Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir 12. Meadhon-Fhoghmhair, 1923

Title
Uimhir 12. Meadhon-Fhoghmhair, 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1923
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1AN SGUAB


2
3

Uimhir 12. MEADHON-FHOGHMHAIR, 1923. 3p. SA MHÍ


4
5

RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath


6
7

AITHNIGHTEAR CARA I gCRUADHTAN 227


8
9

DUINE GAODHLACH IDIR CORP IS ANAM … AN DR. DE HENEBRE 229


10
11

AN PANNCÁNACH … SEÁN Ó DÚNAIDHE 231


12
13

BEATHA TEANGAIN A LABHAIRT 232


14
15

LUCHT EALADHNA AGUS AN TÍR-GHRÁDH … M. MAC LIAMMHÓIR 233


16
17

SEÁN NA gCLEAS … “CILL-NUADH” 235


18
19

EACHTRAÍ AN CHAISLEÁIN … “GAILLTE BEAG” 238


20
21

SÚGRADH … SEÁN Ó GRUAGÁIN 240


22
23

LEITIR AGUS LÉIRMHEAS 241


24
25

COMÓRTAS 243


26
27

AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE.


28
29

Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá
30ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do
31labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa.


32
33

Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54.


34
35

CUALLACHT DÚNA EIMER
36TEOR,


37
38

Sráid Hardbhic, i mBaile Átha Cliath.


39
40

ÉADAIGHE EAGLAISE, ILGHRÉASACH
41AGUS ÓIRGHRÉASACH.


42
43

CULAITHE BAN ÉIREANN


44
45

CAIRPÉIDÍ LÁIMH-FHIGHTHE.


46
47

Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
48Chumann Gaedhealach is Fearr


49
50

AN CUMANN IBÉRNACH
51INSIÚRÁLA TEÓ.


52
53

I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS
54COITCHINNE.


55
56

PRÍOMH-OIFIG — 48 & 49 SRÁID AN
57DÁMA, ÁTH CLIATH.


58
59

NA POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
60FAGHÁIL.
61


L. 226


62

TAE.


63
64

Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
65againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
66agus bíonn gach éinne sásta leo.


67
68

Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.


69
70

Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.


71
72

BECKER BROS., LTD.,
73Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
74Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.


75
76

THE MONUMENT CREAMERY


77
78

AN T-IM UACHTARLAINN IS FEÁRR.


79
80

Deunta d'uachtar glán, úr, pasturáltha: Milis, blasta,
81is úr i gcomhnuidhe.


82
83

Tagann uibhe toghta muinighneacha isteach chughainn
84gach aon lá.


85
86

Sráid Phárneill, 75, & Port Caoimhghin
87Íoch., 25, Baile Átha Cliath.


88
89

DIXON & HEMPENSTALL


90
91

Fir Deunta Speuclairi


92
93

SEOMRAI UM TASTAIL RADHAIRC AR OSCAILT GACH LA


94
95

Támuíd tréis na cóireacha is deidheannaighe
96ceapadh chun gloiní (lensaí) chur i dtreo d'fhághail.


97
98

Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl


99
100

Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
101cuirimíd chugat é an lá ceudna.


102
103

SRAID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.


104
105

GACH RUD ATÁ ACRACH D'OIFIG.


106
107

Tar go bhfeice tú an teasbántas díobh atá againn.


108
109

TYPEWRITERS


110
111

(Coracha Cló-Sgríobhadh).


112
113

“HAMMOND” (Gaedhealg agus Beurla ar an
114maisín ceudna).


115
116

“Royal” (Leitreacha Gaedhealacha air).


117
118

Gach cóir chun mamraim agus cáipéisí oifige a
119choimeád in eagar agus in órdú.


120
121

Duplicators — Rotary & “Rolo” -flat 55/- agus 75/-
122(iomlán).


123
124

CONAN, MAULE & CO., & Crow st., Ath Cliath.


125
126

Guthán: 3319.


127
128

Sompla des na Peictiúirí atá ins “AN RÓIMH.”


129
130

Ceannuigh agus léigh an


131
132

tIrisleabhar nuadh so, curtha amach


133
134

ag Gaedealaibh na Róimhe le grádh


135
136

dá dteangain ndúthchais féin.


137
138

Luach 1s., costas puist 2d. Faigh


139
140

ó do shiopadóir féin é, no cuir


141
142

fios ar go dtí an foillsightheóir.


143
144

MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
14587 SR. UACH. NA DRISEÓIGE, ÁTH-CLIATH.
146


L. 227


147

AITHNIGHTEAR CARA I gCRUADHTAN.


148
149

Is mó uisge ghaibh le fána ó léirigheadh
150dráma Gaedhilge i n-amharclann puiblí i
151mBaile Átha Cliath go dtí le déidheannaighe,
152agus is mó cor a chuir an saoghal Gaedhealach
153de ón mbliadhan 1915, nuair a bhí “Fear na
154Miliún Púnt” agus cúpla ceann eile á
155n-imirt in Amharclann na Mainistreach. Bhí
156cuid maith daoine láithreach an uair sin agus
157ba dhóigh le duine go lionfidhe an “Gaiety”
158féin i mbliadna gan aon trioblóid. Ní
159h-amhlaidh a bhí, ámhthach — na h-oidhcheanta a
160bhíomar féin ann, pé sgeul é. 'Dé chúis?
161an amhlaidh atá fuinneamh agus brigh gluaiseacht
162na Gaedhilge imthighthe aisti. Ní dóigh linn
163san. Ach mar sin féin ba shuarach an sluagh
164a chuaidh go dtí an “Gaiety” gach aon
165tráthnóna seachtain an Oireachtais, ach amáin
166nuair a bhí an t-opera ar siubhal. Gan
167amhras ba mhí-thráthúil an t-seachtain í in
168slighe. Ar an gceud dul síos is mó deagh-
169Ghaedheal a bhí ar laetheanta saoire sa
170nGaedhealtacht an uair ceudna, agus, rud
171eile, aoinne a bhíonn 'na chomhnuidhe sa chathair
172is mór leis oidhche breágh samhraidh do
173chaitheamh istigh in áit múchta mar amharclann
174tar éis an lae ar fad do chur dé in oifig
175nó i siopa, agus cuireann tarraingt na
176fairrge agus na bpáirceanna isteach go mór
177ar rudaí oireann níos feárr d'aimsir an
178gheimhridh. Ach ar an taobh eile, nach maith a
179liontar an “Royal” gach aon oidhche — fé
180dhó, leis. Agus ná raibh roinnt maith daoine
181tréis teacht anios ón dtuaith fé dhéin
182Oireachtais Chonnrad na Gaedhilge agus
183Oireachtais an Fháinne. Is cuma pé leath-
184sgeul a ghabhtar 'na thaobh ní cúrsaí sástachta
185ach cúrsaí náire an slighe a righneadh faillighe
186ar an “Gaiet” an t-seachtain úd.


187
188

Molamuíd na h-aictéirí go h-árd toisg
189a fheabhas a righneadar a gcuid den obair
190agus tá súil againn ná caillfear ar a
191misneach. Dob fhiú caoi eile do thabhairt
192dóibh (sa ngeimhridh agus in áit níos lugha
193ná an “Gaiety” béidir) agus dian-iarracht
194do dheunamh roimh-ré chun chur 'na luighe ar na
195daoine gur cheart dóibh, ar mhaithe leis an
196nGaedhilg agus ar mhaithe leo féin chomh maith,
197dul ag éisteacht leis na drámaí Gaedhilge
198'na sluaightibh. Má thá aon nidh le rádh
199againn leis na h-aictéirí 'sé an rud é ach
200go seachnóidís ná labhairfidís ro-thapaidh.
201Riaghal an stáiste iseadh é go labhairtear
202rud beag níos righne ná mar a dhéintear de
203gnáth agus do b'feárr labhairt ro-righin ná
204ro-thapaidh an fhaid a's a bhímíd ag braith
205ar lucht foghlumtha na teangain — nó d'iarraidh
206iad do thabhairt isteach agus misneach do
207chur ortha ba chirte a rádh. Tá an Ghaedhealg
208ag dul chun cinn (d'aimhdeoin a luighead
209daoine a chuaidh ag éisteacht leithi an lá fé
210dheire) ach is eagal linn go gcaithfimíd
211cuimhneamh ar cheist propoganda chomh maith
212le ceist ealadhna go ceann tamaill eile fós.


213
214

An dá oidhche a bhí an t-opera (Sruth na
215Maoile) ar siubhal bhí na daoine ann ach
216má bhí ní raibh an Ghaedhealg ann. Bhí, ar
217slighe, dar ndóigh, ach b'fhuiris aithint ná
218raibh focal Gaedhilge, ach ar nós paróide
219amháin, ag an gcuid is mó desna daoine a
220a bhí ag amhrán. Níl aon mhaitheas a bheith ag
221gearáin mar gheall air sin, ámhthach. Is
222dócha ná fuil go leór Gaedhilgeoirí ann a
223bhfuil an guth acu agus taithighe ceart ar
224chúrsaí an stáiste. Is cuma pé saghas
225Gaedhilge a bhí ann, ba mhór an taithneamh
226dúinn a bheith ag éisteacht le ceol-dráma
227gan focal d'aon teanga eile dá labhairt
228ann. Ní raibh a leithéid ann riamh ach dhá
229uair roimhe sin, sa mbliadhan 1903 nuair
230a léirigheadh “Muirgheis” agus sa mbliadhan
2311909 nuair a léirigheadh “Eithne.” Agus
232ní mar gheall ar na focail a mholtar nó a
233cháintear opera ach dréir an cheoil a bhíonn
234ann agus dréir an t-slighe a chuirtear eirim
235an sgéil ós comhair na ndaoine. Maidir
236le binneacht ba bhreágh linn an ceol atá san
237opera so; ach aon duine a dh'airigh “Bean
238an Fhir Ruadh” á rádh ag sean-fhear fén
239dtuaith níor mhaith leis, ar slighe éigin, é
240d'aireachtaint ar aon chuma eile, agus ní
241dóigh linn gur cheart, ach an oiread, curfá
242mór sgléipeach do dheunamh “d'Eumonn a'
243Cnuic” mar a righnead san opera; agus
244níor mhaith linn neamh-chruinneas an sgéil,
245mar ná raibh an ceangal ceart idir na
246radharcanna agus bhí an deire ro lag. Ach


L. 228


247

tá léirmheas air in áit eile den pháipéir
248seo a sgríobh fear a bhfuil eolas ceart aige
249ar cheol agus ar ealadha an stáiste agus
250fágfamuíd an meud san den obair faoi sin. *


251
252

Chuadhmar amach idir na gníomhartha fé dhéin
253gail tabac mar is gnáthach linn. Bhí cúigear
254cailíní taobh thiar den chúntar ag an “mbar”
255agus gan dada le deunamh acu. “Ní
256fheadar cad é an saghas daoine atá annso
257anocht,” arsa ceann acu le ceann eile.
258B'ait leo go raibh an t-amharclann lán agus
259gan aoinne ag teacht amach ag ól. Gach
260aon uair eile a bhíomar féin san áit bhí sluagh
261mór daoine ann agus gach aon ruaille-buaille
262ar siubhal acu gac aoinne ag slugadh portair
263agus uisge bheatha, agus ag cainnt os árd
264a chinn a's a ghutha. An oidhche so ní raibh
265ach beirt fhear ann, Ghaedhealg á labhairt acu
266agus gan aon fhonn óil ortha nach mar a chéile
267a's a bhí orrainn féin. Ach má thá deigh-
268thréithe ag baint leis na Gaedhil bhí droch-
269nósanna acu chomh maith — an oidhche so, pér'
270sa domhain é. Ba dhóigh leat ná raibh cuid
271acu in amharclann riamh roimhe sin ná ná
272raibh a fhios acu cad is ceól-dráma ann in
273ao' chor, an slighe a bhíodar ag cainnt a's ag
274bladar le linn an overture agus an entreacte.
275Cheapamar ná deunfadh an tuathánach is oitire
276a leithéid de bharbaracht, ach ní mar a shíltear
277a bhítear uaireannta.


278
279

Tá leitir fé chló againn an mí seo, ó dhuine
280denár lucht léighte, mar gheall ar ainmeacha
281áiteann. Is dóigh leis gur cheart tabhairt
282fé'n obair tabhachtach so i ndá ríribh gan a
283thuille moille agus támuíd ar aon aigne
284leis. Fágfamúid leathanach ar leithligh sa
285“Sguab” gach aon mí, agus fáilte, i gcóir an
286adhbhair seo Tá's againn go bhfuil Aireacht an
287Phuist ar aigne leabhar nuadh mar “Post-
288Sheanchas” do chur amach chomh luath in Éirinn as
289a bheidh ceann údarásach iomlán i gcóir acu,
290agus geobhfhamuís-ne lámh conganta do tabhairt
291dóibh má sgríobhann gach aoinne cughainn a
292bhfuil aon dearmhad braithte aige i “bPost-
293Sheanchas” nó a bhfuil aon eolas cruinn aige
294ar an gceist seo. Tá bailtí phuist ná fuil
295i “bPost-Sheanchas” in ao' chor; cuid acu
296táid bun-os-cionn sa leabhar san, ní nách


297
298

* [An fear a bhí chun an léir-mheas do sgríobh, do tuit
299sé tinn agus dá dheasgaidh sin níl sé agam le Cur
300isteach. F. E.]


301
302

locht ar Sheosamh Laoidhe uaireannta, agus
303cuid eile arís níl an fuirm ceudna sa
304leabhar Gaedhealg-Beurla as atá sa leabhar
305Beurla-Gaedhealg. Dá fheabhas é an leabhar
306atá in úsáid againn is mithid dúinn ceann
307nuadh do chur in eagar anois go bhfuil an
308rialtas fé nár stiúrú féin.


309
310

Dheineamar tagairt cheana do cheist ainm-
311eacha na sráideanna sna bailtí móra leis.
312Ní mór dúinn an t-eolas san a bheith sa leabhar
313nuadh nuair a bheidh sé againn. Agus sin
314rud ná fuil aon eolas údarásach le fághailt
315air go minic. Do chuireadh san i dtuisgint
316go soléir do lucht léighte an “Sguab” sa
317leitir a sgríobhadh in uimhir mí Abrán. Ba
318cheart go bfeuchfadh gach cumann cathrach chuige
319sin anois díreach. Tá sé fágtha ar an meur
320bhfada ro-fhada cheana. Tá súil againn go
321dtoghfar Cú Uladh ar Chumann Cathrach Baile
322Átha Cliath; tugamuíd fé ndeara go bhfuil
323sé ag chur isteach fé na dhéin agus níl aon
324bhaoghal go ndeunfar faillighe ar a leithéid
325sin ceiste a thuille má bhíonn aon bhaint aige
326sin leis an obair.


327
328

Tá sgeul Choláiste na Rinne a bhí á innsint
329ag Pádraig Ó Cadhla sa “Sguab” ar feadh
330bliadhna nach mór, tá deire leis anois. Ta
331áthas orrainn a rádh go mbeidh sraith aistí
332eile uaidh ag tosnú sa “Sguab” sara bhfad,
333ag cur síos ar an aimsir a chaith se mar
334thimthire do Chonnradh na Gaedhilge. Ní misde
335dhúinn a rádh arís gur mhaith linn aistí, altanna,
336piosaí grinn, sgeulta &rl. d'fhághailt ó
337sgríbhneoirí in gach aon áird den tír agus
338ná fágamúid aoinne gan cúiteamh éigin ar
339a chuid saothair.


340
341

Tá cuid maith páistí in Éirinn anois leath-
342is-múigh den Ghaedhealtacht a bhfuil an Ghaedhealg
343acu ón gcliabháin agus is minic a righneadh
344gearáin le déidheannaighe ná raibh mórán
345leabhra le fághailt a dh'oirfeadh don aos óg
346mar atá i mBeurla. Dob' fhíor san. Bhí
347leitir i “Sguab” mí Bealtaine mar gheall
348ar an gceist sin agus do dhineamar amach
349liosta desna leabhra den t-saghas san a raibh
350eolas againn ortha mar freagra ar an duine
351a sgríobh an leitir úd. Fuaireamar seacht
352leabhairíní ó mhuintir Tempest, Dún Dealgán,
353tréis dúinn na nótaí seo do sgríobh an mí


L. 229


354

seo caithte, agus ní misde linn iad do
355mholadh. Seán Tóibín d'aith-innis na sean-
356sgeulta atá ionnta. Do thuigfeadh aon
357pháiste a bhfuil an Ghaedhealg aige na sgeulta
358so, is cuma pé canamhaint a tógadh leithi é.
359Gach aon uair a sgríobhann Seán focal a
360úsáidtear i gCúige Uladh amháin cuireann
361sé nóta fe bhun an leathanaigh ag cur in iúl
362dúinn conus a dheirfeadh an Muimhneach an
363rud ceudna. Bhí an-phráidhinn againn le na
364leithéid agus sin é an cúis go bhfuilimíd ag
365tagairt dosna leabhairíní seo annso.


366
367

LEABHRA MAITHE GAEDHILGE


368
369

AN BARRA: Leabhairín do pháistí. Nioclás Tóibín
370an scríbhneóir.


371
372

Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
373ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
374Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag
375Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
376don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
377cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
378Luach 6d. glan.


379
380

ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.


381
382

Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.


383
384

Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
385nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
386riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
387Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
388le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
389bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
390gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
391aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.


392
393

BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le seán Ó
394Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd
395ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
396Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The
397Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
398aistidheacht agus notaí agus foclóirín ag gabháil leó.
399Luac 3s. 6d. glan.


400
401

Agus na Leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó
402CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
40389 Sráid an Talbóidigh i mBaile Átha Cliath.


404
405

GUAL! GUAL! GUAL!


406
407

Anois an t-am chun Ghuail a cheannach i gcóir an
408ghéimridh. Béidh sé i bhfad níos costasaighe nuair a
409thiocfas an aimsir chruaidh. Ceannuigidh ó Ghaedhealaibh
410é. Tá an cineál is fearr le fághail


411
412

Ó MHUINNTHIR PLÉIMEANN,
4139 Sráid Frederic Thuaidh, Áth Cliath.


414
415

Guthán 2723.


416
417

N.B. — Tá gluaistean (a iomcróchas ualach tonna) le
418fághail uainn ar thuarastal.


419
420

DUINE GAODHLACH IDIR CORP IS
421ANAM.


422
423

Ag so agallamh thug an Doctúir Ristéird de
424Henebre uaidh i nDúngarbhán sa mbliadhan
4251910.


426
427

A mhuintear na nDéise. Is mór é mo
428scanradh mo sceimhle agus mo sceón indiu
429acht is suarach agus is dearóil an glór is an
430guth agam. Acht dá mbeadh acmhaing scartach
431is anála do réir an ghábhaidh agam is mise do
432leigfinn scread is géim asam mar do bheadh
433tarbh ag aoibhill is ag búithrig mar do bheadh
434leomhan ag leadradh is ag creachadh; is me
435do leigfinn scréachadh asam go fonnmhar do
436cloisfidhe ó Cheann Chréadán go hinbhear na
437nEochaille agus ó Shléibh na mBan bhFionn go
438fairrge theas. Mar is amhlaidh atá sibh a
439mhuintear na nDéise 'n bhur spairt is 'n bhur
440spaid le neart trom-shuain chodalta gan
441mheabhair gan éirim agus an cogadh agus an
442cath dá chur. Ní mór daoibh músgailt go
443mear má's mian libh go mbuaidhfidhe an lá
444libh féin agus má's cás libh Gaedhil do dhul
445i ndísg. Má's creach libh bás agus buan-
446eug ag sciubadh agus ag scaipeadh an tsean-
447dhreama do mhair san dúthaigh-se ó aimsir
448Ghaedhil ghlais anuas agus dá dtángamar go
449léir; má's creach libh é preabaidh in bhúr
450suidhe anois do chosnamh agus do chabhair ar
451Ghaedhlibh atá in achran chruaidh agus i
452mbearnainn bhaoghail, nó is gairid go mbeidh
453an tír-se gan a rian ná a dtuairisg uirre is
454beidh Éire gan greann gan sult golá an Luain.


455
456

Mo chreach is mo ghruaim cár imthigh na
457fir bhí beo brioghmhar seal i ndúthaigh Dhéise.
458Uí Fhaoláin na slingeán ngléigeal, Crathaigh
459bhí aibig le claoidheadh nó cleith, Brianaigh nár
460ghann fá bhiadh nó féile, Breathnaigh nár
461cheannaigh a n-anam ar mhéirliochas, Cathasaigh
462raibh maitheas is réim leo, Gearaltaigh groidhe
463ná claoidhfeadh ceudta, Paoraigh ná staonadh
464ón achran, is gach rábaire righ-ghlan, do
465phleuscadh do phlabadh Sasanach an ramhar-
466chuirp is do bhaineadh geit as Gallaibh. Go
467ndeuna Dia trócaire ar anmanaibh na marbh,
468bhí fir seal innso againn is truaigh gan oighre
469na bhfarradh. Bhí fir innso againn le linn
470cath Cluana Tarbh do chur. Léightear san
471leabhar darb ainm Cogadh Gaedheal re Galla
472gorab é ba thaoiseach cúigidh Mumhan uile an
473lá sin Mothla mac Dhomhnaill mhic Fhaoláin
474rí na nDéise. Agus lá ar na mhárach nuair
475do bhítear ag comhaireamh na gcorp agus ag


L. 230


476

cur na marbh is amhlaidh frith Mothla mac
477Dhomhnaill mhic Fhaoláin rí na nDéise, seac-
478mharbh sínte a chlaoidheabh na dhurn agus a
479aghaidh soir re namhda. Frith an lár rí na
480nDéise acht do briseadh an cath ar ghallaibh
481an lá sin agus do ruaigeadh thar lear go
482bráth iad.


483
484

Is amhlaidh doghnídís anallód na Gaill agus
485na Lochlannaigh nó na Danair, d'órdaighidís
486righte agus taoiseacha maora agus reach-
487taireadha in gach aon tír agus in gach aon
488tuaith agus do thógbhaidís an cíos rioghdha. Ba
489é so truimeacht cána agus cíosa na nGall
490ar Éirinn go coitcheann, rí uatha ar gach tír
491agus taoiseach ar gach tuaith agus ab ar
492gach cill agus maor ar gach mbaile agus
493suartlach gacha tighe. Agus ní raibh i
494gcumus ag duine d'fhearaibh Éireann cead
495crúidhte a bhó acht an bainne do choimead fá
496chomhair mhaoir nó reachtairi nó suartlaigh
497Gall. Agus cidh aon ghamhnaín amháin do
498bheadh ag gabháil leis an tigh ní leomhthá a crú
499do leanbh aon-oidhche nó do dhroch-ghalair acht
500an bainne do choimeád fá chomhair mhaoir nó
501reachtairi nó suartlaigh Gall.


502
503

Nuair d'imthigheadar sin táinig Gaill is
504geocaig anuas orrainn arís ba sheacht measa
505ioná iad. Tá truimeacht cána is cíosa na
506nGall ar Éirinn arís. Ta rí ar an tír
507taoiseach ar gach tuaith tá ab ar gach cill agus
508maor ar gach mbaile agus suartlach gacha
509tighe. Acht tá dream eile badh seacht míle
510measa ioná iad sin féin agus is iad sin
511na Gall-Ghaedhil. Sin iad an dream badh
512dual is bad dúthchas bheith Gaodhlach amhail
513sinne acht is Gaill iad. Sin iad dream an
514diumois agus lucht na lathaighe agus aos éirge
515anáirde chuireas a gcuid clainne anonn go
516sean-Shasna chum Gaill gan scaoileadh do
517dhéanamh dhíobh. Badh cóir sliocht Gaodhlach ar
518lorg Gaedheal mar atá a shliocht féin ar gach
519aon dream is ciniudh fán ghréin acht ní dhéanadh
520sin an gnó. Ní bhéaraid mná na Héireann
521feasda acht béiceacháiní agus bandúiní agus
522dosairí agus breasairí agus dailtíní gallda.
523Nach sona an sampla do shéan-sliocht na
524n-Déise é sin. Nach cruaidh an cás talamh
525torthach na hÉireann do bheith ag tabhairt
526práití do na leithéid.


527
528

Cár ghabhadar na séimh-fhir ba bhárr breaghdha
529brioghmhar agus ba thoradh teann téagarach na
530nDéise do ghoil ar Ghallaibh is Lochlannachaibh
531in aimsir Briain Bhóromha mic Cheinnéidigh dá
532ndíbirt go dubh agus dá ruaigin tar sáile
533go deoidh. An amhlaidh go bhfuil imtheacht gan
534casadh ar togha na bhfear agus ná fuil orainn
535anois acht na clabhráin agus na criotháin.
536Ná fuil faghairt orainne agus fuinneamh nár
537ngeugaibh, ná fuil reathacha agus ceáthramhna
538againn chomh maith leo sin. Ní gábha dhúinne
539airm nó faobhar ná culaidh chruaidh-eudaigh
540chatha do gabháil umainn, ní gábha dhúinn cogadh
541ná bruidhean do chur i bhfeidhm. Ní hiartar
542órainn acht aon ní amháin, sé sin an Ghaedhealg
543do labhairt le n-ár bpáisdí agus a chur
544d'fhiacaibh orra sin freagra do thabhairt
545orainn 'sa Ghaedhilg.


546
547

Ba dhóigh libh gor bhreaghdha binn blasda an
548ní é an Beurla. Creidigh-se uaim gorab
549binne, agus gorab breaghdha naoi n-uaire an
550Ghaedhealg.


551
552

Ba dhóigh libh go raibh eolus is leabhair is
553léigheann ag gabháil leis an mBeurla agus
554is amhlaidh atá sibh báidhte múchta in ainbhfios
555tar éis bhúr ndíchill.


556
557

Ba dhóigh libh go raibh maoin agus maitheas
558diol is ceannach earraidhe saidhbhreas an
559tsaoghail agus beatha gan roint is an mBeurla
560agus tugabhar dícheall ceud go leith bliadhna
561d'iarraidh Gaill do dhéanamh dhíbh féin, agus
562anois do bhárr bhúr saothair atá sibh i dtaobh
563le tráithníní mar diol is ceannach earraidhe
564agus bhúrmbuachaillí breaghda agus bhúrngearr-
565chailí gleóidhte ag triall tar sáile gach lá
566go deoidh uaibh. Agus nach orra sin atá
567imtheacht gan casadh. Is gairid go mbeidh
568Éire folamh gan inte acht fiadhailí is feochadáin
569fáis agus Giúdaig agus Albanaig agus
570Sasanaigh ag cur lúthgháir agus fáilte roimh
571a cheile cheann gor imthigh na Gaedhil agus go
572raibh bun le clanna Mílidh agus deireadh le
573tír na hÉireann.


574
575

Badh cóir sinn do bheith mar chách cineul
576agus ciniudh ar domhan. Is amhlaidh bíd siúd
577ar lorg a sean agus a sinsir. Agus másé
578is cuid dá saoghal leo sin gach ní dá dtáinig
579anuas chucha ón tsean-aimsir isé badh cóir
580go mbadh creach linne gach aon ní do bhaineadh
581le n-ár sinsear Gaedheal. Mar ní'l féith
582nár gcroidhe ní'l braon fola i gcuislinn linn
583ná smior i gcnáimh ná inchinn i gcloigceann
584linn nach ó Ghaedhlibh do fáisgeadh agus ó
585mhuintir labhartha na Gaedhilge ar an dá
586thaoibh dá dtángamar. Má's Gaodlach an
587corp atá orm is cóir dam anam beith Gaedhlach
588mar an gceudna agus innsan badh Ghaodhlac
589an duine go hiomlán idir corp agus anam me.


590
591

[Má bhí an chaint sin fé chló in aon áit
592cheana féin is mór is fiú í fhoillsiú arís.
593Fear “An Sguab.”]
594


L. 231


595

“AN PANNCÁNACH.”


596
597

Tá cúig bhliadna is fiche ann, is cuimhin
598liom go maith é, Tráthnóna Domhnaigh tar éis
599imtheartha báire peile dhúinn. Bhíomar 'nár
600suidhe ar mhaol-chlaidheachán, agus sinn cortha
601sáruíghthe tar éis an lae, nuair do chonnai-
602ceamair chughainn an fear ag marcuígheacht
603róthair.


604
605

Do bheannuigh sé dhúinn as Beurla agus
606sinn dó go séimh. Bhí iongnadh air, adubhairt
607sé, go mbeidhmís ag briseadh na Saoire.
608Thug sé comhairle ár leasa dhúinn agus
609dh'imthigh sé.


610
611

Do chuir sé fé ar an mbaile beag acht níor
612thaithn sé linn ar aon chor; níor taithn sé
613le muinntear an t-sráid bhaile i dtaobh go
614raibh sé taidhbhseach mórchúiseach ann féin,
615agus dubhradh go raibh sé droch-mheastamhail,
616agus gur bheag air na sean-nósa, agus na
617tréithe gur mian le croidhe an deagh-Ghaedhil.


618
619

Do dheineamar ár ndíchtheall chun muintear-
620dhais do dheunamh leis: “acht bhí gan
621treabhadh.” Dála gacha sráide eile bhí
622daoine fiosrach ann, agus beidh is dócha go
623bráth na bréithe. Bhí daoine ann freisin
624ná raibh mórán eile ag tabhairt cúraim dóibh
625acht ag tabhairt aire do ghnóthaibh daoinibh
626eile: ar an adhbhar san cúrsaí seanchais
627dóibh ba dh'eadh an duine bocht so, agus ní
628théigheadh lag ortha ó mhaidean go h-oidhche
629acht ag cainnt agus ag cárdáil agus ag
630cur rudaí trí na chéile “Cad as dó?”
631“Ciarbh díobh é?” “An bhfuil sé
632pósta?” ”Nó an bhfuil sé ar lorg mna?”
633acht ní raibh pioc eolais na thaobh. Rúindiamhar
634ceart ba dh'eadh é.


635
636

Do shiubhlóchadh sé le duine de na daoinibh
637seo ar feadh uair an chluig nó mar sin go
638deas cuideachtmhail. Do dheunadh sé tráchtas
639ar gach nídh acht an taon nídh amháin, é féin.
640Pé aca le aoirde a mheoin nó le doimhneacht
641aigeanta nó le gráin ar an am bhí imthighthe,
642bhíodar dall air. Bhí an méid seo soiléar
643go leor — sé sin go raibh sé sprionnluíghthe i
644dtaobh airgid. Ní dh'iarrfhadh sé ar an
645nduine bocht do bheadh ghá thionnlac agus ag
646deunamh cuideachta dhó, ní dh'iarrfadh sé dhe
647an raibh beul air, sa slighe gur iompuigh an
648ghráin-mhairbh againn air.


649
650

Tar éis móráin cuardaigh agus soláthair
651eolais dubhradh gur Paor do b'ainm dó,
652fear de na Paoraigh ó'n mBaile Liath agus
653gur amhlaidh gur b'éigin do teicheadh i dtaobh
654lámhaighte saighdiúra: ar an adhbhar san
655tugadh an Panncánach air:


656
657

Do chonnaic duine áirighthe é, oidhche bhreágh
658spéir-ghealaighe ag siubhal mór thimcheall
659páirce go ráibh dhá dhún inte, agus í clúdaighthe
660le cúnach. Dubhradh láithreach bonn gur
661b'amhlaidh do thaidhbhreaghadh dó trí oidhche in
662diaidh a chéile go raibh crúsga óir curtha inte
663agus gur amhlaidh tháinigh sé abhaile chun a
664bhainte.


665
666

Deirtí, freisin, go bhfeictí go minic in
667áit áirighthe é.


668
669

Bhí sean-fhotharach timcheall dhá mhíle ó'n
670t-sráid-bhaile agus ba ghnáth leis dul do
671shiubhal ann tráthnóintí. Do leagadh sé a
672dhá uillinn ar fhalla an t-sean-fotharaigh, gídh
673gur bhain sé le deallramh gur fada an lá
674ó bhí aoinne na gcomhnaidhe 'sa bhfotharach
675gceudna, mar ná raibh de rian tighe ann acht
676an sean-fhalla roimh-ráidhte agus gas neann-
677tóige i gcúinne ann mar a bhíodh an seimné,
678acht bíodh san mar atá is ann do bhíodh a
679thriall de ghnáth.


680
681

Ní bhfaighbhinn féin a rádh gur thaithn sé liom
682acht chomh beag leis na comharsanaibh, gídh go
683labhradh sé liom nuair do labharfainn leis,
684acht ba shin a raibh ann.


685
686

Thárla gur chuireas ceist air lá acht má
687chuireas bhí cathú orm 'na thaoibh.


688
689

“An bhfuilir chun fuireach 'nár measc
690anois?” arsa mise. Dh'feuch sé orm ó
691bhonn go bathas agus dubhairt:


692
693

“Ó Dar Fiadh!”


694
695

Tar éis an lae sin thugas suas ar fad é.


696
697

Do cheapas gur duine taidhbhseach díomasach
698díombhuidheach é gan grádh tíre ná teangan.
699Ach mo léan! níor bh'é an chéad bhotún don
700t-saghas san do rinneas, agus taisbeánan
701sé go soiléar fírinneacht an t-seain fhocail
702sin: “Ní d'réir an chlúdaigh bhíonn an
703leabhar.”


704
705

Tháinig Domhnach áirighthe agus thárla gairm-
706scoile bheith i náirde ar fhalla maca an
707tséipéil i nÁird Mhóir, go mbeadh muintear
708na Claise Móire ann an oidhche sin ag imirt
709drama. “An Dochtúir” an ainim bhí ar
710an ndrama.
711


L. 232


712

Ba mhór é cáil agus clú muintir na Claise
713Móire um a dtaca so toisc go raibh an
714fuireann peile do bfhearr a bhí i nÉirinn
715aca. Is ní gádh dom g radh go dtáinig
716daoine as gach aon áird ag feuchaint ortha.


717
718

Bhí an chéad bheirt díreach chun tosnuighthe
719nuair do éirig bean uasal 'na suidhe as an
720suidheachán mar a raibh sí. Bhí uaisleacht
721gallda ag baint le muintear na h-Airde
722Móire an uair sin, cé go bhfuilid Gaodhalach
723go maith anois. Bhí páipéar 'na láimh ag an
724mnaoi uasal agus do thosnuigh sí ghá léigheamh.


725
726

“Seo rún,” arsa sí, “ghá chur i n-úil do
727chách ná fuilmídne, muintear uaisle na
728h-Áirde Móire, sásta leis an obair seo;
729agus sé ár dtuairm ná fuil aon tairbhe
730le teacht as, acht amháin an méid seo go
731ndeunfaidh sé cur siar mór ar na daoinibh
732óga, na leanbaidhe scoile go h-áirighthe, tar
733éis an méid dá nduadh atá fachta ag na
734h-oidibh d' iarradh iad a tabhairt suas mar
735is cóir.”


736
737

Bhí an Panncánach ann. Bhí sé thíos ag
738an ndoras, a dhrom leis an bhfhalla aige.
739Dh'airigh sé an chaint, dar ndóig. Do bhain
740sé dhe a h-ata agus labhair: “An bhfuil
741cead agam-sa labhairt?” adubhairt sé.
742Dubhramar leis go raibh:


743
744

Chuaidh sé in áirde ar an ardán agus seo
745mar adubhairt sé: “Tar éis gacha foghluim
746is gacha oideas dá bhfuair an dailtín Mac an
747Daoi briseann an dúthchas trí 'na shúilibh.
748Tar éis a chúrsa cuir i gcríoch, níl acht an
749t-aon rud amháin ag cur iongnadh orm,”
750arsa'n Panncánach, “sé sin an fhoighneamh atá
751ag na daoine libh-se. Is fuiris d'aithint go
752bhfuil baint agaibh le treibh Sheáin Bhuidhe agus
753gur leasc libh teanga na nGaodhal bheith beó
754ar aon chor, acht deirim libh-se go bhfuil
755deireadh le réimh na nGall in Éirinn agus
756le lucht leanamhna na nGall agus chífidh daoine
757dá bhfuil annso anocht go n-imtheochaidh sibh
758mar chumhar na h-abhann.”


759
760

Do dh'éirig an bhean uasal agus a cuideachta
761agus chuireadar díobh amach an doras, agus
762bhí bualadh bas agus húraigh na ndiaidh.


763
764

Do fhain an Panncánach nár bhfochair ar feadh
765bliadhna agus ní raibh lá dhe'n mbliadhain sin
766nach amhlaid bhí ár meas ag méadughadh dhó.
767“Togha an fhir” do b'eadh é: fuaireamair
768amach fios fátha a sgéil, agus níorbh náir dó
769é acht a mhalart.


770
771

SEÁN Ó DÚNAIDHE.


772
773

BEATHA TEANGAIN A
774LABHAIRT.


775
776

Deireann na daoine so leanas go bhfuilid toiltheannach
777a's lán-tsásta a gcuid gnótha do dheunamh i nGaedhilg
778le haon duine a thiocfadh chucha nó a sgríobhfadh chucha.


779
780

Máire Ní Raghallaigh, Leabhair Ghaedhilge, 87 Sráid na
781Driseóige, Baile Átha Cliath.


782
783

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor, 89 Sráid an
784Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.


785
786

Cló-Chomhlucht an Tálbóidigh, Teor, 85 Sráid an
787Tálbóidigh, Baile Átha Cliath.


788
789

Tomás Mac Mathghamhna, Ceannaidhe, An Sgairbh, Co.
790an Chláir.


791
792

Domhnall Ó Conchobhair, Cúntaisidhe, 13 Sráid an Fheis-
793tighe, Baile Átha Cliath.


794
795

Ághaistín Ó hAodha, Táilliúr, 16 Sráid an Húmaigh,
796Baile Átha Cliath.


797
798

J. L. Stewart, Siopa Choracha Oifige, 4 Faithche an
799Choláiste, Baile Átha Cliath.


800
801

Muintir an Ráithín, Gáirdíní Oileamhna Crainn, Tuaim-
802gréine, Co. an Chláir.


803
804

Siopa na Leabhar nGaedhealach, 45 Sráid Dáson, Baile
805Átha Cliath.


806
807

H. Ridgeway (aon duine amháin), Bearrbóir, 22 Sráid
808an Fheistighe, Baile Átha Cliath.


809
810

Bannc na Talmhan, Faithche an Choláiste, Baile Átha
811Cliath.


812
813

Muintir Pléimeann, Gualadóirí, 9 Sráid Fheardorcha,
814Thuaidh, Baile Átha Cliath.


815
816

An Siopa Gaolach (Fountain Book Shop), An Parád
817Mór, i gCorcaigh.


818
819

Muintir Jules (aon duine amháin: Tomás Ó Catháin),
820coiffeurs de dames, 26 Faithche, Stiobhna, Thuaidh,
821Áth Cliath.


822
823

Pádraig Ó Bodhléir, Táilliúr, 2 Cé Urmhumhan, Loch.
824Ó Raogáin agus a Chomh., Teo., Grósaeracht, 54 Sráid
825Dáson, Áth Cliath.


826
827

Irish Manufacture Depot, 18 King Street, Béil
828Féirsde.


829
830

S. Ó Gruagáin, Fuinteóracht, &c, agus leabhair Gaedhilge,
83123 an t-Sráid Mhór, Biorra.


832
833

Liam Ó Cionnaith, Cúntasaidhe, 9 Sr. Uí Chonaill Ioch.,
834Baile Átha Cliath.


835
836

Ba maith linn a thuille ainmeacha d'fhagháilt le haghaidh
837an liosta so.


838
839

Ná Dearmhadaidh Lucht na bhFógraí sa
840“Sguab”
841


L. 233


842

LUCHT EALADHNA AGUS AN TÍR-GHRÁDH.


843
844

Is mó rud atá le foghluim ag lucht ealadhna
845in Éirinn, agus is mó rud freisin atá le
846dearmad aca. An chéad-cheann de na rudaí
847seo atá le dearmad, dar liom, sé sin an
848rud uaimhnach úd, galar taithneamhach urchóideach
849úd na haimsire seo atá i láthair, an phláigh
850úd na dtíortha uile go léir, mórmhór na
851tíre seo againn-ne: an dualgas do'n tír
852dúchais.


853
854

Anois, ní abruighim ná gur fíor-aoibhinn an
855rud é an dualgas céadna ar a bhealach féin,
856agus admhuighim go bhfuil sé chó riachtanach
857do'n státaire nó do'n tsaighdiúir is tá a
858ghuth do'n amhránaidhe; acht ní saighdiúir ná
859státaire é an t-ealadhantóir, agus ní ceart
860go mbéadh dualgas aige do rud ar bith acht
861amháin do'n ealadhain féin. Sagart áilneachta
862tá san ealadhantóir, agus caithfidh sé gan
863ómós ná grádh thabhairt do chúis ar bith eile.
864An té nach fearr leis an ealadhan thar chuile
865rud eile ar an domhan seo, ní fíor-ealadhantóir
866é. Caithfidh fear na healadhna bheith chó
867geanmnaí ar a shlí féin leis an sagart, agus
868chó dúrachtach sglóndrach leis, agus gan
869leigint do phleisiúirí na polaitíochta, cuir
870i gcás, cur isteach ar a bheatha féin, ná
871draoidheacht chur air, ná a shaothar a lot.


872
873

Tír í Éire atá lán de phleisiúirí na
874polaitíochta, agus de phleisiúirí eile freisin
875nach bhfuil baint ar bith aca le saol an
876ealadhantóra ná le saothrú a chéirde, agus
877mar gheall ar sin is dainséarach, agus an-
878dhainséarach, an tír í maidir le fear
879ealadhna. An iomarca draoidheachta chuir-
880feadh ar bhealach a aimhleasa é atá ag baint
881léi — an iomarca ar fad. Is geall le caraid
882taithneamhach gan náire eicínt í, agus í ag
883síor-iarra ort rud éigin dhéanamh ar a son.
884Is binn é an glór atá aici freisin — mórmhór
885leis an ealadhantóir. Tá rud eicínt ag
886baint léi nach féidir leis an gcroidhe is
887cruaidhe seasamh 'na choinne. Tá sí chó lán
888de thaithneamh is de dhraoidheacht d'aigne an
889ealadhantóra agus tá taisbeántas taistil
890nó siopa milseán d'aigne an pháiste. …
891Rud eile dhe, teastuigheann an iomarca
892uaithi. Is geall le n-a clainn féin í maidir
893le sin. Iarann sí an iomarca ar an saol.
894Déanamuid-ne, a clann, an rud céadna.
895Iarramuid an iomarca ar an saol agus ar
896a chéile. Níl meas madra againn, cuir i
897gcás, ar an bhfear nach dtig leis dánta
898sgríobha, bunreachta chuma, páipéirí nuaíochta
899chur in eagar, Sasanaigh lámhach, iomáint,
900pioctúirí dhathú, pleasgáin chaitheamh, óráid-
901eacha bhainfeadh deóir as na clochaibh glasa
902thabhairt, airm stiúra, abhráin ghabháil, agus
903éalú ó phroisún. Is cuma linn sa diabhal
904é bheith in ann aon cheann amháin de na rudaí
905sin dhéanamh go maith, ar an gcoinghíoll go
906bhfuigh' sé bás ar ár son luath nó mall, maidin
907ghlas ghaothmhar eicínt, thar é is mó í an spéis
908atá againn sa bhflúirse agus san iomadúlacht
909ná sa gcáilíocht, maidir le cúrsaí an tsaoil
910pé sgéal é, agus maidir le cúrsaí ealadhna,
911is beag ar fad an spéis atá againn ionnta-
912siúd ar chor ar bith, agus d'fhéadfaí cine
913fíor-leathan-radharcach thabhairt orainn mar
914gheall ar sin.


915
916

Tá smaointe na hÉireann dírithe ar rudaí
917nach bhfuil aon bhaint aca leis an ealadhain,
918ar rudaí a bhfuil draoidheacht agus taithneamh
919iongantach ag baint leo, mar duairt mé
920cheana. Mar sin caithfidh fear na healadhna
921in Éirinn aire thabhairt dó féin. Má's
922mian leis cabhrú le n-a bhfuil d'áilneacht ag
923baint le Éirinn i ndá ríribh caithfidh sé
924dearmad dhéanamh ar Éirinn sul má ghní sé
925rud ar bith eile. I ndá ríribh atáim. Níor
926chum an “dualgas do'n tír dúchais” aon
927ealadhan mhór ariamh. Níor tháinig aon obair
928mhór litríochta nó dathadóireachta nó ceóil
929as a leithéid de mhothú ariamh. Sgríobhann
930an t-ealadhantóir dán nó ceapann sé pioctúir
931toisg gur mian leis a dhéanamh, toisg go
932dtoghann sé a dhéanamh, ní toisg gur dóigh
933leis go ndéanfaidh a shaothar maitheas d'á
934tír. An fear adéarfadh: “Suidhfidh mé
935fúm anois go sgríobhaidh mé úirsgéal thar é
936sin é tá ag teastáil ó mo thír dhílis ionmhuin”
937— níl amhras ar bith ann ná go mba dheas
938macánta grádhmhar an fear é, acht is an-
939chosúil go mb'fhíor-uathbhásach an t-úir-sgéal
940bhéadh sgríobhtha aige; agus maidir leis na
941dánta is na hamhráin a cumadh mar mhaithe
942le Éirinn bhuicht — seadh, chualamar uile go
943léir iad is dócha d'á ngabháil ar na sráid-
944eanna nó chonnaiceamar iad 'na gcrocha i


L. 234


945

bhfuinneoga na siopaí faoi'n tuaith, agus an
946domhan iomlán 'á léigheamh. Is leór é sin.


947
948

Na dánta móra do cumadh in Éirinn, na
949dánta mhairfeas, na dánta do chorruigh
950sinn uile go léir, sgríobhadh iad as ucht
951grádha do'n ealadhain, as ucht grádha do'n
952chur-i-gcéill. Na daoine do chum iad, ní
953raibh uatha acht a raibh d'áilneacht ionnta féin
954chur in iúl trí fhoclaibh ceólmhara is trí
955abairteacha binne, agus thoghadar a n-ábhar
956sgríobhtha — Éire, nó bean, nó clocha na gcnoc
957— ar ábhar sgríobhtha, agus gan ann acht
958sin. Níor shamhluigheadar gur sórt Dé bhí
959san ábhar sgríobhtha úd bhí toghtha aca, fiú
960amháin má b'Éire bhí ann; níor shamhluigheadar
961gurab é an t-ábhar an rud ba thábhachtaighe,
962mar ghnífeadh an fear a bhfuil dualgus aige
963d'á thír, acht b'eól dó gurab í an ealadhan
964an rud ba thábhachtaighe, agus gurab uirri-se
965chaithfidís freastal. Ní dhuairt siad:
966“Sgríobhfaidh mé seo nó siúd mar déanfaidh
967sé maitheas d'Éirinn.” Séard duairt siad:
968“Sgríobhfaidh mé a dteastuigheann uainn a
969sgríobha, thar é is ealadhantóir mé, agus
970tá rud éigin le rá agam.”


971
972

Níl sa saol seo do'n ealadhantóir acht
973ábhar d'á ealadhain. Ábhar iongantach áluinn
974do'n ealadhain seadh Éire, agus ba chóir
975go n-aithneóchadh an t-ealadhantóir Éireannach
976an méid sin. Acht nuair bhéas sé sin tuigthe
977i gceart aige, caithfidh sé gan dearmad
978dhéanamh nach bhfuil innti dhó-sean acht ábhar
979ealadhna, agus gan sórt bain-dhia chantalach
980ghruama dhéanamh dhí a bhfuil dualgas dícéillí
981éigin aige dhi. Má's mar sin smaoinigheann
982sé uirri ní dhéanfaidh sé tada gur fiú le
983rá go deó. Béidh sé féin agus a chuid
984saothair crapuithe cuibhrithe ag a thír dúchais
985in ionad bheith ag baint cabhruithe is inspioráid'
986aisti.


987
988

Ní headh, caithfimid an bhaothchainnt seo i
989dtaoibh dualgais d'Éirinn chaitheamh uainn.
990Níl aon cheó ann, fiú amháin an Púiritánachas,
991atá chó díobhálach nó chó sgríosach do shaothrú
992ealadhanta agus tá an tuairim úd go bhfuil
993dualgas ar lucht ealadhna do rud ar bith acht
994amháin do'n ealadhain féin. Tá a thír-ghrádh
995féin ag an ealadhantóir, agus níl aon bhaint
996aige sin leis an gcineál tír-ghrádha atá ag
997an státaire nó ag an saighdiúir, ag an
998mbanncaire nó ag an bhfear-gnótha. Is
999ceart go dtiubhradh sé grádh d'á bhfuil
1000d'áilneacht 'na thír féin fá mar thugann sé
1001grádh d'á bhfuil d'áilneacht chuile áit, acht
1002ní ceart go ndéarfadh sé: “Dathóchaidh mé
1003é seo nó sgríobhfaidh mé é siúd ar a son,”
1004óir annsin bhéadh sé ag freastal ar a
1005náisiúntacht féin trí mheadhonach a ealadhna,
1006rud go mba cheart do cur i bhfad níos aoirde
1007ná náisiúntacht ar bith, fiú a náisiúntacht
1008féin.


1009
1010

Níor dearnadh stuidéar in Éirinn ariamh
1011ar an treó go bhféachann an ealadhan agus a
1012lucht leanúna ar chúrsaí an tsaoil. Níor
1013dhearna lucht ealadhna féin stuidéar ceart
1014air. Leigeadar do na pleisiúirí úd atá
1015luaidhte agam cheana breith orra agus iad
1016sguaba leó — na pleisiúirí taithneamhacha
1017nimhneacha úd an tsaoil náisiúnta seo againn-
1018ne, agus ní rabhadar láidir a ndóthain ariamh
1019le seasamh i gcoinne na bpleisiúirí sin, ná
1020le n-a bhfíor-chuspóirí féin agus fíor-
1021chuspóirí a n-ealadhna do leanúint go dlúth.
1022Is mithid dóibh uile, idir lucht sgríobhtha,
1023dathadóireachta, is ceóil, é sin dhéanamh, agus
1024misneach a ghlaca, agus a rá, mar duairt
1025Gautier sa réamh-rá do “Emaux et Cainées”:


1026
1027

“Pendant les guerres de l'empire,
1028Gœthe, au bruit du canon brutal,
1029Fit le Divan occidental,
1030Fraîche oasis où l'art respire.


1031
1032

“Comme Gœthe sur son divan
1033Á Weimar s'isolait des choses
1034Et d'Hafiz effeuillait les roses,


1035
1036

“Sans prendre garde à l'ouragan
1037Qui fouettait mes vitres fermées,
1038Moi, j'ai fait Émaux et Camées.”


1039
1040

MÍCHEÁL MAC LIAMMHÓIR.


1041
1042

[Tuairm Mhichíl féin athá san alt so. F.E.]


1043
1044

ÁRACHAS


1045
1046

Polasaithe ar ghach
1047Conntabhairt le
1048fagháil.


1049
1050

CÁIN-IONCUIM


1051
1052

Cóirighthear Eilimh
1053Aisiocha, Reidhtighthe,
1054&rl.


1055
1056

AG


1057
1058

MAC DONNCHADHA & Ó BEÓLÁIN, TEÓ.
105951 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH.


1060
1061

Guthán: 1106. Sreangán: Arrange, Dublin.
1062


L. 235


1063

SEÁN NA gCLEAS.


1064
1065

SGEUL DON AOS ÓG.


1066
1067

D'innis mé cheana chonus a fuair Seán an
1068Bitheamhnach Machánta na chosa leis ósna
1069bitheamhnaigh agus chonus a tháinigh sé abhaile.


1070
1071

“A athair,” arsa Seán maidin lár na
1072márach, “téir go dtí an tighearna talmhan
1073agus abair leis go bhfuil sé uaim a inghean
1074do phósadh.”


1075
1076

“Ambasa, 'sé an rud a deunfaidh sé ach
1077na madraí do sgaoileadh chugham, is eagal
1078liom. Má fhiafruigheann sé díom chonus a
1079dhein tú do chuid airgid chad a dhearfaidh
1080mé?”


1081
1082

“Abair leis gur mise an maighistir-
1083bhitheamhnach agus ná fuil mo shárú le fághailt
1084in Éirinn, gur fiú míle púnt mé agus gur
1085osna chladhairí ba mhó gan chrochadh a bhaineas
1086gach aon phingin ruadh dhe. Bí ag labhairt
1087leis gus an chailín ann.”


1088
1089

“Is greannmhar an teachtaireacht atá le
1090deunamh agam duit,” arsan t-athair, “is
1091eagal liom gur olc an deire a bheidh air.”


1092
1093

Tréis dhá uair a chluig do chas an sean-fhear.


1094
1095

“Bhel,” arsa Seán, “'dé an sgeul?”


1096
1097

“Sgeul greannmhar go leór,” arsan sean-
1098fhear. “Ní raibh aon deallramh mí-shástachta
1099ar an gchailín. Ní h-é seo an cheud uair a
1100labhairis leithi, is dócha. Ag gáire a bhí an
1101tighearna agus dubhairt sé gurb éigin duit an
1102ghé do ghoid den bhior dé Domhnaigh seo chughainn
1103agus go gchuimhneoch' sé ar an sgeul.”


1104
1105

“Is fuiris é sin do dheunamh, per 'sa
1106domhain é,” arsa Seán.


1107
1108

Tréis dosna daoine a bheith tar nais ón
1109Aifrionn luath an Domhnach na dhiaidh san bhí
1110an tighearna agus na daoine go léir sa chistin
1111agus an ghé dá chasadh ar an mbior roimh an
1112teine. D'osgaileadh an dorus agus do
1113shádh sean-bhachach suarach dona an cheann
1114isteach. Bhí mála mór ar an drom aige.


1115
1116

“An mbeadh ao' rud ag an maigheastreás
1117domhsa, nuair a bheidh an dinnéir chaithte?”
1118arsa sé.


1119
1120

“Beidh, gan amhras. Ach níl aon slighe
1121duit anois annso — fan sa phóirse go cheann
1122tamaill.”


1123
1124

Sara bhfad do leig duine éigin a bhí 'na
1125shuidhe ag an bhfuinneóg liúgh as: “feuch, a
1126mhaighistir, tá giarrfiadh mór ag rioth ar nós
1127an diabhail thimpeall an bháin. An riothfamuíd
1128amach chun bhreith air?”


1129
1130

“Chun beirthe air! ní bhfuighfidhe. Suidh
1131mar a bhfuil tú.”


1132
1133

Do fuair an giarrfiadh san na chosa leis
1134isteach sa ngairdín, ach do sgaoil Seán
1135ceann eile as an mála — Seán a bhí ann i
1136gchrot bachaigh, dar ndóigh.


1137
1138

“O, a mhaigistir, feuch air arís ag bualadh
1139thimpeall fós. Ní féidir leis imtheacht.
1140Bíodh Seilg againn. Tá dorus an halla fé
1141ghlas agus ní bhfuigheadh Seán dul isteach a
1142chuigint.”


1143
1144

“Fan socair, adeirim leat,” arsan
1145maighistir.


1146
1147

Cúpla nóimeant 'na dhiaidh san do glaodh
1148an fear cheudna amach arís a rádh go raibh
1149an giarrfiadh ann fós, ach b'shin é an triomhadh
1150cheann a bhí Seán tréis sgaoileadh tá 's
1151agat. Bhel, dar mo láimh, ní fheudfuidhe iad
1152do choimeád istigh níos sia. Siúd amach
1153le gach aon ceann achu agus an maighistir
1154'na ndiaidh.


1155
1156

“An mbeadh-sa ag chasadh an bhir, a dhuine
1157uasail, an fhaid a's a bheidh siad ag breith
1158ar an giarrfiadh?” arsan bachach.


1159
1160

“Deun agus ar do bhás ná leig isteach
1161aoinne.”


1162
1163

“Ambasa, ní dheunfad, bí súiráltha dhe!”
1164D'imthig an triomhadh giarrfiadh mar a dh'imthig
1165na cheannaibh eile, agus nuair a chasadar ón
1166t-seilg ní raibh bachach ná gé sa chistin.


1167
1168

“Greadadh chughat, a Sheáin,” arsan
1169tighearna, “do bhuailis bob orm an uair
1170seo.”


1171
1172

Ní fada 'na dhiaidh san gur tháinig sgeul
1173ó athair Sheáin dá n-iarraidh anonn ar
1174dinnéir.


1175
1176

Dóbair gur phleusg an tighearna a bheist-
1177chuirp le neart gáire agus é ag ithe a ghé
1178féin, agus geallaim-se duit gurb ag dul
1179i meud a bhí chion an chailín ar Sheán nuair a
1180chonnaich sí na deigh-eudaigh a bhí air agus na
1181deigh-bheusa a bhí ag baint leis.


1182
1183

“Ní féidir leat a bheith siúráltha dem'
1184inghean, a Sheáin,” arsan tighearna agus iad
1185ag ól punchh sa pharlús tréis dinnéir,
1186“maran goidfidh tú na sé chapaill liom óna
1187seisear fearaibh a bheidh ag faire ortha sa
1188stábla istoidhche amárach.”


1189
1190

“Do dheunfainn níos mó ná san, arsa
1191Seán, “ar feuchaint thaithnimeach ón
1192mbean uasal óg,” agus tháinig luisne i
1193leacain an chailín óig.
1194


L. 236


1195

Tráthnóna an Luain bhí na sé capaill sa
1196stábla agus fear in áirde ar gach aon chapall
1197acu. Bhí gloine maith uisge bheatha fé bheist-
1198chuirp gach aon fhir acu agus an dorus ar
1199osgailt do Sheán. Bhíodar meidhreach go
1200leór ar feadh tamaill; bhíodar ag magadh
1201a's ag amhrán agus bhí truagh acu do Sheán
1202bhocht. Ach d'eulaigh an oidhche in áit a chéile
1203agus do chromadar ar a bheith ag crioth agus
1204ag tnúthán leis an maidin. Fé dheire tháinig
1205sean-chailleach dona go dtí an dorus. A
1206leithéid d'aindeiseoir ní fhaca tú riam,
1207málaí timpeall uirthe in áit eudach agus
1208feusóg leath-órdlach ar fhaid ar an smeig
1209aici.


1210
1211

“Mhuise, a Chríostaidhthe bhádh-mharacha,”
1212arsa sí, “an féidir liom dul isteach agus
1213mo sgíth do leigaint ar sop tuighe sa chúinne.
1214Raghaidh an sioc isteach go dtí an cnámh
1215ionnam maran dtugeann sibh fuithint dom.”


1216
1217

Bhel, cheapadar narbh aon diobháil é. Do
1218chluthmharuigh sí í féin chomh maith a's a dh'fheud
1219sí agus ba ghairid gur thugadar fé ndear í
1220ag ól suip as buideul mór dubh a bhí aici.
1221Bhí sí ag casachtaigh agus ag cimilt a béil
1222agus do shamhluigh sé dosna fearaibh go raibh
1223sí compórdamhail go leór; bhíodar in eud
1224leithi, dar ndóigh.


1225
1226

“A gharsúin,” arsa sí tréis tamaill,
1227“do thairgeochthainn braon dé daoibh ach
1228amháin go mbéidir gur dhóigh libh go mbéinn
1229ró-dhána.”


1230
1231

“Dhera, sa riabhach le mórchúis gránda,”
1232arsa ceann acu, “glacfad-sa leis agus
1233bead buidheach díot.”


1234
1235

Annsan do thug sí an buideul dóibh.
1236D'fhágadar timpeall leath-ghloine ann don
1237t-sean-chailleach agus dubhradar nár bhlasadar
1238riamh braon ní ba fhearr ná é.


1239
1240

“Ar 'm fhocal, a bhuacaillí,” arsa sí,
1241“is ormsa atá an t-áthas go bhfeudaim
1242teasbáint daoibh gur mór is fiú liom bhúr
1243gcneastacht. Nílim gan buideul eile agus
1244geobhaidh sibh é chur mór-thimpeall an fhaid a's
1245a bhead-sa ag críochnú a bhfuil fágtha ag an
1246bhfear macánta sa ceann so.”


1247
1248

Bel, chun bhreith gairid ar an sgeul, bhí
1249deoch suain measgtha sa bhfuisge. Ní
1250túisge bhí an fear deireannach tréis tuitim
1251na chnap ar an diallait nár thóg Seán (cé
1252eile a bhí ann) iad go léir anuas, do tharraing
1253sé stoca thar crúidhte na gcapall agus do
1254thiomáin sé amach iad go ciúin socair go dtí
1255macha a athar. 'Sé an cheud rud a chonnaic
1256an tighearna maidin lár na márach ach Seán
1257ag marcaidheacht aníos an bóthar agus cúig
1258capaill eile 'na dhiaidh.


1259
1260

“T'anam ón diabhal, a Sheáin,” arsa sé,
1261“agus sgeimhle ar na pleidhcí a leig duit
1262a bheith ionnta.”


1263
1264

Chuaidh sé amach go dtí an stábla agus
1265nach iad sin a bhí leamh díobh féin chomh luath
1266a's a dhúisighdear i gceart.


1267
1268

“Ina dhiaidh san a 's uile,” arsan
1269tighearna le Seán, “ní mór an gaisge bob
1270do bhualadh ar a leithéidí amadán, beadsa
1271féin ag marcaidheacht ar an gcoimíneas óna
1272buille go dtí a trí a chlog indiu agus má
1273éirigheann leat an beithidheach do bhaint uaim
1274dearfaidh me gur fiú liom ort é a bheith
1275mar cliamhan agam.”


1276
1277

“Dheunfainn níos mó ná san ar son na
1278honórach, mara mbeadh aon grádh sa sgeul in
1279ao' chor,” arsa Seán agus chuaidh an cailín i
1280bhfolach taobh thiar dena ciarsúir.


1281
1282

Bhel, do lean an tigearna ag bualad
1283thimpeall anonn a's anall go dtí go raibh
1284se cortha agus drae Seán a bhí le feiscint
1285Do bhí sé ag cuimhneamh ar casadh abhaile sa
1286deire nuair cad a chifeadh sé ach ceann desna
1287fearaibh ag rioth ar a lán-dhícheall ón tigh mar
1288a bheadh buille air.


1289
1290

“O, a mhaighistir, a mhaighistir,” arsa sé,
1291ós árd a chinn a's a ghutha, “imthig abhaile
1292go mearr más áil leat an mhaighistreáa
1293d'fheiscint beo. Táim ag rioth fé dhéin an
1294doctúra. Do thuit sí anuas an staighre
1295agus tá sí tréis an cromán nó an muineul
1296nó an dá geug nó ní fheadar cad an rud é
1297do bhriseadh. Rioth chomh mearr a's atá sa
1298chapall.”


1299
1300

“Ach narbh fearr dhuit-se an capall a
1301bheith agat,” arsan tighearna. “Tá sé míle
1302go leith go dtí tig an doctúra.”


1303
1304

“Pé rud is maith leat, a mhaigistir. A
1305mhuire is truagh, a rádh go bhfeiceochthainn
1306an lá indiu.”


1307
1308

“Eist do beul, agus mithig ar nós an
1309diabhail.”


1310
1311

Do rioth sé abhaile chomh tapaidh a's a bhí
1312na chosa agus bhí iongantas air ná raibh aon
1313gleo ná fústar ar siubhal mór-thimpeall.
1314Isteach leis sa halla agus go dtí an parlús.
1315Bhí a bhean a's a inghean ag fuagháil ar a
1316suaimhneas agus do leigeadar sgreuch asta
1317le neart eagla nuair a chonnaiceadar an
1318fuadar a bhí fé agus an feuchaint a bhí ar
1319a aghaidh.
1320


L. 237


1321

Maran raibh an tighearna as a mheabhar
1322nuair a fuair sé amach conus a bhí an sgeul
1323bhí sé gairid do, bhí an oiread san áithis
1324air mar gheall ar a bhean a bheith slán an
1325oiread san feirge air mar gheall ar Sheán
1326agus an oiread san searbhais i dtaobh an
1327t-slighe do righneadh feall air. Níor tháinig
1328an seirbhíseach thar nais go ceann seachtaine,
1329ach narbh chuma leis sin agus deich nginí óir
1330'na phóca aige a thug Seán dó.


1331
1332

Níor chuaidh Seán 'na ghiorr' ná 'na ghaor
1333an lá san agus nuair a dhein b 'ait an fáilte
1334a bhí roimhe.


1335
1336

“Droch-obair ba dh'eadh í,” arsan tighearna.
1337“Ní mhaithfidh mé duit go deo an sgannradh
1338do chuiris orm, ach san am ceudna táim chomh
1339sona ó shoin i leith gur dóigh liom ná triall-
1340faidh mé tú ach aon uair amháin eile. Má's
1341féidir leat an bairlín do bhaint den leaba
1342fúinn anocht beidh an pósadh ann amárach.”


1343
1344

“Deunfadh iarracht,” arsa Seán, “ach
1345má choimeádann tú mo bhrídeach uaim a thoille
1346sgiobfaidh mé liom í, is cuma dá mbeadh
1347oillphiastí nimhneacha ag faire uirthi.”


1348
1349

Nuair a bhí an tighearna agus a bhean sa
1350leaba agus an ghealach ag taithneamh isteach
1351an fhuinneóg, chonnaic sé ceann ag tabhairt
1352cat-súil thar slat na fuinneoige agus ag
1353imtheacht arís.


1354
1355

“Sin Seán,” arsan tighearna, “cuirfead-
1356sa iongantas air an uair seo,” agus leis
1357sin do ghlinn sé guna mór i dtreo an pána
1358iochtarach.


1359
1360

“In ainm Dé, ná lámhaigh an buachaill
1361calma” arsan bhean.


1362
1363

“Níl aon bhaoghal air,” arsa sé, “níl
1364ann ach púdar.”


1365
1366

D'árduigheadh an ceann arís, do phleusg an
1367guna agus do thuit an corp de phleist mór
1368ar an gairbhéil thíos.


1369
1370

“Go bhfóiridh Dia orrainn,” arsan bhean,
1371“tá Seán bocht marbh nó mairtrighthe go
1372deire a shaoghail'.”


1373
1374

“Tá súil agam ná fuil,” arsan tighearna,
1375agus siúd leis síos an staighre. Níor
1376bhac sé leis an dorus do dhúnadh ach d'osgail
1377sé an geata agus amach leis go dtí an gairdín.
1378D'airigh a bhean a ghuth ag dorus an t-seomra
1379— fé raibh d'uain aige dul amach agus teacht
1380isteach arís mar a cheap sí.


1381
1382

“A bhean, a bhean,” arsa sé ón dorus,
1383“tabhair dhom an bairlín. Níl sé marbh ach
1384tá sé ag tabhairt fola mar a dheunfadh muc.
1385Caithfidh mé í chimilt dhe chomh maith a's is
1386féidir liom agus duine éigin d'fhághailt chun
1387go n'iomparóimíst isteach é.”


1388
1389

Do sgiob sí an bairlín den leaba agus
1390do chaith sí chuige é. Síos leis 'na splannc
1391agus ní túisge bhí sé imthighthe ná bhí sé istigh
1392arís agus é i gcabhail a léine mar a chuaidh
1393sé amach.


1394
1395

“Crochadh gan sgaoileadh ort, a Sheáin, a
1396ropaire,” arsa sé.


1397
1398

“Ropaire!” arsa bhean. “Ná fuil
1399an buachaill bocht brúidhte geárrtha gor-
1400tuighthe”


1401
1402

“Ba chuma liom dá mbeadh,” arsan
1403tighearna. “Cad a bhí ag suathadh síos
1404suas ag an bhfuinneóg, an dóigh leat, agus
1405cad a thuit chomh trom san ar an gcasán?
1406Eudaigh fir lán de tuighe agus cúpla cloch,
1407má 'sé do thoil é.”


1408
1409

“Agus cad a bhí uait den bhairlín ó
1410cianaibh, mar sin, maran raibh ann ach fear
1411tuighe?”


1412
1413

“Bairlín, a bhéan, bairlín! Ní raibh an
1414bairlín uaim.”


1415
1416

“Bhel, is cuma pé acu a bhí sé uait nó
1417ná raibh, do chaitheas chughat é agus tú id'
1418sheasamh leath-is-muigh den dorus.”


1419
1420

“O, a Sheáin, a Sheáin,” arsan tighearna,
1421“is tusa an tinncéir uathbhásach. Níl aon
1422mhaitheas a bheith ag comhrac leat. Caithfimíd
1423deunamh in eughmais an bhairlín ar feadh aon
1424oidhche amháin is dócha. Beidh an pósadh ann
1425amárach chun go seachnóimís a thuille
1426trioblóide.”


1427
1428

Bhí. Agus d'iompuigh Seán amach 'na fhear
1429phósta mhaith agus ní raibh aon teora leis
1430an moladh a thugadh an tighearna agus a bhean
1431dona gcliamhan .i. Seán na gCleas.


1432
1433

CILL NUADH.


1434
1435

DEUNANN


1436
1437

SCOTT & A CHOMH., TEÓ


1438
1439

Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair.
1440&rl.


1441
1442

I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE.


1443
1444

Oifig: Sráid Mhic Curtain ig Corcagh.
1445


L. 238


1446

EACHTRAÍ AN CHAISLEÁIN.


1447
1448

Do thúirling mé dem' rothar i lár an
1449droichid. Bhí an abha bheag ag crónán go
1450ceólmhar agus í mar shnáth airgid ag drithliú
1451fé lonnradh na gréine, leoithne suairc
1452ionnfhuar anuas an comar, paiste d'arbhar
1453órdha thall is i bhfus, agus shuas i gcéin corcra
1454an fhraoigh ghá mheascadh féin i ngorm na
1455spéire. Ach níor bh'é an radharc greanta sin
1456fé ndear mo stad i lár an droichid ach sean-
1457fhotharach suidhthe in áirde ar chnocán ghlas
1458cúpla péirse uaim. Colamhan lom árd,
1459ball de fhalla anso is ansúd, agus neanntóga
1460téagartha borba droch-mhiotalacha mar ghárda
1461mór-thímpeall ortha — sin a raibh ann. Ar
1462an gcéad amharc cheapas gur máchail ar an
1463radharc é, ach duine mé a chuirean spéis i
1464sheana-fhorgnaíbh bíodh siad áluinn nó a mhalairt.


1465
1466

Dá gcasadh seanchuí orm a 'neósfadh dhom
1467rud éigin in-a thaobh, ach — d'airigheas coiscéim.
1468Bhí gioblachán a' teacht anuas an bóthar. Bhí
1469sé ceal casóige agus bhreithnigheas láithreach
1470gur stocaire de fheirmeóir é a bhain leis an
1471áit. “Maith mar a thárla,” arsa mise im'
1472aigne féin, nuair chonach cugham é, “ní
1473foláir nó tá eachtraí aige-siúd i dtaobh an
1474seana-chairn seo — díreach atá uaim.”


1475
1476

Duine trom-aosta a bhí ann, duine a raibh
1477aghaidh oscailteach mhacánta air, agus mar
1478bhréagadh ar a chuid bhalcaisí bhí deallramh an
1479deigh-chothuithe i ngach órlach dhe go mór mhór
1480'san chuid sin d 'á chorp a bhí laistig de
1481bhinndeal a bhríste. Bhí sé gléasta, mar
1482a thuigfá ó'n bhfocal “gioblachán,” go bog
1483scaoilte scóipiúil, agus fé raibh sé i bhfad
1484im' fhiadhnaise bhraitheas go raibh ball eile
1485dhe níos buige scaoilte scóipiúla ná a chuid
1486balcaisí féin — a theanga.


1487
1488

“Ag féachaint an chaisleáin,” ar seisean,
1489ag baint a phíopa as a bhéal, san am ceadna
1490ag déanamh gléis-scéithe le n-a dhá phus agus
1491ag lamhach amach — an gná-rud a theilgean
1492dúdaire amach nuair a bhfuil seach tobac á
1493chaitheamh aige. An fhaid a bhí sé ag cainnt
1494agus ag oibriú an gléis-scéithe do iniúch
1495sé orm síos agus suas, ó bhun go baitheas,
1496ach go cíneálta atharúil díreach mar a
1497dh'féachfadh athair a bheadh ag meabhrú an 'mó
1498slat a dhéanfadh culaidh d'á mhac.


1499
1500

“Seadh,” arsa mise. “Nách dúr
1501doicheallach an fotharach é? Má's aon
1502chruthú ar a dheallramh an t-iarsma seo dhe
1503ní foláir nó ba alltach an áilleán é sara
1504dtáinig réim na h-aindeise air.”


1505
1506

“Mhaise mó cheól thú,” ar seisean, “agus
1507abair é sin, a mhic ó. Ach b'é an diabhal féin
1508a thóg é agus ceann des na h-áitean' é seo a
1509chomhníonn sé nuair a thagann sé i gcúaird
1510aníos.”


1511
1512

“Ach cér b'é féin in ao' cor?”


1513
1514

“An Ridire Buidhe,” ar seisean, ag
1515baint na salóige as a phíopa agus ag tosnú
1516ar ath-líonadh. B'é an bocaire a shciobfadh
1517an ceann díot gan bheith i bhfad ar a thí!
1518Shuas fé'n túrtóig san thall bhí an bloc is
1519an tuagh agus fear an dí-cheannadh agus
1520saothar air de ló is d'oidhche gan sos gan
1521staonadh ó Luan go Sath-Domhnach is ó Dhomhnach
1522go luan. Na cloiginn a bhánadh 'san ngréin
1523is a chnagadh 'san ngaoith os cionn na fallaí
1524úd thall! Innsteann na daoine scéalta a
1525dh'árdóch' do chuid gruaige id' cheann, a mhic
1526ó, ach dá olcas e an Ridire Buidhe, ní
1527chreidfá an ceathrú a chuirtear 'na leith dá
1528nglacfá comhairle carad — ná'n riabhach creid.
1529Ach mo chreach is mo léir,” ar seisean agus
1530seirbhthean 'na ghlór, “b'feárr liom bheith a'
1531gabháil de chiceanna orm héin ná bheith ag
1532éisteacht le daoine ag spalpadh na mbréag
1533i dtaobh an fhotharaigh úd. N'fheadar,” ar
1534seisean go feallsúntach, ag socarú cos a
1535phíopa idir an dá chreachail amháin a bhí fágtha
1536'na dhranndal, “N'fheadar, a bhuachaill, an
1537amhlaidh atá an teanga ag tógaint an galair
1538ós na rudaí gránda — na fiacla fallsa a
1539bhíonn age sna daoinibh anois.”


1540
1541

“Is annamh le scéaluí gan bheith bréagach,”
1542arsa mise, agus tocht gáirí orm, gan
1543cuimhneamh ar an nóimit go n-oirfeadh an
1544caipín dom fhéin.


1545
1546

“Díreach,” ar seisean, “agus ba chóir
1547go mbeadh náire ortha. Ach cad tá 'gam a
1548radh? Diabhal náire nó allus ar na daoine
1549'nios a mhic ó, agus tá a rian ortha, ní féidir
1550leat focal a creidiúint uatha.”


1551
1552

D'fhéach sé i dtreó an chaisleáin.


1553
1554

“Cíonn tú an t-árdán glas tímpeallach
1555air,” ar seisean. “Seadh. Féachann sé
1556go glas mealltach adeireann tú. Féachann
1557i maiste, ach a' gcreidfá mé — gach duine
1558riamh, agus fiú an beathaidheach is an t-éan,
1559a raibh sé de dhánaidheacht ann bacadh leis i
1560n-aon sórt slí b'é deire le rath is suaineas
1561is sláinte dhó.” Do stad sé an fhaid a
1562bhí sé ag oibriú an gléis-scéithe agus seo
1563leis airís. “Ní dearmhadfaidh mé go deó


L. 239


1564

an bhliain do gheárr Seán na gCártaí an
1565féar ar an gcnocán úd. Ní bhuailfeadh an
1566diabhal féin buille ar an Sheán cheádna — sin
1567a mheastí uair ach go h-áirithe. Mar dubhart
1568gheárr sé an féar agus shábháil sé é. Tharraig
1569sé abhaile é agus dhein sé coca mór de 'san
1570iothlain, agus deabhas rud mí-choitchionta a
1571thuit amach. Ní miste a rádh go raibh breall
1572ar a lán daoine toisc a shaoire a chuaidh sé
1573as, agus beag ná gur tháinig droch-mheas ortha
1574ar chomacht an Diabhal Bhuidhe féin. Bhal,
1575do thárla an lá so bhí Seán ar an aonach, agus
1576bhí sé ag ól agus ag maoidheamh as an gaisce
1577a bhí déanta aige 'a rádh go mba mhaith leis a
1578fheicsint aon Ridire nó Bodaire, bíodh sé
1579buidhe nó bíodh sé bán nó aon dath eile, as
1580iarta Ifrinn amach a chuirfeadh bárr a mhéire
1581air féin, nó ar aoinne a bhain leis, nó a
1582thiocfadh níos giorra ná fiche míle dhó. A'
1583bhfeiceann tú an tigh beag úd thuas sa
1584ngleann?” arsa an scealuí ag síneadh a
1585mhéire, “agus an iothla ar an dtaobh seo
1586dhe? Díreach. Anson a bhí an coca stór
1587déanta ag Seán. An lá a bhí mo bhuachaill
1588ag bladaráil is ag fógradh cogaidh ar gach
1589aon Ridire a bhí damanta riamh cad a
1590thárlóch' ach mé féin im' sheasamh ar an
1591ndroichead so díreach mar atáimíd anois.
1592Amharc dá dtugas suas i dtreó tighe Sheáin
1593cad a chífinn ach an coca stór ag bogadh
1594anonn is anall nós caillighe a bheadh corra-
1595thónach i gcathaoir shúgáin a bheadh cnapánach
1596fúithe! Deirim leat gur baineadh preab
1597asam. Ach nuair chonach an coca ag éirighe
1598órlach ar órlach, céim ar chéim suas 'san
1599spéir beag ná gur thuit an t-anam tur te
1600asam. Ba chuma nú clog an t-séipéil maidin
1601Domhnaigh an croidhe istig ionam, a bhuidheanach.
1602… Níos aoirde fós an coca stór, níos
1603aoirde 'san spéir. D 'eirigh an t-sidhe-
1604ghaoithe. Rug sé ar an gcoca. Deineadh
1605bulla-báisín de, agus níos luaithe ná'n chaor
1606scuaibeadh os cionn an fhotharaigh seo é.
1607Timpeall an chaisleáin — uair! — dhá uair! —
1608trí h-uaire! — deineadh splannc lasrach dhe,
1609d'airigheadh fuaim mar fhlich-shneachta ag tuitim,
1610agus b'é an chéad rud eile a thugas fé ndeara
1611ná an t-árdán so go léir clúdaithe le
1612luaithreach! Níor cuireas an scannradh díom
1613go ceann bliana …”


1614
1615

“Ó, Seán? Nuair tháinigh sé abhaile cé
1616go raibh sé bog-mheisce b'é an chéad rud a
1617mhothuigh sé ná'n coca stór imithe. Cheap sé
1618ar an bpointe gurb' amhlaidh do dhíol a bhean
1619é an fhaid a bhí sé féin ar an aonach agus
1620geallaim-se dhuit go raibh sé 'na chogadh
1621eatorra láithreach. Ach nuair thuig sé an
1622scéal thug sé do'n léabaidh agus fuair sé
1623bás.”


1624
1625

Mhothuigheas an fheirc ag crith laistig de 'n
1626bhinndeal, ach pe' cu bhí sé scannraithe len-a
1627scéal féin nó a' gáirí os íseal do theip orm
1628a dhéanamh amach.


1629
1630

“Is úafásach an scéal e,” arsa mise,
1631ag feáchaint ar an aghaidh oscailteach mhacánta
1632a bhí cómh sollamhanta le h-aghaidh bhreithimh.


1633
1634

“Seadh leis,” ar seisean, “agus mara
1635mbeadh mo dhá shúil féin —” Do stad sé go
1636h-obann. Bhí scata géanna a' teacht timpeall
1637cúinne an chaisleáin agus iad ag creimirt
1638an fhéir is ag gogáil gan aon mairge ortha,
1639dar ndóigh, ach gach re “tarraig is sáith
1640airís,” ar siubhal go h-éascaidh aca.


1641
1642

D'fhéachas go fiosruitheach air.


1643
1644

“Á,” ar seisean, “ba dhóbair dom é
1645dhearmhad. Scéal aisteach eile é sin, a mhic
1646ó. Liom-sa na géanna. Ní géanna coit-
1647chionta iad cé go bhfhéachann siad é, b'fhéidir.
1648Baineann draoidheacht leo, baineann i muige,
1649agus nuair cloisfidh tú an scéal tuigfir ca'
1650thaobh a leigim leó dul thar teórain isteach
1651anson, dá aimhdheóin diablaideachtaan Bhiteamh-
1652naigh Bhuidhe. Ach 'neósfaidh mé an scéal duit.


1653
1654

“Go ndéanadh Dia trócaire ar anam m'
1655athar,” ar seisean, go diaganta, “bhí sé
1656tráthnóna amháin i dtúis an gheimridh ag
1657dúnadh suas agus ag cur gach nídh i dtreó i
1658gcóir na h-oidhche nuair cad a chífeadh sé a'
1659teacht cuige síos an casán ach mada-ruadh, a
1660theanga ag sileadh amach, seórdán 'na scórnaigh,
1661agus é traochta sáruithe. Bí na fiagaithe
1662ar a thóir i rith an lae, 'tuigeann tú, agus
1663nuair chonnaich m'athair an créatúirín bocht
1664do leaghadh a chroidhe le truagh dhó láithreach
1665d'oscail sé doras an sciobóil.” Tharraig an
1666aindeiseóir madra-ruadh é féin isteach is
1667luigh sé síos in aon cnaip' amháin ar gabháil
1668féir a bhí sa chúinne. Amach lem' athair go
1669cró na ngéanna. Rug sé ar cheann bhreágh
1670ramhar. Thar n-ais leis agus an gé 'na
1671bhaclain aige agus chaith sé isteach insa
1672scioból í agus dhruid sé an doras. Nuair
1673cheap sé go raibh an gé ithte agus a scíth
1674leigthe ag an mada-ruadh d'oscail se doras
1675an sciobóil airís. Tháinig an mada-ruadh
1676amach, d'féach sé go buidheach ar m'athair,
1677d'iompuigh sé ar a sháil agus chuir sé an
1678cnoc de go mall righin.


1679
1680

“An tráthnóna 'na dhiaidh son nuair abhí
1681m'athair ag dúnadh suas cad a chífeadh sé


L. 240


1682

ach an mada-ruadh céadna ag sodar síos an
1683casán agus gé breágh ramhar á thiomáint aige.
1684Bhí iongna agus alltacht ar m'athair, nídh nách
1685iongnadh, ach níor dhein an mada-ruadh ach a
1686cheann a bhagairt i dtreó an ghé agus as go
1687bráth leis airís. Bhí m'athair bocht i dteannta,
1688ach cun scéal geárr a dhéanamh dhe, do choimeád
1689sé an ghé agus síol-aicme an éin sin an
1690tréad úd. Thuigfir anois ca' na thaobh a
1691leigim leó — á, níl tú ag imtheacht? Is
1692truagh ná féidir leat fanúint go 'neosfaidh
1693mé — ach uair éigin eile — Bhal, go n-éirighidh
1694do bhóthar leat, a mhic ó, go n-éirighidh sin.”


1695
1696

Phreabas ar mo rothar, ach ní túisce bhí
1697mo dhrom leis ná shaoileas gur airigheas
1698fuaim mar a bheadh cnaipí ag pléascadh.
1699“Ní foláir,” arsa mise im' aigne féin,
1700“nó tá an binndeal briste an iarracht so.”


1701
1702

Sin mar a fuaireas “Eachtraí an
1703Chaisleáin,” ach bím ag cuimhneamh ó shin pe'cu
1704bhfuil dlúth-bhaint le fiacla fallsa agus
1705bréagaireacht nó ná fuil, nách aon cruthú ar
1706fhirinne an duine, ach go h-áirithe, é bheith i
1707dtaobh le cúpla creachail fiú amháin nuair
1708ghabhann aghaidh oscailteach mhacánta leó.


1709
1710

GAILLTE BEAG.


1711
1712

SÚGRADH.


1713
1714

Cleas é seo chun scoláirí do mhealladh chun
1715breis suime do chur i seanfhocla Gaedhilge).


1716
1717

Seo mar d 'imrightear é — Deireann an
1718t-oide, nó duine de sna scoláirí rann beag
1719ar dtúis, mar atá, “An Circín Donn” nó
1720“Druingide Drainide.” An scoláire go
1721dtuiteann an focal deireannach den rann
1722air, beidh air-sin dul amach fhaid a bheidh an
1723chuid eile ag socrú eatorra féin cia acu
1724seanfhocal a bheidh acu le cur air. Nuair a
1725bheidh soin socair, glaodhfar isteach an t-é
1726atá amuigh — (Seán a ainm, abair) a's déarfaidh
1727gach scoláire rud éigin go mbeidh focal den
1728t-sean fhocal ann — mar seo féach:—
1729Seán (leis an gcéad scoláire) —


1730
1731

Seadh, a chara, cad tá le rádh agat-sa?


1732
1733

C.S. — IS MÓR an spóirt atá ag na leanbhaí
1734beaga indiu.


1735
1736

D.S. — Bíodh FOIGHNE agat, a chara, a's
1737gheobhair amach an seanfhocal, gan teip.


1738
1739

T.S. — BUAIDHFID an Ghaedhilg sa deire, má
1740bhíonn na Gaedhil dílis dí.


1741
1742

Seán — Á. Tá sé agam — Is mór í an fhoighne
1743agus buadhfaidh sí — Nach eadh?


1744
1745

Na S. — Maith an buachaill! a Sheáin. Tá sé
1746agat, gan dabht ar domhain.


1747
1748

Dearfar an rann beag airís annsoin a's
1749raghaidh an cleás chun cinn mar a chuaidh
1750cheana, agus seanfhocal nuadh acu.


1751
1752

Ós ná raibh an “Circín Donn” i gcló
1753riamh cheana, ní miste é chur síos annso.
1754In Gleana Eatharla chuala é. — Deirtear go
1755bhfuil cleas an ghasta ag an madra ruadh —
1756má's rud é go mbíonn an chearc nó an sícín
1757ró-árd do, ar an gcleith i gcró na gcearc,
1758cromann sé ar é féin do chasadh timcheall
1759chun go dtagann meabhrán i gceann na circe
1760a's go dtuiteann sí anuas chuige — “is fearr
1761stuaim ná neart” — mar adeir an sean
1762fhocal.”


1763
1764

AN CIRCÍN DONN.


1765
1766

An Madra Ruadh —


1767
1768

“Codail, codail, chircín donn,
1769Sin é an searrach,
1770Tríd an gearrach
1771An madra ruadh glic
1772A's é ag cas' ar an mbuaille
1773Sé adubhairt go luath an rann.
1774Gur thuit le tuairt,
1775An Circín donn
1776Den cleith anuas
1777Chun an madra ruadh.”


1778
1779

SEÁN Ó GRUAGÁIN.


1780
1781

EASON


1782
1783

Leabhar úrnaighthe Catoileachaighe, an cur amach
1784is deidheannaighe aith-sgríobhtha agus ceartuighthe.
1785Clóbhuailtear agus clúdaightear in Éirinn iad.


1786
1787

The Garden of the Soul.


1788
1789

The Key of Heaven.


1790
1791

The Manual of Catholic
1792Piety.


1793
1794

The Treasury of the
1795Sacred Heart.


1796
1797

The Imitation of Christ.


1798
1799

Holy Childhood.


1800
1801

&rl., &rl.


1802
1803

Cló breághdha, páipeur maith, Clúdach cruinn agus
1804seasamhach, mar adeireann gach aoinne.


1805
1806

Luach íslighthe — 1/- go 18/-


1807
1808

An seachtmhadh cur amach le fághailt anois 61,000
1809cóip ar fad.


1810
1811

TREASURY OF THE SANCTUARY,


1812
1813

Leabhar Úrnaighthe.


1814
1815

Á chur in eagair ag Siúracha na Trócaire,
1816Sráid Stanhope, Baile Átha Cliath.
1817Royal 32mo. 5" x 3¼".


1818
1819

Clúdaighthe go deas, i bpáipeur in Eudach nó i
1820leathair.


1821
1822

Luach ó 2/- go 9/-


1823
1824

Liosta le fághailt ach é dh'iarraidh. Gheibhtear na
1825leabhra thuas ó gach siopa Leabhair agus Cráibhtheachta.


1826
1827

EASON AGUS A MHAC, TEO.,
1828Baile Átha Cliath agus Béil Féirsde.
1829


L. 241


1830

LEITREACHA.


1831
1832

POST-SHEANCHUS.


1833
1834

Do'n bhFear Eagar, beatha agus sláinte,


1835
1836

Ar bhfeiscint dom an tagairt a dheinis do Phost-
1837Sheanchas agus d'Aireacht an Phuist i “Sguab” na
1838Márta, dubhairt liom féin nár bhfearra dhom rud a
1839dhéanfainn ná an méid beag eoluis a bhí agam féin i
1840dtaobh ainmneacha áiteann, mar a bhfuil Oifigí Puist,
1841do chur chughat gan mhoill. Bh'fearr liom é chur chughat-sa
1842i dtreo go gcuirfeá an “Sguab” ag obair na thaobh
1843ná go dtí lucht an Phuist. B'féidir gur bhfiú leat an
1844méid seo leanas do chur i gCló san “Sguab” ach
1845mara bhfiú bheinn fé chomaoin mhóir agat ach é chur i
1846n-iúl do lucht an Phuist. Is dócha gur gearr go mbeidh
1847gach marc puist i nGaedhilg (tá cuid mhaith díobh i
1848nGaedhilg cheana féin), ba mhór an trua é gan sean-
1849ainm cheart Ghaedhealach na h-áite do bheith sa mharc san.
1850Anois an t-am againn chun na lochtaí atá ar Phost-
1851Sheanchas do leigheas. Ar an gcéad ásg, bhí an blúire
1852Gaedhilge seo i dtaobh Passage West, Co. Chorcaí, atá
1853agam á chur chugat, bhí sé san “Cork Examiner”
1854tímpal bliain go leith ó shoin. An Fear Daire do
1855scríobh é. Tá cóip de Phost-Seanchas I. agus II. agam
1856agus na dearmhadta go ndeintear tagairt dóibh sa
1857bhlúire pháipéir seo táid le feicsint sa dhá chuid sin.
1858Cuir i gcás i b-Post-Sheanchas I. tá “An Pasáiste”
1859mar Ghaedhilg ar Passage West. Is dóigh liom-sa gur
1860deise agus gur Gaedhealaí go mórd'ainm “An Calath”
1861Tá pasáiste go canta 'sa ghnath-chaint mar Ghaedhilg ar
1862passage nó corridor ach mar ainm ar shean-áit ársa
1863ní maith liom in-aon Cor é. Rud eile dhe, ní misde
1864dhúinn muinín do bheith againn as an bhfear faire, go
1865bhfuil an fhuirim cheart de'n ainm aige. Táim cinnte
1866leis, ní h-amháin nach mór leis dúinn fíor-ainmneacha
1867na n-áiteann a thug sé sa bhlúire páipéir seo do chraobh
1868sgaoileadh do'n phobal ach gurab amhlaidh ba mhaith leis
1869iad do bheith i mbéal gach uile Ghaedhilgeora. Agus
1870níl Monkstown i gceart i bPost-Sheanchas leis. Baile
1871na Manach atá ann i n-inead Bhaile an Mhanaigh. Tá
1872Baile an Roístigh (Rochestown) i gCeart ann. Maidir
1873le Crosshaven tá an fhuirm cheart .i. Bun a' Taibhirne
1874(Táirne) i gcuid II., ach sé fuirm atá i gcuid I. ná
1875Bun an tSáile (!) Sin a bhfuil le rá agam anois i
1876dtaoibh an bhlúire pháipéir úd ach tá cúpla rud eile
1877le h-innsint agam fós. Ní fuláir nó táir ag eirghe
1878cortha dhíom fé'n am so ach bíodh foidhne agat liom
1879tamaillín beag eile. Tá áit i n-aice le Cóibh Chorcaí
1880go ndeirtear Belvelly leis i mBéarla. Bheul tá cara
1881domhsa 'na chomhnaí sa taobh san dhúthaigh agus bhíodh sé
1882ana-mhór le sean-chainteoir dúchais a bhíodh na chomhnaí
1883in aice le Belvelly. Is mó uair do bhíodh comhrá breá
1884comharsanúil aca le chéile. Fuair an seanduine bás
1885tímpal mí o shoin — solus na bhflathas dá anam. Béal
1886an Bhaile a thugadh sé ar Belvelly i gcomhnaí. Níl sa
1887bhfuirm atá ag Seosamh laoide, mar adeir sé féin i
1888gcuid II., ach buille-fé-thuairim ón ainm atá i litriú
1889an Bhéarla. Sé fuirim atá aige na Béal Bhíle. Deireadh
1890an seanduine gurab é rud a chialluión Béal an Bhaile
1891ná béal an bhaile mhóir .i. an Chóbh, mar tá an áit díreach
1892ar imeall an Oileáin Mhóir agus tá droichead ann ag
1893dul idir an oileán agus an mhóirthír. Tá áit eile
1894in aice le Ráth Luirc, Co. Chorcaí, ar a dtugtar i mBéarla
1895Milford. Tá Cill Bheoláin i bPost-Sheanchas mar
1896Ghaedhilg ar an áir sin. Dubhairt cúpla duine a
1897rugadh agus a tógadh san áit sin liom gur dhá áit fé
1898leith ar fad Cill Bheoláin (Kilbolane) agus Milford
1899agus gurb í Gaedhilg ba cheart a bheith ar Milford ná
1900Áth an Mhuilinn. Rud eile dhe fós, do fágad amach
1901Cill Dairbhre, Co. Chorcaí, i gcuid II., de Phost-
1902Sheanchas. Sin a bhfuil agam le rá i láthair na h-uaire
1903agus tá súil agam go gcuifir an méid adubhart thuas
1904i n-úil do lucht an Phuist. Ba mhaith an rud é, leis,
1905dá n-iarrthá ar léightheoirí. “An Sguab” aon eolus
1906atá aca i dtaobh ainmneacha áiteann mar a bhfuil
1907oifigí puist do chur chughat. Annsan d'fheadfá cúinne
1908beag de'n “Sguab” d'fhágaint i gcoir an eoluis
1909sin. Tar éis tamaill d'fhéadfadh Aireacht an Phuist
1910Phost-Sheanchas nua do chur i gcló, ceann a beadh gan
1911locht, chomh fada agus dobh fhéidir sin. Is dóigh liom go
1912bhfuil “An Sguab” thar bárr agus is cúis atháis agus
1913lúthgháire dhom a chlos a bhfeabhus is tá ag eirghe leis.
1914Gura fada a fágar suas tu chun “An Sguab” do
1915láimhseáil agus ceart na Gaedhilge binne milse do
1916phlé agus do chosaint.


1917
1918

Is mise,


1919
1920

“ÓGÁNACH NA FÉASÓIGE.”


1921
1922

LÉIRMHEAS.


1923
1924

GAEDHEALG SAN OIFIG.


1925
1926

Níl aon slighe eile chun na Gaedhilge d'fhoghluim ach
1927tabhairt fúithi i ndá ríribh, uair a chluig ar a luighead
1928do chaitheamh ar an obair gach aon lá, dúil a bheith ag
1929an bhfoghluimtheoir innti, agus aigne láidir agus foidne
1930a bheith aige chomh maith. Níl aon chomhgar ann in ao'
1931chor. Tá daoine ann agus is dóigh leo gur cheart go
1932mbeadh an Ghaedhealg acu tréis dóibh a bheith ag
1933tinncéireacht ar leaibhrín éigin ar feadh cúpla mí agus
1934nuair ná éirgheann leo annsan caitheann siad uatha í.
1935Ní maith liom na leabhra so a mbíonn trí cholumhain
1936ionnta (Ghaedhealg, Béarla agus iarracht ar foghair
1937na Gaedhilge do chur sios i leitriú Béarla). Saghas
1938meallaidh iseadh iad, chomh maith as a dhearfaidhe gur
1939féidir an Ghaedhealg d'fhoghluim ar an gcuma san.
1940Tréis dúinn an méid sin do rádh — chun ná bainfidhe
1941aon tuigsin fallsa as ár dtuairim — ní misde liom
1942a rádh go bhfuil an leaibhrín seo do sgriobh Pádraig
1943Ó Bróithe go maith 'na shlighe féin. Saghas leabhar-
1944phóca iseadh é do dhaoine a bhfuil roinnt Gaedhilge aca
1945cheana agus a mbíonn uatha rudaí áirighthe do rádh
1946agus do sgríobh agus iad ag obair in oifig. Ní
1947mhúinfear mórán Ghaedhilge dóibh as an leabhar so ach
1948déanfaidh sé a chion féin chun na Gaedhilge do tharranigt
1949isteach in áiteanna ná fuil sí an-fhlúirseach anois agus
1950is fiú rud éigin san. Tá's agam go bhfuil cuid maith
1951cailíní agus buachaillí dá úsáid agus ag baint tairbhe
1952as agus teasbánann san go raibh práidhinn aca lena
1953leithéid.


1954
1955

C. M.
1956


L. 242


1957

COMÓRTAS VI. (1923).


1958
1959

Baineann sé le deallramh go gcuirtear an-shuim
1960sa cheist seo .i. focail Gaedhilge atá in usáid ag
1961daoine ná fuil focal Gaedhilge acu, dar leo féin.
1962Feuch an liosta fada so leanas a chuir Seán ua
1963Síothcháin chughainn. Tá suas le 600 focal ann. Má
1964thá cúpla ceann ann d'aithbheodhadh ó tháinigh Connradh
1965na Gaedhilge ar an saoghal níl aon dabht ná go bhfuil
1966an cuid is mó díobh agnadaoine fén dtuaith in áiteanna
1967áirighthe. Roinnt bliadhanta ó shoin do sgríobhamar
1968féin síos an méid focal den t-saghas san a raibh eolas
1969againn ortha in oirthear Chláir. Bhí timpeall 400 focal
1970inár liosta féin. Seán Ua Síothcháin, Ráthluirc, a
1971bhuaidh an cheud duais agus an t-ath. Seumas Ó Caoimh,
1972South Shields, Sasana, a bhuaidh an dara duais. Liosta
1973fada abhí aige sin, leis; bhí focail ann ná raibh i liosta
1974Sheáin agus, dála an sgéil, bhí focail in gach aon liosta
1975a fuaireamar, beagnach, ná fuil sa liosta so leanas
1976.i. liosta Sheáin Uí Shíothcháin. Cuirfimíd cló ortha
1977san nuair a bheidh deire leis an liosta so.


1978
1979

Aghaidh fidil … He had on a aghaidh fidil.


1980
1981

Amadán … He is a great amadán.


1982
1983

Aindeis … She is very aindeis.


1984
1985

Aindeiseóir … A great aindeiseóir.


1986
1987

Airidheacht … There was good singing at the
1988aeridheacht.


1989
1990

Ambasa!


1991
1992

Aiteannín gaodhalach … We give aiteannín gaodhalach to
1993the horse.


1994
1995

Ailleán … Well, you are a great ailleán.


1996
1997

Asmhuchán … 'Tis no asmhuchán.


1998
1999

Airgead
2000sios. … I am taking it airgead sios.


2001
2002

Básachán … A básachán of a calf.


2003
2004

Brídeóg … Carrying around the brídeóg.


2005
2006

Bogán … The hen dropped a bogán.


2007
2008

Bastún … A big bastún.


2009
2010

Báinín … He is wearing a new báinín.


2011
2012

Buaithreán … Gathering buaithreán for to make
2013a fire with it.


2014
2015

Brealla gorm … The meadow is all breallaí
2016gorma = horse-buttons.


2017
2018

Brúsgar … The black turf is all in brúsgar.


2019
2020

Bán … Bring the cows in the bán.


2021
2022

Bodóg … He has only a handful of hungry
2023bodógs.


2024
2025

Bodlach … The bodlach of a pig is very useful
2026for greasing shoes. Bodlach =
2027'Sé deireadh an chaoláin mhóir é.


2028
2029

Barrchínn … A fine barrchínn of turf.


2030
2031

Bhúichínn … My bhúichínn is broken. Bhúichínn =
2032lúidín.


2033
2034

Buacach … It is he that is fine and buacach.


2035
2036

Boidseachán … He is a great boidseachán = cynic.


2037
2038

Bachall … He had a stick with a huge
2039bachall on it.


2040
2041

Beart … Bring in a beart of hay.


2042
2043

Buachaill … He is a cross buachaill.


2044
2045

Béiceachán … We have a béiceachán of a calf
2046that would bother you.


2047
2048

Bóithrín … The bóithrín is full of gutter.


2049
2050

Brobh a gé … The meadow is covered with
2051brobh a Gé.


2052
2053

Bocán … Where is the bocán of the door?


2054
2055

Bodach … He is a great bodach.


2056
2057

Bradach … That heifer is very bradach.


2058
2059

Bradaigheacht … That was most awful bradaigheacht.


2060
2061

Bearna baoghail … “To night we'll man the
2062bearna b.”


2063
2064

Bhastar … He took a fine bhastar of bread
2065with him.


2066
2067

Blaid … He is such a blaid.


2068
2069

Breall … There is a breall on him.


2070
2071

Breillce … A breillce of a fool.


2072
2073

Blúirín … Eat another blúirín of bread.


2074
2075

Buailteán … The buailteán of my flail is
2076splitted.


2077
2078

Bacach … He is a bacach for life.


2079
2080

Bodaichín … Fill another bodaichín of scallops
2081for the thatcher.


2082
2083

Búraicín … He is a regular búraicín for
2084walking.


2085
2086

Brus … The corn is all brus.


2087
2088

Buachalán Buidhe … The field is yellow with
2089buacaláin buidhe s.


2090
2091

Brouis … He had a great brouis on him
2092.i. breall (? leitriú F. E.)


2093
2094

Branar … We will do branar to-day with
2095the new spades.


2096
2097

Bladar … I don't want any of your bladar.


2098
2099

Bochtán … He is a great bochtán.


2100
2101

Bean-sidhe … I heard the bean-sidhe last night.


2102
2103

Bramach … A bramach of a fool.


2104
2105

Bóraic … We have not any right hurling
2106ball. We've only a bóraic.


2107
2108

Brothall … Great brothall to-day.


2109
2110

Bothán … A bothán for pigs.


2111
2112

Bairghín … A nice bairghín of bread.


2113
2114

Botún … You made a great botún.


2115
2116

Bróg … My brógs are worn.


2117
2118

Barróg … He threw away the barróg.


2119
2120

Bata … He had a heavy bata in his hand.


2121
2122

Brosna … Gathering brosna.


2123
2124

Banbh … Banbhs were dear to-day.


2125
2126

Bobhta … We will have another bobhta of it.


2127
2128

Bacstí … We made some bacstí .i. cál
2129ceannan.


2130
2131

Baisíní teo … Baisíní, teó, teo, cuit.


2132
2133

Bheidhealdóir … The bheidhealdóir broke his fiddle.


2134
2135

Ceiléir … The ceiléir is scoured.


2136
2137

Crot … To see the crot of them is fortune.


2138
2139

Colurchán … He got a great fright from a
2140colurchán a few nights ago.


2141
2142

Camóigeacht … The girls were playing camóige.


2143
2144

Cailleach … She is a great old cailleach.


2145
2146

Cogar-mogar … That's only a cogar-mogar.


2147
2148

Caisearbhán … Picking caisearbán for the hens,
2149.i. caisreabhán = dandelion.


2150
2151

Creabhar caoch … The creabhair caochs were at the
2152horses all day long.


2153
2154

Cleabhar … Is mar a chéile cleabhar, is
2155creabhar caoch.


2156
2157

Céis … We were fattening a few céis's.
2158


L. 243


2159

Comhrádh … We had a great comhradh.


2160
2161

Criochán … We have not anything but
2162criochán's under the stalks this
2163year.


2164
2165

Crúst … A big crúst was thrown at him.


2166
2167

Crústáil … He got a great crústing.


2168
2169

Craos galar … The child has the craos galar.


2170
2171

Cadaráluide … He is a great cadaráluidhe.


2172
2173

Coisín … Will you give me this coísín,
2174baby?


2175
2176

Creanán … The field is white with creanán,
2177.i. with milfoil.


2178
2179

Crúiscín … A crúiscín of porter.


2180
2181

Céilidhe … We have a céilidhe at their house
2182every evening.


2183
2184

Colp … There is a cut in my Colp.


2185
2186

Colp … His father left him a colp of
2187geese, and the grass of them.


2188
2189

Ciuirliún … I shot a ciuirliún.


2190
2191

Cis … Five Cis's of turf is as much as
2192any horse could carry.


2193
2194

Ciotóg … Are you a ciotóg?


2195
2196

Ceóchán … There is ceóchán on the duck.


2197
2198

Clabhta … He got a great clabhta of a stick.


2199
2200

Craibt … He is very craibt, .i. glic.
2201(ón mBeurla. F.E.)


2202
2203

Cruiceóg … A cruiceóg of turf.


2204
2205

Caipín … I'll knock the caipín off you.


2206
2207

Cáibín … He had on an old cáibín.


2208
2209

Cliotaráil … Great cliotaráil, .i. gleó.


2210
2211

Cibeal … Great cibeal, .i. na haon duine
2212a beith ag déanamh a dhicheill
2213cun gleóigh, agus stracadh, agus
2214gac saghais ré rádh.


2215
2216

Ceó bóthair … Great ceó bóthair.


2217
2218

Cnocáinín … There is a cnocáinín in the
2219middle of the field.


2220
2221

Cábún … A cábún of a chicken.


2222
2223

Cladhchán … He broke his mowing-machine
2224paring around the cladhchán.


2225
2226

Cainnchín … He has a flat cainnchín.


2227
2228

Cliathaire … A cliathaire of a fool.


2229
2230

Ceanabhán … The hill is beautiful with
2231ceanabháns.


2232
2233

Camán … His camán got smashed.


2234
2235

Clab … He had a clab on him, laughing.


2236
2237

Clabaire … Well, look at him for a Clabaire.


2238
2239

Cailcín … A cailcín in his eye.


2240
2241

Caithnín … There are caithníns of snow going
2242(= cáithnín. F. E.)


2243
2244

Ciotaeritheó … We had great ciotaeritheó, .i.
2245gleó.


2246
2247

Cip a do ríl … Great cip a do ríl.


2248
2249

Caoineadh … He was playing a caoineadh.


2250
2251

Crónán … The cat is crónáning.


2252
2253

Círín … A círín of bog-deal.


2254
2255

Ceól … Great ceól.


2256
2257

Colpán … The colpán of the flail.


2258
2259

Ceartuigh … Deirtear le bhoin é sin, nuair
2260a beadh duine ag dul fuithe cun
2261í a Crudhadh.


2262
2263

Clabhtaín … He got a clabhtáin of a fist.


2264
2265

Cnapán … He has a big cnapán on his
2266forehead.


2267
2268

Crochaire … He is a great crochaire.


2269
2270

Clais … Shovelling a clais, or a clais of
2271stones.


2272
2273

Comhgarach … He is very comhgarach at the talk.


2274
2275

Comh-chliamhan … The two comh-chliamhans are
2276together. Comh-cliamhain iseadh
2277beirt fhear a beadh pósta le
2278beirt dheirbhseathar


2279
2280

Castóir … Get the castóir, we must twist
2281some súgáns.


2282
2283

Casairnín … The súgán is all casairníns.


2284
2285

Ciaróg … The well is full of ciarógs.


2286
2287

Cráidthe … He was very cráidhte.


2288
2289

Cráidhteachán … He is a great cráidhteachán.


2290
2291

Cor … Put another cor on the rope.


2292
2293

Crúibín … Eating crúibíns.


2294
2295

Cráintín … The fox carried my cráintín.


2296
2297

Coladh grífín … I got coladh grífín in my leg.


2298
2299

Ciseach … He put bushes on the ciseach for
2300the cows.


2301
2302

Carraigh … He threw a big carraig at him.


2303
2304

Cál Ceannan … My mother made cál ceannan.


2305
2306

Cumar … He went down to the cumar for
2307a bucket of water.


2308
2309

Craobh … A craobh of heath.


2310
2311

Cabaire … A great cabaire, .i. brat.


2312
2313

Cluaisín … I'll pull the cluaisín off you.


2314
2315

Creach … Oh, mo creach!


2316
2317

Ceobhrán … There was a bad ceobhrán there.


2318
2319

Comhair … He is comhair ing with J--


2320
2321

Cúlóg … I was riding cúlóg, behind him
2322on the horse.


2323
2324

(Ní crioch.)


2325
2326

ÚSÁID
2327GRANIA
2328TOOTH
2329PASTE
2330AR SON t'FHIACLA


2331
2332

ÚSÁID
2333GIBSOL
2334OINTMENT
2335AR SON DO
2336CHROICINN


2337
2338

Fior-dheuntús na h-Éireann iseadh iad so. Táid le fághail
2339ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1/3 gach ceann nó go
2340díreach (saor tríd an bpost) ó Gibsol, Teo., lána an
2341Chláir, Áth Cliath. Deuntar íce le h-aghaidh beithidhigh ann leis.


2342
2343

GIBSON'S UNIVERSAL
2344ANTISEPTIC OINTMENT
2345


L. 244


2346

BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.


2347
2348

ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
2349BAILE ÁTHA CLIATH.


2350
2351

DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
2352GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.


2353
2354

Bun-airgead Geallta, £406,000.


2355
2356

Bun-airgead Díolta, £203,000.


2357
2358

Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.


2359
2360

BUNUIGHTHE 1920.


2361
2362

BRAINNSI:—


2363
2364

68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
2365Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
2366Mathchromtha.


2367
2368

THE
2369NATIONAL
2370LAND BANK
2371LTD.


2372
2373

Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath,
2374agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
2375

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services