha na
10884gcathaoireacha, táim greamuithe agat = teanntuithe: greim
10885agat orm. Ní raibh sé ach ag cainnt trí n-a sheana-hata =
10886san aer. Droch-imeacht air mar asal. Is láidir ná fuil
10887na stampaí nua tagtha fós = úntach, éachtach. B'fholláin duit
10888nách indiubh a thánaís isteach agus an bháisteach go léir atá á
10889dhéanamh aige. Má theastuíon uait rud ar an gceaint cuir
10890do dhá láimh air = faigh greim daingean air — agus láithreach.
10891Lataí = na maidí beaga tanuidhe a bhíon ag imeacht laistig
10892den bplástaráil i dtig. Tá an leacoidhir briste agat = an
10893chéad chuid de rud déanta — rud nár mhaith leat tosnú air.
10894Tá na leaga liatha aca. Feic leaga-laithe. Leag an ghrian
10895= chuir taom breóiteachta air nó mearathal leis an mbrothal.
10896Duine faid-fhoidhneach. Ghlaodhfá lúbaire ar dhuine go
10897mbíon cleasa ag baint leis, bíodh is ná béadh sé cam. Lúbán
10898duine — fir nó mná = duine caol is gur fuiriste dhó lúba.
10899Lúbán rógaire. Níl aon luighe agam leis an áit seo = níl aon
10900chion asam air: gan aon lé agam leis: gan aon fhonn orm
10901chuige. Níl aon luighe agam le h-iománuíocht = gan aon
10902éileamh agam air. Luigh an ghrian orm = ghoill: dhóigh. Scian
10903mhaide níor mhairbh sí éinne riamh = scian adhmaid. Tógadh
10904dem báithreacha (máithreacha) me = baineadh ana-phreab asam,
10905Tá an mála air ag an ól = chaith sé breith ar an mála is dul
10906ag lorg na déirce. Níor cuireadh an mála riamh orainn go
10907dtí an méid seo = an méid seo a dh'imir lár an donais
10908orainn. Thánag isteach máluatha = go tapaidh. Tá fear
10909máluatha ag teacht go dtí an t-Aifrean = daoine (fir) ag
10910teacht go tapaidh. Bíon fear máluatha ag teacht i gcómhnuí
10911san áit go marbhuightear an t-iasc (chun a thuille a mharú).
10912San áit go dtuitean úntas amach bíon fear is bean máluatha
10913ag teacht — nó ag teithe (teiche) ó láthair an donais. Tán
10914tu marbh ach tu níghe = in sa gcéim is giorra do bheith marbh:
10915ní theastuíon uait ach níghe an chuirp chun bheith marbh amach ar
10916fad. Ní beag a bhfuil déanta agat le 2 uair an chluig is ar
10917dheinis roimis sin a dh'fhágaint marbh = gan trácht air; gan é
10918dh'áireamh. Chuirfeadh sé masmus orm bheith ag labhairt le
10919lucht na droch-Ghaoluinne. Níl lán méaracáin den nGaoluinn
10920aici = níl aon phuínn. Meathtachán nár dhein faic nuair a
10921bhí an coga ar siúl = fear meathta, lagmhisniúil, gan mhaith.


L. 267


10922

Bhí ana-mhiangas chun an óil air = dúil mhór — níos láidre ná
10923mian. Tá mianach an bhéarla imithe isteach in sa nGaoluinn
10924atá againn. B'éigin dom mo mhionna is mo mhó d a thabhairt
10925gur liom-sa an bhó = gach saghas deimhniú a thabhairt. Níl
10926misneach cait aige = an chuid is lúgha de. Tugtar mogal,
10927leis, ar, sméar mór dubh, .mhún an leanbh fé aréir — nuair
10928a bhí sé na chola. Nuair a chífir dhá cheann ar an nóinín chífir
10929do chuid airgid thar n-ais ón rógaire sin, bhíodar ag cur
10930uatha le scannra = ag breith phiscíní. Crobh phréacháin =
10931salachar nó fiaghaile a bhíon ag imeacht in sa dtalamh. Tá
10932an focal san agam ó phréimh = ó thúis m' óige. Tabharfad
10933réasún duit (chuin) gan bheith ag cainnt mar sin = cúis, a
10934chúis. Faid a bheidh an saol 'na shaol beidh daoine aite ann.
10935Chaitheas an t-úbhal i n-áirde ar sciob-sceab = ar chlibirt.
10936Bhí ana-sciob-sceab againn. Casóg sciotaithe = maol: gairid:
10937gan bheith fairsing go leór. Tabhair scóp go leór dos na
10938fuaimeana leathana = slí. Ní mór scóp a thabhairt don
10939dteangain chun an focal san a thabairt amach = gan í bheith
10940crapaithe, cúnlaithe. Bhí sé ag smiota an chrainn = ag baint
10941an chroicin de: ag spreóitseáil air. Sleagh: sleathana.
10942Ag smiotuíl gháirí = ag mion-gháirí. Bhí spórt na h-oíthe
10943againn ar an rínce = ana-oíthe spóirt: spórt feadh na
10944h-oíthe. Chuir sé streanncán buile orm = taom maith den
10945bhfeirg. Sin é an talamh anois agat = rud éigint nár bhain
10946aon amhras leis. Ní féidir teacht tímpal ar an gceist
10947sin = greim a dh'fháilt uirthi: cur chúichi. Bhíos a d'iarraidh
10948teacht tímpal air chun an speal a dh'fháilt uaidh = é mhealla-
10949Bhí ana-thinneas orm i dtaobh ná raibh aon Ghaoluinn agam le
10950labhairt leat. Tá tinneas orm le h-eagla gur chuireas
10951trioblóid ort. Tháinig tuile cainnte chúgham = ana-ruith.
10952Tuit (tit a deirtear) id chola is ná bí am bodhra. Níl aon
10953leigheas beó ar an saol ar an gcúrsa san = níl aon réiteach
10954i n-aochor.


10955
10956


10957

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services