Corpas na Gaeilge 1882-1926

Is bailiúchán é an corpas seo de théacsanna Gaeilge a foilsíodh idir 1882 agus 1926. Tá 281 téacsanna san áireamh go dtí seo. Roghnaíodh na teidil seo, leabhair den chuid is mó, as réimsí éagsúla litríochta (gearrscéalta, úrscéalta, drámaí, beathaisnéisí, dánta, amhráin, saothair staire agus reiligiúin, leabhair thagartha eolaíochta, cáipéisí rialtais agus aistriúcháin san áireamh). Faoi láthair, tá 7.1 milliún focal sa chorpas, agus bainfear úsáid astu seo leis na hiontrálacha don Fhoclóir Stairiúil a dhréachtadh.

Treoirlínte

Tá na téacsanna sa chorpas seo díreach mar a foilsíodh iad san eagrán a baineadh úsáid as (an t-eagrán is déanaí le linn saol an údair). Tá earráidí áirithe, mar sin, le feiceáil sna téacsanna.

Níor dearnadh leimiúchán ar bith ar na téacsanna go fóill. Faoi láthair, is faoin úsáideoir atá sé litrithe agus foirmeacha éagsúla de fhocal a chuardach ceann i ndiaidh a chéile.

M.sh. Agus taighde á dhéanamh ar an bhfocal “crann”, is gá na foirmeacha éagsúla a chuardach; crann, crainn, cranna, gcrann, chrann, crannaibh, chrannaibh, gcrannaibh &rl.

Sa chaoi chéanna, agus taighde á dhéanamh ar an mbriathar “téigh”, is gá foirmeacha éagsúla a chuardach; téigh, chuaigh, chuaidh, chuadar, chuamar, chuathas, téann, rachaidh, rachaimid &rl.

Tá tástalacha ar siúl faoi láthair ar an gcóras leimiúcháin. I ndiaidh don phróiseas a bheith socraithe, beidh an t-úsáideoir in ann teacht ar na foirmeacha ar fad in aon chuardach amháin.

Is féidir cuardach a dhéanamh sa chorpas seo de réir teidil an téacs, de réir dáta foilseacháin, de réir údair, nó de réir teaglama de na critéir sin, trí aibhsiú a dhéanamh ar na roghanna cuí sna trí bhosca. (Brú ar an gcnaipe ‘Ctrl’ agus coinnigh síos é chun níos mó ná rogha amháin a dhéanamh), agus trí theaglaim chuí de na cnaipí ‘AGUS’ agus ‘NÓ’ a dhéanamh. Ní gá rogha a aibhsiú i ngach bosca.

Taispeántar samplaí den téarma a cuardaíodh (den fhocal aonair, nó den teaghrán) faoi na teidil éagsúla ina bhfuil siad le feiceáil, agus uimhir an leathanaigh, agus an líne in éineacht leo, chun cuidiú leis an úsáideoir an sampla a aimsiú sa chóip chrua den téacs. Taispeántar an comhthéacs ina úsáideadh an téarma (5 líne den téacs féin) chomh maith.

Bí cinnte an cnaipe ‘ATHSHOCRAIGH AN FHOIRM’ a bhrú chun cuardach eile a dhéanamh.

Pleananna

Tá an fhoireann i mbun tástálacha faoi láthair ar an bpróiseas leimiúcháin. Déanfar an méid gur féidir go huathoibríoch, le cuidiú ó chláir atá forbartha ag an Ollamh Kevin Scannell, Ollscoil St Louis, agus Dr Elaine Uí Dhonnchadha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Téacsanna Breise

Cuirfear téacsanna eile leis an gcorpas seo de réir a chéile, leabhair eile, ailt ó thréimhseacháin agus lámhscríbhinní neamhfhoilsithe san áireamh.

Buíochas

Ba mhaith le FNG buíochas a ghabháil le gach eagraíocht agus le gach duine a chuidigh linn an tionscnamh seo a fhorbairt ar bhealach ar bith, agus go speisialta ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Niall O’Leary ón Digital Humanities Observatory.

Bheimis an-bhuíoch as cloisteáil faoi cheartúchán ar bith, ar rphost, ag fng@ria.ie.