Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saoghal Éanacha

Title
Saoghal Éanacha
Author(s)
Mac Giollarnáth, Seán,
Pen Name
Cóilín / Maine / Tadhg Ó Ceallaigh
Composition Date
1925
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1RÉAMHRÁDH.


2
3

Thosuigheas atá dhá bhliain ó shoin ann ar
4ainmneacha Gaedhilge na n-éan do bhailiú
5agus d'éirigh liom an foclóir atá i ndeire
6an leabhráin seo do chur le chéile. Chuireas
7beagán leis na hainmneacha a bhí ann cheana
8féin. Bhí "meanntán" againn ar titmouse,
9agus "geabhróg" ar tern, agus "ceolaire"
10ar warbler, agus bunfhocla eile. Cheapas go
11raibh sé riachtanach dúinn na cineáil a
12dheighilt ó n-a chéile agus rinneas dá réir
13mar chídhfear ins an bhfoclóir.


14
15

Táim faoi chumaoin ag na daoine a chuidigh
16liom in obair an fhoclóra, ag an Ollamh
17Tomás Ó Raithile, ag "an Seabhac," ag an
18Dochtúir Conchubhar Mag Uidhir, ag Pádhraic
19Ó Conghaile, ag Mac Uí Ghallchobhair, Gárda
20Síothchána, ag an Dochtúir Séamus Ó Ceallaigh,
21agus ag go leor daoine in Iar-Chonnachta.


22
23

TADHG Ó CEALLAIGH.
24


L. 7


25

SAOGHAL ÉANACHA


26
27

AN LONDUBH.


28
29

Lá i ndeire Samhna bhí duilleoga na gcrann
30agus iad críon caithte ina mbrat ar an
31bhféar taobh amuich de'n fhuinneoig. Tháinig
32an londubh go dtí tor beag le hais na fuinn-
33eoige agus d'ísligh go tapa ar an bhféar
34imeasg na nduilleog. Níor phreab sé chun
35siubhail mar is gnáthach leis, ach chuir leath-
36cheann air agus bhreathnuigh go géar duilleog
37dhearg a bhí dhá chorrú aníos beagán. Níor
38leig sé gíog as, ach gheiteadh an dá sgiathán
39agus an t-iorball gach ré meandar amhail
40is dá mbeadh sgannradh air, nó droch-aimhreas
41air i dtaoibh na duilleoige. Bhí iongnadh mór
42air agus é ag féachaint go cíocrach ar an
43duilleoig. Bhíos ghá fhaire agus gan a fhios
44agam céard a bhain dó mar nár facthas tada
45as bealach dom ach an duilleog a raibh
46corrú beag faoi. Níor cuireadh moill orm
47mar ba ghearr gur aimsigh an gob géar buidhe
48rud a bhí faoi'n duilleoig agus nár facthas
49dom ar dtús. Péist dearg chréafóige a bhí
50ann. Tharraing an lon aníos as an bpoll í
51go dtí go raibh sí ar thalamh slán aige, agus
52bhí ghá piocadh go fíochmhar go dtí nach raibh cor
53as an bpéist bhoicht. Annsin shlug an lon an
54phéist dearg ghránna a bhí chó fada leis féin,


L. 8


55

nach mór, agus bhí go sásta. Níor dhéin ceol,
56ámh, mar dhéanfadh spideog tar éis bídh dí.


57
58

Craosaire éin 'seadh an lon. Is slugaire
59críochnuighthe é agus tá blas aige ar gach
60sórt — arbhar, síolanna, seilíní, cuiríní agus
61ubhla, có maith le ciaróga, péisteacha agus
62daola na talmhan. Tá an-dúil aige ins na
63seilíní agus pollann sé na hubhla go náireach.
64Slugann sé na cuiríní ina gcraiceann, agus
65piocann sé an croidhe as na spíonáin.


66
67

An geimhreadh agus an t-earrach an t-am
68is gainne ag éanacha. Le linn doininne
69agus cruatain aimsire is minice a chídhtear
70an londubh in aice le háitreabh daonna.
71Díbrigheann sioc agus cruatan isteach é ar
72lorg bídh agus chó luath is thagas leaghadh
73agus boige aimsire tréigeann sé sinn agus
74imthigheann sé faoi na páirceanna arís. Is
75minice a thagas sé in aice linn ná an smólach.
76Níl sé chó glic leis an smólach agus is fusa
77do ghasúir a mhealladh isteach i gcliabhán ná
78an smólach.


79
80

Éan breagh luath ar sgiathán atá san
81londubh nuair is cruaidh dó. Lá geimhridh
82chaitheas giotaí beaga aráin taobh amuich
83de'n fhuinneoig. D'ísligh cathóg ar chraoibh
84agus d'fhan ag faire na ngiotaí aráin, ach
85bhí sgáth uirthi ísliú san áit a rabhadar.
86Tháinig londubh, sgiob giota de'n arán agus
87d'imthigh, an t-arán ina ghob aige. Is ar
88éigin a bhí sé ar sgiathán nuair bhí an chathóg
89san tóir air. D'imthigh an londubh go híseal
90le talamh go dtáinig an chathóg ró-ghar dó.


L. 9


91

Annsin d'árduigh sé caol díreach suas san
92aér. Lean an chathóg é, theannuigh leis agus
93bhain cor as os cionn na gcrann. Anuas
94leis an dá éan dubha arís agus d'imthigheadar
95as m'amharc.


96
97

Dubhras ar ball nach bhfuil an londubh chó
98glic leis an smólach agus gur fusa é a
99cheapadh in inneall ná an smólach. Is fusa
100go mór. Bhí sgriosadh dhá dhéanamh ar gharrdha
101ag éanacha. Leag an garradóir inneall
102iarainn san ngarrdha agus chuir baoite de
103sheilíní agus cuiríní ar theangaidh an innill.
104Rug sé ar dhá fhichid lon leis an inneall,
105ach níor eirigh leis thar trí smólach a mharbhú.


106
107

Is maith leis an londubh feoil — péisteacha
108agus a leitheid — ach ní fhacas ariamh é ag
109imirt cleas an smólaigh ar an seilmeide.
110Má thagann smólach ar phlaoisg seilmeide
111aithnigheann go maith má's folamh nó lán dí.
112Má gheibh sé plaosg throm tógann leis ina
113ghob go dtí cloch í agus buaileann in aghaidh
114na cloiche go mbriseann ina smidiríní í.
115Bíonn an seilmeide lom gan plaosg chosanta
116annsin agus ghníonn an smólach béile dhe.
117Is iongnadh liom nach bhfóghluimigheann an lon
118an cleas soin ó'n smólach.


119
120

Éaluigheann smólach ó chontabhairt gan gíog
121as. Má sgannruighthear londubh cuireann sé
122a chor i gcéill do'n domhan mór. An cat
123is mó a chuireas faitchíos air. In aimsir
124guir tagann misneach dó agus athruigheann
125sé an faitchíos uaidh féin 'dtí'n cat. Bhí
126fál sgeach gheal in aice an tighe againn fadó.


L. 10


127

Fál dlúth deilgneach a bhí ann. Bhí nead
128ag péire lon i lár sgeiche san bhfál, agus
129dá mbeadh meabhair aca air, níor bhaoghal
130dóibh an cat, mar nach dtiocfadh leis dul
131tríd an dlúthas dealg. An fhaid is bhíodh
132an chearc loin ar gor bhíodh an londubh timcheall
133ar an nead agus thug an cat faoi deara é.
134Cat dubh bradach a bhí ann nach gcodluigheadh
135istigh ó Lá Bealtaine go Lá Samhna. Thagadh
136sé go dtí sgeach an nid agus bhíodh sé ag faire
137an choiligh, féachaint an bhfuighfeadh sé deis
138air le n-a cheapadh. Ní raibh baoghal air
139dul i dteannta ins na dealga ach níor
140tuigeadh soin do'n éan. Bhíodh droch-aimhreas
141ar fad aige ar an mbeithidheach agus chuireadh
142sé fógra mór contabhairte as:


143
144

Cinc cinc, cinc cinc,
145Cinc cinc, cinc cinc,
146Cinc, cinc!


147
148

Leanadh sé do'n ghleo soin agus d'eitealladh
149timcheall os cionn an chait, ghá ionnsú, mar
150dheadh, ach gan a theacht ró-ghar dhó, nó go síleadh
151an cat gur éan fíochmhar an londubh agus
152go n-imthigheadh sé. Is iomdha maidin shamhraidh
153a dhúisigh an "cinc cinc" mé roimh éirghe
154gréine.


155
156

Ba dheacair dom cur síos i bhfocla ar
157cheol an londuibh. Thug mórán faoi sin a
158dhéanamh agus chlis sé ortha a dhéanamh go
159beacht. Na ceoltóirí féin is deacair dóibh
160aithris chruinn a dhéanamh ar cheol na n-éan.


L. 11


161

Níl riachtanas leis sin, ámh, mar go bhfuil
162na héanacha ceoil chó fairsing agus chó
163coitchianta ar fud Éireann gur féidir iad
164uile a aithneachtáil thar a chéile. Tugtar
165ceol nó ceileabhar ar gach sórt gleo a ghníos
166éanacha a bhfuil ceol ar bith aca. Taobh
167amuich de phort ceart an londuibh tá trí
168saghas ceileabhair ar a laghad aige. Tá
169an "cinc cinc," nó an fógra contabhairte,
170aige. Tá an fógra oidhche aige a cheileabharas
171sé roimh dul a chodladh dó san trathnóna,
172agus is binne an fógra oidhche ná an "cinc
173cinc." Tá aige freisin nótaí boga sgórnaighe
174a ghníos sé ar sgiathán dó go díreach nuair
175bhíos sé ag teacht thar claidhe nó fál isteach
176san ngarrdha a thaithigheas sé. Nótaí sástachta
177iad so agus bíd go binn. Ach port fíor an
178loin, is breagh an port é agus ní hiongnadh
179na filí ó oisín anuas ghá mholadh. Guth árd
180binn 'seadh an guth a sgaoileas an gob buidhe
181thar coillte is bánta ó bhreacadh lae go
182mbíonn an ghrian ag teacht chun láidreachta,
183agus arís trathnóna. Ceileabhrann an
184londubh ar chraoibh agus is maith leis ceol a
185dhéanamh ar bharr balla an gháirdín in aice
186le nead na circe. Ní miste leis an bháisteach
187throm. Ní chuireann sí isteach ar a phort.


188
189

Ní ceol casta ceol an loin mar cheol na
190fuiseoige. Is casta ceol an smólaigh ná é,
191ach tá sé chó fuaimeach ceolmhar go líonann
192sé coill is spéar, agus cloistear é míle i
193gcéin. Má tá rud ar bith saoghalta a
194mbaineann draoidheacht leis, 'sé an ceol é.


L. 12


195

Má éistighir le ceol an loin an t-am in
196a mbíonn an domhan ina gcodhladh ach eisean
197is tú féin mothóchaidh tú an draoidheacht.


198
199

Bhí sé socruighthe ag Naomh Proinnsias
200tráth seanmóir a thabhairt uaidh faoi sgáth
201crainnte coille. Nuair tháinig sé isteach
202san gcoill bhí an oiread soin ceoil dhá
203dhéanamh ag éanlaith nárbh fhéidir leis an
204Naomh a ghlór a chur i gcéill. D'éist sé
205leo ar feadh sgathaimh agus annsin dubhairt
206leo stad de'n cheol, gur theastuigh uaidh féin
207labhairt. Stadadar ar an bpoinnte. Is
208dóigh liom go raibh an londubh ar cheann de
209na héanacha a choinnigh an Naomh ina thost,
210mar gur beag éan ceoil atá chó binn ná
211chó hárdghlórach leis.


212
213

Taithigheann an londubh fálta, agus
214cladhacha, má bhíonn tomanna nó corr-sgeach
215ortha. Cois chlaidhe nó fáil nó faoi sgeacha
216ins an ngáirdín is fearr leis le bheith ag
217tóiridheacht bídh. Ní feicfidhe go deo é i lár
218páirce, agus ag eiteall dó ní théidheann sé
219go hárd nó abhfad ó'n bhfasgadh.


220
221

Ní bhíonn nead an loin ró-árd ó'n talamh.
222Muna mbíonn sgeach nó tor feiliúineach dó
223toghann áit clúthmhar faoi sgáth an eidhin ar
224thaoibh an bhalla, nó cuasán faoi bhruach,
225b'fhéidir. Cleachtann an lon de réir mar
226gheibheas sé caoi. Bíonn an nead go breagh
227fairsing agus é an-chosúil le nead an
228smólaigh. Bíonn difridheacht ann, ámh. Cuir-
229eann an lon líneáil de'n fhéar mhín ar an
230taoibh istigh dá nead féin. Ní bhíonn a leitheid


L. 13


231

sin i nead an smólaigh. Ceithre nó cúig
232ubh a bheireas an chearc loin nó go ndéanann
233gor ortha, ach is minic a ghoras cearc loin
234trí uaire san mbliain.


235
236

Is cosúla an chearc loin le smólach a
237mbeadh clúmh agus cleiteacha ciardhubha air
238ná leis an gcoileach loin a bhfuil clúmh agus
239cleiteacha chó dubh le daol air, agus gob
240buidhe. Go deimhin, tá spotaí dubha ar
241bhrollach na circe loin mar atá ar an
242smólach ach nach bhfuil na spotaí chó cruinn
243le spotaí an smólaigh. Stríocaí dubha treasna
244ar an mbrollach atá ar an gcearc loin. Is
245dócha gur mar gheall ar an dath ciardhubh a
246tugtar "ciarseach" nó "céarseach" ar an
247gcearc loin. Tá an t-ainm sin uirthi i
248gCiarraidhe, i dTír Conaill agus in áiteanna
249i gCondae na Gaillimhe. De'n treibh céadna
250seadh lon is smólach agus ní hiongnadh na
251hainmneacha bheith tré na chéile. Is ar an
252smólach bheag cheoil a tugtar "ciarseach"
253in Árainn agus i Rosmuc.
254


L. 14


255

AN CHUACH.


256
257

Níor fheád filí na n-amhrán grádha samhailt
258níos deise ná an chuach a thabhairt do mhéin
259na mban. "'Sí cuaichín barr an tsléibhe í,"
260agus "Is binne ná an chuach í," agus
261cainteanna de'n chineál soin a bhíodh ag ár bhfilí
262tuaithe. Thaithnigh an tsamhailt leis na mná,
263ach ná tógtar ortha é, mar nach bhfuil sárú
264na cuaiche imeasg éan. Taithnigheann an guth
265bog binn leis an domhan mór, le slán agus
266easlán, le sean agus óg. Tig an t-éan
267chugainn thar sáile anall i ndeireadh an
268earraigh agus cuireann in úil dúinn go
269bhfuil laetheannta geala an tsamhraidh buailte
270linn. Tugann an sgéal soin misneach agus
271dóchas do'n sgolóig, agus cuireann sé fear
272an bhaile mhóir ag drimleoid faoi'n gcnoicín
273fraoich atá abhfad uaidh. Cuireann sé tógáil
274chinn ar an diúgaire féin agus crochann a
275chroidhe ina lár. Is binn linn sgéal na
276cuaiche, idir ghuth agus chiall.


277
278

Cé gur geal linn an chuach, níl cluanaidhe
279chó mór léithe imeasg na n-éan. Na héanacha
280is bradaighe beo — an seabhac, éan na sgadán,
281an chorr-fhaoileán, tógann gach éan aca nead
282agus ghníonn gor ar na huibheacha go cneasta.
283Ní dhéanann an chuach nead dí féin, agus ní
284dhéanann gor ar ubh. Ní bheathuigheann sí
285gearrcach ach an oiread. 'Sí giolla na
286cuaiche a ghoras ar uibheacha na cuaiche agus


L. 15


287

a thógas na cuachóga. Ní hé an cineál céadna
288éin a thoghas an chuach mar bhanaltra i gcomh-
289naidhe. Tá sé cruthuighthe le fada go mbíonn
290suas le céad nó sé fichid cineál éan ina
291mbanaltracha ag na cuacha, ach 'sí an riabhóg
292mhóna (anthus pratensis) is coitchianta a bhíos
293ag giollaidheacht do'n chuaich. 'Sí is minice
294a ghniós altromacht do chlainn na cuaiche.
295Ní hionann an t-éan so agus an riabhóg, an
296t-einín riabhach eile ar a dtugtar na hainm-
297neacha gealbhan toime, gealbhan claidhe, caológ
298riabhach, "bráthair a' dreolín" agus "buach-
299aill an dreolín" Bíonn an riabhóg so ina
300giolla cuaiche corr-uair, ach 'sí an riabhóg
301mhóna is fearr leis an gcuaich mar mháthair
302altroma dá clainn. "Banaltra na cuaiche,"
303atá ag muintir Chonnacht ar an riabhóig
304móna. "Coimhdre na cuaiche," atá ag
305muintir Thír Eoghain uirthi. Tá "gobadán
306na cuaiche," agus "an giolla cuaiche" ag
307na Muimhnigh uirthi, agus tugtar "éinín na
308cuaiche" uirthi freisin. Is maith an aghaidh
309uirthi na leas-ainmneacha ar fad.


310
311

Tagann an cluanaidhe cuaiche i ngan fhios
312do'n riabhóig móna agus beireann an t-ubh
313ina nead, nó cuireann isteach ins an nead
314é le n-a gob. Ní feasach dúinn go cruinn
315cé'n bealach a gcuirtear an t-ubh san nead,
316é a bhreith ann, nó é a leagan anuas ann as
317béal na cuaiche. Ubh an-bheag, 'seadh ubh na
318cuaiche, níos lugha faoi dhó ná ubh an tseabhaic
319ruaidh, éan atá ar chó-mhéad beagnach leis an
320gcuaich. Thiocfadh le sean-chuaich an t-ubh a


L. 16


321

ghabhail ina gob go réidh agus deirtear go
322ndéanann sí sin agus go n-iomchruigheann sí
323mar sin é, nó ina sgórnaigh, ó áit a bhreithe
324go dtí nead an ghiolla. Is cuma do'n riabhóig
325móna cé aca é. Ghníonn sise gor ar an ubh
326iasachtach chó maith le n-a huibheacha féin.
327Nuair a thagann an t-am tagann an chlann
328amach, clann na cuaiche agus clann na riabh-
329óige. Ní fada a fhanas an dá chlainn le
330chéile, mar go gcaitheann an sgalltán cuaiche
331clann na riabhóige móna amach as an nead
332agus tógann sé a sheilbh dó féin.


333
334

An mháthair riabhóige is dócha nach dtuigtear
335an sgéal dí, nó b'fhéidir go gcuirtear faoi
336gheasa troma í gan faillighe a dhéanamh i
337mbeathú na cuachóige. Tógann sí an chlann
338altroma go dílis agus go dúthrachtach. Is
339fada ó na chéile goile na cuaiche agus goile
340na riabhóige móna. B'fhurasta do'n éan bheag
341a hiogán féin a shású, ach is cinnte go gcuire-
342ann iogán craosach na cuaiche saothar uirthi.


343
344

Nuair a thagas neart sgiatháin ins an
345gcuachóig fágann sí an nead ina diaidh agus
346tógann sí an mháthair altroma in éinfeacht
347léithe ar fud na tuaithe. Níl aon chur síos
348ar dhílseacht na n-éan dá ngearrcaigh. Dá
349mba léithe féin an chuachóg ní thiocfadh leis
350an riabhóig móna bheith níos dílse dí ná mar
351bhíonn sí. Leanann sí dá somachán altroma
352ar fud na bpáirceann, eisean ag eiteall
353roimhe ina rogha áird, agus ise, beag bídeach
354mar atá sí, ina dhiaidh aniar agus gach ré
355seal ag osnuíl agus ag casaoid aice.
356


L. 17


357

Níor chualas ariamh ó éan, cé's moite d'éan
358an nid sladtha, casaoid chó brónach le casaoid
359na riabhóige móna agus an chuachóg ar a haire.
360Shílfeá gur cúis náire aice an gearrcach mór.
361Chuirfeadh an péire "An Sota is a Mháthair"
362i gcuimhne dhuit. An mac gan mhúineadh gan
363bhéas, gan foighid fanacht le cois na máthar.
364An chailleach agus a cuid foighde sise caithte
365aice, agus náire uirthi faoi nach bhfuil cosú-
366lacht athar nó mháthar ar an mac, faoi nach
367leanann sé do nósa a shinnsear, ach é gan
368modh gan meas.


369
370

Chídhtear go minic éan beag ag leanúint
371na sean-chuaiche. Cuireann éiníní tóir ar
372an seabhac go minic freisin. Faitchíos is
373fáth leis an tóir sin ar an seabhac, agus is
374dóigh liom gurb amhlaidh atá an sgéal ag an
375éan beag a bhíos le sála na sean-chuaiche.
376Dá dtagadh cuach go dtí nead éinín, ba leor
377soin le faitchíos a chur ar an éinín agus
378chuirfeadh sé tóir ar an gcuaich.


379
380

Tá an riabhóg mhóna gaolmhar leis an
381riabhóig coille. Tá méara na gcos roinnt
382fhada aice agus ní fheileann an chraobh ná
383an tslat dí. Taithigheann sí an talamh
384réidh, an léana nó an mhóin. Is ins an bhféar
385a bhíos an nead aice, gan aon chosaint air
386agus tagann an chuach air gan strómh nuair
387bhíos an riabhóg mhóna amuich. Is cinnte go
388mba dheacair do'n chuaich teacht ar nead i
389lár sgeiche agus ní leigfeadh na héanacha
390móra ina ngaobhthar í. Ní fhéadfadh cuach
391dul isteach i nead dreoilín agus ní bheadh


L. 18


392

sé de mhisneach aice aghaidh a thabhairt ar
393nead smólaigh nó loin.


394
395

Ó bharr guib go rinn iorbaill tá ceithre
396ordhlach déag dh'fhad san gcuaich. Tá an gob
397dubh agus na cosa buidhe. An ceann, an
398muinéal, an brollach, an druim agus an
399t-iorball, táid liath-ghorm, agus tá baill
400gheala chruinne ar chleiteacha an iorbaill,
401An t-íochtar, ó bhrollach go bun an iorbaill,
402tá sé geal agus stríocaí gearra dubha
403treasna ann. Éan péacach dathúil 'seadh
404an chuach, agus is éan sgáthmhar í. Ní éirigh-
405eann le mórán teacht ina haice.


406
407

Tagann na sean-chuacha chugainn i mí
408Abráin agus imthigheann uainn tar na
409fairrgí ó dheas i mí Lughnasa. Fágann siad
410na cuachóga ina ndiaidh ach imthigheann
411siadsan uainn i mí Mheadhon-fhoghmhair. Tógann
412siad na fairrgí tréana ortha féin gan sean-
413chuach le n-a dtreorú.


414
415

Níor mhaith le n-ár sean an chuach a chlosint
416ro-luath san earrach. Droch-chomhartha ab eadh
417é:


418
419

"Má labharann an chuach ar chrann gan
420duilleabhar,
421Díol do bhó agus ceannuigh arbhar."
422


L. 19


423

AN DREOILÍN.


424
425

Tar éis na Féile Pádhraic bíonn an
426dreoilín go cruadhógach gach lá in éadan a
427nid. 'Sí a ghníos an nead go cruinn, com-
428pórtach agus is fíor nach bhfágann sí bun
429cleite amach nó barr cleite isteach ann.


L. 20


430

Ní de chleiteacha a ghníos sí an nead, ámh,
431ach de chaonach úr, de dhuilleogaí beaga agus
432de chlúmh. Baineann sí an caonach úr go
433héasgaidh, agus tig léithe a chasadh síos suas,
434isteach is amach, de réir mar fheileas sé
435dí. Is furasta an t-adhbhar úr a bhrughadh
436agus a fhigheachan go dlúth le chéile, agus ní
437mór soin nó bheadh báisteach anuas agus
438gaoth isteach.


439
440

Cuireann sí corr-dhuilleog tríd an
441gcaonach, agus cuireann caonach mín agus
442clúmh ar an taobh istigh de'n nead. Coinnigh-
443eann an clúmh an teas do na huibheacha
444nuair bhíos an t-éan ar gor. Triomuigheann
445agus cruadhann grian agus gaoth an caonach.
446Bíonn an oiread soin toirte san nead agus
447bíonn an mianach fighte chó dlúth ar a chéile
448nach ndéanann an triomacht deannach dhe ná
449dochar dó, ach a mhalairt.


450
451

Tógtar nead an dreoilín go hiondual i
452lár sgeiche nó i gcuas san gclaidhe nó i
453bpoll san tigh faoi'n mbuntsop. Déanamh
454cruinn a bhíos air, gan é bheith fosgailte ar
455a bharr ar chor ar bith. Ní cosúil le nead
456gealbhain é, ach 'déarfá gur cuma nó ceirtlín
457caonaigh é ar gach bealach, tá sé chó cruinn
458sin idir bun agus barr. Is ar éigin atá
459ceithre ordhlach d'aoirde ann ó íochtar go
460huachtar. Tá poll ar bholg an nid ar thaoibh
461na fóthana, mar bhealach isteach is amach.
462Tá fairsingeacht slighe istigh do'n mháthair
463agus do na seacht n-ubh déag a bhíonn go
464minic ag dreoilín na hÉireann. Nuair thig


L. 21


465

na sgalltáin as an bplaoisg bíonn slighe
466dóibh go léir istigh in éinfeacht leis an sean-
467dreoilín.


468
469

Ní bhíonn dreoilíní taobh le nead an ghuir.
470Tógann an sean-choileach neadanna in aice
471le nead an ghuir agus ghníonn sé ar an gcuma
472céadna iad agus de'n mhianach chéadna, ach
473nach gcuirtear an líneáil mhín dé chlúmh ar
474an taoibh istigh ionnta. Is le haghaidh an
475gheimhridh a tógtar neadanna an choiligh agus
476is féidir na dreoilíní a fheiceáil agus iad ag
477cruinniú ionnta trathnóna garbh geimhridh.


478
479

Is éachtach an t-ál a bhíonn ar an dreoilín
480agus is dúthrachtach an mháthair í a thugann
481aire dóibh ar fad. Dá bhfeictheá í féin agus
482an t-athair maidin shamhraidh agus iad ag
483cnuasach crumhann agus péistíní do'n aos óg,
484chuirfídis iongnadh ort leis an bhfuadar a
485bhíonn fútha.


486
487

Éinín sgáthmhar 'seadh an dreoilín. Ní
488miste léithe comhnaidhe in áitreabh daonna.
489Imeasg na sgeach ins na garrannta is mó
490a chomhnuigheann sí, agus ní miste léithe
491bántaí agus criathracha uaigneacha má bhíonn
492tom sgeiche nó aitinne ionnta chun fasgtha.


493
494

Ní ceoltóir ró-mhaith an dreoilín, cé gur
495fearr é ('sé an coileach a ghníos an ceol)
496ná an gealbhan cátha, ná an bhuidheóg, agus
497cuid mhaith eile. Níl de cheol aige ach aon
498amhrán amháin agus gabhann sé é sin go
499croidhiúil gach mí san mbliain.


500
501

Dath donn-riabhach atá ar an dreoilín in
502uachtar agus dath liath gan é bheith riabhach in


L. 22


503

íochtar mar bhíos ar go leor de na héanacha.
504Tá ganntanas ceoil agus dathann ar an
505dreoilín, ach má tá, níor dhéin Dia
506éagcóir uirthi. Thug Sé cothrom dí ar bhealach
507eile, mar thug Sé ciall agus gliocas dí.
508Ní thíg le mórán éan nead a dhéanamh chó
509maith léithe, ná áit chosanta do'n nead a
510thoghadh mar ghníos sise. Ní baoghal do nead
511an dreoilín an cat nó an seabhac.


512
513

Tá sé ina sgéal go raibh comórtas idir
514na héanacha tráth ag féachaint dóibh cé aca
515is aoirde a d'eitleochadh san aér. Chruinnigh
516eadar ar fad le chéile lá breagh samhraidh.
517Tháinigeadar ó na naoi n-áird, idir éanacha
518coille agus éanacha fairrge. Bhí an t-iolar,
519an chorr éisg, an gainéad, an bhroigheall agus
520na faoileáin ann. Bhí na héanacha aille
521ó'n bhfairrge ann; bhí na géabhaí fiadháine
522agus lachain fhiadháine ann; bhí na ladhráin
523trágha ann ina míltí; bhí an chathóg, an
524préachán, agus an snag breac ann; bhí cuilm
525agus cearca fraoich agus feadóga ó'n sliabh
526ann; bhí druideacha agus pilbíní agus crot-
527acha ann.


528
529

Tháinig na héanacha ceoil agus iad ar fad
530go sgáthmhar, cúthail, an smól, an lon, an
531glasair choille, an spideog, an gleoiseach,
532an chuach, an fhuiseog, agus an bhuidheog.
533Tháinig na fáinleoga, na meanntáin agus
534na gealbhain, an dreoilín easpuig agus snag
535na gcrann.


536
537

Ní tháinig ach aon dreoilín amháin do
538láthair agus bhí na héanacha uile ag magadh


L. 23


539

faoi. Tháinig an oiread sgátha air gur
540dhruid sé siar uatha go ndeachaidh i bhfolach
541taobh thiar de'n iolar. Ar ball beag sul
542ar tosnuigheadh ar an rás in áirde léim
543an dreoilín isteach faoi chleite mór iorbaill
544an iolair agus d'fhan annsin.


545
546

Tosnuigheadh ar an rás agus d'Árduigh na
547héanacha ar fad san aér. Bhí na cinn bheaga
548chun tosaigh ar dtús agus na cinn mhóra ar
549deireadh, ach ba ghearr gur thosaigh na sgiatháin
550laga ag tuitim anuas agus bhíodar ag tuit-
551im as an rás de réir a chéile go dtí nach
552raibh le feiceál in áirde ach an t-iolar.


553
554

Nuair chonnaic an t-iolar go raibh buaidhte
555aige, mar shíl sé, chuir sé gáir mhaoidhte as.


556
557

"Is liom-sa an chraobh," ar sé, "is mise
558rí na n-éan."


559
560

Sin í an uair a d'éaluigh an dreoilín as
561iorball an iolair go ndeachaidh sé in Áirde
562os cionn an éin mhóir.


563
564

"Ní headh," ar an dreoilín anuas, "is
565liom-sa an chraobh, is mise rí na néan."


566
567

Thuit an triall ar an treall ar an
568iolar agus tá an dreoilín ina rí ar na
569héanacha uaidh sin anuas.
570


L. 24


571

AN tÉAN IS LUGHA SAN EURÓIP


572
573

An t-oileán úd ba mhór le rádh le linn
574cogaidh an Dá Ghall — Heligoland atá mé a
575rádh — tá sé ar an mbealach a ghabhas na
576héanacha imirce ag teacht adtuaidh dóibh ó'n
577Orbhuaidh san bhfóghmhar. Tá teach soluis
578ann agus meallann an solus oidhche na
579héanacha go minic agus cuireann dá dtreoir
580iad.


581
582

Oidhche amháin i ndeire fóghmhair bhí an
583domhan mór de dhreoilíní easpuig ag teacht
584adtuaidh ó'n Orbhuaidh. Tháinigeadar bealach
585Heligoland. An solus agus anfa gaoithe in
586éinfeacht leis, b'éidir, a chuir dá dtreoir


L. 25


587

iad gur thúirlingeadar ar an oileán.
588Connacthas na céadta aca timcheall an
589tighe soluis feadh na hoidhche agus ar n-a
590mháireach bhí an t-oileán faoi bhrat clúimh.
591Is ar éigin a d'fhéadfaidhe coisméig a shiubhal
592ann gan bróg a leagan ar dhreoilín easpuig.


593
594

Níl aon iongnadh d'iongantaisí na n-éan
595is mó ná is spéisiúla ná an chaoi ina
596dtugann an t-éinín seo aghaidh ar an dtréan-
597fhairrge agus ina ndéanann sé bealach thar
598uisge ó thír go tír. Níl de mhéad ann ach
599mar a bheadh smuta clúimh. Níl meadhchaint
600onnsa i gcúig cinn aca le chéile. Dá réir
601sin is beag neart atá san dreoilín easpuig,
602ach seolann Dia slán thar tuinn é faoi dhó
603gach bliain, mar is éan imirce é.


604
605

Tá ár gcuid féin de dhreoilíní easpuig
606in Éirinn. Fanaid againn ó cheann ceann na
607bliana agus tógaid ál annso. Gheibhimid
608freisin ár gcuid de na dreoilíní imirce ach
609is ar éigin a tógtar faoi deara iad. An
610chuid is mó aca tagaid i dtír i gcúige
611Laighean, ach tagaid i dtír ag Ceann Léime
612san iarthar, in Árainn agus i dTír Conaill.
613Tagaid chugainn san bhfóghmhar agus imthighid
614uainn arís faoi Mhárta agus Aibreán,


615
616

'Sé an dreoilín easpuig an t-éan is lugha
617d'éanacha na hEorpa, agus tá an coileach
618ar cheann de na héanacha is deise dath dá
619bhfuil ann. An dreoilín donn atá an-
620choitchianta san tír seo taithigheann sé áiteacha
621atá ar ganntanas crann. Ní miste leis an
622áit is luime má bhíonn fasgadh beag dó féin


L. 26


623

ann. Cleachtuigheann an dreoilín easpuig a
624malairt de shaoghal. Tá sé tugtha do na
625crainnte. Ní hamhlaidh a thaithigheas sé
626dlúthas coille i gcomhnaidhe mar is beag áit
627in Éirinn a bhfuil crainnte go réasúnta
628fairsing nach dtagann sé ann. Oileán
629Acla féin, dá fhiadháine é, ní thugann sé cúl
630air, ná ar iarthar na Gaillimhe.


631
632

Lorgann sé biadh ins na crainnte agus
633ins an aér. Ní fheicfeá go deo é faoi'n
634bhfál mar a mbíonn an dreoilín donn go
635minic. Maireann sé in áirde na gcrann
636agus ní dhéanann moill in aon bhall.
637Gluaiseann sé go sgioptha ins na craobacha
638agus é de shíor ag cuartú cairte an crainn
639ar lorg bídh.


640
641

Bíonn go leor míol mbeag ina gcodladh
642nó i bhfalach i ngága na cairte, cuileoga,
643gailseacha, crumhanna, Máiríní smeacha,
644leamhain, réadáin, corra míoltóg, agus
645míola nach iad. Is ortha so a bheathuigheas
646an dreoilín easpuig agus is ar a lorg a
647bhíos sé an t-am a bhfeictear é ag cuartú
648géag. Níl sé ina chó mhaith de chuartaidhe
649leis an snag. Is amhlaidh a ghníos an snag
650snámhuíl ar an gcairt ó bhun an chrainn
651go dtí an barr gan poillín a fhágáil gan
652chuartú. Gluaiseann sé go mall. Preab-
653aire 'seadh an dreoilín easpuig a ghluaiseas
654go tapaidh ó ghéig go géig gan ach tamall
655beag a thabhairt do chrann dá méad.


656
657

Níl gar aige bheith chó gasta 'san aér leis
658an bhfáinleoig, nó leis an ngabhlán gaoithe.


L. 27


659

Éanacha gasta ar sgiathán 'seadh iad-san,
660ach is greannmhar an ruidín an dreoilín
661easpuig agus é ar thóir cuileoige san aér.
662Tá an tsnáthad mhór chó fada leis, nach mór,
663agus is cinnte go bhfuil sé chó mear leis
664ar sgiathán.


665
666

Ba chirte an t-éan so a shamhailt leis na
667meanntáin — go mór mhór leis an meanntán
668gorm — ná le éan ar bith eile. Is rí-chosúil
669é le Diarmuid Beag (an meanntán gorm)
670ach nach bhfuil ruainne de'n ghoirme álainn
671ina chlúmh, agus nach bhfuil sé chó mór ná
672chó teann leis. Tá gaol aige leis na
673meanntáin agus bíonn sé go minic ina gcomhluadar.
674Is mar gheall air sin nach n-aithnighthear é
675thar meanntán ag go leor daoine.


676
677

Is minice ina aonar é ná leis na
678meanntáin, ámh, agus bíonn sé i gcomhnaidhe
679ar siubhal. Ní fhacas ariamh dreoilín
680easpuig ag leigint a sgíthe, nó ina chomhnaidhe
681ach nuair bheadh sé ag cíoradh a chlúimh. Ní
682mar sin do na héanacha eile. Caitheann
683an gealbhan buidhe tamall de'n lá ag osnuíl
684do féin ar bharr slaite. Leigeann an
685spideog agus an gealbhan binne a sgíth go
686rí-mhinic, agus is minic do'n ghealbhan cátha
687ar chraoibh gan ceileabhar as. Ní thagann
688an "círín órdha," mar thugas an Béarla
689air, agus an díomhaointeas le chéile.


690
691

Is amhlaidh atá dath clúimh an éin seo: an
692druim uaithne; an brollach, an bolg, agus
693an dá thaoibh, buidhe-bhán; an dá sgiathán
694dubh-uaithne, agus stríocaí geala treasna


L. 28


695

ortha. Ball chó buidhe le hór ar a bhaithis,
696agus ar chúl cinn an choiligh tá ball álainn
697dearg. Is uaidh sin, is dóigh liom, a tugtar
698dreoilín easpuig air.


699
700

Neadann an dreoilín easpuig ins na
701crainnte giúise, má bhíonn an cineál soin
702ann, ach ní miste leis neadú i dtom aitinne,
703nó faoi'n eidhean ar thaoibh crainn nó balla.
704Nuair a thoghann crann do'n nead cuireann
705sé deis ar an nead a dhealuigheann é ó nead
706éin ar bith eile. Tógann sé an nead idir
707dhá chraoibhín, craoibhín os a chionn agus
708craoibhín faoi n-a bhun. Greamuigheann sé
709go daingean é agus ghníonn go mín teolaidhe
710ar an taoibh istigh é le caonach, fionnadh
711agus clúmh. Suas le deich n-ubh a bheireas
712an t-éinín seo.


713
714

Dá laghad é mar éinín is rógaire é an
715uair a gheibh sé faill. Lá a raibh an gealbhan
716cátha ag déanamh nid bhí an dreoilín easpuig
717ghá fhaire. Thagadh an gealbhan cátha gach ré
718móiméad le giota adhbhair do'n nead agus
719bhí go cruadhógach ar fad agus olann, fionnadh
720agus clúmh dá bhfigheachan le n-a chéile aige.
721Nuair d'imthigheadh sé ar lorg tuilleadh
722adhbhair thagadh an dreoilín easpuig, ghoideadh
723giota clúimh as nead an ghealbhain agus
724chuireadh ina nead féin é. Bhí an ghadaidh-
725eacht ar siubhal feadh tamaill nuair tháinig
726an gealbhan cátha aniar ar an rógaire.
727Thuig sé an sgéal ar an bpoinnte agus chuir
728ruaig ar an dreoilín easpuig as an gcomh-
729arsanacht ar fad.
730


L. 29


731

TRÍ CEOLTÓIRÍ.


732
733

Bhíos lá earraigh ar leiceann cnuic i
734mBéal Leice,áit i bhfíor-iarthar Iar-Chonnacht.
735An trathnóna a bhí ann, trathnóna glas, agus
736soillse an lae imthighthe, beagnach. Bhí gaoth
737fhuar aníos ó'n bhfairrge móir agus gan
738d'fhasgadh san áit ach corr-sgeach nó cuaille
739ar chlaidhe agus ceann cromtha ar


L. 30


740

gach fás aca, mar go mbíonn síor-shéideadh
741ó'n bhfairrge ar an leiceann lom úd.


742
743

Ag dul siar an cnoc dom chualas ceol
744éin. Bhí an fhuaim go hárd agus an port
745go mall réidh. Shílfeá go mba fuaim bhinn
746chluig corr-nóta de'n cheol, agus shílfeá go
747mba fead bog binn corr-nóta eile, agus
748ní fhéadfá samhailt a thabhairt do chuid móir
749de na nótaí. Bhí na nótaí ar fad ag teacht
750le chéile agus árdfhuaim fútha go léir ins
751an gcaoi gur chualas an port thar séideadh
752na gaoithe agus thar glór na fairrge i mbéal
753na leice thíos. Nuair a bhí an port gabhtha
754stad an t-éan agus i gceann tamaill bhig
755thosuigh arís. Ghabh sé an port céanna arís
756go mall, go binn, agus go hárd. Ní tháinig
757na nótaí i ndiaidh a chéile díreach mar
758tháinigeadar ins an gcéad gabhail, ach bhí
759teacht-le-chéile ins an bport agus an tsástacht
760chéanna ag an éan ghá gabhail, agus agam-sa
761ghá chlos.


762
763

Thugas aghaidh ar an áit a raibh an ceol.
764Ba ghearr go bhfacas an ceoltóir ar bharr
765cuaille aonraic ar thaoibh claidhe an chasáin.
766Smólach a bhí ann, smólach beag, nó céarseach,
767mar thugann muintir Iar-Chonnacht air.
768Nuair tháinig mé in aice na cuaille d'imthigh
769an t-éan. Shiubhail mé liom agus brón orm
770faoi gur chuireas ruaig air. Ní raibh mé
771céad slat ó'n gcuaille nuair chualas an
772port arís. Bhreathnuigheas siar agus bhí an
773ceoltóir aoibhinn ar bharr na cuaille arís.
774Níor chuireas isteach air an darna uair ach


L. 31


775

shuidheas ar chloich agus d'fhanas ag éisteacht
776leis an smólach ba bhinne dár chualas ariamh
777gur chuir an dorchadas ina thost é.


778
779

Is minic a chualas ceol an smólaigh bhig
780roimhe. Gach maidin earraigh cloistear dom
781é agus is minic a bhím tuirseach dhe. Fiadh-
782ántas Bhéil Leice a rinne an smólach úd
783ar an gcuaille claidhe chómh binn, is dócha.


784
785

Tá Inis Múscraidhe ina oileán uaigneach
786indiu. Níl áitreabh daonna ann, ná sgeach
787ná tor ná tom fraoich, ach an ghaoth láidir
788ó'n mbóchna mór de ló is d'oidhche ann, an
789ghaoth a fhágas blas guirt ido bhéal. Ó dheas
790ó Charna agus ó thuaidh ó Árainn atá
791Múscraidhe agus é suidhthe i mbéal chuain
792na Gaillimhe. Leath-cheád acra de thalamh
793cothrom is méad do'n oileán, agus bíonn féar
794thar bróga ann agus caonach mín in áiteanna
795a tharraingeann éanacha chun guir ann.


796
797

Chuadhas go dtí an t-oileán lá samhraidh.
798Chonnaiceas uibheacha geabhróg go tiugh ar an
799tráigh gan nead fútha, agus sgalltáin philbíní
800gan sgáth ortha. Bhí ladhráin ag feaduíl
801agus geabhróga ag sgréachuíl san aér os
802mo chionn. Níor mhaith leo mé agus níor
803cheol liom a nglór. Shiubhail mé isteach go
804lár an oileáin agus chualas ceol fuiseoige,
805ach níor fhéadas an fhuiseóg d'fheicsint. Bhí
806an spéar go glan ach ní raibh fuiseog in amharc.
807Bhíos ag ceapadh ar dtús gur anuas a bhí
808an ceol ag teacht, mar is gnáthach le ceol
809fuiseoige, ach thugas faoi deara nárbh eadh.
810D'éisteas tamall go haireach agus dhearcas


L. 32


811

i dtreo an cheoil. Bhí an t-éan ar an talamh,
812cinnte, agus ba ghearr go bhfacas é. Bhí
813sé ina sheasamh ar thom féir agus é ag ceol-
814tóireacht ar a dhícheall. Bhí ionganadh an
815domhain orm fuiseog a fheicsint ag déanamh
816ceoil ar an talamh, mar nárbh eol dom
817roimhe sin go ndéanfadh fuiseog ceol agus é
818ar a cosa. Aimsir ghuir a bhí ann agus is
819amhlaidh a bhí an coileach ag coinneál comh-


L. 33


820

luadair le n-a chéile a bhí ar an nead ins
821an bhféar in aice leis.


822
823

Is dócha gur mhéaduigh uaigneas an oileáin
824binneas ceoil na fuiseoige úd, ach is ceoltóir
825binn éifeachtach an fhuiseog is cuma cé'n áit
826a mbíonn. Gan lon ná smólach a chomhaireamh,
827creidim go bhfuil an chraobh tuillte ag an
828bhfuiseoig thar na héanacha beaga ar fad.
829Gabhann sé a phort gan sos gan stad
830ar feadh achair fhada. Tá éifeacht ina
831ghabhail cheoil, tá binneas mór agus
832éagsamhlacht ann, tá árdú is ísliú ann,
833agus is cinnte nach bhfuil againn i nÉirinn
834éan ceoil chomh beag leis atá leath chomh maith
835leis.


836
837

Na héiníní ceoil a thagas thar sáile anoir
838chugainn ní thagann mórán aca go hIar-
839Chonnachta. Fanaid, an cuid is mó aca,
840in aice na gcoillte i gCúige Laighean agus
841i ngleannta clúthmhara na Mumhan. Tagann
842an t-éinín sailighe chugainn agus an "sif
843seaf." Ceolairí 'seadh an péire ach ní
844minic a cloistear ag ceileabhar san iarthar
845iad. Is i gCúige Laighean is minice a chualas
846an t-éinín sailighe. Tá gleann clúthmhar
847coillteach in aice na fairrge thoir na dtagann
848na héiníní sailighe go fairsing ins an earrach
849agus fanaid ann go dtí an fóghmhar. Gleann
850Dá Loch atá mé a rádh. Lá aoibhinn samhraidh
851dom ins an sean-roilig ann chualas ceil-
852eabhar an éinín sailighe de'n chéad uair. Bhí
853an t-éan ar chrann in aice leis an gcloigtheach.
854Ní raibh ceol ó éan eile le clos. Bhí an


L. 34


855

smólach agus an londubh ina dtost ó mhaidin
856agus ba dóigh liom nár airigheas ariamh aon
857áit chó ciúin leis. Ní áit uaigneach é ach
858bíonn an ciúineadas ina rí imeasg na gcrann
859ins an sean-roilig lá breagh samhraidh. Bhíos
860ag déanamh iongnaidh de'n chiúineadas agus
861ag cuimhneadh ar Chaoimhghin agus ar chogadh a
862bhí idir manaigh is tuataigh in allód faoi
863ghiodán talmhan bhí i seilbh na manach, nuair
864labhair an t-éinín sailighe ó bhárr an chrainn.
865Is aoibhinn ar fad é port an éin bhig seo.
866Port gearr é ach tá éagsamhlacht ann agus
867mianach de'n bhrón. Gabhann an t-éan go
868hárd é ar dtús agus ísligheann a ghlór ina
869dheireadh. Níor chualas ceileabhar éin ariamh
870a mheabhruigh cineáltas agus cumha chómh mór
871dom.
872


L. 35


873

AN CREABHAR CAOCH.


874
875

Nuair bhíos an creabhar ag teacht adtuaidh
876thar sáile chugainn tugann sé leis go minic
877ina dhá chrúb maide beag gearr. Má
878éirigheann sé tuirseach ar an turas ísligheann
879sé ar an uisge le n-a sgíth a leigint agus
880coinnigheann an maide ar uachtar uisge é
881san gcaoi nach mbáidhtear é, agus tugann
882congnadh dó le éirghe de'n uisge arís. Nuair


L. 36


883

a bhíos a sgíth leigthe aige eirigheann sé de'n
884uisge arís agus tugann an maide beag leis.


885
886

Filleann na creabhair ar na coillte
887céadna bliain i ndiaidh bliana. Má bhíonn
888neart aca ní dhéanaid moill nó ísliú ar an
889gcladach, ach tagaid caol díreach isteach faoi
890thír go dtí n-a gcoill féin agus bíonn an
891maide i ina gcrúbaí aca go n-íslighid go
892talamh.


893
894

An sgéal so faoi'n maide ní fhacas in
895aon leabhar é, agus ní heol dom gur tugadh
896an maide faoi deara roimhe seo ach ag aon
897fhear amháin. Ní fhacas féin na creabhair
898ag teacht i dtír, agus mórán daoine a rug
899ortha ar aill nó cladach agus iad traochta
900tar éis aistir dóibh níor thugadar an maide
901faoi deara, nó má thug níl cunntas againn
902air. An fear a thug an cunntas dom-sa
903tá sé ina chomhnaidhe in aice le sean-choill in
904iarthar na tíre agus bíonn an choill sin
905lomalán de chreabhair ins an ngeimhreadh.
906Níl bliain le dhá fhichid bliain, cé is moite de
907bhliain a raibh sé faoi ghlas ag Gaill, nach
908bhfaca sé na creabhair ag filleadh ar
909sgiathán go dtí an tsean-choill. Thagaidís
910ina n-éan is ina n-éan, agus dhearbhuigh sé
911dom go bhfaca sé go minic maide beag i
912gcrúbaí creabhair ar bheith ag filleadh ar an
913gcoill do'n éan ins an bhfóghmhar. Deir sé
914liom gur maide snáimh an maide beag so
915a thugas an t-éan leis ionnus go bhféadfadh
916sé a sgíth a leigint ar an bhfairrge dó.


917
918

Gorann an creabhar imirce abhfad ó thuaidh


L. 37


919

in Orbhuaidh agus ins na réagúin níos fuide
920ó thuaidh. Bíd ó thuaidh ar feadh an tsamhraidh
921— iad so a théidheas ar imirce. Tagaid
922adtuaidh ar ais chugainn timcheall na Féile
923Michíl ins an bhfóghmhar agus uaidh sin go dtí
924an Nodlaig.


925
926

Na héanacha imirce a mbíonn turas fada
927fairrge ortha leanaid cósta tíre má's
928féidir, agus coinnighid leis an gcóir gaoithe.
929Ag teacht ó'n Orbhuaidh d'éanacha d'fhéadfaidhe
930go sguabfaidhe leis an ngaoith iad taobh thiar
931d'Albain agus d'Éirinn agus nach dtiocfaidís
932i dtír go dtí an Spáinn. Dá mbeadh aimsir
933chiúin ann dhéanfaidís an turas níos dírighe.
934Thiocfaidís bealach Inse Cad agus Inse Gall
935agus bhuailfidís le hÉire ar an gcósta ó
936thuaidh. B'éidir go dtiocfadh cuid aca treasna
937Alban nó Shasan agus treasna na Maoile
938go hÉirinn.


939
940

Tagann creabhair i dtír go fairsing ins
941na hÁrda i gCondae an Dúin, agus is ó
942Albain díreach a thagaid is dócha, ach caithfear
943a rádh go dtagann creabhair i dtír ar oileáin
944agus ar chósta Thír Chonaill agus timcheall
945na hÉireann uile. Is fairsinge a thagaid
946ó thuaidh ná in aon áit eile.


947
948

Iad so a thagas an bealach ar fad ó'n
949Orbhuaidh le fairrge bíd sáruighthe ag an
950aistear agus ní chuirfeadh sé iongnadh orm
951dá mbeadh maide snáimh dá iomchur ag cuid
952aca. Is eol dúinn go cinnte go leigeann
953na creabhair a sgíth ar an aistear fada
954fairrge agus go n-íslighid ar longa ar bheith


L. 38


955

traochta dóibh. Connacthas iad go minic ag
956lucht taistil na mara ag ísliú ar an uisge
957féin le n-a neart a chruinniú arís.


958
959

Is éan cliste le n-a chosa an creabhar.
960Má ghorann cearc chreabhair i gcoill críon
961tirim, bíonn uirthe taisteal a dhéanamh gach
962tráthnóna go dtí an talamh bog ina mbíonn
963péisteanna créafóige le fághail. Ní thig
964léithe mórán péisteann a iomchur go dtí an
965nead agus 'séard a ghníos sí na gearrcaigh
966a thabhairt léithe idir na crúbaí go dtí an
967biadh agus tógann sí léithe iad ar sgiathán
968dí féin.


969
970

Tá creabhair againn thar na creabhair
971imirce. Tá creabhair dhúthchasacha againn
972leis na cianta agus gorann siad so in
973Éirinn tar éis imtheacht do na héanacha
974iasachtacha uainn timcheall na Cásga. Shíl
975go leor de na sgríbhneoirí Béarla nárbh
976éan dúthchasach an creabhar in Éirinn, ach
977is fada "creabhar an ghuib fhada" dá luadh
978ag Gaedhilgeoirí. Tá sé luaidhte i sean-
979amhrán atá againn ó aimsir an tSáirséalaigh.


980
981

Tosuigheann na héanacha dúthchasacha ar
982neadú i mí Márta agus bíonn an gor ar
983siubhal aca go dtí Iúl. Éanacha sgáth-
984mhara iad gan muinghin dá laghad as an
985gcineadh daonna. "Faire san lá agus
986fághtailt san oidhche" is focal faire dóibh
987agus ní feictear ag mórán iad. An crann
988cuilinn nó an crann labhrais is fearr leo
989mar fhasgadh, agus muna mbíonn a rogha aca
990sásuigheann crann giúise iad, nó tom de'n


L. 39


991

árdfhraoch, nó tor fasgúil ar bith. Ní
992hamhlaidh a chodluighid ar ghéaga crainn. Ní
993thaithighid na craobhacha beag ná mór, ach an
994talamh faoi na crainnte. Sin é an fáth ar
995tugadh "creabhar caoch" agus "crom na
996nduilleog" ar an éan. Neaduigheann sé
997ar na talamh agus, cosúil le gach gob fada,
998ní chaitheann sé mórán dúthrachta leis an
999nead. Éan ceithre ubh 'seadh an creabhar.


1000
1001

Níl cur síos ar an méad creabhar a
1002marbhuightí in Éirinn le linn do na tighearnaí
1003talmhan bheith i réim. Gach duine a raibh
1004"dúithche" aige bhíodh an "game" ar cosaint
1005aige agus deintí ár ar na creabhair lá
1006áithrid gach bliain. Cuirtí fir is buachaillí
1007ag cuartú na coille leis na héanacha a chur
1008in áirde roimh na gunnaí. Marbhuightí ina
1009gcéadta iad.


1010
1011

Éan bréagh buird 'seadh an creabhar. Crot
1012an naosga atá air, ach tá sé chó mór faoi
1013dhó leis an naosga. Bhíodh agus tá fós
1014tóir mhór ag na fiadhaidhthe air. Is dóigh
1015liom nach bhfuil creabhair chó fairsing agus a
1016bhíodh. Tá na dúithchí dá roint agus na coillte
1017dá leagan, agus níl an fasgadh ann do'n
1018chlúmh.


1019
1020

Dá mhéad cosaint a deintí ar an "game"
1021gheibheadh muintir na tuaithe éanacha in aisge
1022go minic in aindeoin na dtighearnaí. Ag
1023teacht i dtír do na creabhair imirce tagaid
1024ina sgataí. In aimsir gairbh bid cortha de'n
1025aistear agus tuitid lag tuirseach ar shroichint
1026an chósta dóibh. Is minic a rugadh ortha


L. 40


1027

mar sin agus níor gádh gunna le n-a gceapadh.
1028Is reamhaire a bhíd ag imtheacht nó ag teacht
1029dóibh agus bailighid le chéile ina gcéadta
1030roimh aghaidh a thabhairt ar an bhfairrge. An
1031fiadhaidhe eolgaiseach bhíodh sé i gcomhnaidhe
1032ag faire na gcreabhar aimsir na himirce.


1033
1034

Dhá bhliain agus dhá fhichid ó shoin thuit na
1035mílte creabhar "ó na néalta" i gCondae
1036an Chláir. Éanacha ar ghnáthach leo dul
1037níos fuide ó dheas ná Éire a bhí ionnta, is
1038dócha, agus chliseadar bealach a dhéanamh in
1039aghaidh gaoithe. Séideadh isteach faoi thír iad
1040agus níor éirigh leo fasgadh maith d'fhághail.
1041Bhítí ghá marbhú le bataí agus bhíodh
1042creabhair dá ndíol go saor ar mhargaidh na
1043sráideann an geimhreadh úd.
1044


L. 41


1045

IASGAIRÍ.


1046
1047

Leath-chéad slat de chiumhais báin ar an
1048bhfairrge agus an chiumhais sin dá suathadh
1049síos is aníos, amach is isteach arís in aghaidh
1050na gcarraig. Taobh thiar de'n chiumhais
1051cubhair sin tá na hárdtonna dá mbriseadh ag
1052na dubh-charraigreacha faoi'n taoille, agus
1053iad go garbh-ghlórach "ag teacht go tologach
1054torannach trom." Níl aon bheithidheach a
1055chuireas as gáir chó garbh nó chó hárd leis
1056an ollgháir gairbh fadghlóraigh a chuireas an
1057fhairrge chugainn. An tóirneach mhór an
1058t-aon torann nádúrdha a sháruigheas garbh-
1059ghlór na mara ar an tráigh.


1060
1061

Taobh thiar de'n chiumhais báin, agus de na
1062tonnta árda, agus de'n tormán mór tá an
1063stoirm. Nuair a thagas meisge ar na gaotha
1064an t-am a n-éirigheann eatortha amuich i lár
1065na haigéine, sin í an uair a ropaid rómpa
1066go dtéighid i dteangbháil leis an bhfairrge
1067agus go gcuirid umhan agus uafás ar mhín-
1068chlár na mara. Rud ciúin 'seadh an fhairrge
1069nó go gcuirtear uirthi. Nuair cuirtear uirthi
1070go teann is go dian tagann crith-eagla is
1071umhan uirthi agus téigheann sí thar comraidh-
1072eacht ar fad. Is mian léithe an uair sin
1073imtheacht dá leabaidh agus dul ar ais nó
1074ar éigin thar druim na talmhan. Bíonn an
1075stoirm taobh thiar dí ghá díbirt agus buaileann
1076sí ina tonna ar aill, ar charraig, is ar
1077thráigh, nó go mbristear agus go gcaithtear a
1078neart.
1079


L. 42


1080

I lár na stoirme sin a bhrostuigheas na
1081tonna chun buile bíonn na hiasgairí ar
1082snámh agus iad dhá n-árdú is dhá n-ísliú le
1083suathadh an uisge gan beann aca ar na gaotha.
1084Bíonn na héin ghiúrainn agus na crosáin
1085annsin amuich. Bíonn na héanacha aille
1086is na cánóga ann. Bíonn na gainéid is na
1087lachain mhara ann, agus na guardail, agus
1088na hiasgairí dána uile nach dtaithigheann an
1089tráigh.


1090
1091

Má théighir ar turas loinge chífir na
1092sguainte éan achar ó'n talamh, agus tógfair
1093faoi deara nach n-éirighid de'n uisge in anfa
1094gaoithe. Is amuich san bhfairrge sgathamh ó'n
1095tráigh is mó a lorgann na hiasgairí seo an
1096t-iasg. Is maith leo cuan fasgúil,
1097fairsingeach, iasgach, ach ní maith leo an talamh
1098agus ní maith leo teacht ina ghar, ach amháin
1099in aimsir na nead. Bhíodh sé ina sgéal
1100fadó go ngoradh an t-iasgaire cóirneach ar
1101an muir agus go mbíodh an mhuir ina clár
1102mhín chiúin feadh ama an ghuir. Ní raibh ann
1103ach sgéal gan ughdar. Ní ghorann éan ar
1104bith ar uisge. Is éigin do na héanacha is
1105fiadháine teacht i dtír le haghaidh guir. Sin
1106é is dlighe dóibh, agus muna mbeadh an dlighe
1107sin is beag eolas a bheadh againn ar éanacha
1108aille, ar chrosáin, ar chánóga, ná ar na
1109héanacha a thaithigheann an tréan-fhairrge.
1110Taithnigheann comhluadar a chéile leo agus
1111tagaid i dtír ina mílte san earrach san
1112áit is rogha leo mar neadlann.
1113


L. 43


1114

AN GAINÉAD.


1115
1116

Tugaim féin an chraobh do'n ghainéad ó
1117éanacha uile na fairrge. Ní heol dom
1118tomaire éin a théidheann chó fada síos faoi
1119uisge leis ar lorg éisg, agus tá sé chó láidir
1120ar sgiathán, dar le sean-ughdar Gaedhealach,
1121go rachadh sé tríd seolta luinge gan strómh.


1122
1123

Tá iongantaisí le feiceáil ar muir. An
1124gainéad agus é ghá theilgean féin ó áirde
1125an aéir caol díreach síos san uisge ar thóir
1126sgadáin, tá sé ar cheann de na hiongantaisí


L. 44


1127

is mó aca. Ní facthas dom-sa amharc níos
1128breaghtha ar muir ná an gainéad ag iasgach.
1129In aice le hÁrainn dom lá chonnaiceas an
1130t-éan mór ag timcheallú go hárd san aér.
1131Is ag brath na sgadán a bhí sé agus ba chosúil
1132ó'n áirde a bhí aige go raibh na sgadáin an
1133fhaid chéadna síos ó uachtar uisge. Bhí sé
1134ag eiteall go tréan agus cearcall de
1135leath-mhíle treasna dhá dhéanamh aige. Shílfeá
1136ó'n bhfuadar a bhí faoi nach bhfeicfidhe tada
1137faoi chlár na fairrge dó. Bhíos ghá fhaire
1138tamall maith nuair lag sé na sgiatháin go
1139raibh sé stadtha beagnach. Go hobann dhírigh
1140sé anuas ar an uisge, ceann faoi agus
1141iorball in áirde. Thuit sé mar thuitfeadh
1142cloch mhór agus nuair bhuail sé uachtar uisge
1143cuireadh stealladh agus maidhm bhaistighe go
1144hárd os cionn na dtonn.


1145
1146

Caithfidh sé gur bhuail sé an t-uisge le
1147neart agus truime nó ní cuirfidhe an t-uisge
1148chó hárd de bharr na teangbhála, agus níor
1149mhór do'n éan bheith láidir, cnámhach nó ní
1150fhuilingeochadh sé an teangbháil sin.


1151
1152

D'fhan sé faoi uisge tamall maith agus
1153an dá luath 's tháinig sé aníos d'árduigh sé
1154ar sgiathán arís agus d'imthigh leis.


1155
1156

Nach breagh an saoghal atá ag an ngainéad.
1157Grian agus gaoth agus fairrge, snámh ar
1158uachtar uisge agus dubh-shnámh faoi uisge,
1159tomadh agus iasgach, suas le céad míle ar
1160sgiathán ar maidin agus an turas céadna
1161ar ais go dtí an neadlann tráthnóna,
1162codladh oidhche ar ailltreacha árda na Sgeilge


L. 45


1163

Bige nó an Tairbh agus gan beann aige ar
1164gunna mar nach mbacann fiadhaidhthe na
1165hÉireann leis. Ní hé amháin gurb éan mór
1166breagh é a bhfuil crot agus cosúlacht air,
1167ach caitheann sé a shaoghal go réimiúil. Is
1168breagh an saoghal é agus is fiadháin.


1169
1170

Rud faoi leith a bhaineas leis an ngainéad
1171nach bhfuil ach dhá neadlainn ar chóstaí
1172Éireann aige, agus ní ar an gcósta díreach
1173atá an dá áit sin ach ar dhá oileán bheaga
1174mhara, an Sgealg Bheag atá in aice le
1175Sgeilg Mhichíl agus an Tarbh atá fiche míle
1176ó dheas ó'n Sgeilg agus siar ó Chondae
1177Chorcaighe.


1178
1179

Ní ghorann an gainéad seo 'gainn-ne
1180taobh amuich de'n dá áit seo. Gorann suas
1181le cúig céad péire aca gach samhradh ar an
1182Sgeilg agus timcheall trí céad péire aca ar
1183an Tarbh. Árduigheann an Sgealg Beag a
1184ceann clochach cúig céad troigh os cionn na
1185fairrge agus is ar shleasaibh na haille
1186agus i gcuasána na gcarraig a bhíonn
1187neadracha na ngainéad. Is cosúil le tréad
1188caorach na gainéid ar an Sgeilg séasúr na
1189nead. Cuirid iongnadh agus aiteas ar
1190bhádóirí a thagas i ngar do'n charraig.


1191
1192

Taithigheann na gainéid gach cuan agus
1193inbhear timcheall Éireann. Ní ó Chiarraidhe,
1194ámh, ná a ndeas a thagas a leath, mar go
1195bhfuilid an-fhairsing ar chóstaí Alban agus
1196'siad gainéid Alban a bhíos le feiceál ar
1197fhairrigí Uladh ó Thír Conaill go Condae an
1198Dúin. Téidheann gainéid ag iasgach ina


L. 46


1199

sguana ach is minic a bhíonn ceann corr le
1200feicéail ag iasgach dó féin. Nuair bhíos
1201sgadáin nó runnacha go fairsing i gcuan na
1202Gaillimhe bíonn lear mór gainéad ar a
1203dtóir taobh istigh d'Árainn. Taithnigheann
1204le hiasgairí sguan gainéad a fheiceáil ar
1205muir. An áit a mbíonn gainéid bíonn
1206sgadáin agus níl rud is fearr le hiasgaire
1207ná an sgadán.


1208
1209

Ba mhinic do na héanacha so dul a bhfastó
1210ins na heangacha. Tráth bhí iasgairí ag
1211iasgach ins an domhan-fhairrge soir ó Chondae
1212an Dúin agus na heangacha céad agus ceithre
1213fichid troigh faoi uisge aca thógadar aníos
1214ceithre fichid agus deich ngainéad a d'ionnsuigh
1215a gcuid sgadán faoi uisge agus a sáinnigheadh
1216ins na heangacha. Beireann iasgairí go
1217minic ar ghainéad chorr agus é ina chodladh
1218ar an tuinn tar éis an iomarca bídh. Tá
1219ealadhain chó mór de dhíth ar an éan so gur
1220féidir a ghabhail mar sin, nó a mharbhú go
1221réidh. Cleas atá ag iasgairí iasg a cheangal
1222de chlár ádhmuid agus a chaitheamh amach ar
1223an bhfairrge nuair bhíos gainéad ag eiteall
1224ós a gcionn. Tagann an gainéad anuas
1225go díreach trom ar an gclár go mbriseann
1226a mhuinéal ina aghaidh.


1227
1228

Éan bán an gainéad agus barr an dá
1229sgiathán dubh. Tá sé chó toirtiúil ina
1230chonablach le heala, beagnach, ach nach bhfuil
1231an muinéal fada aige. Is éan gan gangaid
1232é, nach bhfuil gadaidheacht ag baint leis, ná
1233braduíl, mara n-áirimhighthear an sgadán


L. 47


1234

a sgiobann sé as eangach an iasgaire. Ní
1235ghoideann sé adhbhar nid a chomharsan, mar
1236ghníos an bhroigheall, ná ubh as nead éin eile
1237mar ghoideas faoileán na sgadán.


1238
1239

De'n fheamain agus de shopaí fánacha tuighe
1240ghníthear an nead. Ní bheireann an ghé thar
1241aon ubh amháin go ndéanann sí gor air agus
1242ní dhéanann gor ach uair san mbliain.
1243Plaosg ghorm-bhán nó bán-uaithne ar an ubh,
1244ach go mba dóigh leat gur plaosg bhán í bíonn
1245an oiread soin cailce greamuighthe dí ar an
1246taoibh amuich.


1247
1248

Is ar éigin a bhíonn clúmh ar bith ar an
1249ngearrcach an chéad lá ach é ina chraiceann
1250lom. Is gearr go dtig neart ann agus
1251clúmh dá réir. Tógann sé an fhairrge air
1252féin go luath agus foghluimigheann sé an
1253t-iasgach ó na sean-éanacha. Ní thagann sé
1254chun feadhma go dtí an ceathramha bliain
1255agus ní luigheann an ghé ghainéid ar ubh roimhe


1256
1257

Sin An "t-ugasdún" atá ag muintir Chonnacht
1258an éan so.
1259


L. 48


1260

AN t-ÉAN GIÚRAINN.


1261
1262

Éan fairrge atá go hait agus go hálainn
1263'seadh an t-éan giúrainn, nó an fuipín, mar
1264thugas muintir na mBlascaodaí air. (Is
1265mar sin adeirid an focal Béarla puffin).
1266Is minic a tháinig páiste gléigeal as bothán
1267súghaidh. Is as poll talmhan aníos a thagas
1268gearrcach álainn an éin ghiúrainn. Ní dóigh
1269liom go bhfuil éan ar bith de na héanacha


L. 49


1270

fairrge chó dathúil leis. Stumpa éin 'seadh
1271an sean-éan, iorball gearr, cosa gearra,
1272agus sgiatháin ghearra air, agus gob gearr,
1273ach é láidir, acfuinneach agus daithte. An
1274druim, na sgiatháin agus an bhaithis dubh.
1275An brollach, an bolg agus an dá
1276leathcheann bán. Fásann dá shliogán, nó giúrann,
1277ar uachtar agus ar íochtar an ghuib. Sgoith-
1278eann an t-éan na sliogáin sin san ngeimhreadh,
1279ach fásaid arís san earrach. Bíonn na
1280sliogáin daithte ar na héanacha óga ag
1281teacht san bhfairrge dóibh.


1282
1283

Dálta mar ghníos an gainéad, an crosán,
1284agus cuid eile de na héanacha fairrge, ní
1285leagann an t-éan giúrainn cos ar aill nó
1286carraig nó talamh taobh amuich de'n
1287neadlainn. Tá áiteanna timcheall ar
1288cóstaí Éireann ina ngorann sé. Ar na
1289háiteanna so atá Reachra Breagh in aice le
1290Binn Éadair, na hoileáin Sáile, an Tarbh,
1291na Blascaodaí, oileán na gCánóg, Aill-
1292treacha an Mhóthair, oileáin Árann, cóstaí
1293thuaidh Mhuigheo, Tórach, Corrán Binne, agus
1294oileán Rachlann. Is cosúil nach maith leis
1295na héanacha fairrge an cineadh daonna agus
1296go bhfuil sgáth ortha romhainn. Nuair a
1297thagas siad i dtír chun guir toghaid dóibh féin
1298na h-áiteanna is uaignighe agus is fiadháine
1299dár chruthuigh Dia, agus ní thaithighid aon
1300áitreabh daonna. Tá éadan an Chorráin
1301Bhinne cúig céad troigh ar áirde agus deirtear
1302gurb é sin an t-áitreabh is mó in Éirinn ag
1303éanacha giúrainn.
1304


L. 50


1305

Is andeas chugainn a thagas an t-éan
1306giúrainn san earrach. Gorann éanacha
1307imirce san taoibh ó thuaidh dá réagún agus
1308imthighid ó dheas le haghaidh an gheimhridh. Ní
1309feasach dúinn díreach cá gcaitheann éanacha
1310giúrainn an geimhreadh, ach is fíor go mbíonn
1311corr-cheann aca ar an bhfairrge mór in
1312aice linn, mar go gcaithtear isteach faoi
1313thír leis an stoirm iad. Ní feictear na
1314sgataí ag eiteall chugainn go dtí tar éis
1315Lá Fhéile Pádraic. Tagaid i dtír ar
1316shroichint ár gcósta dóibh, ach ní fhanfaid san
1317neadlainn. Imthighid go fairrge arís an lá
1318céadna agus bíd ag teacht i dtír ar an
1319aill gach lá go dtosuighid ar neadú tar éis
1320Lae Bhealtaine. Taithighid an neadlann
1321chéadna ó bhliain go bliain agus is iondual
1322go bhfillid andeas ar an lá céadna de'n
1323earrach gach bliain.


1324
1325

An t-éan aille agus an crosán ní dhéanaid
1326nead, ach gorann ar an gcarraig loim. Ní
1327réidhtigheann an charraig lom leis an éan
1328giúrainn. Ní hamhlaidh a ghníos sé nead
1329mar ghníos éanacha coille agus éanacha móna
1330nó léana, ach tá dúil aige san bhfasgadh. Ní
1331shásóchadh ionad ar uachtar talmhan an t-éan
1332so, agus is gnáthach leis poll trí troighthe
1333ar dhoimhne a dhéanamh ar uachtar aille
1334go leagann an t-éan buinean an t-ubh
1335in íochtar an phuill agus go ndéanann gor
1336air, gan gaoth ag séideadh air ná grian
1337ghá théidheadh. Má gheibh éanacha giúrainn
1338puill choiníní in aice na haille cuireann


L. 51


1339

siad na coiníní as na puill agus neadann
1340ionnta iad féin.


1341
1342

Aon ubh amháin a bheireann an t-éan buinean
1343go ndéanann sí gor, agus 'deirtear nach
1344ndéanann gor ach uair san mbliain. Fágann
1345sin go mbíonn sí taobh le aon ghearrcach
1346amháin mar ál. Ní thagann an gearrcach
1347aníos as an bpoll go mbíonn clúmh agus
1348cleiteacha air. Tráth thárla dom bheith ag
1349bádóireacht faoi bhun aille tháinigeas ar
1350sguan fuipíní óg. Bhí an snámh go maith
1351aca ach ní rabhadar go láidir ar sgiathán,
1352agus níor fhéadadar imtheacht leis na sean-
1353éanacha. Nuair theann an bád leo is amhlaidh
1354a ritheadar ar bharr an uisge agus cos is
1355sgiathán ag obair in éindigh aca. D'árduigh
1356cuid aca ar sgiathán ach thuiteadar go luath
1357arís san uisge. Thom cuid eile aca ach
1358tháinigeadar aníos arís gan ró-mhoill. Ba
1359ghleoidhte an taisbeántas éan iad le n-a
1360mbrollacha bána agus le n-a nguib
1361ioldaithte.


1362
1363

Muna dtagann an fuipín óg as an bpoll
1364guir go mbíonn neart ann, tá réasún leis
1365an moill. Is beag nós ag éanacha gan fáth
1366leis. Sanntuigheann an seabhac seilge feoil
1367an fhuipín óig agus tóruigheann sé na héanacha
1368óga go dian ar na hailltreacha agus sgiobann
1369leis na cinn laga má gheibh sé faill ortha.
1370De réir mar thagas neart ins na cinn óga
1371tugann sean agus óg aghaidh ar an bhfairrge.
1372Ní mórán nirt a bhíos ins na héanacha beaga
1373go díreach tar éis teacht as an bpoll guir


L. 52


1374

dóibh, agus, ar nós na dtomairí ar fad,
1375táid go tuaithealach ar na cosa. Ag fágáil
1376na nead dóibh tuiteann siad anuas le
1377caitheamh na haille isteach san bhfairrge. Ní
1378eirigheann leo go léir uisge a shroichint.
1379Téidheann cuid aca i dteannta i gcuasáin
1380na gcarraig agus fágtar san sáinn iad
1381go dtagann an seabhac seilge ortha, mar
1382nach mbíonn neart ag an sean-éan ar éan
1383óg a thuiteann i bpoll domhan charraige.


1384
1385

Níl éan ar bith is dílse dá ghearrcach ná
1386an t-éan giúrainn. Má ionnsuightear an
1387fuipín óg seasann an sean-éan fód agus
1388tugann aghaidh ar an námhaid. Ní imthigheann
1389an t-éan buinean as an nead roimh duine ná
1390beithidheach agus tugann a hanam go minic
1391ar son an ghearrcaigh. An imirce an t-aon
1392rud amháin a chuireas isteach ar an dílse
1393sin an éin ghiúrainn. Ní ar an lá céadna
1394a thosuigheann na fuipíní ar gor. Tosuigheann
1395cuid aca i dtús an Bhealtaine agus bíonn
1396cuid eile aca ar gor i mí Iúil. Tagann
1397an tráth nuair is éigin d'éanacha imirce
1398imtheacht thar sáile. Bíonn an imirce ar
1399siubhal ar feadh sgathaimh, ach tagann an lá
1400deireannach agus is eol do gach fuipín an
1401lá soin amhail is dá mba Lá Brátha é. Tagann
1402lá deireannach na himirce — imirce na
1403bhfuipíní — roimh Lá Fhéile Muire i mí Lughnasa
1404i gcomhnuidhe, agus an mháthair fhuipín is dílse
1405ar bith ní fhanfadh sí i mbun gearrcaigh tar
1406éis an lae sin. An méad aca a bhíos mall
1407leis an ngor tréigid na gearrcaigh nach


L. 53


1408

mbíonn clúmh agus cleiteacha ortha agus
1409neart ionnta chun na fairrge.


1410
1411

Ní ar sgiathán a imthigheas na héanacha
1412giúrainn uainn ach ar snámh, agus ní feasach
1413dúinn go n-árduigheann siad ar sgiathán ar
1414an turas ó dheas dóibh. Laige na n-éan n-óg
1415is cionntach leis seo is dócha, agus ní hé
1416laige na sean-éan é, mar is éan láidir
1417mear ar sgiathán an sean-éan giúrainn.
1418B'ait leat na sguainte éan d'fheiceáil ag
1419dul ó dheas dóibh thar oileána iarthair Éireann
1420i lár mí Lughnasa agus na mílte aca, sean
1421agus óg, ag snámh le cheile ar ucht na mara
1422móire. Is áilne ná sin arís na sgataí
1423ag teacht andeas ar sgiathán tar éis Lae
1424Fhéile Pádhraic san earrach.


1425
1426

Tumaire cumasach cliste atá san éan
1427giúrainn agus maireann sé ar iasg, nó ar
1428shíol éisg. An gob láidir atá aige cuireann
1429sé ar a chumas iasg chó mór le sgadán a
1430mharbhú gan strómh, ach is ar an síol éisg is
1431mó a thagann fuipíní suas. Connacthas
1432sean-fhuipín go minic ag teacht go dtí an
1433nead agus oiread agus cúig cinn de sgadáin
1434bheaga ina ghob aige le haghaidh an ghearrcaigh.
1435Ní tugtar an t-iasg do'n ghearrcach go ceann
1436beagán lá tar éis teacht as an bplaoisg dó.
1437Biadh ro-láidir 'seadh é. Is amhlaidh a shlugann
1438an sean-éan an t-iasg ina hiogán go mbíonn
1439sé leath-leághaite, agus is leis sin a beath-
1440uightear an gearrcach go dtagann neart ann.
1441


L. 54


1442

AN BHROIGHEALL NÓ FIACH MARA.


1443
1444

Éan mór atá san mbroighill, toirt ghé
1445innte, ach go bhfuil a mhalairt de chrot uirthe.
1446Muinéal fada, gob láidir, ach gan é bheith
1447chó fada le gob na coirre éisg; cosa gearra
1448agus iad siar fúithe; ruball leathan, agus
1449ina seasamh dí bíonn cruit uirthi, an ruball
1450ar thalamh agus an ceann in áirde. Dath


L. 55


1451

dubh agus sgáil ghorm tríd an duibhe uirthe,
1452agus dá bhall bheaga bhána ins na taobhanna.
1453Iompuigheann clúmh an chloiginn geal san
1454earrach agus tagann coc ar an mbaithis,
1455cosúil leis an seaga. Ní thagann an
1456bhroigheall chun feadhma go ceann trí nó
1457ceithre mblian, agus bíonn brollach geal ag
1458an mbroighill óig. Comhartha óige 'seadh an
1459brollach geal.


1460
1461

"Bocht le fairrge agus saidhbhir le
1462sliabh," ach tugann an bhroigheall tír agus
1463fairrge léithe, mar taithigheann sí lochanna
1464agus aibhne chó maith leis an muir. Is gnáthach
1465le broigheallacha dul ag iasgach ina sguana,
1466ach is minic a chídhtear éan aonraic aca
1467ar an gcladach nó ag déanamh bealaigh ar
1468loch isteach agus é go hárd san aér.


1469
1470

Trathnóna dom ar Loch Coirb chonnaiceas
1471sgata mór broigheall ins an aér agus iad
1472ina V mar bheadh géabhaí fiadháine. Bhíodar
1473ag teacht adtuaid go dtí cuan na Gaillimhe
1474tar éis an lá a chaitheamh ag iasgach ar an
1475loc.


1476
1477

In áiteanna is ins an oidhche a imthighid
1478isteach ó chladach go dtí na lochanna. Tá
1479a mhalairt de nós aca in áiteanna eile
1480agus caithid an oidhche ar muir agus an lá
1481ar loch nó abhainn.


1482
1483

Ar úr-uisge nó ar fairrge do'n bhroighill
1484is tréan an t-iasgaire í. Tá súil seabhaic
1485aice agus snámh éisg. Tomaire í chó maith
1486leis an gcuid is mó d'éanlaith na fairrge.
1487Slugann sé na héisg ina mbeatha go


L. 56


1488

mbíonn an t-iogán mór lán go píobán aige.


1489
1490

Baineann muintir na Síne obair as an
1491mbroighill. Tógaid ina peata í agus nuair
1492a thagas láidreacht inntí tógaid ag iasgach
1493leo í. Cuirid fáinne ar an muinéal nach
1494leigeann do'n éan an t-iasg a shlugadh ar
1495fad. Sgaoilid an bhroigheall san abhainn
1496agus tagann sí go bruach le gach iasg dá
1497marbhuigheann sí.


1498
1499

'Sí an aill árd ar aghaidh na fairrge is
1500áitreabh do'n bhroighill in aimsir guir, ach ní
1501héan gan seift í agus ní miste léithe neadú
1502ar chrann cois cladaigh nó abhann, nó ar
1503shean-chaisleán. Tá oileán i Loch Coirb a
1504bhfuil go leor nead broigheall ann agus iad
1505leagtha ar an talamh lom gan fasgadh. An
1506t-éan aille agus éanacha eile ní dhéanaid
1507nead, ach goraid ar an gcarraig loim. Tá
1508an bhroigheall níos síbhialta ná iad-san.
1509Ghníonn sise nead mór de chipíní aitinne,
1510slatacha mara, feamain, féar agus caonach,
1511go mbíonn carn mór brúsgair aice. Ar
1512a bharr soin beireann sí trí ubh.


1513
1514

Nuair a bhíos nead dhá dhéanamh ag péire
1515broigheall fanann éan aca ina bhun agus
1516téidheann an comrádaidhe amach ag cnuasacht
1517adhbhair. An t-éan a bhíos ag cnuasacht ní
1518mór dó bheith glic agus gasta mar go ndéanann
1519a chomharsanna "luigheachán" air ar a
1520bhealach abhaile dó agus baineann na cipíní
1521dhe má's féidir.


1522
1523

Rudaí gránna atá ins na gearrcaigh, nídh
1524nach iongantach agus a laghad d'áilne atá


L. 57


1525

ins na sean-éanacha. Tá gob láidir ar an
1526sean-éan ach níl sí deisiúil leis chun biadh
1527a riaradh ar na gearrcaigh. Is amhlaidh a
1528líonann sí an t-iogán le héisg bheaga agus
1529ar a bheith ag beathú na ngearrcach dí fosglann
1530sí a gob go leathan, sáthann an gearrcach
1531a ghob féin siar i sgórnaigh an tsean-éin,
1532tógann na héisg aníos as an iogán agus
1533itheann go mbíonn sáthach.


1534
1535

Is cosúil leis an mbroighill an seaga ach
1536nach bhfuil sé chó mór baileach, agus níl an
1537ball geal ar an taobh aige. Ní thaithigheann
1538an seaga na haibhne nó na lochanna ach go
1539fíor-annamh agus caitheann sé a shaoghal idir
1540cladach agus fairrge. "Cailleach dhubh"
1541atá mar ainm ag go leor de mhuintir an
1542chladaigh ar an seaga, agus tá "fiach mara"
1543ag muintir Chiarraidhe ar an mbroighill.


1544
1545


1546
1547

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services